An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Léasanna Frithdhílse) Ar Aghaidh (CUID V Cúnaint i Léasanna Tionóntán)

10 1980

AN tACHT UM THIARNAÍ TALÚN AGUS TIONÓNTAÍ (LEASÚ), 1980

CUID IV

Cúiteamh

Cúiteamh i leith Feabhsúchán

“Feabhsúchán”

[1931, a.2 i bpt.]

45. —Chun críocha ailt 46 go 57 ciallaíonn “feabhsúchán” maidir le tionóntán aon bhreis a cuireadh leis na foirgnimh atá ar áireamh sa tionóntán nó aon athrú a rinneadh orthu agus folaíonn sé aon déanmhas a tógadh ar an tionóntán atá ag comhghabháil nó ag foghabháil leis na foirgnimh sin agus folaíonn sé freisin seoladáin a chur isteach sa tionóntán chun uisce, gás nó leictreachas a sholáthar ach ní fholaíonn sé obair nach bhfuil ann ach deisiú, péinteáil agus maisiú, nó aon cheann acu.

Cúiteamh i leith feabhsúchán.

[1931, aa.10, 36(1)]

[cf. 1931, a. 10(1)]

46. —(1) (a) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, nuair a fhágfaidh tionónta tionóntán mar gheall ar a thionóntacht a bheith foirceanta beidh sé i dteideal go n-íocfadh an tiarna talún cúiteamh leis (dá ngairtear cúiteamh i leith feabhsúchán san Acht seo) de réir an Achta seo i leith gach feabhsúchán a rinne an tionónta nó aon duine dá réamhtheachtaithe i dteideal ar an tionóntán (cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis sin é) a chuireann le luach ligin an tionóntáin agus atá oiriúnach don tionóntán sin ar fhoirceannadh na tionóntachta.

(b) Ní bheidh feidhm ag mír (a) i gcás—

(i) go ndearna an tionónta an tionóntacht a fhoirceannadh trí fhógra géillte nó ar shlí eile, nó

(ii) go ndearnadh an tionóntacht a fhoirceannadh mar gheall ar neamhíoc cíosa, cibé acu a leagadh amach na himeachtaí mar eisiachtain i leith neamhíoc cíosa, mar eisiachtain i leith rósheilbhe nó mar eisiachtain ar an teideal bunaithe ar fhorghéilleadh.

(2) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, i gcás ina dteachtfaidh tiarna talún tionóntán faoi léas nó faoi chonradh eile tionóntachta, beidh sé i dteideal, ar sheilbh ar an tionóntán a thabhairt suas mar gheall ar an léas nó an tionóntacht a dhul in éag, go n-íocfadh a uastiarna talún is neasa cúiteamh leis (a áirítear san abairt cúiteamh i leith feabhsúchán san Acht seo) i leith gach feabhsúchán a rinne duine de thionóntaí an tionóntáin ar an tionóntán (cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis é) agus ar thug an tiarna talún nó aon duine dá réamhtheachtaithe i dteideal comaoin ina leith cibé acu tríd an gcíos a laghdú, trí chúiteamh a íoc faoin Town Tenants (Ireland) Act, 1906, trí chúiteamh a íoc faoi alt 10 d'Acht 1931, trí chúiteamh i leith feabhsúchán a íoc faoin Acht seo, nó in aon slí eile.

(3) Beidh cúiteamh i leith feabhsúchán is iníoctha ag tiarna talún faoi fho-alt (1), faoi réir an Achta seo, iníoctha—

(a) ar mhí amháin a bheith caite ón dáta a socrófar méid an chúitimh trí chomhaontú nó a socróidh an Chúirt é, nó

(b) ar an tionónta seilbh ghlan ar an tionóntán a thabhairt don tiarna talún,

cibé acu is déanaí.

Miosúr an chúitimh i leith feabhsúchán.

[1931, a. 11]

47. —(1) Is é méid a bheidh i gcúiteamh i leith feabhsúchán cibé suim ar a gcomhaontófar idir an tiarna talún agus an tionónta nó, cheal comhaontú, is é méid a bheidh ann (faoi réir fhorálacha an ailt seo) luach caipitlithe na breise sin a bheidh curtha le luach ligin an tionóntáin ar fhoirceannadh na tionóntachta agus a chinnfidh an Chúirt a bheith inchurtha i leith na bhfeabhsúchán.

(2) I gcás cúiteamh i leith feabhsúchán a bheith iníoctha leis an tionónta ag an tiarna talún agus gur deimhin leis an gCúirt go bhfuair an tionónta agus (i gcás lena mbaineann) a réamhtheachtaithe i dteideal nó aon duine acu sochair ón tiarna talún trí laghdú cíosa nó ar shlí eile mar chomaoin, sainráite nó intuigthe, as na feabhsúcháin a dhéanamh nó a bheith déanta, bainfidh an Chúirt as an gcúiteamh, arna chinneadh faoi fho-alt (1), cibé suim i leith na sochar is cuí leis an gCúirt.

(3) I gcás cúiteamh i leith feabhsúchán a bheith iníoctha leis an tiarna talún ag a uastiarna talún, bainfidh an Chúirt as an gcúiteamh, arna chinneadh faoi fho-alt (1), cibé méid (más aon mhéid é) is cuí leis an gCúirt i leith sochair a fuair an tiarna talún agus (i gcás lena mbaineann) a réamhtheachtaithe i dteideal nó aon duine acu trí chíos mhéadaithe nó ar shlí eile de bharr na bhfeabhsúchán.

