An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V Cúnaint i Léasanna Tionóntán) Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Na hAchtacháin a Aisghairtear)

10 1980

AN tACHT UM THIARNAÍ TALÚN AGUS TIONÓNTAÍ (LEASÚ), 1980

CUID VI

Ilghnéitheach

Feidhm an Achta um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Uimh. 2), 1978 , maidir le húdaráis phoiblí áirithe.

[Nua]

70. —Duine a bheadh, murach alt 4 den Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Uimh. 2), 1978 , nó alt 16(2)(d) nó 16(2)(e) den Acht sin, i dteideal feo simplí tí chónaithe a fháil beidh sé, d'ainneoin na bhforálacha sin, i dteideal an feo simplí sin a fháil ach amháin más rud é—

(a) i gcás lena mbaineann alt 4 den Acht sin—gur deimhin leis an údarás Stáit iomchuí, nó

(b) i gcás lena mbaineann alt 16(2)(d) nó 16(2)(e) den Acht sin—gur deimhin leis an Aire Iompair,

nach mbeadh an fáil sin chun leasa an phobail agus go ndeimhneoidh sé é sin.

Leasú ar alt 10, coinníoll 5 den Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Uimh. 2), 1978 .

[Nua]

71. —Déantar leis seo coinníoll 5 in alt 10 den Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Uimh. 2), 1978 , a leasú trí “gur éag nó gur géilleadh an léas roimhe sin roimh an 31ú lá de Mhárta, 1931 agus gur léas é” a scriosadh agus “gur léas é an léas roimhe sin” a chur isteach ina ionad, agus tá an coinníoll sin 5 arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

5. gur deonaíodh an léas, tráth léasa roimhe sin do dhul in éag nó a ghéilleadh nó tar éis an éaga nó an ghéillte sin—

(a) ar chíos níos lú ná luacháil inrátaithe na maoine ar dháta an léasa a dheonú, nó

(b) don duine a bhí i dteideal leasa an léasaí faoin léas roimhe sin,

ar choinníoll gur léas é an léas roimhe sin lena mbainfeadh an Chuid seo dá mbeadh an tAcht seo i bhfeidhm an uair sin agus ar choinníoll go dtoimhdeofar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go raibh an duine dar deonaíodh an léas i dteideal amhlaidh;

Ailt 10 agus 12 den Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Uimh. 2), 1978 a chur i mbaint le foléasanna áirithe go ceann téarma is giorra ná 50 bliain.

[Nua]

72. —Beidh feidhm ag coinníoll 7 in alt 10 den Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Uimh. 2), 1978 , agus ag alt 12 den Acht sin maidir le léas a tugadh go ceann téarma is giorra ná caoga bliain más rud é—

(a) gur foléas (idirmheánach nó neasach) faoi léas (dá ngairtear an t-uasléas san alt seo) lena mbaineann Cuid II den Acht sin an léas,

(b) gurb éard atá sa talamh a forléasadh leis an léas an talamh go léir nó cuid den talamh atá cuimsithe san uasléas, agus

(c) gur tugadh an léas go ceann téarma atá cothrom leis an tréimhse is giorra de na tréimhsí seo a leanas nó is faide ná an tréimhse sin, eadhon, fiche bliain nó dhá thrian de théarma an uasléasa, agus in aon chás go dtéann sé in éag an tráth céanna a dtéann an t-uasléas in éag nó cúig bliana déag ar a mhéid roimhe sin,

agus go gcomhlíontar ceanglais eile an choinníll.

Cearta a bhí ann roimhe a chosaint.

[Nua]

73. —Más rud é, díreach roimh thosach feidhme an Achta um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Uimh. 2), 1978 , go raibh duine, maidir le haon talamh, ina dhuine lenar bhain alt 3 d'Acht 1967 nó go mba dhuine den sórt sin a bheadh ann dá seirbheálfadh sé fógra faoi alt 4 den Acht sin, is duine a bheidh ann, amhail ón tosach feidhme sin, lena mbaineann Cuid II den Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Uimh. 2), 1978 .

Léasanna ar feadh saolta a chomhshó ina bhfeo simplí.

