13 1979


Uimhir 13 de 1979


AN tACHT UM GHABHÁLTAIS CHRUACH NA hÉIREANN TEORANTA (LEASÚ), 1979

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM GHABHÁLTAIS CHRUACH NA hÉIREANN TEORANTA, 1960 GO 1971. [3 Iúil, 1979]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú agus forléiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1963” an tAcht um Ghabháltais Chruach na hÉireann Teoranta (Leasú), 1963 ;

ciallaíonn “Acht 1971” an tAcht um Ghabháltais Chruach na hÉireann Teoranta (Leasú). 1971;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Ghabháltais Chruach na hÉireann Teoranta, 1960 .

(2) Forléireofar an tAcht seo agus an Príomh-Acht mar aon ní amháin.

Leasú ar alt 1 den Phríomh-Acht.

2. —(1) Leasaítear leis seo alt 1 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “an Chuideachta”:

“ciallaíonn ‘an Chuideachta’ Cruach na hÉireann Teoranta;”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i bhfeidhm cibé lá a shocróidh an tAire le hordú.

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

3. —Leasaítear leis seo alt 2 den Phríomh-Acht (a fhorálann gur £6,000,000 scairchaipiteal na Cuideachta) trí “£25,000,000” a chur in ionad “£6,000,000” (a cuireadh isteach le halt 2 d'Acht 1963) agus tá alt 2 den Phríomh-Acht, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

2.—D'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cuideachtaí nó i meabhrán comhlachais nó in airteagail chomhlachais na Cuideachta, is é scairchaipiteal na Cuideachta fiche is cúig mhilliún punt arna roinnt ina scaireanna punt an ceann agus beidh cumhacht ag an gCuideachta, le toiliú an Aire Airgeadais, na scaireanna i gcaipiteal na Cuideachta a roinnt ina n-aicmí leithleacha agus aon chearta, pribhléidí nó coinníollacha tosaíochta, siarainn, cáilithe nó speisialta a chur ag gabháil leo faoi seach.

Leasú ar alt 3 den Phríomh-Acht.

4. —Leasaítear leis seo alt 3 (1) den Phríomh-Acht (a chuireann £6,000,000 de theorainn leis na scaireanna a fhéadfaidh an tAire Airgeadais a thógáil sa Chuideachta) trí “£25,000,000” a chur in ionad “£6,000,000” (a cuireadh isteach le halt 3 d'Acht 1963), agus tá an t-alt sin 3 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

3.—(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, scaireanna d'aon aicme nó aicmí sa Chuideachta a thógáil trí shuibscríobh nó trína gceannach ón sealbhóir suas go dtí méid nach mó san iomlán ná £25,000,000, lena n-áirítear aon suim a caitheadh roimh dháta an Achta seo a rith le ceannach den sórt sin as airgead a sholáthraigh an tOireachtas.

Leasú ar alt 9 den Phríomh-Acht.

5. —(1) Leasaítear leis seo fo-alt (3) d'alt 9 den Phríomh-Acht trí “£60,000,000” a chur in ionad “£3,000,000” (a cuireadh isteach le halt 2 d'Acht 1971), agus tá an fo-alt sin (3), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

9.—(3) Ní dhéanfaidh an tAire na cumhachtaí a thugtar le fo-ailt (1) agus (2) den alt seo a fheidhmiú i slí go mbeidh méid, nó méid comhiomlán, na príomhshuime a dhlífidh sé aon tráth áirithe a aisíoc ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoi na fo-ailt sin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, mar aon le méid na príomhshuime (más ann) a bheidh íoctha cheana ag an Aire ar scór aon ráthaíochtaí den sórt sin agus nach mbeidh aisíoctha ag an gCuideachta, níos mó ná £60,000,000.

(2) Cuirtear, leis seo, na fo-ailt seo a leanas in ionad fho-ailt (1) agus (2) d'alt 9 den Phríomh-Acht:

“(1) Más oiriúnach leis an Aire é, féadfaidh sé, le toiliú an Aire Airgeadais, iasacht don Chuideachta a ráthú nó a ráthú go n-íocfaidh an Chuideachta go cuí tráthchodanna nó méideanna eile airgid (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) a bheidh dlite den Chuideachta agus gan íoc aici faoi chonradh a rinne an Chuideachta nó an t-ús ar aon tráthchodanna nó méideanna den sórt sin a bheidh gan íoc nó na tráthchodanna nó na méideanna sin a bheidh gan íoc agus an t-ús sin.