(4) Socróidh an Chúirt cad is luach caipitlithe, chun críocha an ailt seo, don bhreis a cuireadh le luach ligin tionóntáin ag féachaint don fhad is dóigh a mhairfidh an bhreis sin agus don fhad is dóigh a sheasfaidh an feabhsúchán agus do gach ní eile a bhaineann leis sin, ach ní rachaidh an méid sin in aon chás thar chúig oiread déag na suime bliantúla is fiú an bhreis sin.

Fógra feabhsúcháin.

[Nua i bpt. cf. 1931, a. 12]

48. —(1) Má bhíonn beartaithe ag tionónta feabhsúchán a dhéanamh ar a thionóntán féadfaidh sé fógra san fhoirm fhorordaithe (dá ngairtear fógra feabhsúcháin san Acht seo) a sheirbheáil ar a thiarna talún mar aon le—

(a) i ngach cás—

(i) ráiteas i dtaobh na n-oibreacha atá beartaithe chun an feabhsúchán a dhéanamh, agus

(ii) meastachán, arna fhíorú ag ailtire, ag suirbhéir nó ag conraitheoir tógála, ar an gcostas a bhaineann leis an bhfeabhsúchán a dhéanamh, agus

(b) más forbairt é an feabhsúchán ar gá cead pleanála chuige, cóip den chead.

(2) Má sheirbheáiltear fógra feabhsúcháin, féadfaidh an tiarna talún, laistigh de mhí, aon cheann de na fógraí seo a leanas a sheirbheáil ar an tionónta:

(a) fógra (dá ngairtear toiliú feabhsúcháin san Acht seo) san fhoirm fhorordaithe ag toiliú leis an bhfeabhsúchán a dhéanamh,

(b) fógra (dá ngairtear geallúint feabhsúcháin san Acht seo) san fhoirm fhorordaithe á gheallúint an feabhsúchán a dhéanamh i gcomaoin méadú sonraithe cíosa nó méadú cíosa a shocróidh an Chúirt (mar a déarfaidh an tiarna talún san fhógra),

(c) faoi réir fho-alt (3), fógra (dá ngairtear agóid i gcoinne feabhsúcháin san alt seo) san fhoirm fhorordaithe ag cur i gcoinne an fheabhsúcháin ar fhorais a shonrófar san fhógra.

(3) Ní fhéadfar agóid i gcoinne feabhsúcháin a sheirbheáil ach amháin nuair is iad na forais a bheidh leis an agóid—

(a) go dteachtann an tionónta an tionóntán ar shlí seachas faoi léas ar feadh téarma a mbeidh cúig bliana ar a laghad de gan chaitheamh an tráth a sheirbheálfar an fógra feabhsúcháin, agus

(b) nach mbeadh an tionónta i dteideal tionóntachta nua faoi Chuid II ar aon cheann de na forais a shonraítear in alt 17 (2) (a).

(4) Má sheirbheáiltear fógra feabhsúcháin i gcás ina dteachtann an tiarna talún an tionóntán—

(a) faoi léas ar feadh saoil nó saolta ar marthain (gan téarma blianta nó le téarma comhthráthach ar lú ná cúig bliana is fiche de a bheidh gan chaitheamh), nó

(b) faoi léas ar feadh téarma ar lú ná cúig bliana is fiche de a bheidh gan chaitheamh ar dháta seirbheála an fhógra sin, nó

(c) faoi thionóntacht ó bhliain go bliain nó faoi aon tionóntacht is lú ná sin,

déanfaidh an tiarna talún, laistigh de sheachtain, an fógra, nó cóip de, a sheirbheáil ar a uastiarna talún is neasa agus ráiteas faoin dáta ar seirbheáladh an fógra air formhuinithe ar an bhfógra, agus féadfaidh an t-uastiarna talún, laistigh de mhí ón dáta ar sheirbheáil an tionónta an fógra feabhsúcháin ar an tiarna talún, toiliú feabhsúcháin nó agóid i gcoinne feabhsúcháin a sheirbheáil ar an tiarna talún agus ar an tionónta.

(5) Gach uastiarna talún ar a seirbheálfar fógra feabhsúcháin nó cóip de faoin alt seo (lena n-áirítear an fo-alt seo) agus a theachtann an tionóntán—

(a) faoi léas ar lú ná cúig bliana is fiche de a bheidh gan chaitheamh ar dháta na seirbheála sin, nó

(b) faoi thionóntacht ó bhliain go bliain nó faoi aon tionóntacht is lú ná sin,

déanfaidh sé, laistigh de sheachtain, an fógra feabhsúcháin nó cóip de arna fhormhuiniú faoi fho-alt (4) a sheirbheáil ar a uastiarna talún is neasa, agus beidh an ceart céanna ag an uastiarna talún sin toiliú feabhsúcháin nó agóid i gcoinne feabhsúcháin a sheirbheáil is atá ag an uastiarna talún céadluaite faoin alt seo.

Oibreacha a cheanglóidh údarás poiblí a dhéanamh.

[Nua i bpt. cf. 1931, a. 13]

49. —(1) Má dhéanann údarás sláintíochta, faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1964, nó údarás tithíochta faoi Acht na dTithe, 1966 , fógra a sheirbheáil ar thionónta tionóntáin á cheangal air feabhsúchán a dhéanamh, déanfaidh an tionónta, laistigh de thrí lá, fógra i scríbhinn (dá ngairtear fógra oibre san Acht seo) a sheirbheáil ar an tiarna talún á rá gur sheirbheáil an t-údarás sin an fógra agus ag lua na gcodanna ábhartha den fhógra sin.

