An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil II Cánachas ar Bhrabúis Feirmeoireachta) Ar Aghaidh (Caibidil IV Cáin Ioncaim agus Cáin Chorparáide)

21 1978

AN tACHT AIRGEADAIS, 1978

Caibidil III

Cáin Chorparáide

Ní áireofar brabúis ná caillteanais is inchurtha i leith idirbhearta áirithe ag cumainn tionscail agus soláthair.

18. —(1) San alt seo agus i gCodanna I agus II den Dara Sceideal—

ciallaíonn “cumann talmhaíochta” cumann—

(a) a sásaítear an dá choinníoll seo a leanas ina leith:

(i) nach lú ná caoga líon comhaltaí an chumainn,

(ii) gur daoine atá ag gabháil go príomha d'fheirmeoireacht agus a fhaigheann an phríomh-chuid dá n-ioncam ó fheirmeoireacht comhaltaí uile an chumainn nó formhór na gcomhaltaí sin,

(b) lena mbaineann deimhniú faoi fho-alt (2) (a);

ciallaíonn “idirbhearta díolmhaithe”—

(a) i ndáil le cumann talmhaíochta, idirbhearta atá laistigh d'aon cheann de na haicmí idirbheart atá leagtha amach i gCuid I den Dara Sceideal, agus

(b) i ndáil le cumann iascaigh, idirbhearta atá laistigh d'aon cheann de na haicmí idirbheart atá leagtha amach i gCuid II den Dara Sceideal,

ach díolacháin leis an ngníomhaireacht idirghabhála a eisiamh agus, chun críocha an eisiata sin, measfar, maidir le cumann talmhaíochta nó cumann iascaigh do dhíol tráchtearra le duine seachas an ghníomhaireacht idirghabhála, gur díol é ag an gcumann talmhaíochta nó ag an gcumann iascaigh, cibé acu é, leis an ngníomhaireacht idirghabhála má dhíoltar an tráchtearra sin faoi dheoidh leis an ngníomhaireacht idirghabhála;

ciallaíonn “cumann iascaigh” cumann—

(a) a sásaítear an dá choinníoll seo a leanas ina leith:

(i) nach lú ná fiche líon comhaltaí an chumainn,

(ii) gur daoine atá ag gabháil go príomha d'iascaireacht agus a fhaigheann an phríomh-chuid dá n-ioncam ó iascaireacht comhaltaí uile an chumainn nó formhór na gcomhaltaí sin,

(b) lena mbaineann deimhniú faoi fho-alt (2) (b);

ciallaíonn “gníomhaireacht idirghabhála” an tAire Talmhaíochta le linn dó bheith ag feidhmiú nó ag comhlíonadh aon chumhacht nó aon fheidhm a thugtar dó le Rialachán 3 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Comhbheartas Talmhaíochta) (Idirghabháil Mhargaidh), 1973 (I.R. Uimh. 24 de 1973 ), agus aon duine eile le linn dó bheith ag feidhmiú nó ag comhlíonadh aon chumhacht nó aon fheidhm den sórt céanna in aon Bhallstát de Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa;

ciallaíonn “mórdhíol” earraí d'aon chineál a dhíol le duine a sheolann trádáil ag díol earraí den chineál sin nó a úsáideann earraí den chineál sin chun críocha trádáil a sheolann sé;

ciallaíonn “cumann” cumann atá cláraithe faoi na hAchtanna um Chumainn Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1971.

(2) (a) Féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh ón Aire Talmhaíochta, deimhniú a thabhairt a chuirfidh i dteideal do chumann go ndéileálfar leis, chun críocha an ailt seo, mar chumann talmhaíochta d'ainneoin coinníoll amháin nó an dá choinníoll i mír (a) den mhíniú ar “cumann talmhaíochta” a bheith gan chomhlíonadh i ndáil leis an gcumann.

(b) Féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh ón Aire Iascaigh, deimhniú a thabhairt a chuirfidh i dteideal do chumann go ndéileálfar leis, chun críocha an ailt seo, mar chumann iascaigh d'ainneoin coinníoll amháin nó an dá choinníoll i mír (a) den mhíniú ar “cumann iascaigh” a bheith gan chomhlíonadh i ndáil leis an gcumann.

