An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT AIRGEADAIS, 1980) Ar Aghaidh (Caibidil II Cánachas ar Dhaoine Pósta)

14 1980

AN tACHT AIRGEADAIS, 1980

CUID I

Cáin Ioncaim, Forcháin, Cáin Acmhainne, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan CAIPITIÚIL

Caibidil I

Cáin Ioncaim

Díolúine ó cháin ioncaim.

1. —(1) Más rud é, maidir leis an mbliain 1980-81, nó aon bhliain mheasúnachta dá éis sin—

(a) go ndéanfaidh pearsa aonair éileamh chuige sin, go dtabharfaidh sé tuairisceán san fhoirm fhorordaithe ar a ioncam iomlán don bhliain sin agus go gcruthóidh sé nach mó é ná an méid sonraithe, beidh teideal aige chun díolúine ó cháin ioncaim, nó

(b) go ndéanfaidh pearsa aonair éileamh chuige sin, go dtabharfaidh sé tuairisceán san fhoirm fhorordaithe ar a ioncam iomlán don bhliain sin agus go gcruthóidh sé nach mó é ná £5,000, beidh teideal aige go ndéanfaí an méid cánach ioncaim is iníoctha i leith a ioncaim iomláin don bhliain sin dá mba mhó an méid sin, mura mbeadh forálacha an fho-ailt seo, ná suim is ionann agus 60 faoin gcéad den mhéid ar mó a ioncam iomlán ná an méid sonraithe, a laghdú go dtí an tsuim sin.

(2) San alt seo ciallaíonn “an méid sonraithe”—

(a) i gcás ina mbeadh teideal ag an bpearsa aonair, ar leith ón alt seo, chun asbhainte a shonraítear in alt 138 (a) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , £3,400, agus

(b) in aon chás eile, £1,700.

Díolúine aoise.

2. —(1) Baineann an t-alt seo, don bhliain 1980-81 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin, le pearsa aonair a dhéanfaidh éileamh chuige sin, a thabharfaidh tuairisceán san fhoirm fhorordaithe ar a ioncam iomlán don bhliain sin agus a chruthóidh go raibh sé féin nó, i gcás a mbeadh an phearsa aonair, ar leith ón alt seo, i dteideal asbhainte a shonraítear in alt 138 (a) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a chéile, tráth éigin i rith na bliana measúnachta, cúig bliana is seasca d'aois nó os a chionn.

(2) I gcás ina gcruthóidh pearsa aonair lena mbaineann an t-alt seo nach mó a ioncam iomlán do bhliain mheasúnachta lena mbaineann an t-alt seo ná an méid sonraithe, beidh teideal aige chun díolúine ó cháin ioncaim don bhliain sin.

(3) I gcás ina gcruthóidh pearsa aonair lena mbaineann an t-alt seo nach mó ná £10,000 a ioncam iomlán do bhliain mheasúnachta lena mbaineann an t-alt seo, beidh teideal aige go ndéanfaí an méid cánach ioncaim is iníoctha i leith a ioncaim iomláin don bhliain sin, dá mba mhó an méid sin, mura mbeadh forálacha an fho-ailt seo, ná suim is ionann agus 60 faoin gcéad den mhéid ar mó a ioncam iomlán ná an méid sonraithe, a laghdú go dtí an tsuim sin.

(4) Beidh feidhm i ndáil le díolúine ó cháin, nó le haon laghdú ar cháin, faoin alt seo nó faoi alt 1 ag na forálacha sin go léir de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhfuil feidhm acu i ndáil leis na hasbhaintí a shonraítear in ailt 138 go 143 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(5) Ní bheidh feidhm ná éifeacht le halt 7 den Acht Airgeadais, 1977 , i ndáil leis an mbliain 1980-81 ná le haon bhliain mheasúnachta dá éis sin.

(6) San alt seo ciallaíonn “an méid sonraithe”—

(a) i gcás ina mbeadh teideal ag an bpearsa aonair, ar leith ón alt seo, chun asbhainte a shonraítear i mír (a) den alt sin 138, £4,000:

Ar choinníoll, má bhí an phearsa aonair nó a chéile cúig bliana is seachtó d'aois nó os a chionn tráth ar bith i rith na bliana measúnachta, go gciallaíonn “an méid sonraithe” £5,000;

(b) in aon chás eile, £2,000:

Ar choinníoll, má bhí an phearsa aonair cúig bliana is seachtó d'aois nó os a chionn tráth ar bith i rith na bliana measúnachta, go gciallaíonn “an méid sonraithe” £2,500.