(2) Aon uair a ráthóidh an tAire iasacht faoin alt seo féadfaidh sé ráthaíocht a thabhairt, i cibé foirm agus slí agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha a cheadóidh an tAire Airgeadais, go n-aisíocfaidh an Chuideachta go cuí príomhshuim na hiasachta nó go n-íocfar ús ar an iasacht nó go n-aisíocfar an phríomhshuim sin agus go n-íocfar an t-ús sin nó go n-íocfaidh an Chuideachta go cuí tráthchodanna nó méideanna eile airgid (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) a bheidh dlite den Chuideachta agus gan íoc aici faoi chonradh a rinne an Chuideachta nó an t-ús ar aon tráthchodanna nó méideanna den sórt sin a bheidh gan íoc nó go n-íocfar tráthchodanna nó méideanna den sórt sin a bheidh gan íoc agus an t-ús sin, agus féadfaidh an ráthaíocht a ráthú freisin go n-íocfaidh an Chuideachta coimisiúin agus caiteachais theagmhasacha a éireoidh i ndáil leis an iasacht nó leis an gconradh.”

(3) Leasaítear leis seo alt 9 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur leis:

“(11) Chun méid an airgid a ráthóidh an tAire faoin alt seo a ríomh faoi threoir na teorann le príomhshuim i bhfo-alt (3) den alt seo, déanfar méid is coibhéis in airgead reatha an Stáit d'airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit a ríomh de réir an ráta iomlaoide a bheidh i bhfeidhm tráth na ráthaíochta a thabhairt.

(12) I ndáil le ráthaíochtaí a thabharfaidh an tAire faoin alt seo in airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit—

(i) glacfar, maidir leis an tagairt d'iasacht, le gach ceann de na tagairtí do thráthchodanna agus le gach ceann de na tagairtí do mhéideanna i bhfo-alt (1) den alt seo, gur tagairt í nó gur tagairtí iad don méid is coibhéis in airgead reatha an Stáit don phríomhshuim iarbhír, do na tráthchodanna iarbhír agus do na méideanna iarbhír, faoi seach, agus déanfar an choibhéis sin a ríomh de réir an méid in airgead reatha an Stáit is comhionann le costas na príomhshuime iarbhír, na dtráthchodanna iarbhír nó na méideanna iarbhír, de réir mar is iomchuí,

(ii) glacfar, maidir leis an tagairt d'iasacht, le gach ceann de na tagairtí do phríomhshuim, le gach ceann de na tagairtí do thráthchodanna, le gach ceann de na tagairtí do mhéideanna agus leis an tagairt do choimisiúin agus do chaiteachais theagmhasacha i bhfo-alt (2) den alt seo, gur tagairt í nó gur tagairtí iad don méid is coibhéis in airgead reatha an Stáit don iasacht iarbhír, don phríomhshuim iarbhír, do na tráthchodanna iarbhír, do na méideanna iarbhír agus do na coimisiúin agus na caiteachais theagmhasacha iarbhír, agus déanfar an choibhéis sin a ríomh de réir ráta arb é an ráta iomlaoide é de thuras na huaire don airgead reatha áirithe agus d'airgead reatha an Stáit,

(iii) glacfar, maidir le gach ceann de na tagairtí d'airgead i bhfo-ailt (4) go (9) den alt seo, gur tagairt í don méid in airgead reatha an Stáit arb é costas an airgid iarbhír é.”

Luach saothair an phríomh-oifigigh, etc.

6. —Íocfaidh an Chuideachta lena príomh-oifigeach (cibé acu is príomh-oifigeach nó eile a thabharfar de thuairisc ar an oifigeach sin) cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an Chuideachta, le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

Aoisliúntas fhoireann na Cuideachta.

7. —Ní ghlacfaidh aon athrú éifeacht a dhéanfar ar na téarmaí a bheidh i ngníomh ar dháta an Achta seo a rith, is téarmaí a dhéanann rialú ar phinsin, aiscí, liúntais nó íocaíochtaí eile a dheonú do chomhalta de bhuanfhoireann na Cuideachta, lena n-áirítear a príomhoifigeach, nó ina leith, ar é d'éirí as oifig, do scor nó d'fháil bháis, ná ní ghlacfaidh aon chomhshocraíocht eile, chun sochair de bhreis ar na téarmaí dá dtagraítear thuas a chur ar fáil, éifeacht mura mbeidh an t-athrú nó an chomhshocraíocht ceadaithe ag an Aire, agus sin le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

Gearrtheideal agus comhlua.

8. —(1) Féadfar an tAcht um Ghabháltais Chruach na hÉireann Teoranta (Leasú), 1979 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Ghabháltais Chruach na hÉireann Teoranta, 1960 go 1979, a ghairm de na hAchtanna um Ghabháltais Chruach na hÉireann Teoranta, 1960 go 1971, agus den Acht seo le chéile.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Ghabháltais Chruach na hÉireann Teoranta 1960

1960, Uimh. 32

An tAcht um Ghabháltais Chruach na hÉireann Teoranta (Leasú), 1963

1963, Uimh. 11

An tAcht um Ghabháltais Chruach na hÉireann Teoranta (Leasú), 1971

1971, Uimh. 4