35 1979


Uimhir 35 de 1979


AN tACHT UM THRÁDÁIL ÓCÁIDEACH, 1979

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN TRÁDÁIL ÓCÁIDEACH A RIALÚ AGUS A RIALÁIL AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE A BHAINEANN LEIS NA NITHE SIN. [12 Nollaig, 1979]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “oifigeach údaraithe” duine a cheapfar faoi alt 8 den Acht seo le bheith ina oifigeach údaraithe;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh;

ciallaíonn “cead trádála ócáidí” cead arna dheonú faoi alt 4 den Acht seo;

folaíonn “díol” comhaontú nó tairiscint chun ní a dhíol nó tairiscint a iarraidh chun ní a cheannach.

Trádáil ócáideach.

2. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, ciallaíonn “trádáil ócáideach” earraí a mhiondíol in áitreabh nó in áit (nach bóthar poiblí ná áit eile ar a bhfuil rochtain ag an bpobal ó cheart) a bheidh ar áitiú ag an duine a bheidh ag díol amhlaidh ar feadh tréimhse leanúnaí is lú ná trí mhí dar críoch dáta an díola sin.

(2) Ní fholaíonn trádáil ócáideach—

(a) díol ar ceant (seachas ceant Dúitseach) ag sealbhóir ceadúnas nó cead ag a bhfuil feidhm de thuras na huaire faoi na hAchtanna um Cheantálaithe agus Gníomhairí Tithe, 1947 go 1973.

(b) díol ar aonach nó ar thaispeántas trádála, tráchtála, talmhaíochta nó tionscail a bhíonn ar siúl go hiomlán nó go príomha chun críche seachas chun earraí a dhíol,

(c) díol torthaí talmhaíochta nó gairneoireachta (lena n-áirítear beostoc) ag táirgeoir na dtorthaí sin nó ag a sheirbhísigh nó a ghníomhairí ag gníomhú dóibh amhlaidh,

(d) díol le duine san áit, nó i gcóngar na háite, ina gcónaíonn sé nó ina seolann sé gnó,

(e) díol ag an Stát nó thar a cheann nó ag Aire Rialtais nó thar a cheann,

(f) díol uachtair reoite, milseán, milseogra seacláide, bianna bruite (seachas bianna a bruitheadh in áit a ndíola), torthaí nó deochanna neamh-mheisciúla a dhéantar ó thráidire, ciseán, bara, tralaí nó deis dá samhail ag teagmhas a ligtear an pobal isteach chuige ar tháille nó saor ó tháille, nó ar an lá a mbíonn an teagmhas sin ar siúl agus san áit nó i ngarchomhsarsanacht na háite ina mbíonn sé ar siúl,

(g) díol uachtair reoite (le habhlanna, brioscaí nó coirnéid nó gan iad), nuachtán, tréimhseachán, irisí nó ábhar clóite eile, nó earraí crábhaidh nó creidimh,

(h) díol éisc,

(i) díol a n-úsáidtear na brabúis as chun críocha carthanúla nó críocha eile nach bhfaightear, nó nach bhfuil sé ceaptha go bhfaighfear, aon bhrabús príobháideach as,

(j) díol earraí lámhdhéanta ag déantóir na n-earraí sin nó ag céile nó ag leanbh an déantóra sin.

(3) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, fo-alt (2) den alt seo a leasú, agus beidh éifeacht de réir aon rialachán den sórt sin leis an bhfo-alt sin.

Srian le trádáil ócáideach.

3. —(1) Ní ghabhfaidh duine do thrádáil ócáideach mura duine é, nó mura seirbhíseach nó gníomhaire é atá ag gníomhú sa cháil sin do dhuine, a shealbhaíonn cead trádála ócáidí ag a bhfuil feidhm de thuras na huaire agus gur trádáil ócáideach í atá de réir an cheada.

(2) Ní bhaineann an t-alt seo le trádáil ócáideach a mbeidh duine ag gabháil di laistigh de mhí tar éis tosach feidhme an Achta seo in áitreabh nó in áit a bhí ar áitiú go leanúnach ag an duine ar feadh tréimhse ba lú ná trí mhí dar críoch tráth na trádála sin.