(7) San alt seo agus in alt 1 tá le “ioncam iomlán” an bhrí chéanna atá leis in alt 1 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ach folaíonn sé ioncam a eascraíonn lasmuigh den Stát nach bhfuil inchurtha faoi cháin.

Leasú ar Chuid VI (idirdhealú agus céimniú cánach trí fhaoisimh) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

3. —Maidir leis an mbliain 1980-81 agus blianta measúnachta dá éis sin, leasaítear leis seo Cuid VI den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí na hailt seo a leanas a chur in ionad ailt 138 agus 138A:

“Liúntais phearsanta.

138.—Is iad na hasbhaintí a shonraítear san alt seo chun méid ioncaim inchánach (de réir bhrí alt 137) pearsan aonair do bhliain mheasúnachta a fhionnadh—

(a) i gcás ar fearchéile an t-éilitheoir—

(i) a mheasúnaítear i leith cánach don bhliain mheasúnachta de réir fhorálacha alt 194, nó

(ii) a chruthóidh nach gcónaíonn a bhanchéile leis ach go bhfuil sí á cothabháil go hiomlán nó go formhór aige don bhliain mheasúnachta agus nach bhfuil sé i dteideal, le linn a ioncam a ríomh chun críocha cánach don bhliain sin, aon asbhaint a dhéanamh i leith na suimeanna a d'íoc sé chun a bhanchéile a chothabháil,

asbhaint £2,230:

Ar choinníoll, dá mbeadh an fearchéile i dteideal, mura mbeadh an coinníoll seo, asbhaint £2,230 faoin bhforáil sin roimhe seo, go mbeidh teideal aige, má chruthaíonn sé gur sa bhliain mheasúnachta sin a pósadh é, chun asbhaint £2,345 in ionad asbhaint £2,230,

(b) i gcás arb éard é an t-éilitheoir sa bhliain mheasúnachta—

(i) baintreach fir nó mná, asbhaint £1,185, nó

(ii) baintreach mná ar sa bhliain mheasúnachta sin a d'éag a fearchéile, asbhaint £2,230, agus

(c) in aon chás eile, asbhaint £1,115.

Liúntas breise do bhaintreacha agus do dhaoine eile maidir le leanaí.

138A.—Má chruthaíonn an t-éilitheoir maidir le haon bhliain mheasúnachta—

(a) gur duine é nach bhfuil teideal aige chun asbhainte a luaitear i mír (a) nó i mír (b) (ii) d'alt 138, agus

(b) go bhfuil teideal aige, don bhliain mheasúnachta sin, chun asbhainte faoi alt 141 maidir le leanbh a chónaíonn leis,

beidh sé i dteideal asbhaint £500:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an alt seo maidir le haon bhliain mheasúnachta i gcás fearchéile nó banchéile má chónaíonn an banchéile lena fearchéile.

Liúntas fostaí.

138B.—(1) Más rud é, maidir le haon bhliain mheasúnachta, go gcruthóidh an t-éilitheoir gur díolaíochtaí a ioncam iomlán don bhliain nó gur cuid den ioncam sin díolaíochtaí (lena n-áiritear, i gcás ar fearchéile an t-éilitheoir a mheasúnaítear i leith cánach de réir fhorálacha alt 194, aon díolaíochtaí de chuid a bhanchéile a meastar leis an alt sin gur ioncam dá chuidsean iad chun na gcríocha dá dtagraítear san alt sin)—

(a) déanfar asbhaint £400 as an méid sin, más ann, de na díolaíochtaí (ach, i gcás ar fearchéile an t-éilitheoir a mheasúnaítear mar a dúradh, gan díolaíochtaí, más ann, de chuid a bhanchéile a áireamh) a eascraíonn chuig an éilitheoir, agus

(b) i gcás ar fearchéile an t-éilitheoir a mheasúnaítear mar a dúradh, déanfar asbhaint £400 as an méid sin, más ann, de na díolaíochtaí a eascraíonn chuig a bhanchéile.

