An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (LEASÚ), 1978) Ar Aghaidh (CUID II Na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1978)

25 1978

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (LEASÚ), 1978

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

1. —(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1978 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar an tAcht seo, ach amháin alt 15, agus na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1978, a fhorléiriú mar aon ní amháin agus folófar é sa chomhlua, na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1978.

(3) Déanfar alt 15 agus na hAchtanna Arachais (Breac-Dhífhostaíocht), 1942 go 1976, a fhorléiriú mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Arachais (Breac-Dhífhostaíocht), 1942 go 1978, a ghairm díobh le chéile.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1952” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1952;

ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1978;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Leasa Shóisialaigh.

(2) San Acht seo aon tagairt d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'Acht éigin eile atá beartaithe.

(3) San Acht seo aon tagairt d'fho-alt is tagairt í d'fho-alt den alt ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'alt éigin eile atá beartaithe.

I osach feidhme.

3. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar le hordú nó le horduithe ón Aire, a dhéanfar le toiliú an Aire Airgeadais, go ginearálta nó faoi threoir aon fhorála áirithe, agus féadfar laethanta eagsúla a shocrú amhlaidh le haghaidh forálacha eagsúla den Acht seo, nó le haghaidh na forála céanna i ndáil le cásanna éagsúla nó le haicmí éagsúla cásanna.