(2) Má sheirbheáiltear fógra oibre féadfaidh an tiarna talún, laistigh de thrí lá, fógra (dá ngairtear geallúint oibre san Acht seo) san fhoirm fhorordaithe a sheirbheáil ar an tionónta á gheallúint an obair a dhéanamh i gcomaoin méadú sonraithe cíosa nó méadú cíosa a shocróidh an Chúirt (mar a déarfaidh an tiarna talún san fhógra).

(3) I gcás oibreacha a cheanglófar a dhéanamh ar theaghais rialaithe ní mó a bheidh sa mhéadú cíosa ná an lamháltas dá bhforáiltear le halt 10 (2) (g) den Acht Srianta Cíosa, 1960 , a cuireadh isteach le halt 6 (2) den Acht Srianta Cíosa (Leasú), 1967 .

(4) Beidh an éifeacht chéanna le geallúint oibre a sheirbheáil is a bheidh le geallúint feabhsúcháin a sheirbheáil ar an tionónta agus beidh feidhm dá réir sin ag forálacha an Achta seo a bhaineann le geallúint feabhsúcháin.

(5) Féadfaidh an tionónta cóip de gheallúint oibre a sheirbheáil ar an údarás agus leis sin is oibleagáid agus dliteanas ar an tiarna talún a bheidh san oibleagáid déanamh de réir an fhógra a sheirbheáil an t-údarás agus sa dliteanas i leith faillí déanamh de réir an fhógra sin agus saorfar an tionónta uathu.

(6) Má sheirbheáiltear fógra oibre agus, laistigh de thrí lá, mura seirbheálfaidh an tiarna talún geallúint oibre, beidh an tionónta i dteideal an feabhsúchán a dhéanamh a bheidh luaite san fhógra ag an údarás ba bhun leis an bhfógra oibre a thabhairt.

Feabhsúchán a dhéanamh mura ndéantar agóid ina choinne.

[Nua i bpt. cf. 1931, a. 14]

50. —Má sheirbheáiltear fógra feabhsúcháin agus, laistigh de mhí, mura seirbheálfaidh an tiarna talún geallúint feabhsúcháin agus mura seirbheálfaidh an tiarna talún nó aon uastiarna talún agóid i gcoinne feabhsúcháin, beidh an tionónta i dteideal an feabhsúchán a shonrófar san fhógra feabhsúcháin a dhéanamh de réir an fhógra ar gach slí aon uair laistigh de bhliain tar éis na seirbheála sin (cibé acu a bheidh an tiarna talún nó an t-uastiarna talún tar éis toiliú feabhsúcháin a sheirbheáil nó nach mbeidh).

Cearta na bpáirtithe ar gheallúint feabhsúcháin a sheirbheáil.

[Nua i bpt. cf. 1931, a. 15]

51. —(1) Má sheirbheáiltear fógra feabhsúcháin agus, laistigh de mhí, má sheirbheálann an tiarna talún geallúint feabhsúcháin agus mura seirbheálfaidh aon uastiarna talún agóid i gcoinne feabhsúcháin, féadfaidh an tionónta, trí fhógra i scríbhinn arna sheirbheáil ar an tiarna talún laistigh de cheithre lá dhéag tar éis an gheallúint a sheirbheáil, glacadh leis an ngeallúint feabhsúcháin nó an fógra feabhsúcháin a tharraingt siar nó, i gcás ina sonróidh an gheallúint méadú cíosa, féadfaidh sé agóid a dhéanamh i gcoinne méid an mhéadaithe.

(2) Mura seirbheálfaidh an tionónta fógra faoi fho-alt (1) nó má ghlacann sé leis an ngeallúint feabhsúcháin faoin bhfo-alt sin, déanfaidh agus críochnóidh an tiarna talún an feabhsúchán a luaitear sa gheallúint feabhsúcháin sin chomh luath agus is féidir é, agus in aon chás tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis na ceithre lá dhéag sin a bheith caite, ar a chostas féin agus de réir na geallúna feabhsúcháin, agus féadfaidh sé chuige sin dul isteach sa tionóntán gach tráth réasúnta agus gach ní is gá chun an feabhsúchán a dhéanamh nó a bhaineann lena dhéanamh a dhéanamh ann.

(3) Má dhéanann an tionónta an fógra feabhsúcháin a tharraingt siar, measfar nár seirbheáladh an fógra sin riamh.

(4) Má dhéanann an tionónta agóid i gcoinne méid an mhéadaithe cíosa a shonrófar sa gheallúint feabhsúcháin, ansin—

(a) féadfaidh an tiarna talún agus an tionónta méid an mhéadaithe cíosa a shocrú trí chomhaontú nó comhaontú gurb í an Chúirt a shocróidh a mhéid, agus leis sin beidh éifeacht leis an ngeallúint feabhsúcháin de réir an chomhaontaithe sin agus measfar gur ghlac an tionónta go cuí léi, nó

(b) féadfaidh an tiarna talún nó an tionónta iarratas a chur faoi bhráid na Cúirte agus, ar éisteacht an iarratais sin di, féadfaidh an Chúirt, mar is cuí léi, méid an mhéadaithe cíosa a shocrú nó a mheas gur agóid i gcoinne feabhsúcháin an gheallúint feabhsúcháin agus déileáil léi dá réir sin nó cibé ordú eile a dhéanamh is gá de réir ceartais.

