Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Na hAchtacháin a Aisghairtear)

37 1979


Uimhir 37 de 1979


AN tACHT LOINGIS CHEANNAÍOCHTA (DEIMHNIÚCHÁN MAIRNÉALACH), 1979

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN AN tAIRE TURASÓIREACHTA AGUS IOMPAIR D'EISIÚINT DEIMHNITHE INNIÚLACHTA D'EARNÁLACHA ÁIRITHE MAIRNÉALACH, CHUN NA CRÍCHE SIN D'AISGHAIRM FORÁLACHA ÁIRITHE DE NA hACHTANNA LOINGIS CHEANNAÍOCHTA, 1894 go 1968, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE SIN THUAS. [19 Nollaig, 1979]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an tAire” an tAire Turasóireachta agus Iompair;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an Merchant Shipping Act, 1894.

Feidhm an Achta.

2. —Baineann an tAcht seo le gach long atá cláraithe sa Stát faoi na hAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1968, agus le haon long atá cláraithe in aon áit eile agus a iompraíonn paisinéirí idir áiteanna sa Stát nó ar thurais farraige a thosaíonn agus a chríochnaíonn san áit chéanna sa Stát agus nach dtugann an long cuairt lena linn ar aon áit lasmuigh den Stát.

Deimhnithe inniúlachta ag pearsanra long áirithe.

3. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh á cheangal ar longa lena mbaineann an tAcht seo cibé líon pearsanra agus cibé earnálacha pearsanra a iompar a shonróidh sé sna rialacháin agus ar sealbhóirí iad ar dheimhnithe inniúlachta bailí arna n-eisiúint ag an Aire go cuí faoin Acht seo.

(2) Chun éifeacht a thabhairt d'fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an tAire le rialacháin—

(a) caighdeáin inniúlachta a fhorordú a bheidh le baint amach ag pearsanra longa lena mbaineann an tAcht seo,

(b) socrú a dhéanamh chun scrúduithe a sheoladh (lena n-áirítear táillí a mhuirearú i ndáil leis na scrúduithe sin) agus, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, chun scrúdaitheoirí le haghaidh na scrúduithe sin a cheapadh agus a íoc, agus

(c) socrú a dhéanamh maidir le heisiúint, foirm agus taifeadadh deimhnithe agus doiciméad eile.

(3) Aon duine a dhéanfaidh ráiteas is eol dó a bheith bréagach, nó a dhéanfaidh go meargánta ráiteas atá bréagach in aon phonc ábhartha, chun deimhniú inniúlachta faoin Acht seo a fháil dó féin nó do dhuine eile, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £250 a chur air.

Gan feidhm a bheith ag alt 3.

4. —(1) Aon uair is dóigh leis an Aire go bhfuil ceanglas de chuid alt 3, nó faoi alt 3, den Acht seo comhlíonta go substaintiúil ag aicme áirithe loinge, féadfaidh sé le hordú a dhearbhú nach mbainfidh an ceanglas leis an aicme loinge sin, go ginearálta nó i cibé imthosca nó ar feadh cibé tréimhse a shonrófar san ordú agus, ar ordú den sórt sin a dhéanamh nó a theacht i bhfeidhm, beidh feidhm dlí ag an dearbhú sin.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm.

Long a chur chun farraige gan an pearsanra is gá a bheith ar iompar aici.

5. —(1) I gcás—

(a) go gcuirfidh duine long lena mbaineann an tAcht seo chun farraige,

(b) nach mbeidh ordú i bhfeidhm an tráth sin faoi alt 4 den Acht seo i ndáil leis an aicme loinge lena mbaineann an long, agus

(c) nach mbeidh an líon iomchuí agus na hearnálacha iomchuí pearsanra a cheanglaítear faoi alt 3 den Acht seo ar iompar ag an long,

beidh an duine ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £5,000 a chur air.

