Ar Aghaidh (SCEIDEAL 1 Forálacha Forlíontacha)

33 1978


Uimhir 33 de 1978


AN tACHT UM CHÁIN GHNÓCHAN CAIPITIÚIL (LEASÚ), 1978

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM CHÁIN GHNÓCHAN CAIPITIÚIL. [20 Nollaig, 1978]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo agus in aon Acht a rithfear tar éis an Achta seo, ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, ciallaíonn “na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil” an tAcht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , agus gach achtachán eile a bhaineann le cáin ghnóchan caipitiúil.

(2) San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 .

(3) Déanfar tagairtí san Acht seo d'aon achtachán a fhorléiriú, mura n-éileoidh an comhthéacs a mhalairt, mar thagairtí don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán ina dhiaidh sin.

(4) San Acht seo aon tagairt d'alt nó do sceideal is tagairt í d'alt den Acht seo nó do sceideal a ghabhann leis an Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(5) San Acht seo aon tagairt d'fho-alt, do mhír, d'fhomhír nó do chlásal is tagairt í don fho-alt, don mhír, don fhomhír nó don chlásal den fhoráil (lena n-áirítear sceideal) ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

Leasú ar alt 3 (cánachas ar ghnóchain chaipitiúla agus an ráta muirir) den Phríomh-Acht.

2. —Leasaítear leis seo alt 3 den Phríomh-Acht, don bhliain 197879 agus gach bliain mheasúnachta dá éis sin, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3) den alt sin:

“(3) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 30 faoin gcéad an ráta cánach gnóchan caipitiúil.”.

Gnóchain a ríomh: caiteachas inlamhála a choigeartú ag féachaint don treoir-phraghas do thomhaltóirí.

3. —(1) Chun an gnóchan inmhuirearaithe a ríomh a d'fhaibhrigh chuig duine as sócmhainn a dhiúscairt, déanfar gach suim (dá ngairtear “caiteachas inasbhainte” dá éis seo san alt seo) is inlamhála mar asbhaint as an gcomaoin i leith na diúscartha faoi chlásail (a) agus (b) de mhír 3 (1) de Sceideal 1 a ghabhann leis an bPríomh-Acht a choigeartú trína iolrú ar an bhfigiúr (dá ngairtear “an t-iolraitheoir” dá éis seo san alt seo) a shonraítear i bhfo-alt (4) nó a chinnfear faoi fho-alt (5), de réir mar is iomchuí (is éard é an t-iolraitheoir an chomhrann, arna slánú suas go dtí trí ionad deachúla, a gheofar tríd an uimhir threoir-phraghais do thomhaltóirí is iomchuí don bhliain mheasúnachta ina ndéantar an diúscairt a roinnt ar an uimhir threoir-phraghais do thomhaltóirí is iomchuí don bhliain mheasúnachta inar tabhaíodh an caiteachas inasbhainte):

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo i ndáil le caiteachas inasbhainte i gcás inar thabhaigh an duine a rinne an diúscairt an caiteachas laistigh de thréimhse dhá mhí dhéag dar críoch dáta na diúscartha.

(2) Chun críocha na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil toimhdeofar maidir le sócmhainn a bhí ar teachtadh ag duine an 6ú lá d'Aibreán, 1974, gur dhíol an duine sin í agus go bhfuair sé ar ais láithreach í ar an dáta sin agus measfar gur thug sé, i gcomaoin na hathfhála, cóimhéid mhargadhluach na sócmhainne ar an dáta sin.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (2) i ndáil le sócmhainn a dhiúscairt—

(a) más rud é de dhroim feidhmiú na bhfo-alt sin (1) agus (2) go bhfaibhreodh gnóchan as an diúscairt sin chuig an duine a rinne an diúscairt agus gur gnóchan níos lú nó caillteanas a d'fhaibhreodh amhlaidh dá mba nach raibh feidhm ag na fo-ailt sin (1) agus (2), nó

(b) más rud é de dhroim feidhmiú na bhfo-alt sin (1) agus (2) go bhfaibhreodh caillteanas amhlaidh agus gur caillteanas níos lú nó gnóchan a d'fhaibhreodh amhlaidh dá mba nach raibh feidhm ag fo-ailt (1) agus (2),

agus, dá réir sin, i gcás lena mbaineann mír (a) nó (b), déanfar méid an ghnóchain nó an chaillteanais a d'fhaibhrigh as an diúscairt a ríomh ar neamhshuim le forálacha na bhfo-alt sin roimhe seo den alt seo ach, i gcás ina gcuirfeadh an fo-alt seo mura mbeadh sin caillteanas in ionad gnóchain nó gnóchan in ionad caillteanais, toimhdeofar, i ndáil leis an diúscairt, gur ar an oiread sin de chomaoin a fuair an t-úinéir an tsócmhainn iomchuí nár fhaibhrigh gnóchan ná caillteanas chuige as an diúscairt a dhéanamh.