(c) Measfar gur deimhniú faoin bhfo-alt seo deimhniú faoi fho-alt (2) (a) nó (b) d'alt 70 den Acht Airgeadais, 1963 , nó faoin bhfo-alt sin (2) (a) nó (b) agus faoi fho-alt (2) (a) nó (b) d'alt 220 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , mura mbeidh sé cúlghairthe.

(d) Maidir le deimhniú faoi mhír (a) nó (b) den fho-alt seo—

(i) beidh éifeacht leis amhail ó cibé dáta, roimh an dáta nó tar éis an dáta a thabharfar é, a bheidh luaite ann. agus

(ii) foilseofar é san Iris Oifigiúil a luaithe is féidir tar éis é a thabhairt.

(e) Féadfaidh an tAire Airgeadais deimhniú faoin bhfo-alt seo a chúlghairm tráth ar bith agus foilseofar fógra faoi aon chúlghairm den sórt sin a luaithe is féidir san Iris Oifigiúil.

(3) Más rud é, i gcás trádáil a sheolann cumann, go mbeidh idirbhearta díolmhaithe ar áireamh na n-idirbheart in aon tréimhse chuntasaíochta de chuid an chumainn ar chumann talmhaíochta nó cumann iascaigh an cumann ar a feadh, ní thabharfar aird, chun críocha uile na nAchtanna Cánach, ar an oiread d'ioncam nó de chaillteanas trádála (cibé acu é) na tréimhse sin is inchurtha i leith idirbhearta díolmhaithe na tréimhse.

(4) Chun críocha fho-ailt (3) agus (5), i ndáil le haon trádáil—

(a) déanfar méid aon ioncaim nó caillteanais trádála d'aon tréimhse chuntasaíochta a ríomh de réir na bhforálacha, seachas an t-alt seo, is infheidhmithe maidir le Cás I de Sceideal D tar éis gach asbhaint agus breisiú don tréimhse sin de bhua alt 14 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , agus roimh aon fhritháireamh nó laghdú ioncaim de bhua alt 16 nó 18 den Acht sin, agus

(b) measfar gurb é méid an ioncaim nó an chaillteanais trádála is inchurtha i leith idirbhearta díolmhaithe aon tréimhse chuntasaíochta an méid a mbeidh idir é agus méid iomlán an ioncaim nó an chaillteanais trádála (cibé acu é) don tréimhse an chomhréir chéanna a bheidh idir comhiomlán na méideanna is infhaighte ag an gcumann, de bhua na n-idirbheart sin, ó earraí a dhíol agus ó sheirbhísí a sholáthar agus comhiomlán na méideanna go léir is infhaighte ag an gcumann, de bhua idirbheart sa tréimhse, ó earraí a dhíol agus ó sheirbhísí a sholáthar.

(5) Beidh éifeacht le halt 10 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , chun an cháin chorparáide is iníoctha d'aon tréimhse chuntasaíochta de chuid cumainn dar tosach an lú lá d'Aibreán, 1978, nó aon lá dá éis, a ríomh ionann is—

(a) dá gcuirfí “an chuid iomchuí de” isteach i ndiaidh “déanfar” i bhfo-alt (1), agus

(b) dá ndéanfaí an chuid iomchuí d'aon mhuirir ar ioncam a d'íoc an cumann a chinneadh de réir na foirmle—

A ×

B + D

_____

C + D

i gcás—

arb é A méid na muirear ar ioncam a d'íoc an chuideachta sa tréimhse chuntasaíochta,

arb é B méid ioncam trádála an chumainn don tréimhse chuntasaíochta tar éis méid an ioncaim thrádála is inchurtha i leith idirbhearta díolmhaithe na tréimhse a bhaint as,

arb é C méid ioncam trádála an chumainn don tréimhse, agus

arb é D méid comhiomlán ioncam an chumainn (lena n-áirítear ioncam infheistíochta frainceáilte), seachas ioncam trádála, don tréimhse:

Ar choinníoll, i ndáil le méid comhiomlán an úis a íocfar in aon tréimhse chuntasaíochta, nach mó ná £2,000, más tréimhse dhá mhí dhéag an tréimhse chuntasaíochta, agus nach mó ná cuid chomhréireach de £2,000, más tréimhse is giorra ná dhá mhí dhéag an tréimhse chuntasaíochta, an chuid iomchuí den ús sin.

