|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil II Cánachas ar Dhaoine Pósta) | Ar Aghaidh (Caibidil IV Cáin Acmhainne) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1980
[EN] |
Caibidil III Cánachas ar Bhrabúis Feirmeoireachta | ||
[EN] |
Leathnú ar an muirear cánach ar bhrabúis feirmeoireachta. |
22. —Maidir leis an mbliain 1980-81 agus blianta measúnachta dá éis sin— | |
[EN] | (a) leasaítear leis seo alt 15 (brabúis feirmeoireachta le muirearú faoi Sceideal D) den Acht Airgeadais, 1974 , trí “£40” a chur in ionad “£50” i bhfo-alt (3), agus | ||
[EN] | (b) leasaítear leis seo alt 19 (teorainn leis an méid cánach a mhuirearófar i gcásanna áirithe) den Acht sin a dúradh (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1978 )— | ||
[EN] | (i) trí “£39” a chur in ionad “£49” sa mhíniú ar V i bhfo-alt (1), agus | ||
[EN] | (ii) trí “£49” a chur in ionad “£59” i bhfo-alt (2), | ||
[EN] | agus tá an fo-alt sin (3) (ar leith ón gcoinníoll), an míniú sin agus an fo-alt sin (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||
| |||
[EN] |
Feidhm alt 20A (bonn roghnach measúnachta) den Acht Airgeadais, 1974 , maidir le 1980-81. |
23. —Beidh éifeacht maidir leis an mbliain 1980-81 le halt 20A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1978 ) den Acht Airgeadais, 1974 , ionann is dá gcuirfí— | |
[EN] | (a) “1980-81” in ionad “1978-79” gach áit a bhfuil sé, | ||
[EN] | (b) “alt 22 den Acht Airgeadais, 1980 ” in ionad “alt 13 den Acht Airgeadais, 1978 ” i mír (a) (ii), agus | ||
[EN] | (c) “1980” in ionad “1978” i mír (a) (II). | ||
[EN] |
Ailt 20 (bonn measúnachta) agus 21 (bonn barúlach measúnachta) den Acht Airgeadais, 1974 , do scor. |
24. —Ní bheidh feidhm ná éifeacht le hailt 20 agus 21 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1978 ) den Acht Airgeadais, 1974 , i ndáil leis an mbliain 1980-81 ná le haon bhliain mheasúnachta dá éis sin. | |
[EN] |
Feidhm alt 28 (brabúis feirmeoireachta: srian le liúntais phearsanta) den Acht Airgeadais, 1974 . |
25. —(1) In aon chás ina mbeidh feidhm ag alt 28 den Acht Airgeadais, 1974 , maidir le haon bhliain mheasúnachta i ndáil le pearsa aonair— | |
[EN] | (a) más é atá, de réir bhrí an ailt sin, san ioncam eile de chuid na pearsan aonair ioncam de chuid a chéile, measúnófar an phearsa aonair agus a chéile i leith cánach don bhliain sin de réir fhorálacha alt 193 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus ní bheidh éifeacht leis an gcoinníoll a ghabhann leis an alt sin 193, | ||
[EN] | (b) má dhéanann an phearsa aonair éileamh maidir leis an mbliain mheasúnachta faoi alt 1 nó 2 den Acht Airgeadais, 1980 , forléireofar “an méid sonraithe” i ngach ceann de na hailt sin, i ndáil leis an bpearsa aonair don bhliain mheasúnachta sin, mar ní a chiallaíonn an méid a bheidh sonraithe amhlaidh arna laghdú an méid a laghdófaí é de bhua an ailt sin 28 dá mba éard é an méid sonraithe méid comhiomlán na n-asbhaintí a bheadh le déanamh as ioncam iomlán na pearsan aonair lena mbaineann maidir le faoisimh phearsanta a d'éiligh sé don bhliain mheasúnachta sin. | ||
[EN] | (2) San alt seo tá an chiall chéanna le “faoisimh phearsanta” atá leis in alt 197 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . | ||
[EN] |
Feirmeoireacht: foráil a bhaineann le liúntais chaipitiúla. |
26. —(1) San alt seo— | |