(4) I ndáil le diúscairt sócmhainne arna dhéanamh sa bhliain 1978-79, is é an t-iolraitheoir an figiúr a luaitear i gcolún (2) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo os coinne lua na bliana measúnachta inar tabhaíodh an caiteachas inasbhainte i gcolún (1) den Tábla sin.

AN TABLA

An bhliain mheasúnachta inar tabhaíodh an caiteachas inasbhainte

An tIolraitheoir

(1)

(2)

1974-75

..

..

..

..

..

..

..

..

1.815

1975-76

..

..

..

..

..

..

..

..

1.466

1976-77

..

..

..

..

..

..

..

..

1.263

1977-78

..

..

..

..

..

..

..

..

1.083

(5) Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin ag sonrú na n-iolraitheoirí, arna gcinneadh de réir fho-alt (1), i ndáil le diúscairt sócmhainne a dhéanfar sa bhliain 1979-80 agus déanfaidh siad rialacháin chomhréire i ndáil le diúscairt sócmhainne a dhéanfar gach bliain mheasúnachta dá éis sin.

(6) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann Dáil Éireann laistigh den lá is fiche a shuífidh Dáil Éireann tar éis an rialachán a leagan faoina bráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

(7) San alt seo ciallaíonn “an uimhir threoir-phraghais do thomhaltóirí” an Uimhir Threoir-Phraghais do Thomhaltóirí—Gach Itim a ullmhaíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh agus ciallaíonn an uimhir threoir-phraghais do thomhaltóirí is iomchuí d'aon bhliain mheasúnachta an uimhir threoir-phraghais do thomaltóirí um lár na Feabhra is luaithe roimh thosach na bliana sin arna sonrú ar an mbonn gur 100 an uimhir threoir-phraghais do thomhaltóirí um lár na Samhna, 1968.

Ráta laghdaithe muirir faoi threoir tréimhse úinéireachta.

4. —(1) D'ainneoin alt 3 (3) den Phríomh-Acht, ach faoi réir forálacha an ailt seo, duine (nach cuideachta) ar a bhfuil cónaí nó gnáthchónaí sa Stát agus a dhéanfaidh, sa tslí a fhorordaítear leis na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, éileamh chuige sin agus a thabharfaidh tuairisceán san fhoirm fhorordaithe, beidh teideal aige, don bhliain 1978-79 agus do gach bliain mheasúnachta dá éis sin, maidir le gnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chuige ar shócmhainn a dhiúscairt a bhí ar úinéireacht aige ar feadh tréimhse úinéireachta is faide ná trí bliana ach nach faide ná bliain is fiche, go muirearófaí é de réir ráta laghdaithe cánach don bhliain mheasúnachta ina ndéantar an diúscairt agus is mar a leanas a bheidh an ráta laghdaithe, is é sin le rá, má bhíonn an tréimhse a raibh an tsócmhainn ar úinéireacht aige—

níos faide ná 3 bliana ach gan bheith níos faide ná 6 bliana

25.5 faoin gcéad

níos faide ná 6 bliana ach gan bheith níos faide ná 9 mbliana

21.0 faoin gcéad

níos faide ná 9 mbliana ach gan bheith níos faide ná 12 bhliain

16.5 faoin gcéad

níos faide ná 12 bhliain ach gan bheith níos faide ná 15 bliana

12.0 faoin gcéad

níos faide ná 15 bliana ach gan bheith níos faide ná 18 mbliana

7.5 faoin gcéad

níos faide ná 18 mbliana ach gan bheith níos faide ná 21 bliain

3.0 faoin gcéad

(2) Ní sócmhainní inmhuirearaithe sócmhainní i gcás iad a bheith ar uinéireacht ag duine, de réir brí fho-alt (1), ar faide ná bliain is fiche an tréimhse a raibh siad ar úinéireacht aige.

