An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Cáin Bhreisluacha) Ar Aghaidh (CUID V Ilghnéitheach)

11 1979

AN tACHT AIRGEADAIS, 1979

CUID IV

Dleachtanna Stampa

Díolúine ó dhleacht stampa ar ionstraimí áirithe.

50. —Ní bheidh dleacht stampa inmhuirearaithe ar aon tíolacadh, aistriú nó léasú talún a dhéanfar, nó a chomhaontófar a dhéanamh, tar éis dáta an Achta seo a rith chun críocha carthanúla sa Stát nó i dTuaisceart Éireann chuig comhlacht daoine a bunaíodh chun críocha carthanúla amháin nó chuig iontaobhaithe iontaobhas a bunaíodh amhlaidh:

Ar choinníoll nach measfar tíolacadh, aistriú nó léasú lena mbaineann an t-alt seo a bheith stampáilte go cuí mura mbeidh sé, de réir fhorálacha alt 12 den Stamp Act, 1891, stampáilte le stampa áirithe á chur in iúl nach bhfuil dleacht stampa inmhuirearaithe air.

Leasú ar alt 70 (an méid ar arb inmhuirir dleacht stampa) den Acht Airgeadais, 1973 .

51. —Leasaítear leis seo alt 70 den Acht Airgeadais, 1973 , trí “dearbhluach nó” agus “(cibé acu is mó)” a scriosadh sa chéad choinníoll agus tá an coinníoll, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

Ar choinníoll, in aon chás, nach mbeidh an méid a muirearófar dleacht stampa ina leith faoi bhun luach ainmniúil na scaireanna (más ann) sa chuideachta áirithe a cionroinneadh ar chomhaltaí na cuideachta caipitiúla i ndáil leis an idirbheart nó a bheidh ar úinéireacht ag comhaltaí na cuideachta caipitiúla díreach tar éis an idirbhirt:

Leasú ar alt 72 (athchóiriú nó cónascadh cuideachtaí caipitiúla) den Acht Airgeadais, 1973 .

52. —Leasaítear leis seo alt 72 den Acht Airgeadais, 1973 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(6) Chun críocha an ailt seo, measfar maidir le cuideachta, comhpháirtíocht, gnólacht, comhlachas nó duine dlítheanach a n-áirítear gur cuideachta chaipitiúil i mBallstát eile é nó í, gur cuideachta aistreora é nó í d'ainneoin nach n-áirítear gur cuideachta chaipitiúil é nó í.”.

Leasú ar alt 69 (dleacht stampa le muirearú ar ráiteas) den Acht Airgeadais, 1973 .

53. —Leasaítear leis seo alt 69 den Acht Airgeadais, 1973 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Beidh ús simplí iníoctha ar mhodh pionóis ar an oiread sin den dleacht stampa a mhuirearófar ar an ráiteas a cheanglaítear a sheachadadh faoi fho-alt (1) (b) den alt seo agus a bheidh gan íoc tar éis mí a bheith caite ó dháta an idirbhirt ba bhun leis an muirear i leith dleachta nó tar éis dáta an Achta seo a rith, cibé dáta díobh is déanaí, agus beidh an t-ús sin iníoctha de réir 1.25 faoin gcéad, gan cáin ioncaim a asbhaint, in aghaidh gach míosa nó gach coda de mhí a mbeidh dleacht gan íoc amhlaidh ina haghaidh agus beidh sé inmhuirearaithe agus inghnóthaithe sa tslí chéanna ionann is dá mba chuid den dleacht é.”.

Díolúine ó dhleacht stampa ar aistrithe áirithe.

54. —(1) Ní bheidh dleacht stampa inmhuirearaithe ar aon aistriú chuig ainmnitheach stocmhargaidh a fhorghníomhaítear chun críocha idirbhirt stocmhargaidh.

(2) San alt seo—

ciallaíonn “ainmnitheach stocmhargaidh” duine a bheidh sonraithe, le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh, mar ainmní de chuid stocmhargaidh aitheanta chun críocha Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1977 ;

ciallaíonn “idirbheart stocmhargaidh” díol agus ceannach urrús inar comhalta de stocmhargadh aitheanta gach duine de na páirtithe agus é ag gníomhú i ngnáthchúrsa a ghnó mar chomhalta den sórt sin nó ag gníomhú trí ghníomhaireacht comhalta den sórt sin.

Comhaontú maidir le dleacht stampa ar ionstraimí áirithe.

55. —(1) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más cuí leo é dá rogha féin, comhaontú a dhéanamh leis an Stocmhargadh—Éireannach nó le daoine ag gníomhú thar ceann an Stocmhargaidh—Éireannach (dá ngairtear “na páirtithe eile sa chomhaontú” anseo feasta san alt seo) chun an dleacht stampa is inmhuirearaithe faoin gceannteideal “CON-VEYANCE or TRANSFER on sale of any stocks or marketable securities” sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1970 , ar cibé ionstraimí a bheidh sonraithe sa chomhaontú a imshocrú de réir forálacha an ailt seo.

(2) Beidh aon chomhaontú den sórt sin i cibé foirm agus ar cibé téarmaí agus beidh ann cibé coinníollacha is cuí leis na Coimisinéirí Ioncaim agus, go háirithe, ceanglóidh an comhaontú ar na páirtithe eile sa chomhaontú cuntais thréimhsiúla a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim maidir leis na hionstraimí lena mbaineann sé agus tabharfar sonraí na n-ionstraimí sin.

(3) Fad a bheidh aon chomhaontú den sórt sin i bhfeidhm, ní bheidh dleacht stampa inmhuirearaithe ar aon ionstraim lena mbaineann sé agus a mbeidh curtha in iúl uirthi ar cibé slí a cheanglóidh na Coimisinéirí Ioncaim gur íocadh dleacht stampa, ach in ionad dleachta stampa agus ar mhodh imshocraíochta, íocfaidh na páirtithe eile sa chomhaontú leis na Coimisinéirí Ioncaim ar aon chuntas faoin gcomhaontú a sheachadadh, cibé suimeanna a bheadh, mura mbeadh forálacha an ailt seo, inmhuirearaithe ar mhodh dleachta stampa ar ionstraimí lena mbaineann an comhaontú, i gcaitheamh na tréimhse lena mbaineann an cuntas.

(4) Má mhainníonn na páirtithe eile sa chomhaontú aon chuntas a sheachadadh a cheanglaítear a sheachadadh le haon chomhaontú den sórt sin nó an dleacht a íoc is iníoctha ar aon chuntas den sórt sin a sheachadadh, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur orthu in aghaidh aon lae a leanfar den mhainneachtain agus dlífidh siad freisin, i dteannta na dleachta, ús a íoc uirthi, agus beidh sin inghnóthaithe sa tslí chéanna ionann is dá mba chuid den dleacht é, de réir 15 faoin gcéad sa bhliain ón dáta a thosóidh an mhainneachtain go dtí dáta a íoctha.

(5) Ionstraim lena mbaineann comhaontú den sórt sin agus a mbeidh méid na dleachta stampa is iníoctha uirthi curtha in iúl uirthi de bhun forálacha an ailt seo déileálfar léi chun críocha uile dleachta stampa mar ionstraim a stampáladh le méid na dleachta stampa a bheidh curtha in iúl uirthi amhlaidh.

Ordú a chúlghairm.

56. —Cúlghairtear leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 238) (Díolúine ó Dhleacht Stampa ar Aistrithe Airithe agus Comhaontú Maidir Léi), 1979 (I.R. Uimh. 121 de 1979).