4 1979


Uimhir 4 de 1979


AN tACHT UM RANNÍOCAÍ SLÁINTE, 1979

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN RANNÍOCAÍ A ÍOC I LEITH CHOSTAS SEIRBHÍSÍ A SHOLÁTHAR FAOI NA hACHTANNA SLÁINTE, 1947 GO 1977, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE SIN. [14 Márta, 1979]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1970” an tAcht Sláinte, 1970 ;

ciallaíonn “an tArd-Bhailitheoir” an tArd-Bhailitheoir a ceapadh faoi alt 162 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn “bliain ranníoca” bliain mheasúnachta de réir bhrí na nAchtanna Cánach Ioncaim;

ciallaíonn “díolaíochtaí” díolaíochtaí lena mbaineann Caibidil IV de Chuid V den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ach sin ar neamhaird le halt 192 den Acht sin, seachas íocaíochtaí faoi—

(a) Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1978,

(b) na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1978,

(c) na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1978;

tá le “ranníocóir fostaithe”, “ranníocaí fostaíochta” agus “ranníoc fostóra” na bríonna céanna faoi seach atá leo sna hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1978;

ciallaíonn “bord sláinte” bord sláinte a bunaíodh faoi Acht 1970;

tá le “ranníocaí sláinte” an bhrí a shanntar dó le halt 4 den Acht seo;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Sláinte.

Rialacháin do mhíniú “tuillimh ináirithe”, “díolaíochtaí ináirithe” agus “ioncam ináirithe”.

2. —Féadfaidh an tAire le rialacháin “tuillimh ináirithe”, “díolaíochtaí ináirithe” agus “ioncam ináirithe” a mhíniú chun críocha an Achta seo.

Na hAchtanna um Ranníocaí Sláinte, 1971 go 1978, a aisghairm.

3. —Déantar na hAchtanna um Ranníocaí Sláinte, 1971 go 1978, a aisghairm le héifeacht ó thosach feidhme alt 4 den Acht seo.

Oibleagáid ranníocaí sláinte a íoc.

4. —Íocfaidh gach pearsa aonair atá os cionn sé bliana déag d'aois, nó íocfar ina leith, faoi réim agus de réir an Achta seo agus rialacháin faoin Acht seo, ranníocaí (ar a dtabharfar agus dá ngairtear “ranníocaí sláinte” san Acht seo) i leith chostas seirbhísí a sholáthar faoi na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1977.

Ranníocaí sláinte ó phearsana aonair a bhfuil tuillimh ináirithe acu.

5. —(1) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas i ndáil le pearsa aonair dá dtagraítear in alt 4 den Acht seo atá ag fáil díolaíochtaí agus is ranníocóir fostaithe faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1978:

(a) déanfar an ranníoc fostaíochta is iníoctha faoi na hAchtanna sin nó faoi rialacháin fúthu a mhéadú méid an ranníoca sláinte is iníoctha i leith na dtuilleamh ináirithe ar faoina dtreoir a chinntear an ranníoc fostaíochta faoi na hAchtanna sin, agus is de réir ráta aon faoin gcéad de mhéid na dtuilleamh ináirithe sin a ríomhfar an ranníoc sláinte, a measfar gur ranníoc fostaíochta é de réir bhrí na nAchtanna sin;

(b) má bhíonn ag an bpearsa aonair, de bhua alt 45 d'Acht 1970, lán-cháilíocht le haghaidh seirbhísí faoi Chuid IV den Acht sin, is ranníoc fostóra an ranníoc sláinte is iníoctha faoi mhír (a) den fho-alt seo;

(c) mura mbeidh ag an bpearsa aonair, de bhua alt 45 d'Acht 1970, lán-cháilíocht le haghaidh seirbhísí faoi Chuid IV den Acht sin, is ranníoc arna íoc ag an ranníocóir fostaithe an ranníoc sláinte is iníoctha faoi mhír (a) den fho-alt seo.