(3) (a) Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (2) maidir le gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhreoidh as na nithe seo a leanas a dhiúscairt—

(i) talamh sa Stát ar mó comaoin a dhiúscartha ná an méid arbh é margadhluach na talún é dá mba rud é, díreach roimh an diúscairt, go raibh sé tagtha chun bheith neamhdhleathach aon fhorbairt (de réir brí alt 3 (1) den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 ) a dhéanamh i ndáil leis an talamh seachas forbairt de na cineálacha a shonraítear in alt 4 (1) den Acht sin;

(ii) mianraí sa Stát nó aon chearta, leasanna nó sócmhainní eile i ndáil le mianadóireacht nó mianraí nó cuardach mianraí; nó

(iii) cearta taiscealaíochta nó saothraithe i limistéar ainmnithe.

(b) Folaíonn tagairtí i mír (a) do dhiúscairt sócmhainní a luaitear i bhfomhíreanna (i), (ii) agus (iii) den mhír sin tagairtí do dhiúscairt scaireanna a fhaigheann a luach nó an chuid is mó dá luach go díreach nó go neamhdhíreach ó na sócmhainní sin, seachas scaireanna a luaitear ar stocmhargadh.

(4) Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (2) más méid arna chinneadh de réir alt 4 (3) den Phríomh-Acht an méid is inchurtha faoi cháin ghnóchan caipitiúil.

(5) Déanfar éileamh faoin alt seo trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire laistigh de dhá bhliain ó dheireadh na bliana measúnachta ina ndéanfar an diúscairt nó laistigh de cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim trí fhógra i scríbhinn.

(6) Bainfidh an t-alt seo le gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhreoidh chuig iontaobhas aonad cáilitheach, de réir brí alt 32 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ) den Phríomh-Acht, ionann is dá gcuirfí tagairt don alt seo i bhfo-alt (2) den alt sin in ionad na tagartha d'alt 3 (3) den Acht sin.

(7) Beidh feidhm ag alt 5 (1) den Phríomh-Acht faoi réir forálacha an ailt seo agus mhír 7 de Sceideal 1.

(8) San alt seo—

tá le “limistéar ainmnithe”, “cearta taiscealaíochta nó saothraithe” agus “scaireanna” na bríonna céanna atá leo in alt 4 (8) den Phríomh-Acht;

ciallaíonn “tréimhse úinéireachta”, i ndáil le duine ag diúscairt sócmhainne, an tréimhse a raibh an tsócmhainn ar úinéireacht go leanúnach aige ar a feadh, sa cháil chéanna, dar críoch dáta na diúscartha sin, agus, chun críocha an mhínithe seo, cinnfear tréimhse úinéireachta ar neamhaird le forálacha alt 3 (2) agus, i gcás an duine d'fháil na sócmhainne ar bhás a chéile ionas go ndéileálfaí, ar leith ón bhfo-alt seo, lena thréimhse úinéireachta mar thréimhse a thosaigh ar dháta an bháis sin, measfar a thréimhse úinéireachta a bheith leathnaithe le tréimhse úinéireachta leanúnaí a chéile dar críoch an dáta sin a bheith ar áireamh inti.

Fáil éigeantach: faoiseamh i gcásanna áirithe.

5. —(1) Más rud é, an 6ú lá d'Aibreán, 1978, nó dá éis, go ndiúscróidh duine maoin sa Stát nó leas sa mhaoin sin (dá ngairtear “na sócmhainní bunaidh” dá éis seo san alt seo) chuig údarás ag a bhfuil cumhachtaí ceannaigh éigeantaigh agus go n-éileoidh sé agus go gcruthóidh sé chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim—

(a) nach ndéanfaí an diúscairt mura mbeadh—

(i) feidhmiú na gcumhachtaí sin, nó

(ii) an t-údarás do thabhairt fógra foirmiúil i dtaobh é a bheith ar intinn aige na cumhachtaí sin a fheidhmiú,

(b) gur caitheadh iomlán na comaoine i leith na diúscartha, agus sin an méid, ag fáil maoine eile sa Stát nó leas i maoin eile den sórt sin (dá ngairtear “na sócmhainní athshuímh” dá éis seo san alt seo), agus