(5) Má bhíonn an gheallúint feabhsúcháin, de réir a téarmaí nó de réir comhaontú ina dhiaidh sin, faoi réir méadú cíosa de mhéid a bheidh le socrú ag an gCúirt, féadfaidh an tiarna talún nó an tionónta, nuair a bheidh an feabhsúchán déanta go cuí ag an tiarna talún, a iarraidh ar an gCúirt méid an mhéadaithe cíosa a shocrú.

(6) Ar chríochnú an fheabhsúcháin don tiarna talún de réir na geallúna feabhsúcháin agus de réir an ailt seo, déanfar an cíos is iníoctha ag an tionónta leis an tiarna talún a mhéadú ó dháta an chríochnaithe de réir na geallúna nó de réir ordú na Cúirte (cibé acu é) agus is í an Chúirt a shocróidh, ar iarratas ón tiarna talún nó on tionónta, aon díospóid i dtaobh méid nó tosach feidhme an mhéadaithe nó i dtaobh aon ní eile a bhaineann leis.

(7) Má bhíonn de cheangal ar an tiarna talún faoin alt seo an feabhsúchán a dhéanamh de réir na geallúna feabhsúcháin ach má dhiúltaíonn sé nó má fhaillíonn sé é a dhéanamh agus a chríochnú laistigh den teorainn ama a bheidh ceaptha chuige sin leis an alt seo, féadfaidh an tionónta iarratas a chur faoi bhráid na Cúirte agus féadfaidh an Chúirt cibé ordú a dhéanamh ina thaobh is gá de réir ceartais.

Cearta na bpáirtithe ar agóid i gcoinne feabhsúcháin a sheirbheáil.

[Nua i bpt. cf. 1931, a. 16]

52. —(1) Má sheirbheáiltear fógra feabhsúcháin agus, laistigh de mhí, má sheirbheálann an tiarna talún nó uastiarna talún agóid i gcoinne feabhsúcháin, féadfaidh an tionónta, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt san alt seo, laistigh de mhí tar éis an agóid i gcoinne feabhsúcháin a sheirbheáil—

(a) an fógra feabhsúcháin a tharraingt siar trí fhógra i scríbhinn a sheirbheáil ar an tiarna talún nó ar an tiarna talún agus an t-uastiarna talún (faoi mar is gá sa chás), nó

(b) iarratas a chur faoi bhráid na Cúirte faoin alt seo.

(2) Má dhéanann tionónta fógra feabhsúcháin a tharraingt siar amhlaidh, measfar nár seirbheáladh an fógra riamh.

(3) Ar iarratas faoin alt seo déanfaidh an Chúirt, faoi réir fho-alt (4), ordú (dá ngairtear ordú feabhsúcháin san Acht seo) á údarú don tionónta an feabhsúchán a dhéanamh de réir an fhógra feabhsúcháin, gan mhodhnú nó fara cibé modhnuithe is cuí leis an gCúirt agus, más oiriúnach leis an gCúirt é, ag sonrú tréimhse ama ina mbeidh an feabhsúchán le críochnú.

(4) Diúltóidh an Chúirt don iarratas más deimhin léi go dteachtann an tionónta an tionóntán seachas faoi léas ar feadh téarma a raibh cúig bliana ar a laghad de gan chaitheamh an tráth ar seirbheáladh an fógra feabhsúcháin agus nach mbeadh teideal chun tionóntachta nua aige faoi Chuid II ar aon cheann de na forais a shonraítear in alt 17 (2) (a).

(5) Má dhéantar ordú feabhsúcháin agus má dhiúltaíonn nó má fhaillíonn an tionónta an feabhsúchán a bheidh údaraithe leis an ordú sin a dhéanamh agus a chríochnú de réir an ordaithe laistigh den teorainn ama a bheidh ceaptha chuige sin leis an ordú nó, mura mbeidh aon teorainn ama den sórt sin i gceist, laistigh d'am réasúnta, féadfaidh an tiarna talún nó aon uastiarna talún iarratas a chur faoi bhráid na Cúirte agus, ar éisteacht an iarratais, féadfaidh an Chúirt cibé ordú a dhéanamh is gá de réir ceartais.

Srian le méadú ar chíos teaghaisí rialaithe.

[Nua]

53. —Ní údaróidh aon ní sa Chuid seo cíos a mhuirearú, i gcás teaghaise rialaithe, is mó ná cíos dleathach na teaghaise arna mhíniú le halt 11 den Acht Srianta Cíosa, 1960 .

Srianta le ceart chun cúitimh i leith feabhsúchán.

[Nua i bpt. cf. 1931, a. 17]

54. —(1) Ní bheidh tionónta i dteideal cúitimh i leith feabhsúchán i gcás feabhsúchán a rinneadh, roimh Acht 1931 a rith, contrártha don léas nó don chonradh eile tionóntachta ar faoi a bhí an tionóntán á theachtadh.

(2) Ní bheidh tionónta i dteideal cúitimh i leith feabhsúchán i gcás feabhsúchán a rinneadh tar éis Acht 1931 a rith (cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis é) mura ndearnadh fógra faoi alt 12 (1) d'Acht 1931 nó fógra feabhsúcháin a sheirbheáil nó, mura ndearnadh fógra ar bith den sórt sin a sheirbheáil, má dheimhníonn an tiarna talún nó, i gcás ar iomchuí sin, uastiarna talún, don Chúirt—

(a) gur dhochar dó nár seirbheáladh an fógra, nó

(b) go bhfuil an feabhsúchán contrártha d'aon chúnant sa chonradh tionóntachta, nó

(c) go ndéanann an feabhsúchán díobháil do thaitneamhacht nó do shaoráideacht na comharsanachta.