(6) Ní thabharfar aird chun críocha na Coda sin IV ar na méideanna go léir is infhaighte ag cumann talmhaíochta nó ag cumann iascaigh ó carraí a dhíol de réir brí Chuid IV den Acht Cánach Corparáide, 1976 , ar méideanna iad is infhaighte amhlaidh de bhua idirbheart díolmhaithe.

(7) Ní bhainfidh forálacha fho-alt (3) le tréimhse chuntasaíochta a chríochnaigh an 31ú lá de Mhárta, 1978, nó roimh an lá sin, agus i gcás cumann talmhaíochta nó cumann iascaigh a bheith laistigh de réim cánach corparáide i leith trádála ar an dáta sin, beidh deireadh, chun críocha cánach corparáide, le tréimhse chuntasaíochta de chuid an chumainn ar an dáta sin.

(8) Más rud é, ar leith ó fhorálacha an ailt seo, go mbeadh aon chaillteanas (seachas an sainchaillteanas de réir brí fho-alt (9)) a tabhaíodh i dtrádáil a bhí á seoladh ag cumann i dtréimhse chuntasaíochta a chríochnaigh sa tréimhse ón 6ú lá d'Eanáir, 1976, go dtí an 31ú lá de Mhárta, 1978, le tabhairt ar aghaidh, ar éileamh chuige sin a dhéanamh faoi alt 16 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , go dtí aon tréimhse chuntasaíochta de chuid an chumainn dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1978, nó aon lá dá éis, déanfar méid an chaillteanais sin a bhféadfar a éileamh amhlaidh go dtabharfar ar

aghaidh é a laghdú méid a fhionnfar tríd an gcodán

A

__

B

a fheidhmiú

ar mhéid an chaillteanais sin

i gcás—

arb é A comhiomlán na méideanna is infhaighte ag an gcumann sa dá mhí dhéag dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1979, de bhua idirbhearta díolmhaithe, ó earraí a dhíol agus ó sheirbhísí a sholáthar, agus

arb é B comhiomlán na meideanna go léir is infhaighte ag an gcumann, de bhua idirbhearta sa tréimhse dhá mhí dhéag sin ó earraí a dhíol agus ó sheirbhísí a sholáthar:

Ar choinníoll, i ndáil le cás a ndéanfaidh an cumann rogha amhlaidh trí fhógra i scríbhinn a sheachadfar don chigire an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1980, nó roimh an lá sin, go ndéanfar na tagairtí sna mínithe ar A agus B do thréimhse dhá mhí dhéag dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1979, a fhorléiriú mar thagairtí do thréimhse cheithre mhí is fiche dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1980.

(9) Más rud é—

(a) faoi fho-alt (4) d'alt 33 den Acht Airgeadais, 1976 , gur tugadh liúntas ar cóimhéid leis an méid sonraithe (de réir brí fho-alt (5) den alt sin) le linn trádáil cumainn a bheith á cur faoi cháin don tréimhse chuntasaíochta de chuid an chumainn a thosaigh an 6ú lá d'Aibreán, 1976. agus

(b) gur thabhaigh an cumann caillteanas ina thrádáil sa tréimhse chuntasaíochta sin (is caillteanas is inchomhairimh, nó ar inchomhairimh aon chuid de, le fritháireamh faoi alt 16 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , in aghaidh ioncam trádála ón trádáil i dtréimhse chuntasaíochta dá éis sin) agus nach ndearnadh, nó a meastar faoi fhorálacha an fho-ailt seo nach ndearnadh, an caillteanas a fhritháireamh go hiomlán faoi fhorálacha an ailt sin 16 (1) in aghaidh an ioncaim thrádála ón trádáil i dtréimhse chuntasaíochta nó i dtréimhsí cuntasaíochta a chríochnaigh an 31ú lá de Mhárta, 1978, nó roimh an lá sin, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas—

(i) is caillteanas (dá ngairtear “an sainchaillteanas” anseo feasta agus i bhfo-alt (8)) nach bhféadfaidh an cumann éileamh a dhéanamh ina leith faoin alt sin 16 (1) i leith aon tréimhse chuntasaíochta dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1978, nó aon lá dá éis an caillteanas go léir nó aon chuid de (cibé acu é) nach n-eascródh mura mbeadh gur tugadh an liúntas dá dtagraítear i mír (a);