(c) go bhfuil na sócmhainní bunaidh agus na sócmhainní athshuímh i gceann de na haicmí, agus san aicme chéanna, de na haicmí sócmhainní a shonraítear i bhfo-alt (5),

ansin, chun críocha na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, ní dhéileálfar leis an diúscairt mar dhiúscairt lena ngabhann aon diúscairt ar na sócmhainní bunaidh ná ní dhéileálfar leis an bhfáil mar fháil lena ngabhann aon fháil ar na sócmhainní athshuímh nó ar aon chuid díobh ach áireofar gurb iad na sócmhainní céanna na sócmhainní bunaidh agus na sócmhainní athshuímh agus go bhfuarthas iad mar a fuarthas na sócmhainní bunaidh.

(2) I gcás a mbeadh feidhm ag fo-alt (1) mura mbeadh go ndearnadh méid de bhreis ar mhéid nó luach na comaoine i leith na diúscartha áirithe a chaitheamh mar a thuairiscítear i mír (b) den fho-alt sin, déileálfar, chun críocha na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, leis an duine a rinne an diúscairt ionann is dá mba go bhfuair sé, i gcomaoin na breise sin, tráth na sócmhainní athshuímh a fháil, cion de na sócmhainní sin a bhfuil idir é agus an t-iomlán an chomhréir chéanna atá idir méid na breise agus méid nó luach na comaoine a caitheadh ag fáil na sócmhainní athshuímh agus bainfidh fo-alt (1) le fuílleach na sócmhainní sin agus leis na sócmhainní bunaidh.

(3) I gcás a mbeadh feidhm ag fo-alt (1) mura mbeadh nach ndearnadh cuid de mhéid nó de luach na comaoine i leith na diúscartha áirithe a chaitheamh mar a thuairiscítear i mír (b) den fho-alt sin, déileálfar, chun críocha na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, leis an duine a rinne an diúscairt ionann is dá mba gur dhiúscair sé, i gcomaoin na coda sin, leas sna sócmhainní bunaidh agus bainfidh fo-alt (1) le fuílleach na sócmhainní sin agus leis na sócmhainní athshuímh.

(4) Ní bheidh feidhm ag an alt seo ach amháin i gcás na sócmhainní athshuímh a fháil, nó conradh neamhchoinníollach a dhéanamh lena bhfáil, sa tréimhse dar tosach dáta dhá mhí dhéag roimh dhiúscairt, agus dar críoch dáta trí bliana tar éis diúscairt, na sócmhainní bunaidh nó cibé tráth is luaithe nó is déanaí ná sin a cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim le fógra i scríbhinn:

Ar choinníoll, i gcás conradh neamhchoinníollach le haghaidh na fála a dhéanamh amhlaidh, go bhféadfar an t-alt seo a fheidhmiú ar fhoras sealadach gan fuireach lena dhéanamh amach an bhfuarthas na sócmhainní athshuímh de bhun an chonartha, agus, nuair a bheidh an fíoras sin déanta amach, déanfar na coigeartuithe go léir is gá trí mheasúnachtaí a dhéanamh nó trí cháin a aisíoc nó a urscaoileadh, agus déanfar sin amhlaidh d'ainneoin aon teorainn sna hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil leis an am ina mbeidh na measúnachtaí le déanamh.

(5) Is iad seo a leanas na haicmí sócmhainní chun críocha an ailt seo:

Aicme 1

Sócmhainní de chuid trádáil a sheolann an duine atá ag diúscairt arb éard iad—

A. gléasra nó innealra;

B. ach amháin nuair is déileáil i dtalamh nó forbairt talún, nó soláthar seirbhísí d'áititheoir talamh ina bhfuil eastát nó leas ag an duine atá ag seoladh na trádála, an trádáil—

(i) aon fhoirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh agus aon déanmhas buan nó leathbhuan ar mhodh foirgnimh. atá áitithe (agus á úsáid freisin) chun críocha na trádála agus chun na gcríocha sin amháin,

(ii) aon talamh atá áitithe (agus á úsáid freisin) chun críocha na trádála agus chun na gcríocha sin amháin. ar choinníoll más déileáil i dtalamh nó forbairt talún an trádáil, ach nach mbeadh an brabús as aon talamh a dhíol a theachtar chun críocha na trádála ina chuid de na brabúis trádála, go ndéileálfar, chun críocha an fho-ailt seo, leis an trádáil ionann is dá mba nár thrádáil í ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún;

C. cáilmheas.

Aicme 2

Aon talamh nó foirgnimh nach talamh ná foirgnimh in Aicme 1, ach gan teach cónaithe nó cuid de theach cónaithe a mbeadh an duine atá ag déanamh na diúscartha i dteideal faoiseamh a éileamh ina leith faoi alt 25 den Phríomh-Acht a áireamh.