(3) Ní bheidh tiarna talún i dteideal cúitimh i leith feabhsúchán i gcás feabhsúchán a rinneadh tar éis Acht 1931 a rith (cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis é) ar seirbheáladh fógra faoi alt 12 (1) d'Acht 1931 nó fógra feabhsúcháin i ndáil leis mura ndearnadh an fógra nó cóip de a sheirbheáil faoi alt 12 (3) d'Acht 1931 nó faoi alt 48 (4) den Acht seo nó, mura ndearnadh fógra ar bith den sórt sin a sheirbheáil, má dheimhníonn an t-uastiarna talún don Chúirt—

(a) gur dhochar dó nach ndearnadh an tseirbheáil sin, nó

(b) go bhfuil an feabhsúchán contrártha d'aon chúnant sa chonradh tionóntachta ar faoi a theachtann an tiarna talún an tionóntán, nó

(c) go ndéanann an feabhsúchán díobháil do thaitneamhacht nó do shaoráideacht na comharsanachta.

(4) Ní bhaineann fo-alt (2) ná (3) le feabhsúchán arb éard é—

(a) obair lenar bhain alt 17 (5) d'Acht 1931, nó

(b) aon obair eile a rinneadh de bhun ordú ó údarás sláintíochta faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1964, nó ó údarás tithíochta faoi Acht na dTithe, 1966 ,

ach ní bheidh an tionónta i dteideal cúitimh i leith obair den sórt sin mura rud é—

(i) i gcás obair a shonraítear i mír (a), gur sheirbheáil an tionónta ar an tiarna talún fógra faoi alt 13 (1) d'Acht 1931 agus gur tharla dó faoin Acht sin bheith i dteideal an obair a dhéanamh mar fheabhsúchán, nó

(ii) i gcás obair a shonraítear i mír (b), gur sheirbheáil an tionónta ar an tiarna talún fógra oibre i leith na hoibre agus gur tharla dó faoin Acht seo bheith i dteideal an obair a dhéanamh mar fheabhsúchán:

Ach má dhéantar faillí an fógra a sheirbheáil ní bhainfidh sin den tionónta a cheart (más ann dó) chun cúitimh i leith na hoibre má dheimhníonn an tionónta don Chúirt nár bhain caillteanas ná damáiste don tiarna talún de bharr na faillí sin.

Deimhniú feabhsúcháin.

[1931, a. 18]

55. —(1) Más rud é—

(a) i gcás fógra feabhsúcháin a sheirbheáil ach gan aon gheallúint feabhsúcháin nó agóid i gcoinne feabhsúcháin a sheirbheáil, go ndéanfaidh agus go gcríochnóidh an tionónta de réir an fhógra an feabhsúchán a bheidh luaite ann laistigh de bhliain ón bhfógra a sheirbheáil, nó

(b) i gcás ordú feabhsúcháin a dhéanamh, go gcríochnóidh an tionónta an feabhsúchán laistigh den teorainn ama a bheidh ceaptha chuige sin leis an ordú nó, mura mbeidh aon teorainn ama den sórt sin ceaptha, laistigh d'am réasúnta,

tabharfaidh an tiarna talún don tionónta, ar iarratas ón tionónta laistigh de shé mhí tar éis an feabhsúchán a chríochnú, deimhniú (dá ngairtear deimhniú feabhsúcháin san alt seo) san fhoirm fhorordaithe á dheimhniú gur críochnaíodh an feabhsúchán go cuí de réir an fhógra feabhsúcháin nó an ordaithe feabhsúcháin.

(2) Má iarrtar deimhniú feabhsúcháin faoi fho-alt (1) agus nach dtugtar é laistigh de mhí dá éis sin, féadfaidh an tionónta iarratas a chur faoi bhráid na Cuirte agus, ar éisteacht an iarratais sin, féadfaidh an Chúirt cibé ordú a dhéanamh is gá de réir ceartais, lena n-áirítear ordú á dhearbhú go ndearnadh an feabhsúchán go cuí de réir an fhógra feabhsúcháin nó an ordaithe feabhsúcháin.

(3) Beidh deimhniú feabhsúcháin ina fhianaise dhochloíte, in aghaidh an tiarna talún a thug uaidh é, a ionadaithe pearsanta agus a chomharbaí i dteideal, go ndearna agus gur chríochnaigh an tionónta go cuí an feabhsúchán agus gur chomhlíon sé go cuí gach foráil iomchuí den Acht seo nó aon ordú nó fógra a rinneadh faoi.

(4) Más rud é, i gcás ar feabhsúchán obair a dhéantar ar thionóntán, go ndéanann an tionónta an obair de bhun ordú ó údarás sláintíochta faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1964, nó ó údarás tithíochta faoi Acht na dTithe, 1966 , ní bheidh an tionónta i dteideal deimhniú feabhsúcháin a fháil ach beidh sé i dteideal deimhniú (dá ngairtear deimhniú feabhsúcháin sláintíochta san alt seo) san fhoirm fhorordaithe a fháil ón údarás, laistigh de shé mhí tar éis an obair a chríochnú go cuí de réir an ordaithe, á dheimhniú go ndearnadh an obair de bhun ordú ón údarás agus gur críochnaíodh í de réir an ordaithe sin.

(5) Beidh deimhniú feabhsúcháin sláintíochta ina fhianaise prima facie, in aghaidh tiarna talún an tionóntáin, ar na nithe a airbheartaíonn sé a dheimhniú.

(6) Féadfaidh tiarna talún nó údarás ar a n-iarrfar deimhniú feabhsúcháin nó deimhniú feabhsúcháin sláintíochta (cibé acu é) a cheangal, mar choinníoll as an deimhniú a thabhairt, go n-íocfar leis nó leo a chostais nó a gcostais réasúnta as an deimhniú a thabhairt.

Éileamh i leith feabhsúchán.

[1931, aa. 24, 25 i bpt.]

56. —(1) Ní shaothrófar éileamh ar fhaoiseamh nach mbeidh ann ach éileamh ar chúiteamh i leith feabhsúchán mura rud é, laistigh den teorainn ama a bheidh ceaptha faoi alt 20 (2), go ndéanfar fógra go bhfuiltear chun faoiseamh a éileamh san fhoirm fhorordaithe a sheirbheáil ar an duine ar ina choinne a bheartaítear an t-éileamh a dhéanamh.

(2) Beidh feidhm ag alt 21 dá réir sin.

Cúiteamh i leith feabhsúchán ina chéad mhuirear.

[1931, a. 36 (4)]

57. —Beidh cúiteamh i leith feabhsúchán is iníoctha le tionónta ina chéad mhuirear (i dtosaíocht ar gach morgáiste, muirear agus eire eile de gach saghas) ar leas an tiarna talún nó an uastiarna talún (cibé acu é) sa tionóntán.

Cúiteamh i nDíshocraíocht

Cúiteamh i gcás nach mbeidh an tionónta i dteideal tionóntachta nua.

[1931, aa. 22 i bpt., 23, 36 (1); 1967, Uimh. 10 , a. 13 (3) (vii)]

58. —(1) Más deimhin leis an gCúirt—

(a) go mbeadh teideal ag tionónta, murach alt 17 (2), chun tionóntachta nua faoi Chuid II, agus

(b) go mbaineann alt 13 (1) (a) leis an tionóntán,

beidh an tionónta i dteideal in ionad tionóntachta nua, go n-íocfaidh an tiarna talún cúiteamh i ndíshocraíocht leis ar fhágáil an tionóntáin dó de dhroim fhoirceannadh na tionóntachta.

(2) Faoi réir fho-alt (3) is é miosúr an chúitimh an caillteanas airgid, an damáiste nó an caiteachas a bhain don tionónta nó a thabhaigh sé nó a bhainfidh dó nó a thabhóidh sé de bharr é an tionóntán a fhágáil agus ar iarmhairt dhíreach ar an bhfágáil sin é.

(3) I gcás teaghais lena mbaineann alt 15, is é miosúr an chúitimh cibé acu seo a leanas is mó, eadhon, an méid dá bhforáiltear le fo-alt (2) nó cibé suim is cuí leis an gCúirt, chun a chumasú don tionónta, gan chruálacht, malairt cóiríochta iomchuí a fháil, nach lú ná cíos trí bliana, lena n-áirítear rátaí, cibé acú is iníoctha nó nach iníoctha ag an tionónta iad.

(4) Beidh cúiteamh, faoi réir alt 61, iníoctha—

(a) ar mhí amháin a bheith caite ón dáta a shocrófar méid an chúitimh trí chomhaontú nó a socróidh an Chúirt é, nó

(b) ar an tionónta seilbh ghlan ar an tionóntán a thabhairt don tiarna talún,

cibé acu is déanaí.

(5) Mura ndéanfar cúiteamh a dhámhfar faoin alt seo a íoc laistigh den teorainn ama a bheidh ceaptha leis an Acht seo, beidh an tionónta i dteideal, tar éis don am sin a bheith caite agus roimh an gcúiteamh a íoc, a iarratas ar thionóntacht nua faoi Chuid II a athnuachan, agus ní bhainfidh alt 17 (2) (a) agus 17 (3) leis an iarratas sin agus oibreoidh deonú an iarratais mar urscaoileadh ar dhámhachtain an chúitimh i ndíshocraíocht.

Cúiteamh i gcás nach mbeidh an léasaí i dteideal léasa nua.

[1958, a. 16 (1)-(4), (6), (7)]

59. —(1) Más deimhin leis an gCúirt go mbeadh teideal ag duine (dá ngairtear duine dítheidealaithe san alt seo), murach alt 33 (1), 33 (2) nó 33 (3), chun léasa faoi Chuid III, íocfar cúiteamh de réir an ailt seo in ionad an léasa.

(2) Beidh an cúiteamh le híoc ag an duine ar éirigh lena agóid nó má bhíonn níos mó ná duine amháin ann ar éirigh lena agóid, beidh sé le híoc acu sin i cibé cionúireachtaí a chinnfidh an Chúirt.

(3) Is é miosúr an chúitimh faoin alt seo an caillteanas airgid, an damáiste nó an caiteachas a mheasfaidh an Chúirt a bhainfidh don duine dítheidealaithe mar iarmhairt dhíreach ar é bheith dearbhaithe an duine dítheidealaithe a bheith gan teideal chun léasa.

(4) An cúiteamh is iníoctha le duine dítheidealaithe tiocfaidh sé chun bheith dlite agus iníoctha ar cibé ní acu seo a leanas is déanaí a tharlóidh, is é sin le rá, mí a bheith caite tar éis méid an chúitimh a shocrú nó an dáta a fhoirceannfaidh léas an duine dítheidealaithe cibé acu trí imeacht aimsire é nó trí chomhaontú idir na páirtithe ann.

(5) Mura ndéantar cúiteamh a bheifear tar éis a dhámhachtain faoin alt seo a íoc laistigh den tréimhse a shonraítear i bhfo-alt (4) nó laistigh de cibé tréimhse fhadaithe a cheadóidh an Chúirt, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas:

(a) beidh teideal, leis sin, ag aon duine dítheidealaithe léas faoi Chuid III ar an talamh iomchuí a fháil óna neasléasóir,

(b) ní bheidh feidhm ag forálacha ailt 31 (1) agus 33,

(c) oibreoidh deonú an léasa mar urscaoileadh ar dhámhachtain an chúitimh sin, agus

(d) féadfaidh an Chúirt ordú a dhéanamh go n-íocfaidh an duine ar éirigh lena agóid cibé cúiteamh eile is cuí leis an gCúirt sa chaillteanas airgid, sa damáiste nó sa chaiteachas a bhain don duine dítheidealaithe mar iarmhairt dhíreach ar é bheith dearbhaithe go bhfuil sé dítheidealaithe chun léasa.

(6) San alt seo forléireofar “duine ar éirigh lena agóid”, mar a gceadaíonn an comhthéacs é, mar abairt a fholaíonn ionadaithe pearsanta agus comharbaí i dteideal an duine sin.

Cúiteamh ar fhoirceannadh tionóntachta i bhfoirgnimh neamhfhóinteacha.

[Nua]

60. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an foirgneamh iomchuí”—

(a) i ndáil le tionóntán arb éard atá ann talamh atá go hiomlán nó go páirteach faoi fhoirgnimh—na foirgnimh sin, agus

(b) i ndáil le tionóntán arb éard atá ann cuid shonraithe d'fhoirgneamh—an foirgneamh sin;

tá le “limistéar neamhfhóinteach” an bhrí a shanntar dó leis an Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 .

(2) Más rud é, i gcás tionóntáin—

(a) go bhfuil an foirgneamh iomchuí i limistéar neamhfhóinteach nó, ag féachaint d'aois, do bhail agus do chineál an fhoirgnimh—

(i) go mbeadh caiteachas iomarcach ag gabháil le deisiú an fhoirgnimh i gcomórtas le luach an tionóntáin, nó

(ii) nach bhféadfaí an foirgneamh a úsáid go sochrach gan é a athdhéanamh nó a athrú go mór nó gan é a atógáil, agus

(b) go bhfuil scéim ag an tiarna talún chun forbairt a dhéanamh ar mhaoin ina n-áirítear an tionóntán, ar forbairt í a bhfuil cead pleanála deonaithe ina leith,

féadfaidh an Chúirt, trí ordú arna dhéanamh ar iarratas ón tiarna talún tar éis dó fógra sé mhí ar a laghad san fhoirm fhorordaithe a thabhairt don tionónta, an tionóntacht a fhoirceannadh má mheasann sí gur réasúnach déanamh amhlaidh:

Ar choinníoll gur léas nó conradh eile tionóntachta in aghaidh téarma a mbeidh trí bliana ar a laghad agus cúig bliana is fiche ar a mhéid gan chaitheamh an léas nó an conradh eile tionóntachta ar faoi a theachtfaidh an tionónta an tionóntán an tráth a sheirbheálfar an fógra air.

(3) Má dhéantar tionóntacht a fhoirceannadh faoin alt seo beidh an tionónta i dteideal go n-íocfaidh an tiarna talún cúiteamh i bhfoirceannadh na tionóntachta leis de réir an ailt seo ar fhágáil an tionóntáin dó.

(4) Má dhéantar tionóntacht a fhoirceannadh faoin alt seo, féadfaidh an tionónta leanúint air ag áitiú an tionóntáin go mbeidh an tréimhse caite dar tosach an lá a ndéanfar ordú na Cúirte agus dar críoch bliain ón lá sin nó an lá a n-íocfar cúiteamh i bhfoirceannadh na tionóntachta (cibé acu is déanaí) agus, fad a dhéanfaidh sé amhlaidh beidh sé faoi réir théarmaí na tionóntachta (lena n-áirítear cíos a íoc).

(5) Má dhéanann an Chúirt cúiteamh a dhámhachtain i bhfoirceannadh tionóntachta faoin alt seo, is é miosúr an chúitimh go príomha an caillteanas airgid, an damáiste nó an caiteachas a bhain don tionónta nó a thabhaigh sé nó a bhainfidh dó nó a thabhóidh sé de bharr é an tionóntán a fhágáil agus ar iarmhairt dhíreach ar an bhfágáil sin é, ach

(a) déanfar cibé suim is réasúnach leis an gCúirt a chur leis an gcúiteamh i leith an tsochair airgid a fhaibhreoidh chun an tiarna talún agus is inchurtha i leith é seilbh a fháil ar an tionóntán níos luaithe ná a bhí teideal aige chuige faoin léas nó faoin gconradh eile tionóntachta, agus

(b) déanfar cibé suim is réasúnach leis an gCúirt a chur leis an gcúiteamh as aon chruálacht eile a bhainfidh don tionónta tríd an ordú a dhéanamh ag foirceannadh na tionóntachta.

(6) Ní bheidh feidhm ag an alt seo má bhíonn teideal chun léasa fhrithdhílse ar an tionóntán ag tionónta an tionóntáin nó dá mbeadh teideal den sórt sin aige murach alt 33.

Forálacha Iarmhartacha

Cúiteamh a fhritháireamh i gcoinne cíosa, etc.

[1931, a. 36(2), (3)]

61. —(1) I gcás cúiteamh faoin gCuid seo a bheith iníoctha ag duine amháin le duine eile agus airgead a bheith dlite agus ag dul dó ón dara duine sin faoi réim nó i leith léasa nó leasa eile de chuid an dara duine san áitreabh, féadfaidh ceachtar duine méid amháin a fhritháireamh i gcoinne na méide eile, chomh fada agus is féidir é.

(2) I gcás cúiteamh faoin gCuid seo a bheith iníoctha ag duine amháin le duine eile agus go n-éileoidh sé go bhfuil airgead iníoctha leis ag an dara duine sin faoi réim nó i leith léasa nó leasa eile de chuid an dara duine san áitreabh agus i gcás díospóid a bheith ann faoin éileamh nó faoi mhéid an éilimh nó i gcás méid an éilimh a bheith neamhleachtaithe, féadfaidh sé méid an chúitimh a íoc isteach sa Chúirt, agus air sin féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ó cheachtar páirtí, cibé ordú is gá de réir ceartais a dhéanamh maidir leis an méid a íocadh isteach sa Chúirt agus, go sonrach, féadfaidh an Chúirt an méid sin nó aon chuid de a choinneáil go dtí go ndéanfar bailíocht an éilimh nó méid an éilimh a chinneadh.

Cúiteamh a íoc i gcás leas a bheith faoi mhorgáiste.

[1931, a.37; 1958, a. 16(5)]

62. —(1) I gcás cúiteamh faoin gCuid seo a bheith iníoctha agus leas an duine san áitreabh ar leis is iníoctha an cúiteamh a bheith faoi réir morgáiste nó muirir, bainfidh an morgáiste nó an muirear leis an gcúiteamh agus rachaidh sé in astú ann.

(2) Duine ag a bhfuil an cúiteamh iníoctha má bhíonn fógra iarbhír aige i dtaobh morgáiste nó muirear a dhéanann, de bhua an ailt seo nó ar shlí eile, difear don chúiteamh, déanfaidh sé—

(a) le toiliú an duine ar dó a bheidh an cúiteamh dlite, an cúiteamh a íoc le húinéir an mhorgáiste nó an mhuirir, nó

(b) le toiliú an úinéara sin, an cúiteamh a íoc leis an duine dá mbeidh sé dlite, nó

(c) i gcás ordachán ón úinéir agus ón duine sin an cúiteamh a íoc i slí áirithe, é a íoc sa tslí sin, nó

(d) i gcás gan toiliú ná ordachán den sórt sin a bheith tugtha, an cúiteamh a íoc isteach sa Chúirt.

(3) Má dhéantar an cúiteamh a íoc isteach sa Chúirt féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ó aon duine leasmhar, cibé ordú a dhéanamh i ndáil leis is gá de réir ceartais.

Iontaobhaithe a chosaint, etc.

[1931, a. 44]

63. —(1) I gcás duine (dá ngairtear iontaobhaí san alt seo) a bheith i dteideal cíosanna agus brabúis áitribh a fháil mar iontaobhaí nó i gcáil ar bith seachas chun sochair dó féin agus airgead a bheith dlite ón iontaobhaí ar chúiteamh faoin gCuid seo nó ar chostais, ar mhuirir nó ar chaiteachais i ndáil le héileamh ar an gcúiteamh sin—

(a) ní bheidh an t-airgead inghnóthaithe go pearsanta i gcoinne an iontaobhaí ná ní bheidh sé faoi aon dliteanas é a íoc, ach beidh sé ina mhuirear ar an áitreabh agus ar an maoin uile, réadach nó pearsanta, a bheidh ar teachtadh ag an iontaobhaí ar na hiontaobhais chéanna nó sa cháil chéanna ina mbeidh an t-áitreabh ar teachtadh aige agus ní bheidh sé inghnóthaithe ach amháin i gcoinne an chéanna;

(b) beidh teideal ag an iontaobhaí, roimh an airgead a íoc nó dá éis, muirear ar an áitreabh agus ar an maoin uile, réadach nó pearsanta, a bheidh ar teachtadh aige ar na hiontaobhais chéanna nó sa cháil chéanna ina mbeidh an t-áitreabh ar teachtadh aige, a fháil ón gCúirt, agus é ar cóimhéid leis an airgead agus leis na costais uile a thabhaigh sé go cuí chun an muirear a fháil nó chun méid an mhuirir sin a chruinniú;

(c) má dhiúltaíonn nó má fhaillíonn an t-iontaobhaí an t-airgead a íoc laistigh de mhí tar éis don duine dá mbeidh an t-airgead dlite an t-áitreabh a fhágáil, beidh teideal ag an duine sin muirear ar an áitreabh agus ar an maoin uile, réadach nó pearsanta, a bheidh ar teachtadh ag an iontaobhaí ar na hiontaobhais chéanna nó sa cháil chéanna a mbeidh an t-áitreabh ar teachtadh aige, a fháil ón gCúirt, agus é ar cóimhéid leis an airgead nó cibé méid de a bheidh gan íoc an tráth sin agus leis na costais uile a thabhaigh sé go cuí chun an muirear a fháil nó chun méid an mhuirit sin a chruinniú.

(2) Féadfaidh aon chuideachta, a bheidh corpraithe le reacht agus ag an mbeidh cumhacht airgead a airleacan chun talamh a fheabhsú, sannadh muirir ar bith a dhéanfaidh an Chúirt faoin alt seo a ghlacadh, agus féadfaidh an chuideachta sin aon mhuirear a shannfar dóibh amhlaidh a shannadh d'aon duine nó daoine ar bith.