(2) Beidh dlínse ag Breitheamh den Chúirt Dúiche cion faoin alt seo a thriail go hachomair—

(a) más é tuairim an Bhreithimh gur mionchion is intriailte go hachomair na fíorais a cruthaíodh nó a líomhnaíodh i gcoinne cosantóir a bheidh cúisithe i gcion den sórt sin,

(b) má thoilíonn an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, agus

(c) mura ndéanfaidh an cosantóir (ar an mBreitheamh á chur in iúl dó go bhfuil de cheart aige go dtrialfadh giúiré é) agóid i gcoinne é a thriail go hachomair,

agus, ar é a chiontú faoin bhfo-alt seo, dlífear fíneáil nach mó ná £500 a chur ar an gcosantóir.

(3) Beidh feidhm ag alt 13 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , i ndáil le cion faoin alt seo ionann is dá ndéanfaí, in ionad na bpionós a shonraítear i bhfo-alt (3) den alt sin 13, an pionós dá bhforáiltear le fo-alt (2) den alt seo a shonrú ann, agus déanfar an tagairt i bhfo-alt (2) (a) den alt sin 13 do na pionóis dá bhforáiltear san fho-alt sin (3) a fhorléiriú agus beidh éifeacht léi dá réir sin.

Dul chun farraige gan deimhniú inniúlachta.

6. —I gcás—

(a) duine a gceanglaítear air leis an Acht seo nó faoin Acht seo deimhniú inniúlachta bailí a shealbhú faoin Acht seo do dhul chun farraige ar long lena mbaineann an tAcht seo,

(b) nach mbeidh ordú faoi alt 4 den Acht seo i bhfeidhm an tráth sin i ndáil leis an aicme loinge lena mbaineann an long, agus

(c) nach sealbhóir an duine sin ar dheimhniú inniúlachta bailí faoin Acht seo,

beidh an duine ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomhair fíneáil nach mó ná £250 a chur air.

Deimhniú inniúlachta a thabhairt ar aird.

7. —(1) Aon duine a bheidh ag fónamh i long, nó a bheidh fruilithe le fónamh i long, lena mbaineann an tAcht seo, déanfaidh sé, nuair a iarrfaidh máistir na loinge nó oifigeach údaraithe don Aire air é, an deimhniú inniúlachta iomhchuí faoin Acht seo a shealbhaíonn an duine sin a thabhairt ar aird.

(2) Duine a mhainneoidh nó a dhiúltóidh fo-alt (1) den alt seo a chomhlíonadh beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £250 a chur air.

Deimhnithe inniúlachta speisialta.

8. —(1) Féadfaidh an tAire—

(a) doiciméid a eisiúint agus a thaifeadadh á dheimhniú go bhfuil aon chaighdeán inniúlachta áirithe bainte amach i ndáil le longa nó a n-oibriú, seachas caighdeán inniúlachta a fhorordaítear faoi alt 3 den Acht seo,

(b) i ndáil le caighdeán a dheimhnítear faoin alt seo, rialacháin a dhéanamh ar comhréir leis na rialacháin dá bhforáiltear in alt 3 (2) (b) den Acht seo.

(2) Aon duine a dhéanfaidh ráiteas is eol dó a bheith bréagach, nó a dhéanfaidh go meargánta ráiteas atá bréagach in aon phonc ábhartha, chun doiciméid faoin alt seo a fháil dó féin nó do dhuine eile, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £250 a chur air.

Fiosrúchán i dtaobh infheidhmeacht nó iompar shealbhóir ar dheimhniú faoin Acht seo.

9. —(1) Más dealraitheach don Aire maidir le sealbhóir ar dheimhniú faoin Acht seo—

(a) nach bhfuil sé in ann, mar gheall ar neamhinniúlacht nó ar aon chúis eile, a dhualgais a chomhlíonadh,

(b) go ndearna sé faillí thromaí ag comhlíonadh a dhualgas dó, nó

(c) nár chomhlíon sé alt 422 den Phríomh-Acht,

féadfaidh an tAire a chur faoi deara go ndéanfaidh duine nó daoine a cheapfaidh sé chuige sin fiosrúchán agus féadfaidh sé, fad a bheidh toradh an fhiosrúcháin ar feitheamh, aon deimhniú faoin Acht seo a eisíodh don duine ar i ndáil leis atá an fiosrúchán le déanamh a chur ar fionraí agus a cheangal ar an sealbhóir an deimhniú a thabhairt suas don Aire.