(3) (a) Ní bhaineann an t-alt seo le trádáil ócáideach dá ngabhann duine in áitreabh nó in áit a bhí ar áitiú aige ar feadh tréimhse leanúnaí ba lú ná trí mhí dar críoch dáta na trádála sin más rud é—

(i) go bhfuil ar intinn aige an t-áitreabh nó an áit a áitiú go ceann tréimhse leanúnaí trí mhí nó níos mó lena n-áirítear tráth na trádála réamhráite,

(ii) go ndéanfaidh sé, agus go dtabharfaidh sé don Aire, sula dtosóidh sé ar an trádáil sin, dearbhú reachtúil á rá go bhfuil sin ar intinn aige, agus

(iii) go n-áiteoidh sé an t-áitreabh nó an áit go ceann tréimhse leanúnaí trí mhí nó níos mó lena n-áirítear tráth na trádála réamhráite.

(b) Duine a dhéanfaidh dearbhú reachtúil chun críocha an fho-ailt seo gan foras réasúnach a bheith leis an ráiteas ann go bhfuil ar intinn aige an t-áitreabh nó an áit dá dtagraítear sa dearbhú a áitiú go ceann tréimhse leanúnaí trí mhí nó níos mó lena n-áirítear tráth na trádála dá dtagraítear sa dearbhú beidh sé ciontach i gcion; agus mura n-áiteoidh sé an t-áitreabh nó an áit sin ar feadh na tréimhse leanúnaí réamhráite toimhdeofar nó go suífear a mhalairt nach raibh foras réasúnach ag an duine leis an ráiteas réamhráite.

(4) Duine a sháróidh an t-alt seo beidh sé ciontach i gcion.

Ceadanna trádála ócáidí.

4. —(1) Faoi réir na bhforálacha sin ina dhiaidh seo den alt seo, déanfaidh an tAire, ar dhuine do dhéanamh iarratais i scríbhinn chuige sin agus ar é d'íoc táille £50, mar aon le táille bhreise £25 in aghaidh gach lae nó gach coda de lá ar a mbeartaíonn an duine gabháil do thrádáil ócáideach lena mbaineann an t-iarratas cead (dá ngairtear “cead trádála ócáidí” dá éis seo san Acht seo) a dheonú don duine, i cibé foirm agus ag sonrú cibé nithe a chinnfidh an tAire, á údarú don duine gabháil do thrádáil ócáideach in áitreabh nó in áit shonraithe ar laethanta sonraithe.

(2) Déanfar iarratas chun an Aire ar chead trádála ócáidí 30 lá ar a laghad roimh an gcéad lá ar a mbeartaítear gabháil don trádáil ócáideach lena mbaineann an t-iarratas.

(3) (a) Beidh i gcead trádála ócáidí cibé coinníollacha (más ann) a chinnfidh an tAire agus a shonróidh sé sa chead.

(b) Duine a shealbhóidh cead trádála ócáidí comhlíonfaidh sé coinníollacha an cheada.

(c) Duine a sharóidh mír (b) den fho-alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(4) Féadfaidh an tAire diúltú cead trádála ócáidí a dheonú do dhuine a ciontaíodh i gcion faoi alt 3(1) den Acht seo.

(5) Féadfaidh an tAire cead trádála ócáidí a chúlghairm más deimhin leis go bhfuil coinníoll de chuid an cheada sáraithe nó á shárú nó má rinneadh an duine dar deonaíodh é a chiontú i gcion faoi alt 3(1) den Acht seo.

(6) Ní dheonóidh an tAire cead trádála ócáidí do dhuine a ciontaíodh níos mó ná uair amháin i gcion faoi alt 3(1) den Acht seo más tráth is lú ná cúig bliana roimh an gcéad lá ar a mbeartaíonn an duine gabháil don trádáil ócáideach lena mbaineann an t-iarratas ar an gcead a tharla an ciontú is deireanaí agus gur tharla dhá cheann, ar a laghad, de na ciontuithe tar éis deireadh a bheith leis an tréimhse dhícháilíochta (más ann) is deireanaí de bhua an fho-ailt seo chun cead trádála ócáidí a dheonú.