Leasú ar alt 14 (bás) den Phríomh-Acht.

6. —(1) Leasaítear leis seo alt 14 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) den alt sin:

“(1) Chun críocha an Achta seo, na sócmhainní a raibh duine éagtha inniúil ar iad a dhiúscairt—

(a) measfar na hionadaithe pearsanta nó an duine eile ar a gcineachannn siad dá bhfáil ar éag don éagach ar chomaoin ar cóimhéid lena margadhluach ar dháta an bháis; ach

(b) ní mheasfar iad a bheith diúscartha aige ar éag dó (cibé acu b'ábhar do dhiúscairt thiomnach iad nó nárbh ea).”.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo i ndáil le diúscairt sócmhainní arna dhéanamh an 6ú lá d'Aibreán, 1978, nó dá éis, ag na hionadaithe pearsanta nó ag an duine eile ar ar chineachaigh na sócmhainní sin ar bhás.

Leasú ar alt 15 (maoin shocraithe) den Phríomh-Acht.

7. —(1) Leasaítear leis seo alt 15 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4) (b):

“(b) measfar gur ar chomaoin ar cóimhéid le margadhluach na sócmhainní ar dháta an bháis a fuarthas ar ais na sócmhainní faoin bhfo-alt sin.”.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo i ndáil le diúscairt sócmhainní arna dhéanamh an 6ú lá d'Aibreán, 1978, nó dá éis, ag iontaobhaí den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (4) den alt sin 15, ina cháil mar iontaobhaí de réir alt 8 (3) den Phríomh-Acht, nó ag an duine a thiocfaidh chun teideal iomlán a bheith aige chun na sócmhainní sna himthosca dá dtagraítear san fho-alt sin (4).

Gnó nó feirm a dhiúscairt laistigh den teaghlach.

8. —Cuirfear an t-alt seo a leanas in ionad alt 27 den Phríomh-Acht:

“27.—(1) (a) Faoi réir forálacha an ailt seo, i gcás pearsa aonair a bhfuil cúig bliana is caoga d'aois slánaithe aige do dhiúscairt a shócmhainní cáilitheacha go léir nó cuid acu chuig leanbh dá chuid, tabharfar faoiseamh i leith na cánach gnóchan caipitiúil is inmhuirearaithe ar aon ghnóchan a d'fhaibhrigh as an diúscairt.

(b) Chun críocha mhír (a), is í an cháin ghnóchan caipitiúil is inmhuirearaithe i leith an ghnóchain an méid cánach nárbh inmhuirearaithe mura mbeadh an gnóchan sin.

(c) I mír (a) folaíonn ‘leanbh’, i ndáil le diúscairt, nia nó neacht a d'oibrigh go substainteach go lánaimsearach ar feadh na tréimhse chúig bliana dar chríoch dáta na diúscartha ag seoladh, nó ag cabhrú ag seoladh, na trádála, an ghnó nó na gairme áirithe nó obair na hoifige nó na fostaíochta áirithe nó obair a ghabhann leis sin.

(2) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear do ríomh gnóchan a fhaibhreoidh as diúscairt sócmhainní, seachas sócmhainní cáilitheacha, ag pearsa aonair a dhéanfaidh diúscairt lena mbaineann fo-alt (1).

(3) Bainfidh alt 26 (3) le diúscairt lena mbaineann fo-alt (1) mar a bhaineann sé le diúscairt lena mbaineann alt 26 (1).

