|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 33 de 1979 | ||
[EN] |
AN tACHT TAIGHDE TIONSCAIL AGUS CAIGHDEÁN (LEASÚ), 1979 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DÁ CHUMASÚ DON INSTITIÚID TAIGHDE TIONSCAIL AGUS CAIGHDEÁN IASACHT A FHÁIL CHUN CRÍOCHA ÁIRITHE. [11 Nollaig, 1979] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||
[EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht seo— | ||||
[EN] | ciallaíonn “an Institiúid” an Institiúid Taighde Tionscail agus Caighdeán; | |||||
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh. | |||||
[EN] |
An Institiúid d'fháil iasachtaí. |
2. —(1) Féadfaidh an Institiúid, le toiliú an Aire arna thabhairt le comhthoiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir aon choinníollacha a fhorchuirfidh an tAire, cibé suimeanna a theastóidh uaithi chun soláthar do chaiteachas reatha a fháil ar iasacht go sealadach trí chomshocraíocht le baincéirí. | ||||
[EN] | (2) Féadfaidh an Institiúid, le toiliú an Aire arna thabhairt le comhthoiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir aon choinníollacha a fhorchuirfidh an tAire, cibé suimeanna a theastóidh uaithi chun trealamh caipitiúil a cheannach a fháil ar iasacht ar urrús a cuid talún agus áitreabh féin agus gan aon ráthaíocht ón Aire go n-aisíocfar go cuí aon iasachtaí a fuarthas amhlaidh. | |||||
[EN] |
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú. |
3. —(1) Féadfar an tAcht Taighde Tionscail agus Caighdeán (Leasú), 1979 , a ghairm den Acht seo. | ||||
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Taighde Tionscail agus Caighdeán, 1961 agus 1979, a ghairm den Acht Taighde Tionscail agus Caighdeán, 1961 , agus den Acht seo le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin. | |||||
|