28 1979


Uimhir 28 de 1979


AN tACHT COSANTA (LEASÚ) (UIMH. 2), 1979

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN MNÁ A LIOSTÁIL IN ÓGLAIGH NA hÉIREANN AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH NITHE A BHAINEANN LEIS SIN. [6 Samhain, 1979]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Cosanta, 1954 .

Na hAchtanna Cosanta, 1954 go 1979, do bhaint le mná.

2. —Bainfidh forálacha na nAchtanna Cosanta, 1954 go 1979, agus forálacha aon ionstraimí reachtúla a rinneadh fúthu le banchomhaltaí d'Óglaigh na hÉireann le céim choimisiúnta nó céim neamhchoimisiúnta agus dá réir sin forléireofar na focail go léir sna hAchtanna sin agus sna hionstraimí sin óna dtuigtear gur tagairt iad d'fhireannaigh mar fhocail óna dtuigfear gur tagairt iad do dhaoine de cheachtar gnéas.

Alt 41 den Príomh-Acht do bhaint le mná.

3. —Beidh bean cáilithe lena ceapadh mar oifigeach de na Buan-Óglaigh nó de na hÓglaigh Cúltaca agus chun na críche sin forléireofar tagairtí in alt 41 den Príomh-Acht do shaoránaigh Éireannacha mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do shaoránaigh Éireannacha de cheachtar gnéas agus forléireofar tagairtí d'aon daoine eile a bheidh formheasta go speisialta ag an Aire mar thagairtí do dhaoine de cheachtar gnéas.

Ailt 53, 54 agus 55 den Phríomh-Acht do bhaint le mná.

4. —Féadfar bean—

(a) a liostáil sna Buan-Óglaigh le haghaidh seirbhíse go ceann tréimhse socraithe sna Buan-Óglaigh nó go páirteach sna Buan-Óglaigh agus go páirteach sna hÓglaigh Cúltaca,

(b) a liostáil sna Buan-Óglaigh le haghaidh seirbhíse le linn tréimhse éigeandála, nó

(c) a liostáil go díreach sna hÓglaigh Cúltaca le haghaidh seirbhíse go ceann tréimhse socraithe,

agus chun na críche sin forléireofar tagairtí in ailt 53, 54 agus 55 den Phríomh-Acht do dhaoine mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do dhaoine de cheachtar gnéas agus forléireofar tagairtí in ailt 53 (1) (b) agus 55 (1) (b) den Acht sin do bhuachaill mar thagairtí do chailín.

Alt 99 den Phríomh-Acht do bhaint le mná.

5. —Bainfidh forálacha alt 99 den Phríomh-Acht le bean ag a bhfuil céim neamhchoimisiúnta agus chun na críche sin forléireofar tagairtí san alt sin do bhanchéile mar thagairtí d'fhearchéile.

Leasú ar an Ochtú, ar an Naoú agus ar an Deichiú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

6. —Leasaítear leis seo an tOchtú, an Naoú agus an Deichiú Sceideal a ghabhann leis an bPhríomh-Acht trí—

(a) “DAOINE A LIOSTÁLFAS” a chur in ionad “FIR A LIOSTÁLFAS”; agus

(b) “chomhalta” a chur in ionad “fhear” gach áit a bhfuil an focal sin i gCuid I de na Sceidil sin; agus

(c) “member” a chur in ionad “man” gach áit a bhfuil an focal sin i gCuid II de na Sceidil sin.

Leasú ar alt 6 den Acht Cosanta (Leasú) (Uimh. 2), 1960 .

7. —Leasaítear leis seo alt 6 (1) den Acht Cosanta (Leasú) (Uimh. 2), 1960 , trí—

(a) “,bás fearchéile” a chur isteach i ndiaidh “banchéile” i mír (b), agus

(b) “ag comhalta de na Buan-Óglaigh nó” a chur isteach i ndiaidh “linbh” i mír (c).

Gearrtheideal, forléiriú, comhlua agus tosach feidhme.

8. —(1) Féadfar an tAcht Cosanta (Leasú) (Uimh. 2), 1979 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar na hAchtanna Cosanta, 1954 go 1979, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile.

(3) Folóidh an comhlua “na hAchtanna Cosanta, 1954 go 1979” an tAcht seo.

(4) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a shocrófar le hordú ón Aire.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Cosanta, 1954

1954, Uimh. 18

An tAcht Cosanta (Leasú) (Uimh. 2), 1960

1960, Uimh. 44