(2) San alt seo—

ciallaíonn “díolaíochtaí” díolaíochtaí lena mbaineann Caibidil IV de Chuid V, nó a gcuirtear an Chaibidil sin IV i mbaint leo, ach ní fholaíonn sé—

(a) díolaíochtaí a íocadh, go díreach nó go neamhdhíreach, ag comhlacht corpraithe (nó ag aon duine a measfaí baint a bheith aige le comhlacht corpraithe chun críocha Chuid IV den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 ) le stiúrthóir dílseánach an chomhlachta chorpraithe nó le céile stiúrthóra dhílseánaigh den sórt sin nó le leanbh dá chuid, agus

(b) díolaíochtaí a íocadh, go díreach nó go neamhdhíreach, ag pearsa aonair (nó ag comhpháirtíocht ar páirtí inti an phearsa aonair) le céile na pearsan aonair nó le leanbh dá chuid;

tá le “stiúrthóir dílseánach” an bhrí a shanntar dó le halt 226 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .”.

Faoisimh phearsanta.

4. —(1) I gcás ina mbeidh asbhaint le déanamh as ioncam iomlán pearsan aonair don bhliain 1980-81 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin i leith faoiseamh a mbeidh an phearsa aonair ina theideal faoi fhoráil a luaitear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo agus gur mhéid a shonraítear i gcolún (2) den Tábla sin méid na hasbhainte mura mbeadh an t-alt seo, is é méid na hasbhainte, in ionad an mhéid a shonraítear sa cholún sin (2), an méid a shonraítear i gcolún (3) den Tábla sin os coinne lua an mhéid sin sa cholún sin (2).

AN TÁBLA

An fhoráil reachtúil

An méid a bheidh le baint as ioncam iomlán do 1979-80

An méid a bheidh le baint as ioncam iomlán do 1980-81 agus do bhlianta dá éis sin.

(1)

(2)

(3)

An tAcht Cánach Ioncaim, 1967 :

alt 138A

£

£

(liúntas breise do bhaintreacha agus do dhaoine eile maidir le leanaí)

250

500

alt 141

 

 

(leanbh)

...

...

...

218

195

(leanbh éagumasaithe)

320

390

An tAcht Airgeadais, 1969 :

 

 

alt 3

 

 

(bean tí ag tabhairt aire do

 

 

dhuine éagumasaithe)

...

165

330

An tAcht Airgeadais, 1971 :

 

 

alt 11

 

 

(dall)

...

...

...

165

330

(an dá chéile dall)

...

330

660

(2) Beidh éifeacht le halt 6 den Acht Airgeadais, 1974 , agus le halt 3 den Acht Airgeadais, 1979 , faoi réir fhorálacha an ailt seo.

(3) Beidh éifeacht le Cuid I den Chéad Sceideal chun fo-alt (1) a fhorlíonadh.

Leasú ar na forálacha a bhaineann le faoiseamh do dhaill.

5. —Leasaítear leis seo alt 11 den Acht Airgeadais, 1971

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (2) agus (3):

“(2) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, aon phearsa aonair a dhéanfaidh éileamh chuige sin, a thabharfaidh tuairisceán san fhoirm fhorordaithe ar a ioncam iomlán agus a chruthóidh, sa tslí a fhorordaítear leis na hAchtanna Cánach Ioncaim—

(a) gur dhall é an bhliain mheasúnachta go léir nó aon chuid di, nó

(b) go measúnaítear é i leith cánach don bhliain de réir fhorálacha alt 194 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus gur dhall a bhanchéile an bhliain go léir nó aon chuid di,

beidh sé, le linn méid a ioncaim inchánach a bheith á ríomh, i dteideal go ndéanfaí asbhaint £330 as a ioncam iomlán:

Ar choinníoll, i gcás ina mbeidh feidhm ag mír (b) agus go gcruthóidh an t-éilitheoir thairis sin gur dhall é an bhliain sin go léir nó aon chuid di, go mbeidh sé i dteideal asbhaint £660 in ionad asbhaint £330.”,

agus

(b) trí fho-ailt (6) agus (8) a scriosadh.

Faoiseamh i leith préimheanna árachais saoil agus íocaíochtaí áirithe eile.