[Nua]

74. —Duine a mbeidh teideal aige chun leasa i dtalamh ar teideal é chun an leasa sin a thionscain faoi léas ar feadh saolta is inathnuaite go suthain a bunaíodh roimh an lú lá de Lúnasa, 1849, agus nach ndearnadh a chomhshó ina dheontas feofheirme faoin Renewable Leasehold Conversion Act, 1849, déanfaidh sé, ó thosach feidhme an Achta seo, an talamh a theachtadh ar eastát i bhfeo simplí. Measfar gur greamacht ar an leas roimhe sin an t-eastát sin agus beidh sé faoi réir aon chearta nó cothromais a thiocfaidh as é bheith ina ghreamacht amhlaidh.

Tithe a dhíol ar íocadh deontais ligin ina leith le cumainn fóntais phoiblí.

[Nua]

75. —(1) Baineann an t-alt seo le teach a thóg cumann fóntais phoiblí de réir bhrí alt 2(1) d'Acht na dTithe, 1966 , agus ar tugadh deontas i leith na tógála sin faoi Achtanna na dTithe (Forálacha Airgeadais agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 go 1962, agus a bhfuil geallúint ar marthain, a thug an cumann fóntais phoiblí i gcomaoin an deontais, nach ndíolfaí an teach.

(2) Féadfaidh an tAire Comhshaoil (dá ngairtear an tAire san alt seo) a thoiliú a thabhairt teach lena mbaineann an t-alt seo a dhíol.

(3) I gcás ina dtugann an tAire a thoiliú teach lena mbaineann an t-alt seo a dhíol, ansin, d'ainneoin aon gheallúint den chineál a thuairiscítear i bhfo-alt (1) nó aon srianadh a mbeidh feidhm aige de bhua alt 121 d'Acht na dTithe, 1966 , féadfar an teach a dhíol agus oibreoidh an díol chun go ndílseoidh sé an t-áitreabh don cheannaitheoir agus é saortha agus urscaoilte ó aon gheallúint den sórt sin.

(4) Féadfaidh an tAire, maidir le teach lena mbaineann an t-alt seo a dhíol i gcás gur díol é a rinneadh roimh thosach feidhme an ailt seo, a thoiliú a thabhairt maidir leis an díol sin agus i gcás ina dtabharfaidh an tAire a thoiliú amhlaidh ní dhéanfaidh sé difear, agus measfar nach ndearna sé difear riamh, do bhailíocht an díola an díol a bheith déanta roimh thosach feidhme an ailt seo agus measfar an díol sin a bheith déanta chun gach críche de réir fho-alt (3).

(5) San alt seo ciallaíonn “deontas”, maidir le teach, deontas talún mar láithreán le haghaidh an tí sin nó deontas airgid i leith an tí sin nó deontas a thugtar go páirteach ar bhealach amháin den sórt sin agus go páirteach ar an mbealach eile sin.

Páirtí riachtanach sa ghníomhas, etc., a bheith faoi mhíchumas nó é d'fhaillí gníomhú.

[1931, a. 27 (e); 1958, a. 24 (3)-(6)]

76. —(1) San alt seo ciallaíonn “páirtí riachtanach” duine a gceanglaítear air faoin Acht seo léas nó tionóntacht a dheonú nó uamadh sa deonú sin agus tagraíonn “ceanglas” d'aon ní a cheanglaítear amhlaidh.

(2) Mura féidir le páirtí riachtanach mar gheall ar cháil mhuiníneach nó eastát teoranta a bheith aige nó mar gheall ar chúnaint shriantacha i léas nó i dtionóntacht faoina dteachtann sé, ceanglas a chomhlíonadh, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ó aon duine lena mbaineann, a chumhachtú dó sin a dhéanamh.

(3) Más naíon nó duine mímheabhrach páirtí riachtanach nó mura féidir teacht air nó má dhiúltaíonn nó má fhaillíonn sé léas nó tionóntacht a fhorghníomhú nó uamadh san fhorghníomhú sin, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ó aon duine lena mbaineann, oifigeach don Chúirt a cheapadh agus cumhacht a thabhairt dó an léas nó an tionóntacht a fhorghníomhú nó uamadh san fhorghníomhú sin thar ceann an pháirtí riachtanaigh.

