24 1979


Uimhir 24 de 1979


ACHT AN BHAINNE (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1979

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH TÁILLÍ A ÍOC AG DÍLSEÁNAIGH CHLÁRAITHE ÁITREABH ÁIRITHE ARNA gCLÁRÚ FAOI NA h ACHTA TORA DÉIRÍOCHTA, 1924 GO 1947, AGUS AG SEALBHÓIRÍ CEADÚNAS ÁIR ITHE FAOI ACHTANNA NA nUACHTARLANN, 1928 AGUS 1934, AGUS FAOI NA h ACHTA BAINNE AGUS DÉIRITHE, 1935 AGUS 1956, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA EILE. [25 Iúil, 1979]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “oifigeach údaraithe” oifigeach don Aire arna údarú i scríbhinn ag an Aire chun críocha an Achta seo;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Talmhaíochta”;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo.

Daoine lena mbaineann an tAcht seo.

2. —Baineann an tAcht seo leis na daoine seo a leanas—

(a) dílseánach cláraithe ar áitreabh atá cláraithe i gclár na n-uachtarlann faoi na h Achta Tora Déiríochta, 1924 go 1947,

(b) dílseánach cláraithe ar áitreabh atá cláraithe sa chlár de stáisiúin deighilte uachtair faoi na h Achta Tora Déiríochta, 1924 go 1947,

(c) dílseánach cláraithe ar áitreabh atá cláraithe i gclár na n-easportálaithe déantóireachta faoi na h Achta Tora Déiríochta, 1924 go 1947,

(d) duine atá ceadúnaithe faoi Achtanna na nUachtarlann, 1928 agus 1934, agus

(e) duine is sealbhóir ar cheadúnas ainm speisialta, seachas cead únas táirgeora, arna eisiúint ag an Aire faoi na Rialacháin Bhainne agus Déirithe (Ainmneacha Speisialta), 1938 (R. & O.R. Uimh. 148 de 1938).

Táillí míosúla a íoc.

3. —(1) Duine lena mbaineann an tAcht seo íocfaidh sé leis an Aire, in aghaidh gach mí nó gach cuid de mhí ar duine den sort sin é lena linn, táille arna ríomh de réir an deichiú cuid de phingin nua amháin ar gach galún bainne a tháirg sé nó a fuair sé mura ndeimhneoidh sé don Aire go bhfuair sé an bainne sin ó dhuine eile lena mbaineann an tAcht seo.

(2) Féadfar an ráta táille a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a athrú ó am go ham le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire.

(3) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Taifid a choimeád.

4. —(1) Duine lena mbaincann an tAcht seo—

(a) coimeádfaidh sé i cibé foirm a fhorordófar taifid den bhainne go léir a tháirg nó a fuair an duine sin,

(b) cuirfidh sé na taifid sin ar fáil d'oifigeach údaraithe nuair a cheanglóidh an t-oifigeach air sin a dhéanamh,

(c) cuirfidh sé ar aghaidh chuig an Aire, um cibé lá gach mí a fhorordófar agus san fhoirm fhorordaithe—

(i) tuairisceán ar an mbainne go léir a tháirg nó a fuair an duine sin, agus

(ii) an táille a cheanglaítear ar an duine sin a íoc faoi alt 3 den Acht seo,

maidir leis an mí nó leis an gcuid de mhí díreach roimhe sin.

(2) Duine lena mbaineann an tAcht seo agus a gceanglaítear air faoin Acht seo taifid a choimeád coinneoidh sé iad go ceann sé bliana ó dháta an idirbhirt is deireanaí lena mbaineann siad.

(3) Duine a mhainneoidh nó a dhiúltóidh foráil de chuid an ailt seo a chomhlíonadh beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

Táillí a ghnóthú.

5. —(1) Aon airgead a bheidh dlite don Aire agus le híoc leis maidir le táillí faoin Acht seo féadfaidh sé iad a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí i gcúirt dlínse inniúla.

(2) (a) Deimhniú a bheidh sínithe ag oifigeach údaraithe á rá go bhfuil suim shonraithe dlite don Aire agus le híoc leis ag duine sonraithe maidir le táillí faoin Acht seo agus go bhfuil sé fós gan íoc beidh sé, amhail ar an agus ón dáta a sheirbheálfar an deimhniú ar an duine sin, ina leorfhianaise ar na fíorais atá ráite sa deimhniú, mura suífear a mhalairt.

(b) Doiciméad a airbheartaíonn a bheith ina dheimhniú faoin bhfo-alt seo agus a bheith sínithe ag oifigeach údaraithe measfar, chun críocha an ailt seo, gur deimhniú den sórt sin é agus go bhfuil sé sínithe amhlaidh, mura suífear a mhalairt.

(3) Féadfar deimhniú faoi fho-alt (2) den alt seo a sheirbheáil trína chur leis an bpost i gclúdach cláraithe réamhíoctha agus é dírithe chuig an duine sonraithe ag an seoladh ag a mbíonn gnó ar siúl aige de ghnáth nó trína sheachadadh ag an seoladh sin.

Taifid a iniúchadh.