[EN] | tá an bhrí chéanna le “feirmeoireacht” atá leis i gCaibidil II de Chuid I den Acht Airgeadais, 1974 ; | ||
[EN] | ciallaíonn “innealra nó gléasra sonraithe” innealra nó gléasra atá á úsáid nó a bheartaítear a úsáid chun críocha trádáil feirmeoireachta ach ní fholaíonn sé innealra fosaidh agus gléasra fosaidh atá deartha lena úsáid go heisiatach i bhfoirgneamh feirme agus atá á úsáid nó a bheartaítear a úsáid i bhfoirgneamh den sórt sin; | ||
[EN] | ciallaíonn “forálacha sonraithe” alt 251 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , alt 11 den Acht Airgeadais, 1967 , agus alt 26 den Acht Airgeadais, 1971 . | ||
[EN] | (2) Nuair a bheifear á chinneadh cad ina na liúntais chaipitiúla a bheidh le tabhairt do dhuine d'aon tréimhse inmhuirearaithe dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1980, nó aon lá dá éis, le linn trádáil feirmeoireachta a bheith á cur faoi cháin— | ||
[EN] | (a) i gcás ina mbeidh comhiomlán na liúntas caipitiúil a bheadh le tabhairt don duine maidir leis an tréimhse inmhuirearaithe dá mbeadh na forálacha sonraithe gan feidhm ná éifeacht a bheith leo maidir leis an tréimhse inmhuirearaithe sin i ndáil le hinnealra nó gléasra sonraithe, nó i ndáil leis an gcaiteachas ar iad a sholáthar ar cóimhéid le 30 faoin gcéad, nó os cionn 30 faoin gcéad, de mhéid na mbrabús nó na ngnóchan ó fheirmeoireacht ar a bhfuil an duine inchurtha faoi cháin maidir leis an tréimhse inmhuirearaithe sin, ní bheidh feidhm ná éifeacht, don tréimhse inmhuirearaithe sin, leis na forálacha sonraithe sin i gcás an duine sin i ndáil le hinnealra nó gléasra sonraithe, agus | ||
[EN] | (b) in aon chás eile ní rachaidh méid nó méid comhiomlán— | ||
[EN] | (i) aon liúntas caipitiúil nó liúntais chaipitiúla a thabharfar faoi aon cheann de na forálacha sonraithe, agus | ||
[EN] | (ii) aon mhéid nó méideanna a dhéanfar aon liúntas caipitiúil nó liúntais chaipitiúla a mhéadú faoi aon cheann de na forálacha sonraithe, thar an méid uasta a áiritheoidh nach mbeidh comhiomlán na liúntas caipitiúil a bheidh le tabhairt don duine maidir leis an tréimhse inmhuirearaithe le linn an trádáil feirmeoireachta a bheith á cur faoi cháin níos mó ná 30 faoin gcéad de na brabúis nó na gnóchain ó fheirmeoireacht ar a mbeidh an duine inchurtha faoi cháin maidir leis an tréimhse inmhuirearaithe. | ||
[EN] |
Feirmeoireacht: liúntais maidir le caiteachas caipitiúil ag déanamh foirgneamh agus oibreacha eile. |
27. —Maidir le caiteachas a tabhaíodh an 6ú lá d'Aibreán, 1980, nó dá éis, leasaítear leis seo alt 22 (a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Corparáide, 1976 ) den Acht Airgeadais, 1974 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2): | |
[EN] | “(2) I gcás a dtabhóidh duine lena mbaineann an t-alt seo, le trádáil a sheoladh ag feirmeoireacht ar thalamh atá ar áitiú aige, aon chaiteachas caipitiúil ag déanamh tithe feirme, foirgnimh feirme, iostáin, fálta nó oibreacha eile, tabharfar dó le linn tréimhse síos-scríofa deich mbliana dar tosach an tréimhse inmhuirearaithe a bhaineann leis an gcaiteachas sin, liúntais síosscríofa (dá ngairtear ‘liúntais foirgneamh feirme’ san alt seo) i leith an chaiteachais sin agus tabharfar na liúntais sin le linn an trádáil a bheith á cur faoi cháin: | ||
[EN] | Ar choinníoll— | ||
