|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM THIARNAÍ TALÚN AGUS TIONÓNTAÍ (LEASÚ), 1980) | Ar Aghaidh (CUID II Ceart chun Tionóntachta nua.) |
AN tACHT UM THIARNAÍ TALÚN AGUS TIONÓNTAÍ (LEASÚ), 1980
[EN] | ||
[EN] |
CUID I Réamhráiteach | |
[EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua. |
1. —(1) Féadfar an tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Leasú), 1980 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Déanfar an tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna), 1967 , an tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Leasú), 1971 , an tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna), 1978 , an tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Uimh. 2), 1978 , agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí, 1967 go 1980, a ghairm díobh le chéile. | |
[EN] |
Tosach feidhme. |
2. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú. |
[EN] |
Léiriú. [1931, a.2; 1958, a.2] |
3. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt— |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1931” an tAcht um Thiarnaí Tighe agus Tionóntaithe, 1931 ; | |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1958” an tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Léasanna Frithdhílse), 1958 ; | |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1967” an tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna), 1967 ; | |
[EN] | ciallaíonn “gnó” aon cheird, gairm nó gnó, cibé acu le haghaidh luaíocht nó luach saothair nó nach ea atáthar ag gabháil dó, aon ghníomhaíocht chun seirbhísí cultúir, carthanachta, oideachais, sóisialta nó spóirt a sholáthar, agus freisin an tseirbhís phoiblí agus údarás arb éard é comhairle contae, bardas contaebhuirge nó buirge eile, comhairle cheantair uirbigh, coimisinéirí baile, bord sláinte faoin Acht Sláinte, 1970 , nó údarás cuain faoin Acht Cuanta, 1946 , do chomhlíonadh aon fheidhmeanna dá gcuid; | |
[EN] | ciallaíonn “teaghais rialaithe” teaghais rialaithe faoin Acht Srianta Cíosa, 1960 ; | |
[EN] | ciallaíonn “an Chúirt” an Chúirt Chuarda; | |
[EN] | folaíonn “cúnant” coinníoll agus comhaontú agus aon fhorchoimeád, aon chuntar nó aon fhoráil eile den sórt sin i léas nó i dtionóntacht; | |
[EN] | tá le “forbairt” agus “plean forbartha” na bríonna a shanntar leis an Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 ; | |
[EN] | ciallaíonn “neasléasóir” an duine ag a bhfuil teideal de thuras na huaire chun an uasleasa is neasa in áitreabh a theachtann aon duine eile faoi léas nó faoi chonradh tionóntachta eile nó ar shlí eile; | |
[EN] | tá le “deimhniú feabhsúcháin” an bhrí a shanntar le halt 55 (1); | |
[EN] | tá le “toiliú feabhsúcháin” an bhrí a shanntar le halt 48 (2) (a); | |
[EN] | tá le “fógra feabhsúcháin” an bhrí a shanntar le halt 48 (1); | |
[EN] | tá le “agóid i gcoinne feabhsúcháin” an bhrí a shanntar le halt 48 (2) (c); | |
[EN] | tá le “ordú feabhsúcháin” an bhrí a shanntar le halt 52 (3); | |
[EN] | tá le “geallúint feabhsúcháin” an bhrí a shanntar le halt 48 (2) (b); | |
[EN] | ciallaíonn “tiarna talún” an té atá i dteideal de thuras na huaire an cíos a íocann tionónta áitribh ar an áitreabh sin a fháil (seachas mar ghníomhaire do dhuine eile) agus, mar a gceadaíonn an comhthéacs é, folaíonn sé duine a scoir de bheith i dteideal amhlaidh toisc a thionóntacht a bheith foirceanta; | |