(ii) aon fhritháireamh caillteanais a lamháladh faoi alt 16 (1) in aghaidh ioncam trádála an chumainn d'aon tréimhse chuntasaíochta dar thosach lá tar éis an 6ú lá d'Aibreán, 1976, agus dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1978, nó aon lá roimhe sin, measfar gur fritháireamh é a lamháladh i leith aon chaillteanais seachas an sainchailiteanas a thabhaigh an cumann ina thrádáil i dtosaíocht ar fhritháireamh a lamháladh i leith an tsainchaillteanais; agus

(iii) déileálfar, i ndáil le haon éileamh faoi alt 182 nó 184 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , le méid an tsainchaillteanais a fritháiríodh (nó, cibé acu é, a mheastar faoin bhfo-alt seo a fritháiríodh) faoin alt sin 16 (1) do thréimhse chuntasaíochta dar thosach an 1ú lá d'Aibreán, 1978, nó aon lá dá éis, mar mhéid ar lamháladh faoiseamh ina leith faoi na hailt sin don tréimhse chuntasaíochta dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1978.

(10) I gcás cumann d'éileamh faoiseamh ó cháin de bhua an ailt seo, féadfaidh an cigire trí fhógra i scríbhinn a cheangal ar an gcumann gach uile leabhar, taifead agus doiciméad ina mbeidh faisnéis i dtaobh a idirbhearta trádála don tréimhse chuntasaíochta áirithe (nó d'aon tréimhse eile is iomchuí chun críocha an fhaoisimh a éilítear) a chur ar fáil dó laistigh de cibé tréimhse ama a bheidh sonraithe san fhógra, lena scrúdú, agus mura ndéanfaidh an cumann de réir an fhógra sin, ní thabharfar aon fhaoiseamh faoin alt seo.

Cumainn tionscail agus soláthair.

19. —Le héifeacht amhail ar an agus ón 1ú lá d'Aibreán, 1978, beidh an t-alt seo a leanas in ionad alt 30 den Acht Cánach Corparáide, 1976 :

“30.—(1) Beidh éifeacht le forálacha alt 218 (cumainn tionscail agus soláthair: léiriú) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , chun an t-alt seo a léiriú.

(2) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cánach, aon ús scaire nó ús iasachta a íocfaidh cumann—

(a) íocfar é gan cáin ioncaim a asbhaint agus muirearófar é faoi Chás III de Sceideal D, agus

(b) ní áireofar gur dáileadh é:

Ar choinníoll nach mbainfidh mír (a) le haon ús scaire nó ús iasachta is iníoctha le duine nach sa Stát atá a gnáth-áit chónaí.

(3) Le linn an cháin chorparáide is iníoctha d'aon tréimhse chuntasaíochta de chuid cumainn a bheith á ríomh, beidh éifeacht le halt 10 (muirir ar ioncam a lamháil) faoi réir an focal ‘bliantúil’ a scriosadh as fo-alt (3) (a).

(4) An 1ú lá de Bhealtaine nó roimh an lá sin gach bliain, seachadfaidh gach cumann tuairisceán don chigire i cibé foirm a fhorordóidh na Coimisinéirí Ioncaim a thaispeánfaidh—

(a) ainm agus áit chónaí gach duine lenar íoc an cumann £70 nó níos mó d'ús scaire nó d'ús iasachta sa bhliain mheasúnachta a chríochnaigh díreach roimh an 1ú lá sin de Bhealtaine, agus

(b) méid an úis scaire nó an úis iasachta a íocadh an bhliain sin le gach duine díobh sin,

agus mura dtabharfar an tuairisceán sin go hiomlán maidir le haon bhliain mheasúnachta, ní bheidh an cumann i dteideal aon asbhainte faoi alt 81 (5) (e) (cánachas ar chíosanna faoi ghearrléasanna: ús iasachta a asbhaint) nó faoi alt 219 (1) (suimeanna áirithe a asbhaint mar chostais, etc.) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó faoi alt 10 (muirir ar ioncam a lamháil) i leith aon íocaíochtaí úis scaire nó úis iasachta a bhí de cheangal air a chur sa tuairisceán, agus déanfar gach measúnacht agus gach measúnacht bhreise is gá chun éifeacht a thabhairt don fho-alt seo.