(4) Más rud é, maidir le léas nó tionóntacht, nach eol nó nár cinntíodh cé hé an páirtí riachtanach, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ó aon duine lena mbaineann, aon duine atá ag fáil an chíosa i leith leas an iarratasóra san áitreabh, nó cibé duine eile is oiriúnach leis an gCúirt, a cheapadh chun bheith ina ionadaí ag an duine sin nach eol agus nár cinntíodh cé hé i ngach imeacht i ndáil leis an gcéanna agus féadfaidh sí oifigeach don Chúirt a cheapadh agus cumhacht a thabhairt dó an léas nó an tionóntacht a fhorghníomhú thar ceann an pháirtí riachtanaigh.

(5) Má cheaptar oifigeach don Chúirt faoi fho-alt (3) nó (4) chun léas nó tionóntacht a fhorghníomhú nó uamadh san fhorghníomhú sin féadfaidh an Chúirt a ordú go ndéanfar an cíos is iníoctha faoin léas nó faoin tionóntacht a íoc isteach sa Chúirt nó féadfaidh sí cibé ordú a dhéanamh nó cibé ordachán a thabhairt is oiriúnach léi i dtaobh íoc an chíosa.

(6) I gcás gan teacht a bheith ar dhuine ar a gceanglaítear fógra faoi aon fhoráil den Acht seo a sheirbheáil, ná cinntiú a bheith déanta air, measfar gur páirtí riachtanach chun críocha an ailt seo an duine sin agus beidh feidhm ag forálacha an ailt seo dá réir sin fara na modhnuithe is gá.

(7) Ní dhéanfar cumhacht a thugtar don Chúirt leis an alt seo a fheidhmiú maidir le coimircí cúirte ach amháin le cead ón gcúirt dar coimircí é.

Cearta ar marthain ar bhás duine.

[Nua]

77. —Ar bhás duine a bheidh tar éis aon cheart a éileamh faoin Acht seo féadfaidh a ionadaí pearsanta nó a chomharba i dteideal gníomhú ina áit maidir le gach uile ní a thiocfaidh as an éileamh.

Léas a fhoirceannadh trí eisiachtain nó athiontráil.

[Nua i bpt. 1958, aa. 20, 21; cf. 1931, a. 34]

78. —(1) I gcás ina bhfoirceannfar léas nó conradh eile tionóntachta (dá ngairtear an léas nó an conradh foirceanta san alt seo) roimh dhul in éag dó sa ghnáthshlí—

(a) ní dhéanfar léas nó conradh eile tionóntachta maidir le haon áitreabh a bheidh cuimsithe sa léas nó sa chonradh foirceanta, más léas nó conradh é lena mbaineann aon Chuid den Acht seo, is íosta ná an léas nó an conradh foirceanta, a fhoirceannadh leis an bhfoirceannadh;

(b) an duine a thiocfadh, mura mbeadh an fo-alt seo, chun teideal a bheith aige, de bhua fhoirceannadh an léasa nó an chonartha fhoirceanta, chun seilbh an áitribh, tiocfaidh sé chun bheith i dteideal na frithdhílse ar an íosléas nó ar an gconradh;

(c) tiocfaidh an duine sin, faoi réir fho-alt (2), chun bheith i dteideal shochar an chíosa a fhorchoimeádtar leis an íosléas nó leis an gconradh agus na gcúnant iontu agus glacfar leis chun críocha an Achta seo go mbeidh sé tar éis teacht chun bheith ina neasléasóir ar an áitreabh.

(2) An duine a theachtfaidh áitreabh faoi íosléas nó faoi chonradh eile tionóntachta lena mbaineann fo-alt (1) (a) déanfaidh sé, ó dháta foirceanta an léasa nó an chonartha fhoirceanta, an t-áitreabh a theachtadh ar cibé cíos acu seo a leanas is mó—

(a) an cíos a bheidh ar forchoimeád leis an íosléas nó leis an gconradh,

(b) cibé cuid den chíos a forchoimeádadh leis an léas nó leis an gconradh foirceanta agus is inchurtha go cóir i leith an áitribh.

Feidhm a bheith ag na Settled Land Acts.

[1931, a. 43; 1958, a.17]

79. —(1) Na cumhachtaí chun léasanna a dheonú a thugtar do thionónta saoil le halt 6 den Settled Land Act, 1882, baineann siad le haon léas nó tionóntacht a dheonú a cheanglaítear a dheonú faoin Acht seo.

