15 1978


Uimhir 15 de 1978


AN tACHT UM CHOIMISINÉIRÍ NA nOIBREACHA POIBLÍ IN ÉIRINN (IONTAOBHAS A GHLACADH), 1978

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN COIMISINÉIRÍ NA nOIBREACHA POIBLÍ IN ÉIRINN DO GHLACADH IONTAOBHAS AN BARRETTSTOWN CASTLE TRUST AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN NA gCOIMISINÉIRÍ SIN DO GHLACADH IONTAOBHAS EILE AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS SIN. [28 Meitheamh, 1978]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “na Coimisinéirí” Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais.

Na Coimisinéirí do ghlacadh le hiontaobhaíocht an Barrettstown Castle Trust.

2. —Féadfaidh na Coimisinéirí, le toiliú an Aire, glacadh le hiontaobhaíocht an chiste iontaobhais ar a dtugtar an Barrettstown Castle Trust a bunaíodh le dintiúr dar dáta an 21ú lá d'Eanáir, 1977, agus a rinneadh idir Abraham Kramer, Harold William Bailey, Alexis FitzGerald agus Robert William Roche Johnston (dá ngairtear na hIontaobhaithe Bunaíochta sa ghníomhas sin) de pháirt agus Abraham Kramer, Harold William Bailey, Alexis FitzGerald agus Robert William Roche Johnston (dá ngairtear in hIontaobhaithe sa gníomhas sin) den pháirt eile agus gníomhú mar iontaobhaithe an chiste iontaobhais sin agus féadfaidh siad cistí an iontaobhais sin agus an mhaoin go léir réadach agus pearsanta atá ar áireamh ann a shealbhú ar iontaobhais an dintiúir sin agus le cumhachtaí agus forálacha an dintiúir sin agus faoina réir.

Cumhacht do na Coimisinéirí glacadh le hiontaobhaíochtaí agus gníomhú mar iontaobhaithe.

3. —Féadfaidh na Coimisinéirí (i dteanna nó d'éagmais aon duine eile), le toiliú an Aire, glacadh le hiontaobhaíocht aon iontaobhas a bunaíodh, nó a bhunófar dá éis seo, le haon ghníomhas, diúscairt thiomnach nó ionstraim eile agus gníomhú mar iontaobhaithe an iontaobhais sin, agus féadfaidh freisin, leis an toiliú céanna, an mhaoin, réadach nó pearsanta, atá faoi réir na n-iontaobhas sin a shealbhú ar na hiontaobhais agus leis na cumhachtaí agus na forálacha a dhéanann difear don chéanna agus faoina réir.

Ní talamh Stáit talamh atá dílsithe do na Coimisinéirí mar iontaobhaithe.

4. —Ní dhéanfaidh aon talamh a dhílsiú do na Coimisinéirí mar iontaobhaithe de bhun forálacha an Achta seo talamh Stáit, de réir brí an Achta Maoine Stáit, 1954 , den talamh sin.

Gearrtheideal.

5. —Féadfar an tAcht um Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn (Iontaobhas a Ghlacadh), 1978 , a ghairm den Acht seo.


An tAcht dá dTagraítear

An tAcht Maoine Stáit, 1954

1954, Uimh. 25