(5) (a) In alt 219 (suimeanna áirithe a asbhaint mar chostais, etc.) den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(i) i bhfo-alt (4) (b) in ionad ‘aon liúntas bliantúil’ cuirfear ‘aon liúntas síos-scríofa’ agus in ionad ‘d'aon bhliain mheasúnachta’ cuirfear ‘d'aon tréimhse inmhuirearaithe’, agus

(ii) i bhfo-alt (4) (c) in ionad ‘aon bhliain mheasúnachta’ cuirfear ‘aon tréimhse inmhuirearaithe’.

(b) Ní bheidh éifeacht leis na leasuithe a dhéantar le mír (a) den fho-alt seo i ndáil le cáin ioncaim don bhliain 1975-76 nó d'aon bhliain mheasúnachta roimhe sin.”.

Leasú ar Chaibidil IV (cuideachtaí monaraíochta) de Chuid I den Acht Airgeadais, 1977 .

20. —Leasaítear leis seo Caibidil IV de Chuid I den Acht Airgeadais, 1977

(a) trí na hailt seo a leanas a chur in ionad ailt 21, 23, 24 agus 26:

“Bliain chaighdeánach.

21.—Chun críocha na Caibidle seo agus faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den Chaibidil seo, ciallaíonn an bhliain chaighdeánach i ndáil le trádáil shonraithe an bhliain airgeadais ina seoltar an trádáil den chéad uair, agus beidh an bhliain chaighdeánach infheidhmithe i ndáil leis an trádáil shonraithe cibé acu a bhí nó nach raibh an trádáil shonraithe á seoladh ar feadh na bliana caighdeánaí go léir nó ar feadh coda di ag duine seachas an chuideachta a sheolann í sa tréimhse iomchuí nó go raibh codanna leithleacha den trádáil shonraithe á seoladh ag daoine éagsúla:

Ar choinníoll, i gcás trádáil a bheith á seoladh den chéad uair roimh an 1ú lá d'Eanáir. 1976, gurb í an bhliain airgeadais 1976 an bhliain chaighdeánach i ndáil leis an trádáil sin.

An chuid chomhréire de bhliain chaighdeánach.

23.—I gcás ar giorra ná dhá mhí dhéag tréimhse de chuid 1977, tréimhse de chuid 1978 nó tréimhse de chuid 1979, is í an chuid chomhréire den bhliain chaighdeánach i ndáil le trádáil shonraithe an chuid dar tosach tráth dhá mhí dhéag, ceithre mhí is fiche nó sé mhí is tríocha, de réir mar a bheidh, roimh an dáta dar tosach an tréimhse sin agus dar críoch tráth dhá mhí dhéag, ceithre mhí is fiche nó sé mhí is tríocha, de réir mar a bheidh, roimh an dáta dar críoch an tréimhse sin.

An ráta cánach corparáide do chuideachtaí monaraíochta áirithe a bhí ag seoladh trádála an 31 Nollaig, 1976.

24.—(1) Baineann an t-alt seo le cuideachta a bhí ag seoladh trádála an 31ú lá de Nollaig, 1976.

(2) I gcás cuideachta lena mbaineann an t-alt seo d'éileamh agus do chruthú maidir le tréimhse de chuid 1977—

(a) go seolann sí trádáil shonraithe,

(b) nach lú a hioncam arna ríomh chun críocha cánach corparáide ón trádáil shonraithe don tréimhse chuntasaíochta atá comhthráthach leis an tréimhse de chuid 1977, nó a fholaíonn an tréimhse de chuid 1977, ná 95 faoin gcéad de mhéid iomlán a hioncaim arna ríomh amhlaidh don tréimhse chuntasaíochta sin,

(c) (i) nach lú iomlán an mhéid (is méid arna chinneadh de réir alt 25) as ar dhíol an chuideachta sa tréimhse de chuid 1977 d'earraí a monaraíodh sa Stát, agus a díoladh, i gcúrsa na trádála sonraithe ná 105 faoin gcéad den méid is infhaighte as ar díoladh, sa bhliain chaighdeánach i ndáil leis an trádáil sin, nó, i gcás ar giorra ná dhá mhí dhéag an tréimhse de chuid 1977, sa chuid chomhréire den bhliain chaighdeánach i ndáil leis an trádáil sin, d'earraí a monaraíodh sa Stát i gcúrsa na trádála sin, nó