6. —(1) Leasaítear leis seo alt 143 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 :

(a) trí “a chéile” a chur in ionad “a bhanchéile” i mír (b) d'fho-alt (2),

(b) trí “, i gcás ina measúnaítear an fearchéile i leith cánach de réir fhorálacha alt 194,” a chur isteach i ndiaidh “an asbhaint chéanna” i bhfo-alt (6),

agus tá an mhír sin (b) agus an fo-alt sin (6), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(b) gur ar shaol an éilitheora nó ar shaol a chéile atá an t-árachas, nó, cibé acu é, an bhlianacht iarchurtha, tógtha amach; agus

(6) I gcás ina n-íocfaidh banchéile préimh as a hioncam féin ar leithligh i leith árachais ar a saol féin nó ar shaol a fearchéile, nó i leith conartha le haghaidh blianachta iarchurtha ar a saol féin nó ar shaol a fearchéile, déanfar an asbhaint chéanna, i gcás ina measúnaítear an fearchéile i leith cánach de réir fhorálacha alt 194, agus dhéanfaí dá mba é a bhí sa phréimh, préimh a d'íoc a fearchéile i leith árachais ar a shaol féin nó i leith conartha le haghaidh blianachta iarchurtha ar a shaol féin, agus beidh éifeacht dá réir sin ag an alt seo.

(2) Leasaítear leis seo alt 152 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur leis:

“Ar choinníoll freisin, i gcás ar fearchéile an t-éilitheoir a mheasúnaítear i leith cánach de réir fhorálacha alt 194, go mbeidh éifeacht leis an bhfo-alt seo ionann is dá gcuirfí ‘£2,000’ in ionad ‘£1,000’.”.

Leasú ar na forálacha a bhaineann le faoiseamh i leith úis.

7. —(1) Leasaítear leis seo alt 496 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) I ndáil le haon ús a íocfar i leith aon tréimhse dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1980, nó aon lá dá éis, d'ainneoin fhorálacha fho-alt (1), ní dhéanfar aon aisíoc cánach faoin alt seo in aghaidh aon bhliain mheasúnachta—

(a) i gcás fearchéile, a mheasúnaítear i leith cánach don bhliain mheasúnachta de réir fhorálacha alt 194, ar bhreis an úis ar £4,800,

(b) i gcás baintreach fir nó mná, ar bhreis an úis ar £3,500, nó

(c) in aon chás eile, ar bhreis an úis ar £2,400.”;

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) I gcás, maidir le hús a íocadh i leith aon tréimhse dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1980, nó aon lá dá éis, ina n-éileoidh duine faoiseamh de bhua breis agus foráil amháin díobh seo a leanas, is é sin le rá, an t-alt seo, alt 76 (1) (c) agus mír 1 (2) de Chuid III de Sceideal 6, ní thabharfar faoiseamh don duine sin i leith na coda (más ann) de mhéid comhiomlán an úis a d'íoc sé is mó ná an méid iomchuí a shonraítear i bhfo-alt (2A) i ndáil leis an mbliain mheasúnachta 1980-81 agus blianta measúnachta dá éis sin.”:

agus

(c) i bhfo-alt (4), trí “fho-ailt (2) agus (2A)” a chur in ionad “fho-ailt (2)”.

(2) Maidir le hús bliantúil i leith aon tréimhse dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1980, nó aon lá dá éis, ní bheidh feidhm ag alt 76 (1) (c) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ná ag mír 1 (2) de Chuid III de Sceideal 6 a ghabhann leis an Acht sin, d'aon bhliain mheasúnachta—

(a) i gcás fearchéile a mheasúnaítear i leith cánach don bhliain mheasúnachta sin de réir fhorálacha alt 194 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir le breis an úis ar an méid a shonraítear i mír (a) d'alt 496 (2A) den Acht sin,

(b) i gcás baintreach fir nó mná, maidir le breis an úis ar an méid a shonraítear i mír (b) den alt sin 496 (2A), nó

(c) in aon chás eile, maidir le breis an úis ar an méid a shonraítear i mír (c) den alt sin 496 (2A).

(3)  (a) Leasaítear leis seo alt 38 den Acht Airgeadais, 1974

(i) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Maidir le daoine bainteacha, glacfar gurb é atá sa tagairt in alt 496 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus in ailt 44 agus 52 d'aon suim, tagairt i gcás gach duine den sórt sin, don chomhréir den tsuim sin atá idir an t-ús a d'íoc an duine sin agus comhiomlán an úis a d'íoc na daoine bainteacha go léir.”

agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad “1968.” i bhfo-alt (2):

“1968:

Ar choinníoll, i gcás ina measúnaítear fearchéile agus banchéile i leith cánach ioncaim do bhliain mheasúnachta de réir fhorálacha alt 193 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nach daoine bainteacha iad chun críocha an fho-ailt seo don bhliain mheasúnachta sin.”.