(2) Más rud é i mbliain ranníoca áirithe go mbeidh suim £5,000 de thuillimh ináirithe faighte ag ranníocóir fostaithe agus go mbeidh ranníocaí sláinte faoi fho-alt (1) den alt seo íoctha i leith na dtuilleamh ináirithe sin, ní bheidh aon ranníocaí eile den sórt sin iníoctha i leith aon tuillimh ináirithe de chuid an ranníocóra fhostaithe sin an bhliain ranníoca sin.

Ranníocaí sláinte ó phearsana aonair a bhfuil díolaíochtaí seachas tuillimh ináirithe acu.

6. —(1) I ndáil le pearsa aonair dá dtagraítear in alt 4 den Acht seo a fhaigheann díolaíochtaí seachas tuillimh ináirithe, i gcás a dtabharfar íocaíocht don phearsa aonair nó chun sochair dó i leith a dhíolaíochtaí ináirithe, beidh ranníoc sláinte iníoctha a ríomhfar a mhéid de réir ráta aon faoin gcéad de mhéid na ndíolaíochtaí ináirithe lena mbaineann an íocaíocht sin.

(2) Más rud é i mbliain ranníoca áirithe go mbeidh suim £5,000 de dhíolaíochtaí ináirithe faighte ag pearsa aonair a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo agus go mbeidh ranníocaí sláinte faoin bhfo-alt sin íoctha i leith na ndíolaíochtaí ináirithe sin, ní bheidh aon ranníocaí eile den sórt sin iníoctha i leith aon díolaíochtaí ináirithe de chuid na pearsan aonair sin an bhliain ranníoca sin.

Ranníocaí sláinte ó phearsana aonair a bhfuil ioncam seachas díolaíochtaí acu.

7. —Más rud é, i ndáil le pearsa aonair dá dtagraítear in alt 4 den Acht seo, go n-eascróidh ioncam ináirithe seachas díolaíochtaí aon bhliain ranníoca, is é méid an ranníoca sláinte is iníoctha ag an bpearsa aonair sin don bhliain ranníoca sin i ndáil leis an ioncam ináirithe sin méid arna ríomh de réir ráta aon faoin gcéad den ioncam ináirithe sin.

An ranníoc sláinte uasta is iníoctha.

8. —D'ainneoin aon fhoráil in alt 5, 6 nó 7 den Acht seo, ní rachaidh an ranníoc sláinte iomlán is iníoctha i leith pearsan aonair i ndáil le bliain ranníoca áirithe thar an méid is iomchuí do chomhiomlán £5,000 i leith ioncaim ináirithe.

Rátaí agus suimeanna a shonraítear san Acht a dhaingniú agus a athrú.

9. —(1) Déanfar an ráta a shonraítear in ailt 5 (1) (a), 6 (1) agus 7 den Acht seo, agus an tsuim a shonraítear in ailt 5 (2), 6 (2) agus 8 den Acht seo, a dhaingniú nó a athrú le rialacháin a dhéanfaidh an tAire roimh thosach feidhme ailt 5 go 8 den Acht seo.

(2) Féadfaidh an tAire le rialacháin an ráta a shonraítear in ailt 5 (1) (a), 6 (1) agus 7 den Acht seo a athrú, agus glacfaidh ráta a athrófar amhlaidh éifeacht ó thosach na bliana ranníoca i ndiaidh na bliana a dhéanfar na rialacháin.

(3) Féadfaidh an tAire le rialacháin an tsuim a shonraítear in ailt 5 (2), 6 (2) agus 8 den Acht seo a athrú, agus glacfaidh suim a athrófar amhlaidh éifeacht ó thosach na bliana ranníoca in ndiaidh na bliana a dhéanfar na rialacháin.

(4) Nuair a bheidh rialacháin á ndéanamh ag an Aire faoi fho-alt (3) den alt seo, cuirfidh sé san áireamh aon athruithe ar mheántuillimh oibrithe sna tionscail earraí iniompair mar a bheidh sin taifeadta ag an bPríomh-Oifig Staidrimh ón dáta ar faoina threoir a cinneadh go deireanach an tsuim a shonraítear in ailt 5 (2), 6 (2) agus 8 den Acht seo.