(ii) nach lú an méid is infhaighte ag an gcuideachta as ar díoladh sa tréimhse de chuid 1977 d'earraí a monaraíodh sa Stát i gcúrsa na trádála sonraithe ná 119 faoin gcéad den méid is infhaighte as ar díoladh, sa bhliain chaighdeánach i ndáil leis an trádáil sin, nó, i gcás ar giorra ná dhá mhí dhéag an tréimhse de chuid 1977, sa chuid chomhréire den bhliain chaighdeánach i ndáil leis an trádáil sin, d'earraí a monaraíodh sa Stát i gcúrsa na trádála sin,

agus

(d) nach lú an líon ranníocaí fostaíochta is iníoctha i leith na ranníocóirí fostaithe go léir a bhí fruilithe, go díreach nó go neamhdhireach, ag monarú earraí sa Stát i gcúrsa thrádáil shonraithe na cuideachta sa tréimhse de chuid 1977 ná 103 faoin gcéad den líon ranníocaí fostaíochta is iníoctha i leith na ranníocóirí fostaithe go léir a bhí fruilithe, go díreach nó go neamhdhíreach, ag monarú earraí sa Stát i gcúrsa na trádála sin, sa bhliain chaighdeánach i ndáil leis an trádáil sin, nó, i gcás ar giorra ná dhá mhí dhéag an tréimhse de chuid 1977, sa chuid chomhréire den bhliain chaighdeánach i ndáil leis an trádáil sin,

déanfar an cháin chorparáide a mhuirearófar ar ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta atá comhthráthach leis an tréimhse de chuid 1977, nó a fholaíonn an tréimhse de chuid 1977, a ríomh, d'ainneoin forálacha ailt 1 agus 79 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , ionann is dá mba 25 faoin gcéad an ráta cánach corparáide don bhliain airgeadais 1977 agus chun na críche sin is é ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin a hioncam don tréimhse sin mar a shainítear in alt 28 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , chun críocha an ailt sin.

(3) Beidh feidhm ag forálacha fho-alt (2), ach amháin mír (c) de, faoi réir forálacha fho-ailt (4), (5) agus (6), i ndáil le tréimhse de chuid 1978 agus tréimhse de chuid 1979 mar atá feidhm acu i ndáil le tréimhse de chuid 1977.

(4) (a) I ndáil le tréimhse de chuid 1978—

(i) forléireofar gach tagairt i bhfo-alt (2) do 1977 mar thagairt do 1978, agus

(ii) forléireofar an tagairt i bhfo-alt (2) (d) do 103 faoin gcéad mar thagairt do 106 faoin gcéad.

(b) I ndáil le tréimhse de chuid 1979—

(i) forléireofar gach tagairt i bhfo-alt (2) do 1977 mar thagairt do 1979, agus

(ii) forléireofar an tagairt i bhfo-alt (2) (d) do 103 faoin gcéad mar thagairt do 109 faoin gcéad.

(5) I ndáil le tréimhse de chuid 1978, féadfaidh cuideachta a roghnú go ndéileálfar leis an mbliain airgeadais 1977 mar an mbliain chaighdeánach chun críocha fho-alt (2) (d) i ndáil leis an trádáil shonraithe a sheolann sí agus, i gcás roghnú den sórt sin a dhéanamh, ní bhainfidh forálacha fho-alt (4) (a) (ii) leis an gcuideachta.

(6) I ndáil le tréimhse de chuid 1979, féadfaidh cuideachta a roghnú—

(a) go ndéileálfar leis an mbliain airgeadais 1977 mar an mbliain chaighdeánach chun críocha fho-alt (2) (d) i ndáil leis an trádáil shonraithe a sheolann sí, nó

(b) go ndéileálfar leis an mbliain airgeadais 1978 mar an mbliain chaighdeánach chun críocha fho-alt (2) (d) i ndáil leis an trádáil shonraithe a sheolann sí, agus

i gcás a ndéanfar an roghnú dá dtagraítear i mír (a), bainfidh forálacha fho-alt (4) (b) (ii) leis an gcuideachta ionann is dá mba thagairt do 106 faoin gcéad an tagairt do 109 faoin gcéad agus, i gcás a ndéanfar an roghnú dá dtagraítear i mír (b), ní bhainfidh forálacha fho-alt (4) (b) (ii) leis an gcuideachta.

