24 1978


Uimhir 24 de 1978


AN tACHT UM RIALÚ IOMLAOIDE (BUANÚ AGUS LEASÚ), 1978

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO CHOIMEÁD AN ACHTA UM RIALÚ IOMLAOIDE, 1954 , I nGNÍOMH AGUS DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA SIN. [28 Samhain, 1978]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

An Príomh-Acht.

1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Rialú Iomlaoide, 1954 .

An Príomh-Acht a choimeád i ngníomh.

2. —Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad alt 2 (2) den Phríomh-Acht, arna leasú le halt 1 den Acht um Rialú Iomlaoide (Buanú), 1974 :

“(2) Leanfaidh an tAcht seo i ngníomh go dtí an 31ú lá de Nollaig. 1982, agus éagfaidh sé ansin.”.

Leasú ar an míniú ar “na críocha sceidealta” sa Phríomh-Acht.

3. —(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, an míniú ar “na críocha sceidealta” in alt 3 den Phríomh-Acht a leasú.

(2) Gach rialachán faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Leasú ar alt 15 den Phríomh-Acht.

4. —Leasaítear leis seo alt 15 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Déantar allmhairiú ó aon áit lasmuigh de na críocha sceidealta, nó ó aon áit nó áiteanna áirithe lasmuigh de na críocha sin—

(a) ar cibé nótaí a d'eisigh aon bhanc, nó atá nó a bhí ina ndlí-thairiscint, in aon chuid de na críocha sceidealta, agus

(b) ar cibé airgeadra coigríche,

a fhorordófar a thoirmeasc leis seo ach amháin le cead ón Aire.”.

Leasú ar alt 16 den Phríomh-Acht.

5. —(1) Leasaítear leis seo alt 16 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Déantar onnmhairiú—

(a) aon nótaí a d'eisigh aon bhanc, nó atá nó a bhí ina ndlí-thairiscint, in aon chuid de na críocha sceidealta,

(b) aon airgeadra coigríche nó aon doiciméad de chineál atá beartaithe chun a chumasú don duine chun ar eisíodh é airgeadra coigríche a fháil ó dhuine éigin eile ar chreidmheas an duine a d'eisigh é,

(c) aon pholasaí árachais, nó

(d) aon ordú poist,

a thoirmeasc leis seo ach amháin le cead ón Aire.”.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin, le hordú nó le horduithe ón Aire, go ginearalta nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus forálacha éagsúla.

Leasú ar ailt 18 agus 19 den Phríomh-Acht.

6. —Leasaítear leis seo ailt 18 agus 19 den Phríomh-Acht trí “le haon cheann nó faoi aon cheann d'fhorálacha an Achta seo” a chur in ionad “le haon cheann d'fhorála an Achta seo” gach áit a bhfuil sé agus tá fo-alt (1) den alt sin 18 agus fo-ailt (1) (a) agus (2) den alt sin 19, arna leasú amhlaidh i ngach cás, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

18.—(1) Beidh feidhm ag na hAchta Custam, faoi réir pé modhnuithe, más ann, a hordófar chun iad d'oiriúnú don Acht seo, maidir le haon ní a dtoirmisctear, ach amháin le cead ón Aire, é d'allmhuiriú nó d'onnmhuiriú le haon cheann nó faoi aon cheann d'fhorálacha an Achta seo, amhail mar atá feidhm acu maidir le hearraí a dtoirmisctear iad d'allmhuiriú nó d'onnmhuiriú le haon cheann de na hAchta sin nó faoi, agus forléireofar aon tagairt sna hAchta sin d'earraí mar thagairt a fholaíos tagairt d'aon ní a dtoirmisctear, ach amháin le cead ón Aire, é d'allmhairiú nó d'onnmhuiriú le haon cheann nó faoi aon cheann d'fhorálacha an Achta seo.

19.—(1) (a) a dhearbhú cé acu atá nó nach bhfuil aon ní leis a dtoirmisctear, ach amháin le cead ón Aire, é d'allmhuiriú nó d'onnmhuiriú le haon cheann nó faoi aon cheann d'fhorálacha an Achta seo, agus

(2) Féadfaidh an t-oifigeach aon earra a bheas leis an taistealaí a scrúdú agus a chuardach chun a fháil amach an bhfuil aon ní den tsórt sin ar iompar nó ina sheilbh aige agus, má bhíonn cúis réasúnach amhrais ag an oifigeach go bhfuil aon ní den tsórt sin ar a phearsain ag an taistealaí, féadfaidh sé an taistealaí a chuardach, agus féadfaidh an t-oifigeach aon ní d'urghabháil a bhéarfar ar aird mar adúradh nó a gheofar de thoradh an scrúduithe no an chuardaigh adúradh agus a mbeidh cúis réasúnach amhrais ag an oifigeach go dtoirmisctear, ach amháin le cead ón Aire, é d'allmhuiriú nó d'onnmhuiriú le haon cheann nó faoi aon cheann d'fhorálacha an Achta seo, mura dtabharfaidh an taistealaí fianaise ar aird go bhfuil an ní sin á allmhairiú nó á onnmhuiriú do réir an Achta seo aige.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

7. —(1) Féadfar an tAcht um Rialú Iomlaoide (Buanú agus Leasú), 1978 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Rialú Iomlaoide, 1954 go 1978, a ghairm de na hAchtanna um Rialú Iomlaoide, 1954 go 1974, agus den Acht seo le chéile agus forléireofar iad le chéile mar aon Acht amháin.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Rialú Iomlaoide, 1954

1954, Uimh. 30

Na hAchtanna um Rialú Iomlaoide, 1954 go 1974

An tAcht um Rialú Iomlaoide (Buanú), 1974

1974, Uimh. 26