7 1978


Uimhir 7 de 1978


AN tACHT UM THIARNAÍ TALÚN AGUS TIONÓNTAÍ (BUNCHÍOSANNA), 1978

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO CHUR COSC LE BUNÚ LEASANNA NUA A FHORCHOIMEADANN BUNCHÍOSANNA AR THITHE CÓNAITHE AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE A BHAINEANN LEIS SIN. [16 Bealtaine, 1978]

ACHTAÍTEAR AN AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1958” an tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Léasanna Frithdhílse), 1958 ;

ciallaíonn “Acht 1967” an tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna), 1967 ;

ní fholaíonn “teaghais” árasán leithleach, lánscartha in áitreabh atá roinnte in dhá árasán nó níos mó den sórt sin;

folaíonn “duine” a ionadaithe pearsanta agus a chomharbaí i dteideal.

Srian leis an gceart léasanna a bhunú ar theaghaisí.

2. —(1) Faoi réir fho-alt (2), beidh léas ar thalamh a thabharfar tar éis dáta an Achta seo a rith ar neamhní dá mbeadh ag an léasaí, ar leith ón alt seo, an ceart faoi alt 3 d'Acht 1967 a leas a mhéadú ina fheo simplí agus go mbeidh na buanfhoirgnimh foirgnithe le húsáid go hiomlán nó go príomha mar theaghais.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) i gcás ar léas frithdhílse faoi Acht 1958 an léas.

(3) Déanfaidh buanfhoirgnimh a fhoirgniú le húsáid go hiomlán nó go príomha mar theaghais ar thalamh a bheidh ar teachtadh faoi léas a thabharfar tar éis dáta an Achta seo a rith an léas a chur ar neamhní dá ndéanfadh na foirgnimh, arna bhfoirgniú amhlaidh, a bheith ann díreach roimh an léas a thabhairt an léas a chur ar neamhní faoi fho-alt (1).

(4) Duine a mbeidh comaoin tugtha aige i leith léasa, is léas ar neamhní faoi fho-alt (1), beidh de cheart aige an feo simplí sa talamh agus aon leasanna idirmheánacha ann a fháil amhail is dá mba dhuine é lena mbaineann alt 3 d'Acht 1967 ar chostas, ó thaobh airgid cheannaigh agus costas, an duine a d'airbheartaigh an léas a dheonú.

(5) (a) I gcás a mbeidh, díreach roimh dháta an Achta seo a rith—

(i) talamh ar teachtadh ag duine faoi léas ar feadh téarma nach giorra ná naoi mbliana is nócha, a mbeidh caoga bliain ar a laghad de gan chaitheamh, agus

(ii) cead ann faoi Chuid IV den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 (lena n-áirítear cead a tugadh de dhroim iarratas sracléaráide faoi rialacháin arna ndéanamh faoi alt 25 den Acht sin) chun an talamh a fhorbairt, go hiomlán nó go príomha, trí theaghaisí a fhoirgniú,

beidh de cheart ag an duine sin, ar feadh tréimhse bliana tar éis an dáta sin, an feo simplí sa talamh agus aon chearta idirmheánacha ann a fháil faoi Acht 1967, ach amháin i gcás comhaontú infheidhmithe a bheith déanta aige le duine eile go sannfadh sé a leas faoin léas, nó go dtabharfadh sé léas ar feadh téarma nár ghiorra ná naoi mbliana is nócha, don duine sin, agus, sa chás sin, is ag an duine deiridh sin a bheidh an ceart sin ar feadh na tréimhse bliana sin.

(b) Ní bheidh feidhm in aon chás den sórt sin ag alt 18 (1) (b) d'Acht 1967 (a bhaineann le huasphraghas ceannaigh).

(6) I gcás iontaobhaithe ar iontaobhas a bunaíodh le haon achtachán chun teaghaisí a sholáthar a bheith faoi thoirmeasc, mar gheall ar an alt seo, na teaghaisí sin a dhiúscairt chun a dtionóntaí i modh léasa, beidh de chumhacht acu ina ionad sin iad a dhiúscairt chun a dtionóntaí tríd an bhfeo simplí a dheonú.

(7) I gcás léas a chur ar neamhní faoi fho-alt (3)—

(a) ní bheidh foléas ar aon chuid den talamh foirceanta tríd sin, murab ar an gcuid sin a bheidh na foirgnimh dá dtagraítear i bhfo-alt (3) foirgnithe, go hiomlán nó go páirteach,

(b) ansin, an duine a thiocfadh, mura mbeadh an fo-alt seo, chun bheith i dteideal, de bhua an neamhnithe, chun seilbh a bheith aige ar an talamh a bheidh cuimsithe san fholéas, tiocfaidh sé chun teideal a bheith aige chun na frithdhílse ar an bhfoléas agus chun sochair an chíosa a bheidh ar forchoimeád san fholéas agus chun sochair na gcúnant agus na gcoinníollacha ann, agus

(c) teachtfaidh an foléasaí, amhail ó dháta an neamhnithe, an talamh a forléasadh chuige ar cibé cíos díobh seo a leanas is mó—

(i) an cíos atá ar forchoimeád leis an bhfoléas, nó

(ii) cibé cuid den chíos atá ar forchoimeád leis an léas neamhnithe agus is inchurtha, go cóir, i leith na talún a chuimsítear san fholéas.

