An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV Cúiteamh) Ar Aghaidh (CUID VI Ilghnéitheach)

10 1980

AN tACHT UM THIARNAÍ TALÚN AGUS TIONÓNTAÍ (LEASÚ), 1980

CUID V

Cúnaint i Léasanna Tionóntán

“Léas”.

64. —Sa Chuid seo folaíonn “léas” tionóntacht bhliantúil trí oibriú dlí nó trí thátal ar dhul in éag do léas agus tionóntacht reachtúil is intuigthe ó áitreabh a róshealbhú ar dhul in éag do léas.

Damáistí mar gheall ar chúnaint deisiúcháin a shárú.

[1931, a. 55]

65. —(1) Má bhíonn i léas tionóntáin (cibé acu roimh thosach feidhme an Acht seo nó dá éis a rinneadh é) cúnant (cibé acu sainráite nó intuigthe dó agus cibé acu ginearálta nó sonrach dó) ar thaobh an léasaí an tionóntán a chur agus a choinneáil i ndea-dheis le linn ré reatha an léasa nó an tionóntán a fhágáil nó a chur i ndeadheis ar dhul in éag don léas agus go mbeidh sárú déanta ar an gcúnant, beidh éifeacht leis na forálacha seo ina dhiaidh seo den alt seo.

(2) Ní rachaidh na damáistí is inghnóthaithe in aon chúirt mar gheall ar an sárú in aon chás thar mhéid an laghdaithe (más ann dó) a chuaigh ar luach na frithdhílse (idirmheánach nó neasach) sa tionóntán de dheasca an tsáraithe.

(3) Lasmuigh de chás ina dtaispeánfar gurb éard is cúis, go hiomlán nó go substaintiúil, leis an gceal deisiúcháin damáiste toiliúil nó diomailt thoiliúil a rinne an léasaí ní bheidh aon damáistí inghnóthaithe in aon chúirt mar gheall ar an sarú má thaispeántar—

(a) nach féidir ar chor ar bith, ag féachaint d'aois agus do bhail an tionóntáin, é a dheisiú de réir an chúnaint, nó

(b) ag féachaint d'aois, do bhail, do chineál agus do shuíomh an tionóntáin, go mbeadh caiteachas iomarcach ag gabháil lena dheisiú de réir an chúnaint i gcomparáid le luach an tionóntáin, nó

(c) ag féachaint do chineál agus do shuíomh an tionóntáin, nach bhféadfaí an tionóntán a úsáid go sochrach ar bheith deisithe dó amhlaidh nó nach bhféadfaí é a úsáid go sochrach gan é a atógáil, a athfhoirgniú nó a athrú go substaintiúil ina dhéanmhas.

Cúnaint i gcoinne coimhthiú.

[1931, a. 56]

66. —(1) Aon chúnant i léas tionóntáin (cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis a rinneadh é) a chuireann toirmeasc nó srian go hiomlán le coimhthiú an tionóntáin, go ginearálta nó in aon slí áirithe, beidh éifeacht leis amhail is dá mba chúnant é ag cur toirmeasc nó srian leis an gcoimhthiú sin gan ceadúnas nó toiliú an léasóra.

(2) I ngach léas (cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis a rinneadh é) ina bhfuil, nó inar intuigthe go bhfuil de bhua Reacht Briotanach a ritheadh an 5ú lá de Bhealtaine, 1826, agus dar teideal “An Act to amend the Law of Ireland respecting the Assignment and Sub-letting of Lands and Tenements” nó de bhua fho-alt (1), cúnant a chuireann toirmeasc nó srian le coimhthiú an tionóntáin, go ginearálta nó in aon slí áirithe, gan ceadúnas nó toiliú an léasóra, beidh an cúnant, d'ainneoin aon fhoráil shainráite dá mhalairt—

(a) faoi réir coinníll nach gcoinneofar siar an ceadúnas nó an toiliú go mí-réasúnta, ach ní choiscfidh an coinníoll sin ar an léasóir a cheangal go n-íocfar suim réasúnta leis ar scór costas dlí nó eile a thabhóidh sé in ndáil leis an gceadúnas nó leis an toiliú, agus

(b) más breis is daichead bliain is téarma don léas agus más foirgnimh a thógáil nó breis mhór a chur leo nó feabhsú nó athrú a chur orthu an chomaoin go hiomlán nó go páirteach ar a ndearnadh an léas, faoi réir coinníll arb é is éifeacht leis, má dhéantar aon choimhthiú ar an tionóntán, contrártha don chúnant, breis is seacht mbliana roimh dheireadh an téarma, nach gá aon cheadúnas ná toiliú den sórt sin má thugtar fógra i scríbhinn i dtaobh an idirbhirt don léasóir laistigh de mhí tar éis an t-idirbheart a dhéanamh, agus

(c) más rud é go dtiocfadh as an gcoimhthiú sin aon rátaí, cánacha nó ualach eile a aistriú chun an léasóra nó a mhéadú air, faoi réir coinníll go ndéanfaidh an léasaí gach caiteachas a thabhóidh an léasóir de bhíthin an aistrithe nó an mhéadaithe a chúiteamh leis an léasóir faoi mar a thabhófar agus nuair a thabhófar é agus go mbeidh sé inghnóthaithe ón léasaí mar chíos faoin léas.

Cúnaint a chuireann srian le húsáid.