(2) Féadfar airgead caipitil faoi na Settled Land Acts, 1882 go 1890, a úsáid—

(a) chun aon suim a íoc le duine i leith cúitimh nó damáiste arna dhámhachtain faoin Acht seo agus i leith aon chostas, muirear agus caiteachas maidir leis sin, nó

(b) chun aon airgead a caitheadh nó costais a tabhaíodh faoin Acht seo ag déanamh feabhsúcháin nó i ndáil leis an gcéanna a íoc, amhail i leith feabhsúchán a údaraítear leis na hAchtanna sin, nó

(c) chun aon chostais, muirir agus caiteachais a tabhaíodh i ndáil le hiarratas faoin Acht seo a íoc.

(3) Déanfar íoc cúitimh nó damáistí a dhámhfar faoin Acht seo a áireamh ar na críocha a bhféadfaidh tionónta saoil airgead a chruinniú faoina gcomhair faoi alt 18 den Settled Land Act, 1882.

(4) (a) I gcás duine a dhlífidh cúiteamh a íoc faoin Acht seo a bheith ina thionónta saoil nó é a bheith in ionad muiníneach, féadfaidh sé a iarraidh go ndéanfar an tsuim is iníoctha i leith cúitimh agus aon damáistí, costais, muirir agus caiteachais maidir leis sin a íoc as aon airgead caipitil a bheidh ar teachtadh ar na hiontaobhais chéanna leis an talamh socraithe.

(b) San fho-alt seo folaíonn “airgead caipitil” eastát pearsanta a bheidh ar teachtadh ar na hiontaobhais chéanna leis an talamh agus folaíonn “talamh socraithe” talamh a bheidh ar teachtadh ar iontaobhas i gcomhair díola.

Morgáistí,

[Nua i bpt. cf. 1958, a.8; 1967, a.24(1)]

80. —(1) Chun na gcríocha a bhaineann le forálacha an Achta seo a chur chun feidhme maidir le haon duine i ndáil le haon eastát nó leas i dtalamh a dheonú dó, ní thabharfar aird ar mhorgáiste a bheidh ar leas an duine sin.

(2) Más rud é, cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis é—

(a) go bhforghníomhóidh léasaí morgáiste tríd an talamh go léir nó cuid den talamh atá cuimsithe ina léas a fhofhorléasadh, ach frithdhílse ainmniúil ann a choinneáil, agus

(b) go ndéanfar an talamh atá cuimsithe san fhofhorléas a dhíol chun an morgáiste a chur i ngníomh,

measfar, chun críocha an Achta seo, go bhfuair an ceannaitheoir leas an léasaí sa talamh forléasaithe in aghaidh iomlán na coda gan chaitheamh de théarma an léasa, lena n-áirítear tréimhse na frithdhílse ainmniúla.

Luacháil ag an gCoimisinéir Luachála.

[1931, aa. 26 i bpt., 30; 1958 a. 22]

81. —(1) Féadfaidh an Chúirt a chur faoi deara, agus má iarrann aon pháirtí lena mbaineann uirthi é cuirfidh sí faoi deara, go gcuirfear iarratas chuig an gCoimisinéir Luachála chun luacháil, meastachán nó ráiteas a dhéanamh maidir le haon ábhar áirithe a bhainfidh le himeachtaí faoin Acht seo agus, chuige sin, féadfaidh sí na himeachtaí a chur ar atráth.

(2) Cuirfidh an Coimisinéir faoi deara air sin an luacháil, an meastachán nó an ráiteas sin a ullmhú agus a chur chun na Cúirte agus féadfaidh sé táille a ghearradh a ríomhfar de réir rialachán arna ndéanamh ag an Aire Airgeadais.

(3) Nuair a chuirfear iarratas chun an Choimisinéara faoin alt seo, tabharfaidh an Chúirt aird ar an luacháil, an meastachán nó an ráiteas a thabharfaidh an Coimisinéir.

(4) Beidh teideal ag aon pháirtí lena mbainfidh sé cóip a fháil ó Oifig na Cúirte Cuarda de luacháil, meastachán nó ráiteas a thabharfaidh an Coimisinéir faoin alt seo, ach íoc as de réir an ráta is inghearrtha faoin dlí de thuras na huaire i leith cóipeanna de dhoiciméid a fhaightear ón oifig.