(b) Beidh éifeacht le halt 9 den Acht Airgeadais, 1979 , don bhliain 1980-81 agus do bhlianta measúnachta dá éis sin ionann is dá scriosfaí mír (b) sa Tábla.

(4) Leasaítear leis seo alt 10 den Acht Airgeadais, 1979 , maidir leis an mbliain 1980-81 agus le blianta measúnachta dá éis sin, tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “A” i bhfo-alt (2):

“arb é A—

(i)  i gcás fearchéile a mheasúnaítear i leith cánach de réir fhorálacha alt 194 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , £4,800,

(ii)  i gcás baintreach fir nó mná, £3,500, nó

(iii) in aon chás eile, £2,400.”.

Cáin ioncaim a mhuirearú don bhliain 1980-81 agus blianta dá éis sin.

8. —I gcás inar pearsa aonair (seachas pearsa aonair a bheidh ag gníomhú i gcáil mhuiníneach nó ionadaíoch) duine ar a muirearófar cáin ioncaim don bhliain 1980-81 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin, déanfar, d'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cánach Ioncaim ach faoi réir alt 5 (3) den Acht Airgeadais, 1974 , cáin a mhuirearú air ar a ioncam inchánach—

(a) i gcás ina measúnaítear é i leith cánach seachas de réir fhorálacha alt 194 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , de réir na rátaí a shonraítear i gCuid I den Tábla a ghabhann leis an alt seo, nó

(b) i gcás ina measúnaítear é i leith cánach de réir fhorálacha alt 194, de réir na rátaí a shonraítear i gCuid II den Tábla sin,

agus tabharfar, faoi seach,

(i) ar gach ceann den chéad dá ráta i ngach Cuid den Tábla sin, agus

(ii) ar na rátaí eile i ngach Cuid den Tábla sin an tuairisc a shonraítear i gcolún (3), i ngach Cuid den Tábla os coinne lua an ráta nó na rátaí, de réir mar bheidh, i gcolún (2) den Chuid sin.

AN TÁBLA

CUID I

An chuid den ioncam inchánach

An ráta cánach

Tuairisc an ráta

(1)

(2)

(3)

An chéad £1,000

...

...

...

25 faoin gcéad

an ráta laghdaithe

An chéad £4,000 eile

...

...

35 faoin gcéad

an ráta caighdeánach

An chéad £2,000 eile

...

...

45 faoin gcéad

na hard-rátaí

An chéad £2,000 eile

...

...

55 faoin gcéad

An fuílleach

...

...

...

60 faoin gcéad

CUID II

An chuid den ioncam inchánach

An ráta cánach

Tuairisc an ráta

(1)

(2)

(3)

An chéad £2,000

...

...

...

25 faoin gcéad

an ráta laghdaithe

An chéad £8,000 eile

...

...

35 faoin gcéad

an ráta caighdeánach

An chéad £4,000 eile

...

...

45 faoin gcéad

na hard-rátaí

An chéad £4,000 eile

...

...

55 faoin gcéad

An fuílleach

...

...

...

60 faoin gcéad

Leasú ar alt 3 (“na hAchtanna Cánach Ioncaim”) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

9. —Leasaítear leis seo alt 3 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “San Acht seo agus in achtachán ar bith” a chur in ionad “In achtachán ar bith” agus tá an t-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

3. San Acht seo agus in achtachán ar bith a rithfear tar éis an Achta seo ciallóidh “na hAchtanna Cánach Ioncaim” an tAcht seo agus gach achtachán eile a bhaineann le cáin ioncaim.

