An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM ÍOCAÍOCHTAÍ IOMARCAÍOCHTA, 1979)

7 1979

AN tACHT UM ÍOCAÍOCHTAÍ IOMARCAÍOCHTA, 1979

AN SCEIDEAL

Leasuithe Ilghnéitheacha ar an bPríomh-Acht

Alt 17.

An Fhoráil a Leasaítear

Cineál an Leasaithe

(1)

(2)

Alt 2(1)

“tá le ‘ranníoc iomarcaíochta fostóra’ an bhrí a shanntar dó le halt 27;” a chur in ionad “tá le ‘ranníoc iomarcaíochta fostaí’ agus le ‘ranníoc iomarcaíochta fostóra’ na bríonna a shanntar dóibh le halt 27;”.

Alt 4(2)

“20 uair” a chur in ionad “21 uair”.

Alt 15(3)

“aon íocaíochtaí seachtainiúla eile a fháil” a chur in ionad “íocaíocht sheachtainiúil a fháil ar feadh tréimhse nach faide ná sé sheachtain” (a cuireadh isteach le hAcht 1971).

Alt 17(3)

“£300” a chur in ionad “caoga punt”.

Alt 18(4)

“£300” a chur in ionad “caoga punt”.

Alt 23

An fo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) Ní bheidh feidhm ag an alt seo in aon chás a bhfuil feidhm maidir leis ag alt 19 den Acht um Dhífhostú Eagórach, 1977 .”.

* Alt 32

Alt 33(2)

“£300” a chur in ionad “caoga punt” agus “fineálacha breise £50” a chur in ionad “fíneálacha breise den sórt sin”.

Alt 36(3)

“£300” a chur in ionad “caoga punt”.

Alt 39(2)

“(b) 5 leas-chathaoirleach ar a mhéid,” a chur in ionad mhir (b) agus “(c) 12 ghnáthchomhalta ar a laghad agus 30 gnáthchomhalta ar a mhéid.” a chur in ionad mhír (c) (a cuireadh isteach le hAcht 1971).

Alt 39(3)

An fo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) D'ainneoin fho-alt (2), aon uair is dóigh leis an Aire gur fóirsteanach d'fhonn gnó an Bhinse a chur de láimh go tapaidh leaschathaoirligh bhreise nó gnáthchomhaltaí breise (nó leas-chathaoirligh bhreise agus gnáthchomhaltaí breise) a bheith ar an mBinse, féadfaidh sé na ceapacháin bhreise sin a dhéanamh, agus folóidh an tagairt i bhfo-alt (4) tagairt don fho-alt seo.”.

Alt 39(15)

“féadfaidh sé achomharc a dhéanamh chun an Bhinse in aghaidh na breithe;” a chur in ionad “féadfaidh sé. ar fhógra achomhairc a thabhairt sa mhodh forordaithe don Aire. a thabhairt go dtarchuirfear an cheist chun an Bhinse chun breith a thabhairt uirthi;”.

Alt 39(17) (e)

“£150” a chur in ionad “fiche punt”.

Alt 58

“£50” a chur in ionad “deich bpunt”.

Sceideal 1

Na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhíreanna 8 agus 9:

“8. Aon duine a bheidh tar éis íocaíocht sheachtainiúil a fháil ní bhfaighidh sé aon íocaíochtaí seachtainiúla eile tar éis dó fostaíocht a fháil nó scor ar aon chúis d'íocaíochtaí seachtainiúla a fháil.

9. Aon uair a gheobhaidh duine a bheidh i dteideal íocaíochta seachtainiúla fostaíocht roimh dheireadh aon tréimhse a luaitear i mír 4 (a cuireadh isteach leis an Acht um Iocaíochtaí Iomarcaíochta, 1971 ) ní bhfaighidh sé íocaíocht sheachtainiúil.”.

Sceideal 3

Trí “, ach chun críocha na míre seo ní fholaíonn ‘dífhostú’ dífhostú de réir bhrí an Achta um Dhífhostú Eagórach, 1977 , ar tugadh sásamh ina leith faoi alt 7 (1) (a) nó 7 (1) (b) den Acht sin.” a chur isteach i ndiaidh “toildeonach” i mír 4.

An mhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 4:

“4A. D'ainneoin aon ní i mír 4 (agus aon ní i gclásal (b) den mhíniú ar “dáta an bhriste” in alt 2), déanfar an tréimhse fógra a bheidh le tabhairt d'fhostaí faoi alt 4 (2) (a) den Acht um Fhógra Iosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973 , ach nach mbeidh tugtha ag an bhfostóir. a lamháil i gcás ina n-ordóidh an Binse amhlaidh mar sheirbhís leanúnach chun críocha iomarcaíochta i gcás ina mbeadh an fostaí cáilithe le haghaidh íocaíochta iomarcaíochta mura mbeadh gur mhainnigh an fostóir forálacha an Achta sin a chomhlíonadh.”.

An méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 5 (1) (c)—

“(d) tréimhse nárbh fhaide na 13 sheachtain chomhleanúnacha ar saolaíodh leanbh don fhostaí lena linn.”.

I mír 7, “dífhostú de réir bhrí an Achta um Dhífhostú Eagórach, 1977 , ar tugadh sásamh ina leith faoi alt 7 (1) (a) nó alt 7 (1) (b) den Acht sin.” a chur isteach i ndiaidh “bhreoiteacht”.

Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

An tAcht um Fhógra Iosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973

1973, Uimh. 4

Preferential Payments in Bankruptcy (Ireland) Act, 1889

1889, c. 60

An tAcht um Iocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967

1967, Uimh. 21

An tAcht um Iocaíochtaí Iomarcaíochta, 1971

1971, Uimh. 20

An tAcht um Iocaíochtaí Iomarcaíochta, 1973

1973, Uimh. 11

Na hAchtanna um Iocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 go 1973

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1952

1952, Uimh. 11

Na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1978

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Leasú). 1978

1978, Uimh. 25

An tAcht um Dhífhostú Eagórach. 1977

1977, Uimh. 10

*Ní gá aon leasú ar an téacs Gaeilge.