(7) Duine a iarrfaidh ar an Aire cead trádála ócáidí a dheonú dó tabharfaidh sé don Aire cibé faisnéis a iarrfaidh an tAire chun a chumhachtaí agus a fheidhmeanna faoin alt seo a fheidhmiú agus mura gcomhlíonfaidh an duine an fo-alt seo, féadfaidh an tAire diúltú an cead a dheonú dó.

(8) I gcás cead trádála ócáidí a dheonú do dhuine maidir le trádáil ócáideach in áitreabh nó in áit shonraithe ar laethanta sonraithe agus go n-íocfaidh an duine leis an Aire na táillí is iníoctha maidir leis an gcead agus go leanfaidh an duine ag áitiú an áitribh nó na háite ar feadh tréimhse nach lú ná trí mhí agus go n-áirítear sa tréimhse na laethanta a raibh an trádáil lena mbaineann an cead á seoladh, déanfaidh an tAire, ar an áitiú sin a chruthú chun a shástachta, na táillí a thabhairt ar ais a íocadh maidir leis an gcead a dheonú don duine.

(9) I gcás ar lú an méid laethanta nó codanna de laethanta a mbeidh sealbhóir ceada ag gabháil do thrádáil ócáideach lena linn de bhun chead trádála ócáidí ná an méid laethanta nó codanna de laethanta a bheidh sonraithe sa chead, déanfar méid na dtáillí a íocadh nó is iníoctha faoi fho-alt (1) den alt seo a choigeartú dá réir sin trí aisíocaíochtaí iomhcuí ón Aire.

(10) I gcás duine do mhainniú táille a íoc leis an Aire de réir an ailt seo, beidh sé ciontach i gcion.

(11) Déanfar na táillí is iníoctha leis an Aire faoin alt seo a dhiúscairt de réir orduithe ón Aire Airgeadais.

(12) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táillí a mhuirearófar nó a thoibheofar faoin alt seo.

(13) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, méideanna na dtáillí a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a athrú agus beidh éifeacht leis an bhfo-alt sin de réir aon rialacháin den sórt sin agus féadfar táillí éagsúla a shocrú faoin bhfo-alt seo maidir le haicmí éagsúla daoine.

Ceadanna trádála ócáidí a thaispeáint.

5. —(1) Duine a bheidh ag gabháil do thrádáil ócáideach lena mbaineann alt 3 den Acht seo taispeánfaidh sé an cead trádála ócáidí a bhaineann leis an trádáil in ionad, san áit nó i gcóngar na háite ina mbeidh sé ag seoladh na trádála, ina mbeidh sé le feiceáil go soiléir agus soléite ag daoine den phobal.

(2) Duine a sháróidh an t-alt seo beidh sé ciontach i gcion.

Toirmeasc ar fhaisnéis bhréagach agus ar cheadanna a athrú.

6. —(1) Ní thabharfaidh duine faisnéis bhréagach don Aire i ndáil le hiarratas ar chead trádála ócáidí a dheonú.

(2) Ní dhéanfaidh duine, le hintinn mheabhlaireachta, cead trádála ócáidí a athrú ná a úsáid.

(3) Ní bhrionnóidh duine doiciméad a airbheartaíonn gur cead trádála ócáidí é.

(4) Duine a sháróidh fo-alt (1), (2) nó (3) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(5) Is cosaint é do dhuine a bheidh cúisithe i gcion faoin alt seo i ndáil le faisnéis bhréagach a thabhairt don Aire a shuíomh nach raibh a fhios aige agus nach bhféadfadh sé, trí chúram réasúnach a ghlacadh, a fhios a bheith aige, go raibh an fhaisnéis bréagach.

Trádáil ócáideach a fhógairt.