(4) (a) I gcás sócmhainní a chuimsítear i ndiúscairt chuig leanbh ar deonaíodh faoiseamh ina leith, roimh thosach feidhme an Achta um Cháin Ghnóchan Caipitiúil (Leasú), 1978 , nó dá éis, faoin alt seo, a dhiúscairt ag an leanbh laistigh de dheich mbliana ón dáta a rinne an phearsa aonair áirithe an diúscairt, déanfar an cháin ghnóchan caipitiúil a mhuirearófaí, dá mba nach raibh feidhm ag fo-alt (1), ar an bpearsa aonair as na sócmhainní sin a dhiúscairt chuig an leanbh a mheasúnú agus a mhuirearú ar an leanbh, i dteannta aon cháin ghnóchan caipitiúil is inmhuirearaithe i leith an ghnóchain a fhaibhreoidh chuig an leanbh as na sócmhainní sin a dhiúscairt.

(b) Ní bheidh measúnacht chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha an fho-ailt seo as am má dhéantar í laistigh de dheich mbliana ó dheireadh na bliana measúnachta inar dhiúscair an leanbh na sócmhainní.

(5) Ní chuirfear an chomaoin as diúscairt lena mbaineann fo-alt (1) i gcuntas chun comhiomlánú faoi alt 26 (2) a dhéanamh.”.

Leasú ar alt 28 (sócmhainní gnó agus sócmhainní eile a athshuíomh) den Phríomh-Acht.

9. —Leasaítear leis seo alt 28 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Gnóchan inmhuirearaithe nó iarmhéid de ghnóchan inmhuirearaithe a ndéileáiltear leis, faoi fhorálacha fho-alt (1) nó (2), de réir mar is iomchuí, mar ghnóchan nó mar iarmhéid a d'fhaibhrigh ar dháta is déanaí ná dáta na diúscartha ar ar fhaibhrigh sé, ní dhéileálfar leis amhlaidh chun críocha alt 3 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil (Leasú), 1978 , ná chun an tréimhse úinéireachta faoi alt 4 den Acht sin a chinneadh.”.

Leasú ar alt 39 (diúscairtí chun an Stáit, chun carthanas agus chun comhlachtaí eile) den Phríomh-Acht.

10. —Leasaítear leis seo alt 39 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) (a) I gcás sócmhainn a diúscairt ar shlí seachas faoi mhargán ar neamhthuilleamaí—

(i) chun an Stáit,

(ii) chun carthanais, nó

(iii) chun aon cheann de na comhlachtaí lena mbaineann alt 28 (3) den Acht Airgid, 1931 (fundúireachtaí náisiúnta agus comhlachtaí poiblí eile),

ní bheidh feidhm ag alt 9 (ina meastar an chomaoin a bheith ar cóimhéid leis an margadhluach), ach más diúscairt í gan aon chomaoin nó ar chomaoin nach mó ná na suimeanna ab inlamhála mar asbhaint faoi mhír 3 de Sceideal 1 chun gnóchan inmhuirearaithe a ríomh, ansin—

(I) measfar chun críocha an Achta seo gur diúscraíodh agus go bhfuarthas ar chomaoin a d'áirithigh nár fhaibhrigh gnóchan ná caillteanas as an diúscairt, agus

(II) i gcás ar chuig duine lena mbaineann fomhír (ii) nó (iii) a rinneadh an diúscairt agus gur dhiúscair an duine sin an tsócmhainn ina dhiaidh sin in imthosca a bhéarfadh, dá mba gur fhaibhrigh gnóchan as an diúscairt is déanaí, gur ghnóchan inmhuirearaithe a bheadh ann, déanfar an cháin ghnóchan caipitiúil ab inmhuirearaithe i leith an ghnóchain a d'fhaibhreodh as an diúscairt is luaithe dá mba go raibh feidhm ag an alt sin 9 i ndáil leis a mheasúnú agus a mhuirearú ar an duine a bheidh ag déanamh na diúscartha is déanaí i dteannta aon cháin ghnóchan caipitiúil is inmhuirearaithe i leith an ghnóchain a fhaibhreoidh chuige as an diúscairt is déanaí.

(b) I gcás ar tugadh faoiseamh faoin bhfo-alt seo i leith sócmhainn a dhiúscairt chuig duine, is diúscairt a rinneadh roimh thosach feidhme an Achta um Cháin Ghnóchan Caipitiúil (Leasú), 1978 , agus go ndiúscróidh an duine an tsócmhainn ina dhiaidh sin tar éis an tosach feidhme sin, beidh éifeacht le mír (a) (II) ionann is dá mba í an diúscairt chéadluaite an diúscairt is luaithe dá dtagraítear sa mhír sin.