(5) I gcás a mbeartófar rialacháin faoi fho-alt (2) nó (3) den alt seo a dhéanamh, leagfar dréacht de na rialacháin bheartaithe faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach.

Cumhacht rialacháin a dhéanamh agus ranníocaí sláinte a ghnóthú.

10. —(1) I ndáil le ranníocaí sláinte dá dtagraítear in alt 6 nó 7 den Acht seo, féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh, faoi réir an Achta seo, a dhéanfaidh socrú le haghaidh na nithe seo a leanas—

(a) dliteanas maidir le ranníocaí sláinte a chinneadh;

(b) tráth íoctha agus modh íoctha ranníocaí sláinte;

(c) ranníocaí sláinte a bhailiú agus a ghnóthú agus faisnéis a thabhairt i ndáil leo;

(d) méideanna a bheidh dlite i leith ranníocaí sláinte a mheas agus na meastacháin sin a athbhreithniú;

(e) aon ghearr-íocaíocht nó ró-íocaíocht ranníocaí sláinte a choigeartú:

(f) aon ní atá cumhalda nó foghabhálach le haon ní dá dtagraítear i míreanna (a) go (e) den fho-alt seo.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh rialacháin faoin alt seo socrú a dhéanamh le haghaidh na nithe seo a leanas—

(a) aon fheidhm a bhaineann le haon ní dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a shannadh don Ard-Bhailitheoir;

(b) aon fheidhm a bhaineann le haon ní dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a shannadh do bhord sláinte;

(c) taifid a iniúchadh ag na Coimisinéirí Ioncaim nó thar a gceann.

(3) Tá feidhm ag na forálacha seo a leanas i ndáil le ranníocaí sláinte dá dtagraítear in alt 6 nó 7 den Acht seo:

(a) (i) Beidh ag forálacha aon achtacháin, rialacháin nó rialach cúirte i ndáil le taifid a iniúchadh, le cáin ioncaim a mheas, a bhailiú agus a ghnóthú nó le faisnéis a thabhairt i ndáil le cáin ioncaim, feidhm, fara aon mhodhnuithe is gá, i ndáil le ranníocaí sláinte atá d'oibleagáid ar an Ard-Bhailitheoir a bhailiú mar atá feidhm acu i ndáil le cáin ioncaim;

(ii) in imeachtaí a thionscnófar faoin mír seo, beidh deimhniú a airbheartóidh a bheith sínithe ag an Ard-Bhailitheoir á dheimhniú go bhfuil suim a luafar dlite den chosantóir agus iníoctha aige ina fhianaise nó go gcruthófar a mhalairt go bhfuil an tsuim sin dlite agus iníoctha amhlaidh, agus, nuair a thabharfar i bhfianaise é, measfar, nó go gcruthófar a mhalairt, é a bheith sínithe aige;

(iii) chun críocha na míre seo, beidh ag rialacha na cúirte áirithe, a bhaineann de thuras na huaire le himeachtaí sibhialta, feidhm maidir le himeachtaí de bhua na míre seo.

(b) Féadfaidh bord sláinte ranníocaí sláinte atá d'oibleagáid air a bhailiú a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

Pearsana aonair nach ndlíonn ranníocaí sláinte a íoc.

11. —(1) D'ainneoin aon fhoráil eile den Acht seo—

(a) ní bheidh ranníoc sláinte dá dtagraítear in alt 5 den Acht seo iníoctha maidir le pearsa aonair is pearsa aonair de thuras na huaire a bhfuil pinsean, liúntas, sochar nó íocaíocht a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo á fháil aige;

(b) ní bheidh ranníoc sláinte dá dtagraítear in alt 6 den Acht seo iníoctha maidir le pearsa aonair is pearsa aonair de thuras na huaire a bhfuil, de bhua alt 45 d'Acht 1970, lán-cháilíocht aige le haghaidh seirbhísí faoi Chuid IV den Acht sin nó is pearsa aonair a bhfuil pinsean, liúntas, sochar nó íocaíocht a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo á fháil aige;

(c) i ndáil le bliain ranníoca ar pearsa aonair dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt seo an phearsa aonair aon tráth lena linn, déanfar ranníoc sláinte dá dtagraítear in alt 7 den Acht seo a shrianadh ionas nach mbeidh ann ach an chuid sin den méid arbh é, mura mbeadh sin, an ranníoc sláinte iomchuí é is ionann agus an chomhréir idir an chuid den bhliain ranníoca nach pearsa aonair dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt seo an phearsa aonair lena linn agus iomlán na bliana ranníoca iomchuí.

(2) Is iad seo a leanas na pinsin, na liúntais, na sochair nó na híocaíochtaí dá dtagraítear i bhfo-ailt (1) (a) agus (1) (b) den alt seo :

(a) pinsean baintrí (ranníocach);

(b) pinsean baintrí (neamhranníocach);

(c) sochar banchéile thréigthe;

(d) liúntas banchéile thréigthe;

(e) sochar báis i modh pinsin bhaintrí faoin Acht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966 ;

(f) liúntas cúnaimh shóisialaigh faoi alt 8 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1973 ;

(g) íocaíocht ar aon dul le pinsean dá dtagraítear i mír (a) nó (e) den fho-alt seo ó údarás inniúil Bhallstát (seachas an Stát) de Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa faoi reachtaíocht lena mbaineann rialacháin an Chomhphobail maidir le scéimeanna slándála sóisialaí a chur i mbaint le daoine fostaithe agus a dteaghlaigh ag gluaiseacht dóibh laistigh de chríoch an Chomhphobail.

Cionta.

12. —(1) Gan dochar d'fhorálacha an Achta seo nó d'aon rialachán faoin Acht seo nó d'aon achtachán eile dá dtagraítear san Acht seo nó do rialacháin faoi achtachán den sórt sin, aon duine—

(a) a mhainneoidh nó a dhiúltóidh ceanglas de chuid rialachán faoin Acht seo a chomhlíonadh,

(b) a dhéanfaidh go feasach aon ráiteas bréagach nó uiríoll bréagach nó a cheilfidh go feasach aon fhíoras ábhartha i ndáil le haon cheanglas den sórt sin, nó

(c) a thabharfaidh ar aird nó a chuirfidh ar fáil aon doiciméad nó faisnéis i ndáil le haon cheanglas den sórt sin is eol dó a bheith bréagach i bponc ábhartha nó a chuirfidh faoi deara nó a cheadóidh go feasach sin a thabhairt ar aird nó a chur ar fáil,

agus é ag gníomhú dó féin nó do dhuine éigin eile, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó na £500 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná dhá mhí dhéag, nó iad araon, a chur air.

(2) I gcás a mainneoidh duine ranníoc sláinte atá d'oibleagáid air a íoc faoi alt 6 nó 7 den Acht seo a íoc, de réir rialachán, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

(3) Féadfar ionchúiseamh mar gheall ar chion faoin Acht seo a thionscnamh ar agra an Aire, an bhord sláinte iomchuí nó an Ard-Bhailitheora.

Ranníocaí sláinte áirithe a íoc isteach sa Chiste Arachais Shóisialaigh agus leis an Aire.

13. —(1) Déanfar na ranníocaí sláinte dá dtagraítear in alt 5 nó 6 den Acht seo a íoc isteach sa Chiste Arachais Shóisialaigh.

(2) Déanfar na suimeanna go léir a íocfar isteach sa Chiste Arachais Shóisialaigh faoi fho-alt (1) den alt seo, agus na suimeanna go léir a bhaileofar faoi alt 7 den Acht seo, a íoc leis an Aire agus diúscróidh an tAire iad de réir rialacháin a bheidh déanta aige.

Na Coimisinéirí Ioncaim do thabhairt faisnéise áirithe don Aire nó do bhord sláinte.

14. —Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, a mhéid is gá chun Acht 1970 agus an tAcht seo a riaradh go cuí, faisnéis a fuair siad i ndáil le bailiú cánach ioncaim nó ranníocaí sláinte maidir le ranníocaí sláinte agus maidir le tuillimh ináirithe, díolaíochtaí ináirithe agus ioncam ináirithe de chuid pearsana aonair ar iníoctha ranníocaí sláinte ina leith a thabhairt don Aire nó do bhord sláinte.

Forálacha a bhaineann le foirceannadh agus féimheacht.

15. —(1) Beidh ar áireamh na bhfiacha a bheidh, faoi alt 285 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , le híoc, le linn sócmhainní cuideachta atá á foirceannadh a bheith á ndáileadh, i dtosaíocht ar gach fiach eile, ranníocaí sláinte dá dtagraítear in alt 6 den Acht seo ab iníoctha ag an gcuideachta i gcaitheamh an dá mhí dhéag sular tosaíodh ar an bhfoirceannadh nó roimh thosach feidhme an ordaithe foirceanta, agus beidh éifeacht dá réir sin leis an Acht sin, agus ní dhéanfar cruthú foirmiúil ar na fiacha dá dtugtar tosaíocht faoin bhfo-alt seo a éileamh ach amháin i gcásanna a bhforáiltear a mhalairt le rialacha a rinneadh faoin Acht sin.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo i gcás cuideachta a bheith á foirceannadh go toilteanach chun í a athchóiriú nó í a chónascadh le cuideachta eile agus chun na gcríocha sin amháin.

(3) Beidh ar áireamh na bhfiacha a bheidh, faoi alt 4 den Preferential Payments in Bankruptcy (Ireland) Act, 1889, le híoc, le linn maoin féimhigh nó féichiúnaí chomhshocraíochta a bheith á dáileadh, i dtosaíocht ar gach fiach eile, na ranníocaí sláinte go léir dá dtagraítear in alt 6 nó 7 den Acht seo ag an bhféimheach nó ag an bhféichiúnaí comhshocraíochta i gcaitheamh an dá mhí dhéag roimh dháta an ordaithe bhreithnithe i gcás féimhigh nó roimh dháta an achainí ar chomhshocraíocht a chomhdú i gcás féichiúnaí chomhshocraíochta, agus beidh éifeacht dá réir sin leis an Acht sin, agus ní dhéanfar cruthú foirmiúil ar na fiacha dá dtugtar tosaíocht faoin bhfo-alt seo a éileamh ach amháin i gcásanna a bhforáiltear a mhalairt le horduithe ginearálta a rinneadh faoin Acht sin.

Ceadú an Aire Airgeadais riachtanach do rialacháin áirithe.

16. —Beidh rialacháin faoi alt 2, 9, 10 (1), 10 (2) (a), 10 (2) (c) nó 13 (2) den Acht seo faoi réir cheadú an Aire Airgeadais.

Rialacháin a leagan faoi bhráid an Oireachtais.

17. —Gach rialachán nó ordú a dhéanfar faoin Acht seo (seachas rialacháin a dhéanfar faoi alt 9 (2) nó 9 (3) den Acht seo) leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach den Oireachtas laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán nó an t-ordú a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin nó an ordaithe, beidh an rialachán nó an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán nó faoin ordú.

Caiteachais.

18. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Tosach feidhme.

19. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar le hordú nó le horduithe ón Aire, go ginearálta nó faoi threoir forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsula a shocrú amhlaidh d'fhorálacha éagsúla den Acht seo.

Gearrtheideal.

20. —Féadfar an tAcht um Ranníocaí Sláinte, 1979 , a ghairm den Acht seo.

Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

An tAcht Sláinte, 1970

1970, Uimh. 1

Na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1977

Na hAchtanna um Ranníocaí Sláinte, 1971 go 1978

An tAcht Cánach Ioncaim, 1967

1967, Uimh. 6

Na hAchtanna Cánach Ioncaim

Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1978

Preferential Payments in Bankruptcy (Ireland) Act, 1889

1889, c. 60

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1973

1973, Uimh. 10

Na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1978

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966

1966, Uimh. 16

Na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1978