(5) Is ar an bpáirtí sin nó ar na páirtithe sin, i cibé cionúireachtaí a ordóidh an Chúirt, a bheidh íoc na táille is iníoctha faoin alt seo agus íocfar an táille sin leis an gcláraitheoir contae agus íocfaidh seisean isteach sa Státchiste í nó cuirfidh sé chun tairbhe don Státchiste í i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

Fianaise faoi luacháil inrátaithe agus cionroinnt na luachála sin.

[1958, a.4(3)(b), (d)]

82. —(1) Má bhíonn sa deimhniú a bheidh sínithe ag an gCoimisinéir Luachála nó thar a cheann ar shliocht as an liosta luachála a eisíodh faoi alt 9 den Annual Revision of Rateable Property (Ireland) Amendment Act, 1860, ráiteas á rá gurb í an luacháil a luaitear sa sliocht an luacháil inrátaithe ar dháta a shonraítear sa deimhniú, beidh sin ina fhianaise ar an bhfíoras sin chun críocha an Achta seo.

(2) Mura mbeidh, ar dháta áirithe, luacháil inrátaithe ar leithligh ar thalamh, féadfaidh an Coimisinéir Luachála, chun críocha an Achta seo, luacháil nó luachálacha inrátaithe na maoine ina raibh an talamh cuimsithe ar an dáta sin a chionroinnt agus táille a ghearradh i leith na cionroinnte.

(3) Déanfar gach táille a ghearrfaidh an Coimisinéir Luachála faoin alt seo a chinneadh, tabharfar cuntas ina taobh agus úsáidfear í sa tslí chéanna ina ndéantar sin i gcás táillí a ghearrann an Coimisinéir faoi alt 9 den Annual Revision of Rateable Property (Ireland) Amendment Act, 1860.

Fadú ar na teorainneacha ama atá ceaptha leis an Acht seo.

[1931, a.45; 1958, aa. 13(4), 18(7) (a) i bpt.]

83. —Má fhaillíonn duine aon ghníomh nó ní a dhéanamh sa tréimhse ama dá bhforáiltear leis an Acht seo nó faoi, féadfaidh an Chúirt, ar cibé téarmaí is cuí léi (agus déanfaidh sí sin mura deimhin léi gurb éagóir a bheadh ann) an tréimhse ama a fhadú má léirítear gur míchumas, dearmad, asláithreacht ón Stát, neamhábaltacht chun an fhaisnéis ba ghá a fháil nó aon chúis réasúnach eile ba shiocair leis an bhfaillí.

Fógraí ag éileamh faisnéise.

[1931, a.40; 1958, a. 13 i bpt.]

84. —(1) Duine a bheidh ag lorg aon eastát nó leas in aon áitreabh faoin Acht seo féadfaidh sé, d'fhonn a áirithiú go n-uamfaidh na páirtithe riachtanacha go léir sa deonú, fógra san fhoirm fhorordaithe a sheirbheáil ar a neasléasóir ag éileamh faisnéise maidir le cineál agus ré fhrithdhílse an léasóra sin agus ainm agus seoladh an duine ag a mbeidh teideal de thuras na huaire chun an uasleasa is neasa agus féadfaidh sé freisin fógra dá shamhail a sheirbheáil ar gach duine eile ag a mbeidh uasleas.

(2) I gcás gan teacht a bheith ar dhuine ar a bhfuil fógra le seirbheáil faoi fho-alt (1) ná cinntiú a bheith déanta air, féadfar fógra san fhoirm fhorordaithe a sheirbheáil ar an duine a bheidh ag fáil an chíosa don áitreabh ag éileamh ainm agus seoladh an duine lena n-íocann an duine ar a seirbheálfar an fógra an cíos agus ag éileamh aon fhaisnéise eile is gá le réasún chun na críche a shonraítear i bhfo-alt (1).

(3) Beidh de dhualgas ar dhuine ar a seirbheálfar fógra faoin alt seo cibé faisnéis a éileofar atá ina sheilbh nó ar fáil aige a sholáthar nó a chur ar aghaidh i scríbhinn laistigh de mhí ó dháta na seirbheála.