Leasú ar alt 115 (díolúintí agus faoisimh i leith cánach ar íocaíochtaí áirithe ar dhuine d'éirí, nó a dhíchur, as oifig nó fostaíocht) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

10. —(1) Leasaítear leis seo alt 115 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionád fho-alt (2):

“(2) Ní mhuirearófar cáin de bhua alt 114 i leith íocaíochta i leith oifige nó fostaíochta inar fholaigh seirbhís an tsealbhóra seirbhís choigríche má b’éard í an tseirbhís choigríche—

(a) in aon chás, trí cheathrú cuid den tréimhse iomlán seirbhíse anuas go dtí an dáta iomchuí, nó

(b) i gcás inar mhó ná deich mbliana an tréimhse seirbhíse anuas go dtí an dáta iomchuí, iomlán na ndeich mbliana deiridh, nó

(c) i gcás inar mhó ná fiche bliain an tréimhse seirbhíse anuas go dtí an dáta iomchuí, leath na tréimhse sin lena n-áirítear aon deich gcinn den fhiche bliain deiridh.”,

(b) trí “£,6000” a chur in ionad “£3,000” sa dá áit ina bhfuil sé i bhfo-alt (3),

(c) trí “, ‘íocaíocht chúitimh mar gheall ar chailliúint oifige”’ i bhfo-alt (7) a scriosadh,

agus tá na fo-ailt sin (3) agus (7), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

(2) Cuirfear an Sceideal atá leagtha amach i gCuid II den Chéad Sceideal in ionad Sceideal 3 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

AN TÁBLA

(3) Ní mhuirearófar cáin de bhua alt 114 i leith íocaíocht nach mó ná £6,000, agus i gcás íocaíochta de bhreis ar an méid sin ní mhuirearófar í ach i leith na breise:

Ar choinníoll, i gcás ina ndéanfar dhá íocaíocht nó níos mó a mbeidh cáin inmhuirir ina leith de bhua an ailt seo, nó a mbeadh cáin inmhuirir ina leith ar leithligh ó na forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo, leis an duine céanna nó i leith an duine chéanna i leith na hoifige nó na fostaíochta céanna, nó i leith oifigí nó fostaíochtaí éagsúla faoin bhfostóir céanna nó faoi fhostóirí comhpháirte, go mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo amhail agus dá mba aon íocaíocht amháin de mhéid ab ionann agus an méid comhiomlán sin na híocaíochtaí sin; agus go ndéanfar méid aon íocaíochta ar leith ar arb inmhuirir cáin a chinneadh mar a leanas, is é sin le rá—

(a) i gcás ina n-áireofar na híocaíochtaí mar ioncam do bhlianta measúnachta éagsúla, bainfear an tsuim sin £6,000 as íocaíocht a áirítear mar ioncam bliana roimhe sin i dtosaíocht ar aon íocaíocht a áiríodh mar ioncam bliana níos déanaí, agus

(b) faoi réir na nithe a dúradh, déanfar an tsuim sin a asbhaint go rátúil as na híocaíochtaí de réir a méideanna faoi seach.

(7) San alt seo tá le “an dáta iomchuí” agus “seirbhís choigríche” na bríonna céanna atá leo i Sceideal 3, agus folaíonn tagairtí d'fhostóir nó do dhuine a rialaíonn fostóir nó a rialaítear ag fostóir tagairtí dá chomharbaí.

Leasú ar alt 336 (ceardchumainn) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

11. —Leasaítear leis seo alt 336 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir leis an mbliain 1980-81 agus blianta measúnachta dá éis sin, trí “£2,000” a chur in ionad “£600” agus trí “£750” a chur in ionad “£450” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1973 ), agus tá an t-alt sin (ar leith ón dara mír), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

336. Aon cheardchumann cláraithe atá coiscthe, le reacht nó ag a rialacha, ó shuim níos mó ná £2,000 mar shuim chomhlán, nó £750 sa bhliain ar mhodh blianachta, a árachú do dhuine ar bith, beidh sé i dteideal díolúine ó cháin faoi Sceideal C, D agus F i leith an úis agus na ndíbhinní dá chuid is infheidhmithe agus a fheidhmítear chun críche sochair choigiltis agus chuige sin amháin.

Leasú ar alt 340 (pinsin mhíleata, agus pinsin, aiscí agus liúntais eile) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

12. —Leasaítear leis seo alt 340 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (f):

“(ff) pinsean nó liúntas is iníoctha faoi aon cheann de na hAchtanna seo a leanas:

Acht na bPinsean Seirbhíse Mileata, 1924

Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1934

An tAcht um na Connaught Rangers (Pinsin), 1936

An tAcht Arm-Phinsean, 1971 , arna leathnú le halt 11 den Acht Arm-Phinsean, 1973 .”.