[EN] | ciallaíonn “léas” ionstraim i scríbhinn, cibé acu faoi shéala di nó nach ea, ina bhfuil conradh tionóntachta maidir le haon talamh i gcomaoin cíosa nó sochair agus folaíonn sé deontas feofheirme; | |
[EN] | folaíonn “léasaí” tionónta agus ionadaithe pearsanta agus comharbaí i dteideal léasaí; | |
[EN] | folaíonn “léasóir” tiarna talún agus ionadaithe pearsanta agus comharbaí i dteideal léasóra; | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt; | |
[EN] | tá le “údarás pleanála” an bhrí a shanntar leis an Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 ; | |
[EN] | ciallaíonn “cead pleanála” cead chun talamh a fhorbairt más gá cead a fháil agus má thugtar é faoi Chuid IV den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 , agus, i gcás rialacháin faoi alt 25 den Acht sin do dhéanamh forála i dtaobh iarratas sracléaráide, folaíonn sé cead a thugtar ar iarratas den sórt sin; | |
[EN] | ciallaíonn “réamhtheachtaithe i dteideal”— | |
[EN] | (a) nuair a úsáidtear é maidir le tionónta, na tionóntaí go léir a bhí roimhe sin faoin tionóntacht chéanna leis an tionónta nó faoi aon tionóntacht ar comhleanúntas nó athnuachan, nó a meastar gur comhleanúntas nó athnuachan, uirthi an tionóntacht sin, agus | |
[EN] | (b) nuair a úsáidtear é maidir le tiarna talún, na tiarnaí talún go léir roimh an tiarna talún sin; | |
[EN] | ciallaíonn “forordaithe” forordaithe ag an Aire le rialacháin faoin Acht seo; | |
[EN] | maidir leis “na hAchtanna Srianta Cíosa”, nuair a úsáidtear an teideal sin gan tagairt do bhlianta áirithe, folaíonn sé, mar a gceadaíonn an comhthéacs é, tagairt don Acht um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1923 , don Acht Srianta Cíosa, 1946 , agus do na hAchtanna Srianta Cíosa, 1960 agus 1967; | |
[EN] | tá le “léas frithdhílse” an bhrí a shanntar le halt 30; | |
[EN] | ciallaíonn “údarás Stáit” aon údarás arb éard é Aire Rialtais, Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn nó Coimisiún Talún na hÉireann; | |
[EN] | ciallaíonn “tionóntacht reachtúil” tionóntacht reachtúil faoin Acht Srianta Cíosa, 1946 , nó faoin Acht Srianta Cíosa, 1960 ; | |
[EN] | ciallaíonn “tionónta” an té atá i dteideal de thuras na huaire áitreabh a áitiú agus, mar a gceadaíonn an comhthéacs é, folaíonn sé duine a scoir de bheith i dteideal an áitithe sin toisc a thionóntacht a bheith foirceanta; | |
[EN] | tá le “tionóntán” an bhrí a shanntar le halt 5; | |
[EN] | tá le “fógra oibre” an bhrí a shanntar le halt 49 (1); | |
[EN] | tá le “geallúint oibre” an bhrí a shanntar le halt 49 (2). | |
[EN] | (2) Aon tagairt san Acht seo do Chuid nó d'alt is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo mura léirítear gur tagairt d'achtachán éigin eile atá i gceist. | |
[EN] | (3) Aon tagairt san Acht seo d'fho-alt, do mhír nó do roinn ar bith eile is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don roinn eile den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura léirítear gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá i gceist. | |
[EN] | (4) Déanfar tagairt san Acht seo d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán dá éis. | |
[EN] |
Srian le feidhm maidir leis an Stát. [Nua] |
4. —(1) San alt seo ciallaíonn “an dáta iomchuí” an dáta a bhfaighidh údarás Stáit leas léasóra nó neasléasóra in aon áitreabh. |
[EN] | (2) Faoi réir na bhfo-alt seo a leanas, ní chuirfidh an tAcht seo ceangal ar údarás Stáit ina cháil mar léasóir nó mar neasléasóir ar aon áitreabh. | |