(4) Má sheirbheálann duine fógra faoin alt seo agus má dhiúltaíonn nó má fhaillíonn an duine ar a seirbheálfar é an fhaisnéis a éilítear leis an alt seo a sholáthar, féadfaidh an duine a sheirbheáil an fógra iarratas a chur chun na Cúirte agus féadfaidh an Chúirt cibé ordú a dhéanamh is gá de réir ceartais d'fhonn tabhairt ar an duine ar ar seirbheáladh an fógra an fhaisnéis a sholáthar.

Conarthaí ar neamhní.

[1931, a. 42]

85. —Is neamhní don mhéid sin d'aon chonradh, cibé acu is roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis a rinneadh é, a fhorálann nach mbeidh feidhm maidir le duine ag aon fhoráil de chuid an Achta seo nó go ndéanfar feidhm aon fhorála den sórt sin a athrú, a mhodhnú nó a shrianadh ar bhealach ar bith maidir le duine.

Ceart chun iontráil agus iniúchadh a dhéanamh.

[1931, a.41]

86. —Má sheirbheáiltear fógra feabhsúcháin nó fógra go bhfuiltear chun faoiseamh a éileamh faoi Chuid II nó IV, beidh teideal ag an tiarna talún agus ag gach uastiarna talún ar a seirbheálfar an fógra nó cóip de faoin Acht seo, agus ag gach duine a bheidh údaraithe ag an tiarna talún nó ag aon uastiarna talún den sórt sin, iontráil gach tráth réasúnta san áitreabh agus cibé iniúchadh agus scrúdú a dhéanamh agus cibé toisí a thógáil ann is gá nó is ceart chun go gcinnfidh an tiarna talún nó an t-uastiarna talún (cibé acu é) cad a dhéanfaidh sé i dtaobh an fhógra.

Costas deisiúchán a fhritháireamh i gcoinne cíosa.

[1931, a. 61]

87. —(1) Má dhiúltaíonn nó má fhaillíonn tiarna talún deisiúcháin a dhéanamh ar thionóntán a bheidh de cheangal air, de réir cúnaint nó ar aon slí eile de réir dlí, a dhéanamh agus ar deisiúcháin iad a d'iarr an tionónta air a dhéanamh agus má dhéanann an tionónta na deisiúcháin ar a chostas féin, féadfaidh an tionónta an caiteachas a fhritháireamh i gcoinne aon ghála nó gálaí cíosa dá éis sin go dtí go mbeidh sé aisíoctha.

(2) Má dhéantar fritháireamh faoin alt seo i gcoinne iomlán an ghála cíosa nó i gcoinne coda de, beidh de cheangal ar an tiarna talún a bheidh i dteideal an cíos a fháil, ar fhianaise a fháil dó ar mhéid an chaiteachais a fritháiríodh amhlaidh, admháil a thabhairt ar an ngála cíosa de shamhail na hadmhála a bheadh de cheangal air a thabhairt uaidh dá mba in airgead a d'íocfaí an gála nó cuid den ghála.

Fógraí a sheirbheáil.

[1931, a 63; 1967, a.23]

88. —(1) Féadfar fógra nó doiciméad eile faoin Acht seo a sheirbheáil leis an bpost agus, más mar sin a sheirbheálfar é, is leis an bpost cláraithe a sheirbheálfar é.

(2) Aon fhógra nó doiciméad eile a cheanglaítear nó a údaraítear leis an Acht seo a bheith le seirbheáil ag léasaí ar a léasóir féadfar é a sheirbheáil amhlaidh trína chur leis an bpost cláraithe faoi sheoladh an duine ar leis a íocann an léasaí cíos an áitribh lena mbaineann an fógra nó an doiciméad ag an áit a n-íocann sé an cíos nó ar chuige a chuireann sé an cíos.

(3) Aon fhógra nó doiciméad eile a cheanglaítear nó a údaraítear leis an Acht seo a sheirbheáil ar léasaí, féadfar é a sheirbheáil amhlaidh trína chur leis an bpost cláraithe faoi sheoladh an léasaí ag an áitreabh lena mbaineann an fógra nó an doiciméad.

(4) Má sheirbheáiltear fógra nó doiciméad eile faoin Acht seo thar ceann duine, measfar, chun críocha an Achta seo, gurb é an duine féin a sheirbheáil an fógra nó an doiciméad.