6. —(1) Féadfaidh oifigeach údaraithe—

(a) gach tráth réasúnach dul isteach in aon áitreabh a mbeidh foras réasúnach aige chun a chreidiúint go gcoimeádtar ann aon taifid a cheanglaítear a choimeád faoin Acht seo agus an t-áitreabh sin a iniúchadh, agus

(b) aon taifid den sórt sin a iniúchadh nó cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu nó iad a thabhairt chun siúil go ceann tréimhse réasúnaí.

(2) Aon duine a choiscfidh nó a bhacfaidh oifigeach údaraithe nuair a bheidh sé ag feidhmiú cumhachta a thugtar leis an alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £200 a chur air.

(3) I gcás cion faoin alt seo a bheith déanta ag comhlacht corpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh an cion sin amhlaidh le toiliú nó le ceadú, nó gur urasaíodh a dhéanamh trí aon faillí ar thaobh, aon duine is stiúrthoir ar an gcomhlacht corpraithe nó is comhalta de choiste bainistí nó d'údarás rialaithe eile an chomhlachta chorpraithe, nó arb é bainisteoir nó rúnaí an chomhlachta chorpraithe é nó is oifigeach eile don chomhlacht corpraithe, measfar go ndearna an duine sin freisin an cion agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne agus é a phionósú dá réir.

(4) Tabharfar deimhniú a údaraithe d'oifigeach údaraithe agus, nuair a bheidh sé ag feidhmiú aon chumhachta a thugtar d'oifigeach údaraithe leis an alt seo, tabharfaidh sé an deimhniú ar aird d'aon duine lena mbaineann má iarrann an duine air sin a dhéanamh.

Cealú, cúlghairm agus fionraí.

7. —(1) D'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo nó d'aon Acht dá dtagraítear san Acht seo, i gcás deimhniú faoi alt 5 (2) den Acht seo a bheith eisithe agus an tsuim a shonraítear sa deimhniú a bheith gan íoc i ndeireadh na tréimhse cheithre sheachtain dar tosach dáta an deimhnithe, féadfaidh an tAire, tar éis dó fógra scríofa 14 lá ar a laghad á rá go bhfuil ar intinn aige sin a dhéanamh a sheirbheáil i dtosach ar an duine a bheidh sonraithe sa deimhniú,

(a) aon chlárú a chealú a rinneadh faoi aon Acht dá dtagraítear in alt 2 den Acht seo ar áitreabh arb é an duine a shonraítear sa deimhniú a dhílseánach cláraithe,

(b) aon cheadúnas a deonaíodh le haon Acht nó faoi aon Acht den sórt sin don duine a shonraítear sa deimhniú a chúl ghairm, nó

(c) aon chlárú nó aon cheadúnas faoi aon Acht den sórt sin a fhionraí go ceann cibé tréimhse a shonrófar san fhógra.

(2) Ní dhéanfaidh cealú, cúlghairm ná fionraí alt seo difear do dhliteanas an duine lena mbaineann aon suim a bheidh dlite faoin Acht seo a íoc.

(3) Féadfar fógra faoi fho-alt (1) den alt seo a sheirbheáil trína chur leis an bpost i gclúdach cláraithe réamhíoctha agus é dírithe chuig an duine a shonraítear sa deimhniú ag an seoladh ag a mbíonn gnó ar siúl aige de ghnáth.

Aisghairm.

8. —(1) Aisghairtear leis seo fo-ailt (1) agus (2) agus (5) go (13) d'alt 6 den Acht Tora Déiríochta (Leasú), 1941 .

(2) D'ainneoin fho-alt (1) den alt seo, duine a dhlífeadh, mura mbeadh an fo-alt sin, táille a íoc faoi fhoráil a aisghairtear leis an bhfo-alt sin, dlífidh sé aon táille den sórt sin a bheidh gan íoc aige ar dháta an Achta seo a rith a íoc agus dlífidh sé freisin táille bhreise a íoc faoi fhoráil den sórt sin i leith na tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1979, agus dar críoch dáta an Achta seo a rith, agus forléireofar alt 6 den Acht Tora Déiríochta (Leasú), 1941 , dá réir sin.

Forálacha i ndáil le táillí.

9. —(1) Déanfar na táillí go léir is iníoctha faoin Acht seo a íoc isteach sa Státchiste, nó a chur chun tairbhe don Státchiste, de réir ordachán ón Aire Airgeadais.

(2) Ní bhainfidh an Public Offices Fees Act, 1879, le haon táille is iníoctha faoin Acht seo.

Rialacháin.

10. —Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh d'fhorordú aon ní dá dtagraítear san Acht seo mar ní atá forordaithe.

Cionta a ionchúiseamh.

11. —Féadfaidh an tAire cion faoin Acht seo a ionchúiseamh.

Feidhm alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, a shrianadh.

12. —D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí maidir le cion faoin Acht seo a thionscnamh tráth ar bith laistigh de dhá bhliain tar éis dáta an chiona.

Caiteachais.

13. —Déanfar na caiteachais a thabhófar ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

14. —Féadfar Acht an Bhainne (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979 , a ghairm den Acht seo.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Achtanna na nUachtarlann, 1928 agus 1934

Na h Achta Tora Déiríochta, 1924 go 1947

An tAcht Tora Déiríochta (Leasú), 1941

1941, Uimh. 10 .

Na h Achta Bainne agus Déirithe, 1935 agus 1956

Petty Sessions (Ireland) Act, 1851

1851, c. 93.

Public Offices Fees Act, 1879

1879, c. 58.