An ráta cánach corparáide do chuideachtaí monaraíochta áirithe a thosóidh ag trádáil i 1977.

24A.—(1) Baineann an t-alt seo le cuideachta—

(a) a thosóidh ag seoladh trádála sa bhliain airgeadais 1977, agus

(b) nach cuideachta í lena mbaineann forálacha alt 24.

(2) I ndáil le tréimhse de chuid 1978 de chuid cuideachta lena mbaineann an t-alt seo—

(a) beidh feidhm ag forálacha alt 24 (2), ach amháin mír (c) de, mar atá feidhm acu i ndáil le tréimhse de chuid 1977 de chuid cuideachta lena mbaineann alt 24 ach sin fara na modhnuithe—

(i) go bhforléireofar gach tagairt in alt 24 (2) do 1977 mar thagairt do 1978, agus

(ii) go bhforléireofar an tagairt in alt 24 (2) (d) do 103 faoin gcéad mar thagairt do 106 faoin gcéad más í an bhliain airgeadais 1976 an bhliain chaighdeánach i ndáil leis an trádáil shonraithe a sheolann an chuideachta,

agus

(b) más rud é, mura mbeadh an mhír seo, gurbh í an bhliain airgeadais 1976 an bhliain chaighdeánach i ndáil leis an trádáil shonraithe a sheolann an chuideachta, féadfaidh an chuideachta a roghnú go ndéileálfar leis an mbliain 1977 mar an mbliain chaighdeánach chun críocha an ailt sin 24 (2) (d) i ndáil leis an trádáil sin.

(3) I ndáil le tréimhse de chuid 1979 de chuid cuideachta lena mbaineann an t-alt seo—

(a) beidh feidhm ag forálacha alt 24 (2), ach amháin mír (c) de, mar atá feidhm acu i ndáil le tréimhse de chuid 1977 de chuid cuideachta lena mbaineann alt 24 ach sin fara na modhuithe—

(i) go bhforléireofar gach tagairt in alt 24 (2) do 1977 mar thagairt do 1979, agus

(ii) go bhforléireofar an tagairt in alt 24 (2) (d) do 103 faoin gcéad mar thagairt do 109 faoin gcéad más í an bhliain airgeadais 1976 an bhliain chaighdeánach sin i ndáil leis an trádáil shonraithe a sheolann an chuideachta, agus go bhforléireofar í mar thagairt do 106 faoin gcéad más í an bhliain airgeadais 1977 an bhliain chaighdeánach sin i ndáil leis an trádáil sin.

(b) más rud é, mura mbeadh an mhír seo, gurbh í an bhliain airgeadais 1976 an bhliain chaighdeánach i ndáil leis an trádáil shonraithe a sheolann an chuideachta, féadfaidh an chuideachta a roghnú go ndéileálfar leis an mbliain airgeadais 1977 nó leis an mbliain airgeadais 1978 mar an mbliain chaighdeánach chun críocha an ailt sin 24 (2) (d) i ndáil leis an trádáil sin, agus

(c) más rud é, mura mbeadh an mhír seo, gurbh í an bhliain airgeadais 1977 an bhliain chaighdeánach i ndáil leis an trádáil shonraithe a sheolann an chuideachta, féadfaidh an chuideachta a roghnú go ndéileálfar leis an mbliain airgeadais 1978 mar an mbliain chaighdeánach chun críocha an ailt sin 24 (2) (d) i ndáil leis an trádáil sin.

An ráta cánach corparáide do chuideachtaí monaraíochta áirithe a thosóidh ag trádáil i 1978.

24B.—(1) Baineann an t-alt seo le cuideachta—

(a) a thosóidh ag seoladh trádála sa bhliain airgeadais 1978, agus

(b) nach cuideachta í lena mbaineann forálacha alt 24 nó 24A.