[EN] | (3) I gcás ina bhfaighidh údarás Stáit leas léasóra nó neasléasóra in aon áitreabh tar éis thosach feidhme an Achta seo beidh feidhm ag alt 13 amhail is dá mba thagairtí don dáta iomchuí na habairtí “tráth ar bith” agus “an tráth sin” i bhfo-alt (1) den alt sin agus beidh feidhm dá réir ag Cuid II. | |
[EN] | (4) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, i gcás lena mbaineann fo-alt (3), beidh an tionónta i dteideal tionóntacht nua sa tionóntán a thosóidh ar fhoirceannadh na tionóntachta faoina mbeidh sé ar teachtadh an dáta iomchuí ach ní bheidh sé i dteideal aon athnuachan thairis sin ar a thionóntacht. | |
[EN] | (5) I gcás lena mbaineann fo-alt (3) ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) ar shlí a dhícháileoidh aon duine chun cúiteamh a íoc leis as feabhsúcháin i leith cibé feabhsúcháin a bheidh déanta roimh an dáta iomchuí. | |
[EN] |
“Tionóntán”. [Nua i bpt. of. 1931, a.2; 1960, a.54; 1967, Uimh. 10 , a. 13(3)(i)] |
5. —(1) San Acht seo ciallaíonn tionóntán— |
[EN] | (a) áitreabh a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas: | |
[EN] | (i) gur talamh é atá go hiomlán nó go páirteach faoi fhoirgnimh nó gur cuid shonraithe d'fhoirgneamh é; | |
[EN] | (ii) más talamh é nach bhfuil ach cuid de faoi fhoirgnimh, go bhfuil an chuid den talamh nach bhfuil faoi na foirgnimh amhlaidh ag foghabháil agus ag comhghabháil leo; | |
[EN] | (iii) gur faoi léas nó faoi chonradh eile tionóntachta, atá sainráite nó intuigthe nó arna bhunú de bhua reachta, atá sé ar teachtadh ag a áititheoir; | |
[EN] | (iv) nach éard é an conradh tionóntachta ligean a rinneadh agus a deir é bheith déanta mar shaoráid shealadach don léasóir nó don léasaí agus (más tar éis Acht 1931 a rith a rinneadh é) a insíonn cad é an cineál saoráide sealadaí é; agus | |
[EN] | (v) nach éard é an conradh tionóntachta ligean a rinneadh in aghaidh na tréimhse a leanfadh an duine a ghlac an ligean in aon oifig, fostaíocht nó ceapachán nó ligean a bhraitheann ar an duine sin do leanúint amhlaidh; | |
[EN] | nó | |
[EN] | (b) áitreabh lena mbaineann alt 14 nó 15. | |
[EN] | (2) Chun críocha fho-alt (1) (a) (iii), i gcás ina ndéanfaidh údarás Stáit áitreabh a theachtadh faoi léas nó faoi chonradh eile tionóntachta, atá sainráite nó intuigthe nó arna bhunú dé bhua reachta, measfar an t-údarás a bheith ag áitiú an áitribh sin go heisiatach d'ainneoin é bheith á áitiú chun críocha údaráis eile Stáit. | |
[EN] | (3) I gcás— | |
[EN] | (a) duine do theachtadh áitribh faoi léas nó faoi chonradh eile tionóntachta atá sainráite nó intuigthe nó arna bhunú de bhua reachta, agus | |
[EN] | (b) an duine sin a bheith i dteideal an t-áitreabh a áitiú, agus | |
[EN] | (c) (i) an t-áitreabh a bheith á úsáid le cead an duine sin ag cuideachta phríobháideach chun gnó a sheoladh a bhí á sheoladh ag an duine sin féin san áitreabh go dtí an t-am ar thosaigh an chuideachta phríobháideach á sheoladh, nó | |
[EN] | (ii) an t-áitreabh a bheith á úsáid, agus an duine sin ina chuideachta is cuideachta shealbhaíochta do chuideachta eile, ag an gcuideachta eile sin chun gnó a sheoladh, nó | |
[EN] | (iii) an t-áitreabh a bheith á úsáid, agus an duine sin ina chuideachta is fochuideachta do chuideachta eile, ag an gcuideachta eile sin chun gnó a sheoladh, nó | |
[EN] | (iv) an t-áitreabh a bheith á úsáid, agus an duine sin ina chuideachta is fochuideachta do chuideachta eile, ag fochuideachta eile den chuideachta eile sin chun gnó a sheoladh, | |