(8) I gcás a mbeidh díospóid faoi chionroinnt an chíosa faoi fho-alt (7) (c) (ii), cinnfear an t-ábhar faoi alt 17 d'Acht 1967 (a bhaineann le hábhair áirithe a chinneadh trí eadráin).

(9) I bhfo-alt (7), folaíonn tagairtí d'fholéas nó d'fholéasaí, i gcás ar iomchuí sin, tagairtí do shannadh agus do shannaí, dá ionadaithe pearsanta agus dá chomharbaí i dteideal.

Leathnú ar alt 2.

3. —(1) Bainfidh alt 2 le léas ar léas é lena mbainfeadh alt 4 d'Acht 1958 dá gcuirfí an mhír seo a leanas in ionad mhír (d) d'fho-alt (2) den alt sin:

“(d) gur tugadh an léas, ar léas é ar feadh téarma nach giorra ná caoga blian—

(i) go páirteach i gcomaoin an léasaí d'íoc suim airgid (seachas cíos) leis an léasóir tráth an léasa a dheonú nó díreach roimhe sin agus measfar, chun na críche sin, gur cuid den chomaoin aon airgead a bheidh íoctha d'fhuascailt aon choda den chíos a bheidh forchoimeádta leis an léas (cibé acu de bhun cúnant sa léas nó de bhun comhaontú a rinneadh idir an léasaí agus an léasóir le linn ré an léasa a íocadh an t-airgead), nó

(ii) go páirteach i gcomaoin an léasaí do chaitheamh suim airgid (seachas ar mhaisiú) ar an áitreabh a forléasadh leis an léas, nó

(iii) go páirteach i gcomaoin an íoca sin agus an chaithimh sin

agus nár lú an tsuim a íocadh nó a caitheadh amhlaidh nó iomlán na suimeanna sin ná cúig oiread déag méid bliantúil an chíosa nó an chíosa is mó a forchoimeádadh leis an léas, cibé acu is lú.”

(2) Chun an cíos is mó a fhorchoimeádtar le léas a chinneadh chun críocha fho-alt (1) beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas:

(a) i gcás cuid den chíos a fhuascailt trí íocaíocht chaipitiúil le linn ré léasa, measfar gurb é an cíos laghdaithe an cíos is mó a fhorchoimeádtar leis an léas;

(b) déanfar neamhshuim de phianchíos is iníoctha mar gheall ar aon sárú cúnaint agus d'aon chíos eisceachtúil a fhorchoimeádtar ar feadh tréimhse sonraithe nach faide ná cúig bliana.

Údarás tithíochta do dhíol teaghaisí.

4. —(1) Ní bheidh an chumhacht a thugtar le halt 90 d'Acht na dTithe, 1966 , d'údarás áitiúil teaghais a sholáthraigh siad faoin Acht sin a dhílsiú do thionónta nó do dhuine eile infheidhmithe tar éis dáta an Achta seo a rith ach amháin tríd an bhfeo simplí sa teaghais a dhílsiú faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha a shonrófar san ordú aistriúcháin faoin alt sin.

(2) Sonrófar na coinníollacha speisialta seo a leanas, go háirithe, i ngach ordú aistriúcháin do dhílsiú teaghaise do thionónta na teaghaise sin:

(a) ní foláir an teaghais a bheith á háitiú, mura gceadóidh an t-údarás tithíochta a mhalairt, mar ghnátháit chónaithe ag an gceannaitheoir nó ag comharba an cheannaitheora i dteideal nó ag duine de theaghlach an cheannaitheora nó de theaglach a chomharba i dteideal, agus

(b) ní dhéanfar, gan toiliú ón údarás tithíochta, an teaghais ná aon chuid den teaghais a mhorgáistiú, a mhuirearú ná a choimhthiú seachas trí réadtiomnú nó oibriú dlí.

(3) Bainfidh na coinníollacha speisialta a luaitear i bhfo-alt (2) leis an teaghais go ceann tréimhse cúig bliana is fiche ó dháta an dílsithe agus beidh siad ina gceangal ar an gceannaitheoir, ar a ionadaithe pearsanta agus ar a chomharbaí i dteideal ar feadh na tréimhse sin.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

5. —(i) Féadfar an tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna), 1978 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar na hAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí, 1931 go 1971, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí, 1931 go 1978, a ghairm díobh le chéile.


Na hAchtanna Dá dTagraítear

An tAcht um Thiarnaí Tighe agus Tionóntaithe, 1931

1931, Uimh. 55

An tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Léasanna Frithdhílse), 1958

1958, Uimh. 2

An tAcht Rialtais Aitúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963

1963, Uimh. 28

Acht na dTithe, 1966

1966, Uimh. 21

An tAcht urn Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna), 1967

1967, Uimh. 3