Leasú ar alt 344 (díolúine i leith úis ar thaiscí áirithe) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

13. —Maidir leis an mbliain 1980-81 agus blianta measúnachta dá éis sin, leasaítear leis seo alt 344 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2):

“(1) Má bhíonn, nó más rud é go mbeadh mura mbeadh an t-alt seo, ar áireamh ioncam iomlán pearsan aonair don bhliain mheasúnachta, aon suimeanna (dá ngairtear ‘na suimeanna sin’ san alt seo) a íocadh nó a creidiúnaíodh i leith úis—

(a) ar airgead a taisceadh i mbanc taisce iontaobhais nó i mBanc Taisce an Phoist, nó

(b) ar airgead a taisceadh in aon cheann de na bainc thráchtála,

déanfar neamhshuim de na suimeanna sin chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim mura mó, nó sa mhéid nach mó, na suimeanna sin—

(i) i gcás suimeanna in ionannas úis ar thaiscí a luaitear i mír (a), ná £150, nó

(ii) i gcás suimeanna in ionannas úis ar thaiscí a luaitear i mír (b), ná £70:

Ar choinníoll nach mó ná £150 na suimeanna iomlána a ndéanfar neamhshuim díobh amhlaidh:

Ar choinníoll freisin go mbeidh feidhm ag forálacha an Achta seo maidir le pearsa aonair do thabhairt tuairisceáin ar a ioncam iomlán ionann is dá mba nár achtaíodh an t-alt seo.

(2) Chun críocha fho-alt (1), maidir leis an gceist ar mó nó cá mhéid is mó ná £150 nó £70, cibé acu é, na suimeanna sin, déanfar, i gcás ina measfar, de bhua alt 194, gur ioncam de chuid a fearchéile ioncam mná, í a chinneadh ar leithligh maidir leis an bpáirt dá ioncam is ioncam dá chuid de bhua an ailt sin agus an pháirt is ioncam dá chuid ar leith ón alt sin.”.

Leasú ar alt 477 (am le cáin a íoc) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus ar alt 20 (ús ar cháin ioncaim agus ar fhorcháin i gcásanna calaoise nó faillí) den Acht Airgeadais, 1971 .

14. —(1) Leasaítear leis seo alt 477 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir leis an mbliain 1980-81 agus blianta measúnachta dá éis sin, trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1), (2), (2A) agus (2B):

“(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, aon cháin a bheidh ar áireamh i measúnacht d'aon bhliain mheasúnachta beidh sí iníoctha an 1ú lá nó roimh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair an bhliain sin, ach amháin go measfar, i gcás cáin a bheidh ar áireamh i measúnacht d'aon bhliain mheasúnachta a dhéanfar an 1ú lá nó tar éis an 1ú lá de Dheireadh Fómhair an bhliain sin, go mbeidh an cháin sin dlite agus iníoctha an chéad lá tar éis an lae a dhéanfar an mheasúnacht.

(2)  (a)  Baineann an fo-alt seo, maidir le measúnachtaí don bhliain 1980-81, le cáin is iomchuí do na brabúis nó na gnóchain ó fheirmeoireacht de réir bhrí Chaibidil II den Acht Airgeadais, 1974 , a bheidh in aon mheasúnacht den sórt sin a dhéanfar ar phearsa aonair seachas pearsa aonair lena mbaineann alt 16 den Acht sin.

(b) Beidh cáin lena mbaineann an fo-alt seo, in ionad í a bheith iníoctha an 1ú lá nó roimh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1980, nó cibé dáta eile a shonraítear i bhfo-alt (1), iníoctha i dhá thráthchuid chomhionanna, an chéad tráthchuid an 1ú lá nó roimh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1980, nó cibé dáta eile atá ráite agus an dara tráthchuid an 1ú lá nó roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1981, agus beidh feidhm ag forálacha an Achta seo i dtaobh gnóthú cánach maidir le gach tráthchuid den cháin mar atá feidhm acu maidir le méid iomlán na cánach:

Ar choinníoll, i gcás nach ndéanfar an mheasúnacht go dtí tar éis an 1ú lá d'Eanáir, 1981, nach mbeidh éifeacht leis an bhfo-alt seo agus go mbeidh an cháin dlite agus iníoctha mar a fhoráiltear i bhfo-alt (1).”.