(c) Ní bheidh measúnacht chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha mhír (a) (II) as am má dhéantar í laistigh de dheich mbliana tar éis deireadh na bliana measúnachta inar dhiúscair an duine a dhéanann an diúscairt is déanaí an tsócmhainn áirithe.

(d) Chun críocha mhír (a) (II), is éard é méid na cánach gnóchan caipitiúil ab inmhuirearaithe i leith an ghnóchain a d'fhaibhrigh as an diúscairt is luaithe méid na cánach nárbh inmhuirearaithe mura mbeadh an gnóchan sin.”.

Leasú ar ailt 13 (gnóchain inmhuirearaithe a ríomh) agus 37 (gnóchain inmhuirearaithe in áirithe do shealbhóirí polasaithe) den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

11. —(1) Leasaítear leis seo ailt 13 (1) agus 37 (3) (a) den Acht Cánach Corparáide, 1976

(a) maidir leis an mbliain airgeadais 1978 i ndáil le haon tréimhse chuntasaíochta nó le haon chuid de thréimhse chuntasaíochta tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1978, agus

(b) maidir leis an mbliain airgeadais 1979 agus gach bliain airgeadais dá éis sin,

trí “a cúig déag de dhaichead cúigithe” a chur in ionad “a naoi déag de dhaichead cúigithe” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ).

(2) Leasaítear leis seo alt 37 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976

(a) maidir leis an mbliain airgeadais 1978 i ndáil le haon tréimhse chuntasaíochta nó le haon chuid de thréimhse chuntasaíochta tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1978, agus

(b) maidir leis an mbliain airgeadais 1979 agus le gach bliain airgeadais dá éis sin,

trí “30 faoin gcéad” a chur in ionad “26 faoin gcéad”.

Leasú ar alt 90 (dáiltí as brabúis chaipitiúla cuideachtaí) den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

12. —(1) Leasaítear leis seo alt 90 (3) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , trí “is gnóchain inmhuirearaithe” a chur in ionad “ar ar muirearaíodh cáin ghnóchan caipitiúil nó, tar éis an laghdaithe dá bhforáiltear le halt 13 (gnóchan inmhuirearaithe a ríomh), cáin chorparáide” agus in ionad “a cuireadh faoi mhuirear amhlaidh”, faoi seach, agus tá an t-alt sin 90 (3), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

(2) Leasaítear leis seo alt 90 (4) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , trí “is gnóchain inmhuirearaithe” a chur in ionad “ar ar muirearaíodh cáin ghnóchan caipitiúil nó, tar éis an laghdaithe dá bhforáiltear le halt 13, cáin chorparáide” agus trí “de bhua alt 3 (3) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , don bhliain mheasúnachta a d'fhaibhrigh na gnóchain inmhuirearaithe” a chur in ionad “faoi alt 3 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , don bhliain mheasúnachta a rinneadh an dáileadh” agus tá an t-alt sin 90 (4), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(3) I gcás a ndéanfar dáileadh (lena n-áirítear cuid de dháileadh a ndéileáiltear léi faoi fho-alt (1) mar dháileadh) lena mbaineann fo-alt (2) go páirteach as brabúis chaipitiúla is gnóchain inmhuirearaithe agus go páirteach as brabúis chaipitiúla eile, déileálfar leis an dáileadh ionann is dá mba dhá dháilcadh é a rinneadh faoi seach as brabúis chaipitiúla is gnóchain inmhuirearaithe agus as brabúis chaipitiúla eile.

(4) I gcás a ndéanfaidh cuideachta, an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó dá éis, dáileadh as brabúis chaipitiúla is gnóchain inmhuirearaithe, déanfar an cháin a mhuirearófar faoi fho-alt (2) a laghdú cóimhéid na cánach gnóchan caipitiúil ab inmhuirearaithe de bhun alt 3 (3) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , don bhliain mheasúnachta a d'fhaibhrigh na gnóchain inmhuirearaithe ar chóimhéid chomhiomlán an dáilte agus an chreidmheasa cánach ag a mbeadh feidhm i leith an dáilte dá mba phearsa aonair a raibh cónaí air sa Stát an duine a fuair é.