[EN] | measfar, chun críocha fho-alt (1) (a) (iii), gurb í an chuideachta phríobháideach nó an chuideachta eile nó an fhochuideachta eile (de réir mar a bheidh) tionónta an áitribh agus gurb í a áitíonn an t-áitreabh sin go heisiatach. | |
[EN] | (4) I bhfo-alt (3) tá le “cuideachta”, “cuideachta phríobháideach”, “cuideachta shealbhaíochta” agus “fochuideachta” na bríonna céanna faoi seach atá leo in Acht na gCuideachtaí, 1963 . | |
[EN] |
Áitreabh arna sholáthar ag údaráis áitiúla. [Nua i bpt. cf. 1931, a.3; féach 1966, Uimh. 21 , a. 118 (1)] |
6. —I gcás inar sholáthair nó ina soláthróidh nó ina meastar gur sholáthair nó go soláthróidh údarás tithíochta áitreabh faoi Acht na dTithe, 1966 , beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas mura mbeidh an t-áitreabh ligthe chun gnó a sheoladh san áitreabh go huile nó i gcuid de— |
[EN] | (a) má bhíonn an t-áitreabh á theachtadh ag an údarás tithíochta i bhfeo simplí, ní bheidh feidhm ag an Acht seo maidir leis an áitreabh; | |
[EN] | (b) má bhíonn an t-áitreabh á theachtadh ag an údarás tithíochta faoi léas nó faoi chonradh eile tionóntachta atá sainráite nó intuigthe nó arna bhunú de bhua reachta, measfar, chun críocha an Achta seo, gurb é an t-údarás tithíochta tionónta an áitribh agus gurb é a áitíonn an t-áitreabh sin go heisiatach. | |
[EN] |
Tionóntachtaí reachtúla faoin Acht Srianta Cíosa, 1960 . [1931, a.6] |
7. —I gcás ina gcoimeádfaidh duine seilbh ar thionóntán de bhua an Achta Srianta Cíosa, 1960 , measfar, chun críocha an Achta seo, maidir leis an tionóntacht atá arna bunú de bhua an Achta sin as an gcoimeád sin (cibé acu a thosaigh an coimeád roimh an Acht seo a rith nó dá éis) gur buanú í ar an tionóntacht arbh ar a foirceannadh a thosaigh an coimeád. |
[EN] |
Dlínse na Cúirte Cuarda. [1931, a.5 (2)] |
8. —Beidh an dlínse a thugtar leis an Acht seo don Chúirt arna feidhmiú ag Breitheamh den Chúirt a bheidh sannta de thuras na huaire don Chuaird ina bhfuil an t-áitreabh nó aon chuid den áitreabh ar ina leith a bheidh an dlínse á feidhmiú. |
[EN] |
Rialacháin. [1931, a.7] |
9. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le haon ní dá dtagraítear san Acht seo mar ní atá forordaithe. |
[EN] | (2) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir é tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán. | |
[EN] |
Caiteachas. [cf 1931, a.8] |
10. —Déanfar an caiteachas faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |
[EN] |
Aisghairm agus forálacha iarmhartacha. |
11. —(1) Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún. |
[EN] | (2) Beidh éifeacht leis an Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Leasú), 1971 , ionann is dá mba thagairtí d'fhorálacha comhréire an Achta seo na tagairtí d'fhorálacha Acht 1958. | |
[EN] | (3) Aon fhógra a thabharfar faoi achtachán a aisghairtear leis an Acht seo déileálfar leis, chun éileamh a dhéanamh faoin Acht seo, mar fhógra faoi fhoráil chomhréire an Achta seo ionann is dá mbeadh an fhoráil sin i bhfeidhm nuair a tugadh an fógra. | |
[EN] | (4) Is fo-ailt iad fo-ailt (2) agus (3) atá gan dochar d'alt 21 den Acht Léiriúcháin, 1937 , lena bhforáiltear, i measc nithe eile, leanúint le himeachtaí atá ar feitheamh agus cearta agus dliteanais atá ann a chaomhnú. | |
[EN] |
Rialacha cúirte. |
12. —Fad a bheidh rialacha cúirte chun críocha an Achta seo gan déanamh beidh feidhm ag na rialacha cúirte chun críocha aon achtacháin a aisghairtear leis an Acht seo chun na gcríocha sin fara cibé oiriúnuithe is gá. |