22 1978


Uimhir 22 de 1978


ACHT NA mBANNAÍ TALÚN, 1978

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ ACHT NA mBANNAÍ TALMHAN, 1934 . [5 Iúil, 1978]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar alt 6 d'Acht na mBannaí Talmhan, 1934 .

1. —Déantar leis seo alt 6 (arna leasú le hAcht na mBannaí Talún, 1975 ) d'Acht na mBannaí Talmhan, 1934 , a chuireann teorainneacha le bunú agus eisiúint bannaí talún, a leasú tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Ní rachaidh méid iomlán na mbannaí talún a bhunófar agus a eiseofar faoin Acht seo thar ochtó milliún punt.”

Gearrtheideal, forléiriú agus lua.

2. —(1) Féadfar Acht na mBannaí Talún, 1978 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar an tAcht seo agus na hAchtanna Talamh-Cheannaigh a fhorléiriú mar aon ní amháin agus féadfar é a lua i dteannta na nAchtanna sin.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht na mBannaí Talmhan, 1934

1934, Uimh. 11

Acht na mBannaí Talún, 1975

1975, Uimh, 5