(2) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun déanamh fiosrúcháin faoin alt seo a rialú agus féadfaidh sé socrú a dhéanamh leis na rialacháin sin chun measúnóir nó measúnóirí a cheapadh le cabhrú le duine nó le daoine a bheidh ag déanamh fiosrúcháin den sórt sin.

(3) (a) A luaithe is féidir tar éis don duine nó do na daoine a rinne fiosrúchán faoin alt seo an fiosrúchán a chríochnú—

(i) tabharfaidh sé nó siad tuarascáil ar an bhfiosrúchán don Aire,

(ii) féadfaidh sé nó siad aon deimhniú faoin Acht seo a shealbhaíonn an duine ar i ndáil leis a rinneadh an fiosrúchán a chur ar ceal nó ar fionraí,

(iii) féadfaidh sé nó siad cibé ordú a dhéanamh maidir le costais an fhiosrúcháin a mheasfaidh sé nó siad is cóir.

(b) Féadfaidh an tAire aon chostais a ordaíodh do dhuine a íoc faoin alt seo a ghnóthú uaidh mar fhiach conartha shimplí i gcúirt dlínse inniúla.

(4) Féadfaidh duine a bhfuil fiosrúchán faoin alt seo le déanamh nó déanta i ndáil leis achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte in aghaidh fionraí no cealú faoin alt seo agus féadfaidh an Ard-Chúirt, tar éis cibé fianaise a thabharfar ar aird agus cibé aighneachtaí a dhéanfaidh an duine agus an tAire nó a dhéanfar thar a gceann a éisteacht, an fhionraí nó an cealú a chúlghairm.

Forléiriú iarmhartach ar fhorálacha áirithe den Phríomh-Acht.

10. —Déanfar na tagairtí in ailt 466, 469, 470 agus 475 den Phríomh-Acht do dheimhnithe a chur ar fionraí nó ar ceal a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do fhionraí nó do chealú faoi alt 9 den Acht seo.

Deimhniú a thabhairt suas.

11. —(1) Déanfaidh an sealbhóir aon deimhniú faoin Acht seo a cuireadh ar fionraí nó ar ceal faoi alt 9 den Acht seo a sheachadadh don Aire a luaithe is féidir tar éis é a chur ar fionraí nó ar ceal.

(2) Duine a mhainneoidh nó a dhiúltóidh fo-alt (1) den alt seo a chomhlíonadh beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £100 a chur air.

Deimhniú a thabhairt ar ais.

12. —Féadfaidh an tAire, más dóigh leis gur chóir sin in imthosca an cháis, deimhniú a cuireadh ar fionraí nó ar ceal faoin Acht seo a atheisiúint agus a thabhairt ar ais nó an tréimhse fionraíochta a laghdú.

Aisghairm.

13. —Déantar leis seo gach achtachán a shonraítear i gcolún (2) den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin.

Caiteachais.

14. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal, forléiriú, comhlua agus tosach feidhme.

15. —(1) Féadfar an tAcht Loingis Cheannaíochta (Deimhniúchán Mairnéalach), 1979 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1968, mar aon ní amháin, agus, gan dochar do ghinearáltacht na forála seo, déanfar tagairtí sna hAchtanna sin do na hAchtanna Loingis Cheannaíochta a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí don Acht seo.

(3) Féadfar na hAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1979, a ghairm de na hAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1968, agus den Acht seo le chéile.

(4) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar le hordú nó le horduithe ón Aire, go ginearálta nó faoi threoir aon chríche nó forálacha áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus le haghaidh forálacha éagsúla den Acht seo.