(2) (a) Beidh feidhm ag forálacha alt 24 (2), ach amháin mír (c) de, i ndáil le tréimhse de chuid 1979 de chuid cuideachta lena mbaineann forálacha an ailt seo, mar atá feidhm acu i ndáil le tréimhse de chuid 1977 de chuid cuideachta lena mbaineann forálacha alt 24 ach sin fara na modhnuithe a shonraítear in alt 24A (3) (a).

(b) Beidh feidhm ag míreanna (b) agus (c) d'alt 24A (3) chun críocha an ailt seo mar atá feidhm acu chun críocha an ailt sin.

Comharbas trádála.

26.—I gcás cuideachta teacht i gcomharbas ar thrádáil nó ar chuid de thrádáil a bhí á seoladh ag cuideachta eile, measfar, chun críocha na Caibidle seo, go raibh an chuideachta chéadluaite ag seoladh na trádála nó na coda den trádáil ón dáta a thosaigh an chuideachta eile ag seoladh na trádála.”,

agus

(b) in alt 29—

(i) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d'fho-alt (1):

“(b) gur go páirteach i mbliain airgeadais amháin agus go páirteach i mbliain airgeadais eile don tréimhse chuntasaíochta,”, agus

(ii) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) I gcás cáin chorparáide a mhuirearú, maidir le tréimhse chuntasaíochta, de réir 25 faoin gcéad ar ioncam iomlán cuideachta nó ar chuid dá hioncam—

(a) ní bheidh éifeacht le forálacha alt 28 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir leis an tréimhse de chuid 1977, leis an tréimhse de chuid 1978 ná leis an tréimhse de chuid 1979 atá comhthráthach leis an tréimhse chuntasaíochta sin, nó a fholaíonn an tréimhse chuntasaíochta sin, agus

(b) beidh éifeacht le hailt 182 (3) agus 184 (3) den Acht sin maidir leis an tréimhse de chuid 1977, leis an tréimhse de chuid 1978 nó leis an tréimhse de chuid 1979 atá comhthráthach leis an tréimhse chuntasaíochta sin, nó a fholaíonn an tréimhse chuntasaíochta sin, ionann is dá mba 25 faoin gcéad an ráta caighdeánach do gach ceann de na blianta 1976-77 go 1979-80.”.

Leasú ar alt 28 (dliteanas cuideachtaí beaga i leith cánach corparáide a laghdú) den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

21. —Leasaítear leis seo alt 28 (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1977 ) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir leis an mbliain airgeadais 1977 agus gach bliain airgeadais dá éis sin—

(a) trí “25 faoin gcéad” a chur in ionad “20 faoin gcéad” i bhfo-alt (2), agus

(b) i bhfo-alt (3)—

(i) trí “£25,000” a chur in ionad “£10,000” gach áit a bhfuil sé, agus

(ii) trí “£35,000” a chur in ionad “£15,000” gach áit a bhfuil sé,

agus tá na fo-ailt sin (2) agus (3), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(2) I gcás ar mó, in aon tréimhse chuntasaíochta, brabúis aon chuideachta den sórt sin ná an t-uasmhéid iomchuí íochtarach ach nach mó iad ná an t-uasmhéid iomchuí uachtarach, féadfaidh an chuideachta a éileamh go ndéanfar an cháin chorparáide a mhuirearófar ar a hioncam don tréimhse sin a laghdú suim is ionann agus 25 faoin gcéad den méid seo a leanas—

(M - P) ×

I

__

P

i gcás arb é M an t-uasmhéid iomchuí uachtarach, P méid na mbrabús agus I méid an ioncaim.

(3) Déanfar na huasmhéideanna iomchuí, íochtarach agus uachtarach, a luaitear sna fo-ailt sin roimhe seo a chinneadh mar a leanas—

(a) i gcás an chuideachta a bheith gan aon chuideachta chomhlachaithe sa tréimhse chuntasaíochta, is iad na méideanna sin £25,000 agus £35,000 faoi seach;

(b) i gcás cuideachta chomhlachaithe amháin nó níos mó a bheith sa tréimhse chuntasaíochta ag an gcuideachta, is é an t-uasmhéid iomchuí íochtarach £25,000 arna roinnt ar aon móide líon na gcuideachtaí comhlachaithe sin, agus is é an t-uasmhéid iomchuí uachtarach £35,000 arna roinnt ar aon móide líon na gcuideachtaí comhlachaithe sin.