An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Cuid II Údarás na Gaeltachta) Ar Aghaidh (Cuid IV Comhaltaí d'Údarás na Gaeltachta a Thoghadh)

5 1979

AN tACHT UM ÚDARÁS NA GAELTACHTA, 1979

Cuid III

Forálacha Airgeadais

Deontais don Údarás.

22. —Féadfar deontais ina mbeidh cibé méideanna a cheadóidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, a íoc leis an Údarás gach bliain as airgead a sholáthróidh an tOireachtas chun a chumasú don Údarás a chaiteachais riaracháin agus a chaiteachais i gcoitinne agus deontais faoin Acht seo a íoc.

Airleacain don Údarás.

23. —(1) Chun a chumasú don Údarás a fheidhmeanna a chomhlíonadh féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh ón Aire, cibé suimeanna a iarrfaidh an tÚdarás ó am go ham a airleacan ó am go ham chun an Údaráis as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis.

(2) (a) Féadfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham cinneadh ar na téarmaí maidir le haisíoc, ús agus ábhair eile i ndáil le hairleacain don Údarás nó do Ghaeltarra Éireann.

(b) Measfar aon airleacan a tugadh do Ghaeltarra Éireann roimh an lú lá d'Aibreán, 1965, do scor ar an dáta sin de bheith inaisíoctha.

(c) Ní bheidh aon airleacan a tugadh do Ghaeltarra Éireann tar éis an lú lá d'Aibreán, 1965, ná aon airleacan a thabharfar don Údarás inaisíoctha (ná ní bheidh ús iníoctha ar an gcéanna) go dtí cibé dáta a chinnfidh an tAire Airgeadais tar éis comhairle a ghlacadh leis an Aire.

(3) Íocfar isteach sa Státchiste nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste na suimeanna go léir a íocfaidh an tÚdarás d'aisíoc airleacain nó de bhun aon téarma ar a mbeidh cinnte i ndáil le hairleacan.

(4) Ní rachaidh comhiomlán na suimeanna a bheidh airleactha faoin alt seo agus a bheidh gan aisíoc thar £50,000,000 aon tráth áirithe.

An tÚdarás d'fháil iasachta go sealadach.

24. —Féadfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire arna thabhairt le comhthoiliú an Aire Airgeadais, cibé suimeanna a bheidh ag teastáil ón Údarás faoi chomhair a chaiteachais a fháil ar iasacht go sealadach trí chomhshocraíocht le baincéirí.

Díolúine ó dhleacht stampa.

25. —Ní bheidh aon dleacht stampa iníoctha ar aon ionstraim faoina bhfaigheann an tÚdarás aon mhaoin agus, chun críche an ailt seo, folaíonn “maoin” leasanna agus cearta d'aon chineál.

Rátaí a mhaitheamh.

26. —(1) I gcás—

(a) áitreabh do ghnóthas tionscail a thógáil, a mhéadú nó a fheabhsú, agus

(b) an tÚdarás do dheimhniú an tógáil, an méadú nó an feabhsú a bheith arna dhéanamh ag an Údarás nó ag Gaeltarra Éireann nó a bheith ina ábhar do chúnamh airgid ón Údarás nó ó Ghaeltarra Éireann,

féadfaidh údarás áitiúil, más cuí leo é,—

(i) dhá thrian a mhaitheamh de ráta is intoibhithe acu i leith aon áitreabh a tógadh amhlaidh, nó

(ii) dhá thrian a mhaitheamh d'aon ráta breise is intoibhithe acu i leith aon mhéadú nó feabhsú den sórt sin.

(2) Beidh éifeacht, faoi réir fho-alt (3), ag maitheamh faoin alt seo i leith na bliana airgeadais áitiúla díreach i ndiaidh na bliana airgeadais áitiúla inar críochnaíodh an tógáil, an méadú nó an feabhsú agus i leith gach ceann de na naoi mbliana airgeadais áitiúla díreach ina dhiaidh sin.

(3) Má dheimhníonn an tÚdarás, in aon bhliain airgeadais áitiúil, nár chomhlíon an gnóthas na téarmaí ar ar soláthraíodh cúnamh airgid, ní bheidh éifeacht le maitheamh faoin alt seo i leith na bliana airgeadais áitiúla sin.

(4) Ní dheonófar maitheamh faoin alt seo níos mó ná uair amháin i leith na tógála céanna, an mhéadaithe chéanna nó an fheabhsaithe chéanna.

(5) I gcás gan luacháil ar leithligh a bheith déanta ar áitreabh faoi na hAchtanna Luachála, féadfaidh an Coimisinéir Luachála, ar iarratas ón Údarás, an méid is cuí leis de luacháil inrátaithe na maoine ar cuid di an t-áitreabh a chionroinnt ar an áitreabh.

(6) Is feidhmeanna forchoimeádta chun críocha na nAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1972, na cumhachtaí a thugtar d'údarás áitiúil leis an alt seo.