(2) Beidh éifeacht le halt 20 (2) den Acht Airgeadais, 1971 , i ndáil le haon mheasúnacht i leith cánach don bhliain 1980-81 nó aon bhliain mheasúnachta dá éis sin ionann is dá gcuirfí “de Dheireadh Fómhair” in ionad “d'Eanáir”.

Leasú ar alt 7 (faoiseamh in aghaidh caiteachais áirithe ar áitreabh cónaithe) den Acht Airgeadais, 1979 .

15. —Beidh éifeacht le halt 7 den Acht Airgeadais, 1979 , agus leis an Dara Sceideal a ghabhann leis an Achta sin, chun méid an ioncaim a fhionnadh a mbeidh cáin ioncaim le muirearú ar dhuine ina leith don bhliain 1980-81, ionann is dá ndéanfaí—

(a) “1980-81” a chur in ionad “1979-80” i bhfo-alt (1) agus an coinníoll seo a leanas a chur leis an bhfo-alt sin,

“Ar choinníoll freisin, i gcás ar fearchéile an t-éilitheoir a mheasúnaítear i leith cánach de réir fhorálacha alt 194 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , go mbeidh éifeacht leis an bhfo-alt seo ionann is dá gcuirfí ‘£900’ in ionad ‘£450’”, agus

(b)  (i)  “an tréimhse dar thosach an 6ú lá d'Aibreán, 1980, agus dar críoch an 5ú lá d'Aibreán, 1981” a chur in ionad “an tréimhse dar thosach an 6ú lá d'Aibreán, 1979, agus dar críoch an 5ú lá d'Aibreán, 1980” sa mhíniú ar “tréimhse cháilitheach” i mír 1 den Sceideal sin, agus

(ii) “1980-81” a chur in ionad “1979-80” i mír 4 (1) den Sceideal sin.

Alt 11 (mar a dhéileálfar chun críocha cánach le sochair áirithe is iníoctha faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1979, agus faoi na hAchtanna Árachais (Breac-Dhífhostaíocht), 1942 go 1978) den Acht Airgeadais, 1979 , do scor.

16. —Ní bheidh feidhm ná éifeacht le halt 11 den Acht Airgeadais, 1979 , i ndáil leis an mbliain 1980-81 nó aon bhliain mheasúnachta dá éis sin.

Leasú ar fhorálacha a bhaineann le teorainneacha ama áirithe.

17. —(1) Beidh éifeacht le halt 296 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir leis an mbliain 1980-81 agus blianta measúnachta dá éis sin ionann is dá gcuirfí “dhá bhliain ar a dhéanaí tar éis deireadh na bliana measúnachta” in ionad “bliain ar a dhéanaí tar éis deireadh na bliana measúnachta” sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (1).

(2) Beidh éifeacht leis na forálacha a shonraítear i gCuid I den Tábla a ghabhann leis an alt seo, maidir leis an mbliain 1980-81 agus blianta measúnachta dá éis sin, ionann is dá gcuirfí “cheithre mhí is fiche” in ionad “dhá mhí dhéag” gach áit a bhfuil sé.

(3) Beidh éifeacht leis na forálacha a shonraítear i gCuid II den Tábla a ghabhann leis an alt seo, maidir le tréimhse inmhuirearaithe dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1980, nó aon lá dá éis, ionann is dá gcuirfí “cheithre mhí is fiche” in ionad “dhá mhí dhéag” gach áit a bhfuil sé.

AN TÁBLA

CUID I

(a) Fo-ailt (3) agus (4) d'alt 58 (foras measúnachta, Cásanna I agus II de Sceideal D) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(b) Fo-alt (7) (b) d'alt 72 (liúntais chaipitiúla agus muirir chothromaíochta i gcásanna comhpháirtíochta) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(c) Mír (ii) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (1) d'alt 77 (bonn measúnachta, Cás III de Sceideal D) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

CUID II

(a) Fo-alt (5) d'alt 241 (caitheamh agus cuimilt innealra, ghléasra, etc.,) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(b) Fomhíreanna (i) agus (ii) d'fho-alt (3) (d) d'alt 244 (liúntas i leith taighde eolaíochta) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(c) Fo-alt (4) d'alt 245 (liúntas i leith forbartha mianadóireachta) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .