An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Ceart chun Tionóntachta nua.) Ar Aghaidh (CUID IV Cúiteamh)

10 1980

AN tACHT UM THIARNAÍ TALÚN AGUS TIONÓNTAÍ (LEASÚ), 1980

CUID III

Léasanna Frithdhílse

Léas frithdhílse.

[cf. 1958, aa. 4, 11, 12 i bpt.; 1978 (Uimh. 1), a.2(2)]

30. —(1) San Acht seo ciallaíonn “léas frithdhílse” léas faoin gCuid seo.

(2) (a) Aon duine a bhfuil nó a raibh talamh ar teachtadh aige faoi léas beidh teideal aige chun léasa fhrithdhílse ar an talamh faoi réir alt 33 má chomhlíontar na coinníollacha a shonraítear in alt 9 den Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Uimh. 2), 1978 (lena ndéantar foráil i dtaobh léasaithe d'fháil an fheo shimplí).

(b) Beidh feidhm ag alt 9(1)(2) agus ag ailt 10 go 12 agus 14 den Acht sin maidir leis an gceart chun léasa fhrithdhílse.

(c) Folóidh an tagairt d'iarratas i gcoinníoll 2 d'alt 10 den Acht sin iarratas faoi alt 31 agus folóidh an tagairt do léas frithdhílse i gcoinníoll 6 den alt sin 10 léas frithdhílse de réir bhrí an ailt seo.

(3) Ní bheidh feidhm ag alt 2(1) den Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna), 1978 (a chuireann srian leis an gceart léasanna a bhunú ar theaghaisí) nuair is léas frithdhílse an léas.

Iarratas chun léas frithdhílse a fháil.

[Nua i bpt. cf. 1958, aa. 11 i bpt., 12 i bpt., 13 i bpt., 14; 1967, a.25]

31. —(1) Aon duine a mbeidh teideal aige chun léasa fhrithdhílse féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chun a neasléasóra le léas frithdhílse ar an talamh a theachtann sé a fháil ón léasóir sin—

(a) ar dháta nach luaithe ná cúig bliana déag roimh an dáta a rachaidh a léas láithreach in éag, agus

(b) ar dháta nach déanaí ná an dáta a rachaidh an léas in éag nó nach déanaí ná trí mhí ón dáta a sheirbheálfaidh a neasléasóir nó aon uasléasóir fógra air i dtaobh an léas do dhul in éag, cibé dáta díobh is déanaí.

(2) Ní bheidh an fógra bailí ach amháin i gcás ina seirbheálfar é ar dháta nach luaithe ná trí mhí roimh an léas do dhul in éag.

(3) I gcás ina n-iarrfar léas frithdhílse roimh éag don léas faoina dteachtann an t-iarratasóir, tosóidh an léas, má dheonaítear é, ar éag don léas a bhí ann roimhe sin nó ar cibé dáta eile ar a gcomhaontófar idir na páirtithe.

(4) In aon chás eile, tosóidh an léas frithdhílse ar cibé dáta ar a gcomhaontófar idir na páirtithe nó, cheal comhaontú, ar an dáta a n-iarrfar an léas.

Daoine ar a bhfuil ceangal léasanna frithdhílse a dheonú.

[1958, a.24(1)(2)]

32. —(1) I gcás teideal a bheith ag duine chun léasa fhrithdhílse beidh de cheangal ar a neasléasóir an léas a dheonú dó.

(2) Má theachtann an neasléasóir an talamh in aghaidh téarma is giorra ná an téarma dá mbeidh an léas frithdhílse le deonú beidh de cheangal ar a neasléasóir agus ar cibé uasléasóirí riachtanacha (más ann) uamadh i ndeonú an léasa.

Srianta leis an gceart chun léasa fhrithdhílse.

[Nua i bpt. cf. 1958, aa. 15, 16 i bpt.; 1963, a. 79 (3)]

33. —(1) Ní bheidh teideal ag duine chun léasa fhrithdhílse ar an talamh nó ar aon chuid den talamh má dheimhníonn páirtí riachtanach i ndeonú an léasa don Chúirt—

(a) gur eastát ruílse nó leas in aghaidh téarma nach giorra ná cúig bliana déag a leas i bhfrithdhílse sa talamh, agus

(b)   (i) go mbeartaíonn sé nó gur chomhaontaigh sé na foirgnimh go léir nó mórchuid de na foirgnimh ar an talamh a leagan agus iad a atógáil nó a athfhoirgniú agus go bhfuil cead pleanála aige le haghaidh na hoibre, nó

(ii) go bhfuil seilbh ghlan ag teastáil uaidh ar an talamh chun scéim forbartha maoine, ar cuid di an talamh, a chur i gcrích agus go bhfuil cead pleanála aige le haghaidh na scéime, nó

(iii) ar chúis ar bith nach mbeadh deonú léasa fhrithdhílse ag cur le dea-bhainistí eastáit.

(2) Ní bheidh teideal ag duine chun léasa fhrithdhílse má dheimhníonn údarás pleanála, ar páirtí riachtanach i ndeonú an léasa é, don Chúirt, i gcás inar léas ar iomlán na talún an léas frithdhílse, gurb é áit a bhfuil an talamh nó aon chuid den talamh i limistéar a dtaispeánann an plean forbartha ina leith cuspóirí chun é a fhorbairt nó a athnuachan mar limistéar a dtarlaíonn dó a bheith ina limistéar neamhfhóinteach nó, i gcás inarbh léas ar chuid den talamh an léas frithdhílse, gurb é áit a bhfuil an chuid sin nó aon chuid den chuid sin i limistéar den sórt sin.

(3) Ní bheidh teideal ag duine chun léasa fhrithdhílse ar thalamh a úsáidtear go hiomlán nó go páirteach chun gnó a sheoladh más rud é, maidir le húdarás áitiúil chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil, 1941 , agus an t-údarás sin ina pháirtí riachtanach i ndeonú an léasa, go mbeidh seilbh ag teastáil ón údarás sin faoi cheann tréimhse cúig bliana ón léas láithreach foirceannadh chun aon chríche dá bhfuil an t-údarás áitiúil i dteideal maoin a fháil go héigeantach.

(4) Aon duine ar dearbhaíodh faoi fho-alt (1), (2) nó (3) nach raibh teideal aige chun léasa fhrithdhílse beidh teideal aige fanúint i seilbh na talún, ar cibé téarmaí is cuí leis an gCúirt, go dtí go mbeidh an duine ar éirigh lena agóid i gcoinne deonú an léasa nó a chomharba i dteideal tar éis teacht chun teideal a bheith aige an talamh a shealbhú.

(5) Más rud é gur diúltaíodh léas faoi fho-alt (1), (2) nó (3) agus gur dóigh leis an gCúirt, ar iarratas ón duine a diúltaíodh, nach bhfuil beart déanta, laistigh de thráth réasúnta, de réir na hintinne, an chomhaontaithe nó na críche, cibé acu é, ar ar diúltaíodh don iarratas féadfaidh an Chúirt a ordú don duine i gceist cibé suim is cuí léi a íoc mar dhamáistí pionósacha.

(6) Más rud é gur diúltaíodh léas faoi fho-alt (1), (2) nó (3) íocfar cúiteamh in ionad an léasa de réir alt 59.

Téarmaí léasa fhrithdhílse arna socrú ag an gCúirt.

[1958, a. 18 i bpt]

34. —(1) I gcás téarmaí léasa fhrithdhílse a bheith socraithe ag an gCúirt beidh éifeacht leis na forálacha ina dhiaidh seo den alt seo.

(2) Léas in aghaidh téarma a rachaidh in éag naoi mbliana is nócha tar éis éag don léas dar léas frithdhílse é a bheidh sa léas.

(3) Faoi réir fho-alt (5) ní bheidh an cíos a bheidh ar forchoimeád leis an léas frithdhílse níos lú ná an cíos a bheidh ar forchoimeád leis an léas a bhí ann roimhe sin ná níos lú ná an cíos a bheidh ar forchoimeád le haon uasléas faoina bhfuil ceangal ar an léasóir uamadh i ndeonú an léasa fhrithdhílse.

(4) Mura mbeidh sa talamh a bheidh le háireamh i léas frithdhílse ach cuid den talamh a áirítear sa léas a bhí ann roimhe sin nó den talamh a áirítear in aon uasléas faoina bhfuil ceangal ar an léasóir uamadh i ndeonú an léasa fhrithdhílse, measfar, chun críche fho-alt (3), gurb é cíos a bheidh ar forchoimeád leis an léas sin i leith na talún a bheidh le háireamh sa léas frithdhílse cibé cionúireacht den chíos a bheidh ar forchoimeád le haon léas den sórt sin is inchurtha go cóir i leith na talún a bheidh le háireamh sa léas frithdhílse.

(5) Má bhíonn aon chúnant nua a shrianann cearta an léasaí ar áireamh sa léas frithdhílse, féadfaidh an Chúirt, más cuí léi é, cíos níos ísle a shocrú.

(6) Má shocraíonn an Chúirt cúnaint an léasa, cuirfear de dhliteanas ar an léasaí na rátaí agus na cánacha uile i leith na talún a íoc agus árachú in aghaidh tine agus an t-áitreabh a choinneáil i ndeadheis.

An cíos a chinneadh.

[Nua i bpt. cf. 1958, a. 18 i bpt.]

35. —(1) Faoi réir alt 34(3) agus an ailt seo, is é cíos a bheidh le forchoimeád le léas frithdhílse, arb í an Chúirt a shocróidh a théarmaí, an t-ochtú cuid den chíos comhlán. Chun na críche sin déanfar an cíos comhlán a laghdú, más iomchuí, méid an lamháltais speisialta dá bhforáiltear le fo-alt (2).

(2) Is é a bheidh sa lamháltas speisialta, chun críche fho-alt (1), cibé cionúireacht den chíos comhlán is dóigh leis an gCúirt is inchurtha i leith oibreacha foirgnithe, athfhoirgnithe nó athraithe, a rinne an léasaí nó aon duine dá chomharbaí i dteideal, agus a chuireann le luach ligin na talún, seachas oibreacha a rinneadh go hiomlán nó go páirteach i gcomaoin léas a dheonú nó deisiúcháin agus cothabháil le linn ré reatha an léasa.

(3) (a) Féadfaidh an tAire le hordú fo-alt (1) a leasú trí chodán eile a chur in ionad an chodáin a bheidh arna shonrú san fho-alt sin de thuras na huaire.

(b) Ní thiocfaidh ordú faoin bhfo-alt seo i bhfeidhm mura gceadófar é le rún ó gach Teach den Oireachtas ach, ar é a cheadú amhlaidh, tiocfaidh sé i bhfeidhm láithreach.

Cíos comhlán.

[Nua i bpt. cf. 1958, a. 18 i bpt.]

36. —(1) Is é a bheidh sa chíos comhlán an cíos is dóigh leis an gCúirt a thabharfadh léasaí toilteanach nach bhfuil ag áitiú cheana féin agus a ghlacfadh léasóir toilteanach ar an talamh a áirítear sa léas frithdhílse—

(a) ar an bhforas go dtabharfaí seilbh ghlan agus go n-íocfadh an léasaí rátaí agus cánacha i leith na talún agus go ndlífí de árachú in aghaidh tine agus an t-áitreabh a choinneáil i ndea-dheis, agus

(b) ag féachaint do théarmaí eile an léasa fhrithdhílse agus do luachanna ligin talún dá shamhail i ngar don talamh a áirítear sa léas nó i limistéar inchomórtais leis ach gan féachaint d'aon cháilmheas a ghabhann leis an talamh.

(2) Má cheanglaíonn an Chúirt nó má bhíonn na páirtithe tar éis comhaontú go ndéanfadh an té a iarrfaidh léas frithdhílse suim shonraithe airgid a chaitheamh ar dheisiúcháin ar an áitreabh nó go ndéanfadh sé deisiúcháin shonraithe mar choinníoll nach mór a chomhlíonadh sula bhforghníomhófar an léas, déanfar an cíos comhlán a mheasúnú—

(a) má bhíonn sé de dhualgas ar an léasaí faoin léas a bhí ann roimhe sin an t-áitreabh a choinneáil nó a thabhairt suas i ndea-dheis, ag féachaint don staid ina mbeidh an t-áitreabh tar éis na deisiúcháin a bheith déanta, nó

(b) mura mbeidh aon dualgas den sórt sin ann, ag féachaint do staid iarbhír an áitribh an dáta a n-iarrfar an léas frithdhílse.

(3) Más teaghaisí rialaithe an t-áitreabh, go hiomlán nó go páirteach (seachas áitreabh arna rialú faoi alt 2 (6) den Acht Srianta Cíosa (Leasú), 1967 ) tabharfaidh an Chúirt aird, nuair a bheidh an cíos comhlán á chinneadh aici, ar na srianta a dhéanann na hAchtanna Srianta Cíosa, 1960 agus 1967, a fhorchur ar na cíosanna a dhlífeadh tionóntaí áitribh den sórt sin a íoc.

Iarratais chun na Cúirte.

[1958, a.25]

37. —I gcás aon díospóid, ceist nó deacracht tarlú i dtaobh cheart aon duine chun léasa fhrithdhílse, i dtaobh é d'fhaillí dul ar aghaidh le hiarratas ar an léas sin, i dtaobh na dtéarmaí ar a mbeidh an léas sin le deonú nó i dtaobh aon ní eile a bhainfidh leis an léas sin a dheonú, féadfaidh aon duine lena mbainfidh sé iarratas a chur chun na Cúirte agus féadfaidh an Chúirt cibé ordú a dhéanamh is gá de réir ceartais agus, go háirithe, féadfaidh sí na téarmaí a shocrú ar a mbeidh an léas sin le deonú.

Caiteachas ar dheisiúcháin.

[1958, a. 18(7) i bpt.]

38. —(1) Féadfaidh an Chúirt a cheangal ar an té a iarrfaidh léas frithdhílse suim shonraithe airgid a chaitheamh, laistigh de cibé tréimhse is cuí leis an gCúirt, ar dheisiúcháin nó chun deisiúcháin shonraithe a dhéanamh ar na foirgnimh a bheidh ar áireamh sa léas agus féadfaidh sí a údarú forghníomhú an léasa a chur siar go dtí go gcomhlíonfar an ceanglas.

(2) Má dhiúltaíonn nó má fhaillíonn an t-iarratasóir ceanglas na Cúirte a chomhlíonadh féadfaidh an Chúirt a dhearbhú go bhfuil sé tar éis a cheart chun léasa fhrithdhílse a fhorghéilleadh agus aon ordú á dheonú sin dó a urscaoileadh.

Léas frithdhílse a bheith ina ghreamacht ar sheanléas.

[1958, a.19]

39. —Aon léas frithdhílse, cibé acu ar théarmaí a socraíodh faoin gCuid seo nó ar théarmaí a réitíodh idir na páirtithe a deonaíodh é, measfar gur greamacht chun gach críche agus buanú ar an léas é faoina raibh an talamh á theachtadh roimhe sin ag an léasaí agus beidh leas an léasaí faoi réir aon chearta nó cothromais a thiocfaidh as an léas sin a bheith ina ghreamacht.

Ceart léasaí chun leanúint i seilbh.

[1958, a.23]

40. —(1) Duine a mbeidh teideal aige chun léas frithdhílse a fháil agus a mbeidh a leas sa talamh imithe in éag leanfaidh sé de theideal a bheith aige an talamh a theachtadh go dtí go ndearbhófar nach bhfuil teideal aige chun léas frithdhílse a fháil nó go dtí go mbeidh léas forghníomhaithe ag an neasléasóir agus ag cibé uasléasóirí riachtanacha (más ann) i dtéarmaí ar a gcomhaontófar idir na páirtithe nó a shocrófar faoin gCuid seo agus, i rith na tréimhse sin, teachtfaidh sé an talamh ar na téarmaí (a mhéid is infheidhme iad) ar a ndearna sé é a theachtadh roimhe sin, faoi réir aon aisíoc nó coigeartú a dhéanfar faoin léas frithdhílse má dheonaítear dó é.

(2) I gcás iarratas a dhéanamh maidir le léas frithdhílse a dheonú agus leas an iarratasóra sa talamh d'éag sula mbeifear tar éis an t-iarratas a éisteacht agus a chinneadh beidh teideal ag an iarratasóir fanúint i seilbh na talún go dtí go mbeifear tar éis an t-iarratas a éisteacht agus a chinneadh go críochnaitheach ar na téarmaí (a mhéid is infheidhme iad) ar a ndearna sé é a theachtadh roimhe sin, faoi réir cibé aisíoc nó coigeartú is cuí leis an gCúirt.

Fianaise i dtaobh comhaontú tógáil a dhéanamh.

[1958, a. 4(4)]

41. —Má éilítear go gcomhlíonann léas an Chuid seo ar an bhforas gur tógadh na buanfhoirgnimh de bhun comhaontú chun an léas a dheonú ar iad a thógáil ach nach mbeidh fianaise shainráite i dtaobh an chomhaontaithe ar fáil, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas:

(a) má chruthaítear gurb é duine a thóg na foirgnimh an duine chun a ndearnadh an léas ina dhiaidh sin, toimhdeofar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go ndearnadh an comhaontú iarbhír agus gur tógadh na foirgnimh dá réir;

(b) in aon chás eile, féadfaidh an Chúirt, más cuí léi é, ar cibé fianaise a bheidh ar fáil agus a thabharfar ar aird a éisteacht, a thoimhdiú go ndearnadh an comhaontú iarbhír agus gur tógadh na foirgnimh dá réir.

Foirgnimh a athsholáthar faoi chúnant.

[1958, a.4(5)]

42. —Aon bhuanfhoirgnimh a thógfaidh léasaí de bhun cúnaint ina léas go ndéanfaí na foirgnimh sa léas a aisiriú i gcás a millte ag tine nó eile, measfar gurb é an duine a thóg na foirgnimh bhunaidh a thóg iad.

Foirgnimh a thógáil de shárú cúnaint.

[1958, a.4(6)]

43. —Féadfaidh an Chúirt a dhearbhú go bhfuil teideal ag duine chun léasa fhrithdhílse d'ainneoin gur tógadh na foirgnimh, go hiomlán nó go páirteach, contrártha do chúnant, más é tuairim na Cúirte go mbeadh sé míréasúnach a mhalairt a ordú.

Feidhm Acht 1967.

44. —Faoi réir an Achta seo beidh éifeacht le forálacha Acht 1967, fara na modhnuithe is gá, amhail is dá mba thagairtí do léas as a dtagann ceart chun léasa fhrithdhílse na tagairtí do léas foirgníochta nó do léas dílseánaigh.