7. —(1) Ní dhéanfar fógrán in ndáil le trádáil ócáideach lena mbaineann alt 3 den Acht seo a fhoilsiú mura mbeidh cead trádála ócáidí i bhfeidhm ag údarú na trádála agus go mbeidh uimhir an cheada agus ainm agus seoladh an duine dar deonaíodh é san fhógrán.

(2) Más rud é, i ndáil le fógrán, go mbeidh sárú déanta ar fho-alt (1) den alt seo, beidh an duine a sheolann an trádáil ócáideach lena mbaineann an fógrán nó a bheartaíonn dul á seoladh agus an duine a d'fhoilsigh an fógrán ciontach i gcion.

(3) San alt seo folaíonn “fógrán” catalóg, ciorclán agus praghasliosta.

Cumhachtaí oifigeach údaraithe.

8. —(1) Féadfaidh an tAire oifigigh don Aire a cheapadh le bheith ina n-oifigigh údaraithe chun críocha an Achta seo.

(2) Féadfaidh oifigeach údaraithe—

(a) dul isteach in aon áit nó áitreabh a bhfuil cúis réasúnach aige lena chreidiúint go bhfuil trádáil ócáideach ar siúl ann agus iad a iniúchadh agus a scrúdú,

(b) comhalta den Gharda Síochána a thabhairt leis má bhíonn cúis réasúnach aige lena cheapadh go gcuirfear aon mhórbhac air agus é ag feidhmiú a dhualgais,

(c) a cheangal ar aon duine a bhfuil cúis réasúnach aige lena chreidiúint go bhfuil sé ag gabháil do thrádáil ócáideach—

(i) cead trádála ócáidí ag údarú na trádála sin a thabhairt ar aird mura mbeidh an cead sin ar taispeáint, agus

(ii) má mhainníonn, má fhaillíonn nó má dhiúltaíonn sé an cead sin a thabhairt ar aird i gcás nach raibh sé ar taispeáint, a ainm agus a sheoladh agus, más seirbhíseach nó gníomhaire é do dhuine eile, ainm agus seoladh an duine eile sin, a thabhairt don oifigeach,

(d) cibé scrúdú agus fiosrú a dhéanamh is gá chun a fháil amach an bhfuil forálacha an Achta seo á gcomhlíonadh,

(e) a cheangal ar aon duine a bhfuil cúis réasúnach aige lena chreidiúint go bhfuil sé ag gabháil do thrádáil ócáideach de shárú ar an Acht seo cibé faisnéis a bheidh ina chumhacht a thabhairt i dtaobh úinéireacht aon earraí atá á ndíol i gcúrsa na trádála sin nó a úsáidtear chun críocha na trádála sin,

(f) a cheangal ar aon duine a bhfuil cúis réasúnach aige lena chreidiúint go bhfuil sé ag gabháil do thrádáil ócáideach de shárú ar an Acht seo doiciméid, leabhair nó taifid a bhaineann leis an trádáil sin atá faoina chumhacht, ina sheilbh nó faoina rialú a thabhairt ar aird dó agus cibé faisnéis a íarrfaidh sé a thabhairt dó i ndáil le hiontrálacha sna doiciméid, sna leabhair nó sna taifid sin, agus aon doiciméad, leabhar nó taifead den sórt sin a scrúdú nó a chóipeáil nó sleachta a thógáil astu.

(3) Ní chuirfidh duine bac nó treampán ar oifigeach údaraithe, ná ní thabharfaidh sé faisnéis bhréagach dó, agus é ag comhlíonadh a fheidhmeanna faoin Acht seo.

(4) (a) Ní mhainneoidh, ní dhiúltóidh ná ní fhailleoidh duine ceanglas ó oifigeach údaraithe faoin alt seo a chomhlíonadh.

(b) Measfar nach mbeidh mainnithe ná diúltaithe ag duine ceanglas a chomhlíonadh a chuir oifigeach údaraithe faoin alt seo á cheangal cead trádála ócáidí a thabhairt ar aird má thugann sé a ainm agus a sheoladh, agus, más seirbhíseach nó gníomhaire é do dhuine eile, má thugann sé ainm agus seoladh an duine eile sin, don oifigeach.

