|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 3 de 1978 | ||
[EN] |
AN tACHT UM CHUIDEACHTA FORBARTHA AERFORT NEAMHCHUSTAM NA SIONNA TEORANTA (LEASÚ), 1978 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM CHUIDEACHTA FORBARTHA AERFORT NEAMHCHUSTAM NA SIONNA TEORANTA, 1959 GO 1974. | ||
[7 Márta, 1978] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Léiriú. |
1. —(1) San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1974” an tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1974 ; | |
[EN] | ciallaíonn “an Chuideachta” Cuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta; | |
[EN] | ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 . | |
[EN] | (2) Déanfar na hAchtanna um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 go 1974, agus an tAcht seo a fhorléiriú mar aon Acht amháin. | |
[EN] |
Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht. |
2. —Aisghairtear leis seo an méid sin d'alt 2 den Phríomh-acht (arna leasú le halt 2 d'Acht 1974) a fhorálann nach mó ná £25,000,000 comhiomlán na suimeanna a fhéadfaidh an tAire Airgeadais a shuibscríobh faoin alt sin chun scaireanna sa Chuideachta a thógail agus, ina ionad sin, achtaítear leis seo nach mó ná £45,000,000 comhiomlán na suimeanna a shuibscríobhfar amhlaidh. |
[EN] |
Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht agus ar alt 2 den Acht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1970 . |
3. —Aisghairtear leis seo alt 3 d'Acht 1974 agus, ina ionad sin, achtaítear leis seo nach mó ná £22,000,000 comhiomlán na ndeontas a thabharfar don Chuideachta faoi alt 8 den Phríomh-Acht agus faoi alt 2 den Acht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1970 . |
[EN] |
Airleacain chun na Cuideachta ón Aire Airgeadais. |
4. —Aisghairtear leis seo alt 4 d'Acht 1974 agus, ina ionad sin, achtaítear leis seo nach mó ná £22,000,000 comhiomlán na n-airleacan faoi alt 4 (1) den Acht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1963 , agus na n-airleacan faoi alt 4 den Acht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1961 . |
[EN] |
Luach saothar etc. phríomhoifigeach na Cuideachta. |
5. —Íocfaidh an Chuideachta lena príomh-oifigeach cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an Chuideachta le ceadú an Aire Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh arna thabhairt le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí. |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
6. —(1) Féadfar an tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1978 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 go 1978, a ghairm de na hAchtanna um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 go 1974, agus den Acht seo le chéile. | |