An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V Dleachtanna Stampa) Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL Leasú ar Achtacháin)

14 1980

AN tACHT AIRGEADAIS, 1980

CUID VI

Ilghnéitheach

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

88. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 ;

ciallaíonn “alt leasaitheach 1979” alt 57 den Acht Airgeadais, 1979 ;

ciallaíonn “an tríochadú blianacht bhreise” an tsuim a mhuirearaítear ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4) den alt seo;

tá le “an tAire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt.

(2) Maidir leis na naoi mbliana airgeadais is fiche comhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1980, beidh éifeacht le fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1979 ach “£18,018,754” a chur in ionad “£18,381,262”.

(3) Beidh éifeacht le fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1979 ach “£11,374,372” a chur in ionad “£11,832,415”.

(4) Déanfar suim £20,397,734 chun fuascailt a dhéanamh ar iasachtaí, agus ús ar na hiasachtaí sin, i leith seirbhísí caipitiúla, a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais chomhleanúnach dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1980.

(5) Déanfar an tríochadú blianacht bhreise a íoc isteach sa Chuntas ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire.

(6) Feádfar aon mhéid den tríochadú blianacht bhreise, nach mó ná £13,130,462 in aon bhliain airgeadais áirithe, a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc.

(7) Déanfar iarmhéid an tríochadú blianacht bhreise a úsáid in aon cheann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.

Leasú ar alt 47 (na Coimisinéirí Ioncaim do nochtadh faisnéise áirithe do dhaoine áirithe) den Acht Airgeadais, 1978 .

89. —Leasaítear leis seo alt 47 den Acht Airgeadais, 1978 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Baineann an t-alt seo le haon mhuirear a fhorchuirtear ar airgead poiblí, is muirear le haghaidh faoisimh faoi na hAchtanna um Rátaí ar Thalamh Talmhaíochta (Faoiseamh), 1939 go 1978, agus aon achtachán dá éis sin, a bhféadfar na hAchtanna sin a lua ina theannta.”.

Méadú ar na dleachtanna máil ar cheadúnais d'fheithiclí inneallghluaiste.

90. —(1) Leasaítear leis seo alt 94 den Acht Airgeadais, 1973

(a) trí “£5” a chur in ionad “£1” i mír (a) d'fho-alt (2), agus

(b) trí “£10” a chur in ionad “£5” i mír (b) d'fho-alt (2).

(2) Beidh éifeacht leis an alt seo—

(a) maidir le ceadúnais faoi alt 1 den Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , a bhainfear amach in aghaidh tréimhsí dar tosach an lú lá d'Aibreán, 1980, nó aon lá dá éis, i leith feithiclí sonraithe (de réir bhrí an ailt sin 94), agus

(b) maidir le feithiclí inneallghluaiste eile lena mbaineann an t-alt sin 94 agus a mbainfear ceadúnais amach ina leith faoin alt sin 1 in aghaidh tréimhsí dar tosach an lú lá sin d'Aibreán, 1980, nó aon lá dá éis.

Leasú ar an Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 .

91. —Leasaítear leis seo an tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952

(a) maidir le ceadúnais faoin Acht sin in aghaidh tréimhsí dar tosach an lú lá d'Aibreán, 1980, nó aon lá dá éis—

(i) in alt 1 (2) (b), trí “£10 nó níos lú” a chur in ionad “chúig phunt nó níos lú” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1966 ) agus

(ii) i mír 4 de Chuid I den Sceideal—

(I)  trí “£10” a chur in ionad “25p” i bhfomhír (a),

(II) trí “£10” a chur in ionad “£1” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1973 ) i bhfomhír (b),

(III) trí “£10” a chur in ionad “£5” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1973 ) i bhfomhír (c), agus

(b) le héifeacht amhail ar an agus ón lú lá d'Aibreán, 1980, trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (a) agus (b) in alt 4(IA) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1961 ):

“(a) trí phunt más bliain tréimhse an cheadúnais, agus

(b) trí phunt in aghaidh gach bliain de thréimhse an cheadúnais más dhá bhliain nó níos mó an tréimhse sin.”.

Méadú ar na dleachtanna máil ar cheadúnais fheithiclí trádála.

92. —Beidh éifeacht le halt 15 (2) den Finance Act, 1922, arna chur chun feidhme le halt 3 den Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , agus d'ainneoin téarmaí an ailt deiridh sin, maidir le ceadúnais lena mbaineann an t-alt sin 15 (2) a bhainfear amach an lú lá d'Eanáir, 1981, nó dá éis, ionann is dá gcuirfí—

(a) “£100” in ionad “thirty-seven pounds ten shillings” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 a dúradh) i mír (a),

(b) “£20” in ionad “seven pounds ten shillings” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 a dúradh) i míreanna (a) agus (b), agus

(c) “£4” a chur in ionad “one pound ten shillings” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 a dúradh) i mír (b).

Ús ar dhleachtanna báis.

93. —(1) D'ainneoin alt 18 den Finance Act, 1896, alt 9 den Finance Act, 1912, alt 30 den Finance Act, 1919, nó alt 32 den Acht Airgeadais, 1971 , beidh ús simplí de réir 15 faoin gcéad sa bhliain, gan cáin ioncaim a asbhaint, iníoctha ar aon dleachtanna báis a bheidh gan íoc tar éis dáta an Achta seo a rith:

Ar choinníoll, in aon chás ina mbeidh na dleachtanna sin á n-íoc ina dtráthchodanna, gur de réir 9 faoin gcéad sa bhliain a bheidh an t-ús sin iníoctha orthu in ionad an ráta réamhráite.

(2) Forléireofar an t-alt seo i dteannta an Finance Act, 1894, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

Aisghairm.

94. —Déantar leis seo gach achtachán a shonraítear i gcolún (2) den Ochtú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin.

Cúram agus bainistí cánacha agus dleachtanna.

95. —Déantar leis seo na cánacha agus na dleachtanna go léir a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

96. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1980 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar Cuid I den Acht seo (a mhéid a bhaineann le cáin ioncaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus (a mhéid a bhaineann le cáin chorparáide) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide agus (a mhéid a bhaineann le cáin ghnóchan caipitiúil) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil.

(3) Déanfar Cuid II den Acht seo, a mhéid a bhaineann sí le custaim, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam, agus déanfar an Chuid sin II, a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna máil, a fhorléiriú i dteannta na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin.

(4) Forléireofar Cuid III den Acht seo i dteannta na nAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1979, agus féadfar na hAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1980, a ghairm díobh le chéile.

(5) Forléireofar Cuid IV den Acht seo i dteannta an Achta um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 , agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

(6) Forléireofar Cuid V den Acht seo i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

(7) Measfar gur tháinig Cuid I agus alt 89 den Acht seo i bhfeidhm agus glacfaidh siad éifeacht, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite iontu, amháil ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1980.

(8) Ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo, nó faoi.