Leasú ar alt 127 (athchóiriú nó cónascadh cuideachtaí: aistriú sócmhainní) den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

13. —Leasaítear leis seo alt 127 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , trí “alt 3 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil (Leasú), 1978 ” a chur in ionad “Chuid II de Sceideal I a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 (sócmhainní ar teachtadh an 6ú lá d'Aibreán, 1974),” agus tá an t-alt sin 127 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, i gcás—

(a) a gcuimsíonn aon scéim athchóirithe nó cónasctha gnó uile, nó cuid de ghnó, cuideachta a aistriú chun cuideachta eile, agus

(b) an dá chuideachta a bheith ina gcónaí sa Stát tráth an aistrithe, agus

(c) nach bhfaighidh an chuideachta chéadluaite aon chuid de chomaoin an aistrithe (ach amháin an chuideachta eile do ghlacadh dliteanais uile, nó cuid de dhliteanais, an ghnó chuici féin),

ansin, a mhéid a bhaineann le cáin chorparáide ar ghnóchain inmhuirearaithe, déilealfar leis an dá chuideachta ionann is dá mba go bhfuair cuideachta amháin ón gcuideachta eile aon sócmhainní a bhí ar áireamh san aistriú ar an oiread sin de chomaoin a d'áiritheodh nach bhfaibhreodh gnóchan ná caillteanas chuig cuideachta na diúscartha ar an diúscairt trí aistriú, agus chun críocha alt 3 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil (Leasú), 1978 , déileálfar le cuideachta na fála ionann is dá mba fáil na sócmhainní ag cuideachta na fála fáil na sócmhainní sin ag an gcuideachta eile.

Leasú ar alt 132 (diúscairt nó fáil lasmuigh de ghrúpa) den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

14. —Leasaítear leis seo alt 132 (2) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , trí “alt 3 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil (Leasú), 1978 ,” a chur in ionad “Cuid II de Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 ,” agus tá an t-alt sin 132 (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(2) Beidh feidhm ag alt 3 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil (Leasú), 1978 , i ndáil le diúscairt sócmhainne ag cuideachta is comhalta nó ba chomhalta de ghrúpa cuideachtaí agus a fuair an tsócmhainn ó chomhalta eile den ghrúpa tráth ar chomhaltaí den ghrúpa iad araon, ionann is dá mba é an duine céanna comhaltaí uile an ghrúpa de thuras na huaire, agus ionann is dá mba éard é fáil nó soláthar na sócmhainne ag an ngrúpa, ar iad a áireamh amhlaidh mar dhuine amháin, fáil nó soláthar na sócmhainne ag an gcomhalta a dhiúscair í.

Leasú ar Sceideal 4 (riarachán) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

15. —Leasaítear leis seo mír 8 (achomhairc) de Sceideal 4 a ghabhann leis an bPríomh-Acht, maidir le measúnachtaí arna ndéanamh ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis, trí “de thríocha lá” a chur in ionad “de lá is fiche” i bhfomhír (1) agus tá an fhomhír sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(1) Aon duine arb éagóir leis aon mheasúnacht faoin Acht seo a dhéanfaidh an cigire no cibé oifigeach eile dá luaitear i mír 1 (2) air, beidh sé i dteideal achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc, ar fhógra i scríbhinn a thabhairt, laistigh de thríocha lá tar éis dáta an fhógra measúnachta, don chigire nó don oifigeach eile, agus mura ndéanfaidh duine dar tugadh fógra measúnachta fógra achomhairc a thabhairt nó i gcás ina bhfailleoidh nó ina ndiúltóidh duine a thug fógra achomhairc freastal os comhair na gCoimisinéirí Achomairc an tráth agus san áit a bheidh ceaptha chun achomhairc a éisteacht, is measúnacht chríochnaitheach dho-chloíte an mheasúnacht a rinneadh air.

Forlíontach.

16. —Beidh éifeacht le Sceideal 1 chun críocha an Achta seo.

Aisghairm.

17. —Déantar leis seo gach achtachán a luaitear i gcolún (2) de Sceideal 2 a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin, faoi réir na forála atá déanta i ndeireadh an Sceidil sin.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

18. —(1) Féadfar an tAcht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil (Leasú), 1978 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil le chéile.

(3) Measfar, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite ann, gur tháinig an tAcht seo i bhfeidhm agus glacfaidh sé éifeacht amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1978.