(5) (a) Duine a sháróidh fo-alt (3) nó (4) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(b) Is cosaint é do dhuine a bheidh cúisithe i gcion faoin alt seo i ndáil le faisnéis bhréagach a thabhairt d'oifigeach údaraithe a shuíomh nach raibh a fhios aige agus nach bhféadfadh sé, trí chúram réasúnach a ghlacadh, a fhios a bheith aige, go raibh an fhaisnéis bréagach.

(6) Tabharfar deimhniú a cheaptha d'oifigeach údaraithe agus, le linn dó a bheith ag comhlíonadh aon fheidhme faoin Acht seo, tabharfaidh sé an deimhniú ar aird d'aon duine lena mbaineann, má iarrtar air é.

Pionóis.

9. —(1) Duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 3 (1) den Acht seo dlífear, ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £5,000 agus ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil nach mó ná £250 in aghaidh gach lae nó gach coda de lá a leanfar den chion tar éis an chéad lae sin nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó an fhíneáil nó na fíneálacha agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

(2) Beidh dlínse ag Breitheamh den Chúirt Dúiche cion faoi alt 3 (1) den Acht seo a thriail go hachomair—

(a) más é tuairim an Bhreithimh gur mionchion is intriailte go hachomair na fíorais a cruthaíodh nó a líonmhnaíodh i gcoinne cosantóir a bheidh cúisithe i gcion den sórt sin,

(b) má thoilíonn an Stiúrthóir lonchúiseamh Poiblí leis, agus

(c) mura ndéanfaidh an cosantóir (ar an mBreitheamh á chur in iúl dó go bhfuil de cheart aige go dtrialfadh giúiré é) agóid a dhéanamh i gcoinne é a thriail go hachomair,

agus, ar é a chiontú faoin bhfo-alt seo, dlífear fíneáil nach mó ná £500 a chur ar an gcosantóir sin.

(3) Beidh feidhm ag alt 13 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , i ndáil le cion faoi alt 3 (1) den Acht seo ionann is dá ndéanfaí, in ionad na bpionós a shonraítear i bhfo-alt (3) den alt sin 13, an pionós dá bhforáiltear le fo-alt (2) den alt seo a shonrú ann, agus déanfar an tagairt i bhfo-alt (2) (a) den alt sin 13 do na pionóis dá bhforáiltear san fho-alt sin (3) a fhorléiriú agus beidh éifeacht léi dá réir sin.

(4) Duine a bheidh ciontach i gcion faoin Acht seo (seachas alt 3 (1)) dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

(5) Déanfaidh an cláraitheoir, an cláraitheoir contae nó an Cléireach Cúirte Dúiche lena mbaineann an toradh a bheidh ar imeachtaí in aon chúirt maidir le cion faoin alt seo a chur i bhfios don Aire.

(6) Féadfaidh an tAire cion achomair faoin Acht seo a ionchúiseamh.

Cionta ag comhlachtaí corpraithe.

10. —I gcás cion faoin Acht seo a bheith déanta ag comhlacht corpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh an cion le toiliú nó le cúlcheadú, nó go raibh sé inchurtha i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine ba stiúrthóir, bainisteoir nó rúnaí ar an gcomhlacht áirithe nó ba chomhalta de choiste bainistí nó d'údarás rialaithe eile an chomhlachta nó ba oifigeach eile dó, tráth an chiona a dhéanamh, measfar go ndearna an duine sin freisin an cion agus féadfar imeachtaí a shaothrú ina choinne agus é a phionósú dá réir sin.

Rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

11. —Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Caiteachais.

12. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

13. —(1) Féadfar an tAcht um Thrádáil Ócáideach, 1979 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire faoin alt seo go ginearálta nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus le haghaidh forálacha éagsúla.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Public Offices Fees Act, 1879

1879, c. 58

An tAcht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967

1967, Uimh. 12

Na hAchtanna um Cheantálaithe agus Gníomhairí Tithe, 1947 go 1973.