[1931, a.57; 1967, a.27]

67. —(1) Aon chúnant i léas tionóntáin (cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis a rinneadh é) á thoirmeasc go hiomlán úsáid an tionóntáin a athrú, beidh éifeacht leis amhail is dá mba chúnant é á thoirmeasc an t-athrú sin a dhéanamh gan ceadúnas nó toiliú an léasóra.

(2) I ngach léas tionóntáin (cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis a rinneadh é) ina bhfuil cúnant á thoirmeasc, go sainráite nó de bhua fho-alt (1), úsáid an tionóntáin a athrú gan ceadúnas nó toiliú an léasóra, beidh an cúnant, d'ainneoin aon fhoráil shainráite dá mhalairt—

(a) faoi réir coinníll arb é is éifeacht leis nach gcoinneofar siar an ceadúnas nó an toiliú go mí-réasúnta, ach ní choiscfidh an coinníoll seo ar an léasóir a cheangal go n-íocfar suim réasúnta leis ar scór costas dlí nó eile a thabhóidh sé i ndáil leis an gceadúnas nó leis an toiliú, agus

(b) mura gá, de dhroim an athraithe, aon fhoirgneamh nó déanmhas a thógáil, a sholáthar nó a athfhoirgniú (seachas mar fheabhsúchán de réir bhrí fho-alt (3)), faoi réir coinníll nach mbeidh aon fhíneáil ná suim airgid ar mhodh fíneála (seachas aon suim a údaraítear leis an alt seo) ná aon mhéadú cíosa iníoctha as an gceadúnas ná as an toiliú ná ina leith, agus

(c) más rud é go dtiocfadh as an athrú sin aon rátaí, cánacha nó ualach eile a aistriú chun an léasóra nó a mhéadú air, faoi réir coinníll go ndéanfaidh an léasaí gach caiteachas a thabhóidh an léasóir de bhíthin an aistrithe nó an mhéadaithe a chúiteamh leis an léasóir faoi mar a thabhófar agus nuair a thabhófar é amhlaidh agus go mbeidh sé inghnóthaithe ag an léasóir ón léasaí mar chíos faoin léas.

(3) San alt seo agus in alt 68 ciallaíonn “feabhsúchán” aon mhéadú nó athrú ar fhoirgneamh nó ar dhéanmhas agus folaíonn sé aon déanmhas atá ag comhghabháil nó ag foghabháil leis an gcéanna ach ní fholaíonn sé aon athrú ná aon athfhoirgniú ar fhoirgneamh ná ar dhéanmhas a bhainfeadh a shainghné bunaidh de.

(4) Déanfar na tagairtí in alt 29 d'Acht 1967 do fheabhsú a fhorléiriú mar thagairtí d'fheabhsúchán de réir bhrí fho-alt (3).

Cúnaint i gcoinne feabhsúcháin a dhéanamh.

[1931, a.58; 1967 a. 28]

68. —(1) Aon chúnant i léas tionóntáin (cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis a rinneadh é) á thoirmeasc go hiomlán aon fheabhsúchán a dhéanamh ar an tionóntán de réir bhrí alt 67(3), beidh éifeacht leis amhail is dá mba chúnant é á thoirmeasc an feabhsúchán sin a dhéanamh gan ceadúnas nó toiliú an léasóra.

(2) I ngach léas tionóntáin (cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis a rinneadh é) ina bhfuil cúnant á thoirmeasc, go sainráite nó de bhua fho-alt (1), aon fheabhsúchán de réir bhrí alt 67(3) a dhéanamh ar an tionóntán gan ceadúnas nó toiliú an léasóra, beidh an cúnant, d'ainneoin aon fhoráil shainráite dá mhalairt—

(a) faoi réir coinníll nach gcoinneofar siar an ceadúnas nó an toiliú go mí-réasúnta, agus

(b) faoi réir coinníll nach mbeidh aon fhíneáil ná suim airgid ar mhodh fíneála (seachas suim réasúnta i leith caiteachais dlí nó caiteachais eile a thabhóidh sé i ndáil leis an gceadúnas nó leis an toiliú) ná aon mhéadú cíosa iníoctha as an gceadúnas nó as an toiliú ná ina leith.

Toiliú léasóra nach féidir teacht air.

[1931, a.59]

69. —Más rud é—

(a) go bhfuil i léas tionóntáin (cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis a rinneadh é) cúnant a chuireann toirmeasc nó srian ar an léasaí aon ní áirithe a dhéanamh gan ceadúnas nó toiliú an léasóra, agus

(b) go bhfuil an cíos a forchoimeádadh leis an léas gan bheith íoctha le cúig bliana nó níos mó, agus

(c) nach eol don léasaí an léasóir agus nach féidir leis teacht air,

féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ón léasaí agus tar éis cibé fógráin (más ann dóibh) a fhoilsiú amhail mar a ordóidh an Chúirt, a údarú don léasaí, faoi réir cibé coinníollacha (más ann dóibh) is cuí leis an gCúirt a fhorchur, an ní áirithe a dhéanamh a mbeidh toirmeasc nó srian curtha leis amhlaidh agus air sin is dleathach don léasaí an ní áirithe sin a dhéanamh gan ceadúnas ná toiliú an léasóra, de réir na gcoinníollacha (más ann dóibh) a bheidh forchurtha amhlaidh.