[EN] | (a) go ndéanfar, faoi réir mhír (b), an liúntas foirgneamh feirme a bheidh le deonú in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe a mhéadú cibé méid a shonróidh an duine a bhfuil an liúntas le tabhairt dó le linn a éileamh ar an liúntas a bheith á dhéanamh aige agus, i ndáil le cás ina raibh éifeacht leis an gcoinníoll seo, forléireofar aon tagairt sna hAchtanna Cánach do liúntas foirgneamh feirme a tugadh faoin alt seo mar thagairt don liúntas sin arna mhéadú faoin gcoinníoll seo, agus | ||
[EN] | (b) nach rachaidh an liúntas foirgneamh feirme uasta a bheidh le thabhairt faoin alt seo in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe thar thrí dheichiú cuid den chaiteachas caipitiúil lena mbaineann an liúntas foirgneamh feirme sin.”. | ||
[EN] |
Feirmeoireacht: foráil a bhaineann le faoiseamh maidir le méadú ar luachanna stoic. |
28. —(1) Más rud é, le linn brabúis ón trádáil feirmeoireachta a bheith á ríomh, go mbeidh éifeacht maidir leis an mbliain 1980-81 le hasbhaint a lamháiltear de bhua alt 12 den Acht Airgeadais, 1976 — | |
[EN] | (a) beidh feidhm ag alt 31 (4) (a) den Acht Airgeadais, 1975 (arna fheidhmiú le halt 12 (2) (a) den Acht Airgeadais, 1976 ) agus beidh éifeacht leis ionann is dá mba thagairt do 10 faoin gcéad an tagairt do 20 faoin gcéad, agus | ||
[EN] | (b) beidh éifeacht leis an alt sin 12 ionann is dá mba nár achtaíodh fo-alt (2) (c) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1979 ). | ||
[EN] | (2) I gcás asbhaint a bheith le déanamh faoi alt 31 A (2) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976 ) den Acht Airgeadais, 1975 , i ndáil leis an trádáil feirmeoireachta, beidh éifeacht leis an alt sin 31A maidir le haon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1979, nó aon lá dá éis, ionann is— | ||
[EN] | (i) dá mba thagairt do 10 faoin gcéad an tagairt do 20 faoin gcéad i bhfo-alt (4) (a), agus | ||
[EN] | (ii) dá mba nár achtaíodh mír (iii) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1979 ) den choinníoll a ghabhann leis an bhfo-alt sin (4) (a). | ||
[EN] | (3) (a) San fho-alt seo— | ||
[EN] | tá le “tréimhse chuntasaíochta” an bhrí chéanna atá leis in alt 12 den Acht Airgeadais, 1976 ; | ||
[EN] | tá le “feirmeoireacht” an bhrí chéanna atá leis i gCaibidil II de Chuid I den Acht Airgeadais, 1974 ; | ||
[EN] | tá le “duine” an bhrí chéanna atá leis in alt 12 den Acht Airgeadais, 1976 ; | ||
[EN] | ciallaíonn “stoc lena mbaineann an fo-alt seo” beostoc is cuid de stoc trádála thrádáil feirmeoireachta a dhiúscraítear go héigeantach faoi aon reacht a bhaineann le galair i mbeostoc a scriosadh nó a rialú; | ||
[EN] | tá le “stoc trádála” an bhrí chéanna atá leis in alt 31 den Acht Airgeadais, 1975 . | ||
[EN] | (b) Más rud é— | ||
[EN] | (i) go ndéanfaidh aon duine a sheolann trádáil feirmeoireachta aon stoc lena mbaineann an fo-alt seo a dhiúscairt i dtréimhse chuntasaíochta, agus | ||
[EN] | (ii) ar leith ó fhóralacha an fho-ailt seo, gur mó luach stoc trádála na trádála feirmeoireachta sin i dtosach na tréimhse cuntasaíochta ná luach an stoic thrádála i ndeireadh na tréimhse cuntasaíochta, feadfaidh an duine a roghnú trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don chigire tráth nach déanaí ná bliain tar éis deireadh na tréimhse cuntasaíochta, go ndéanfar, chun críche alt 31 den Acht Airgeadais, 1975 , agus an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, agus alt 12 den Acht Airgeadais, 1976 — | ||
[EN] | (I) luach stoc trádála na trádála feirmeoireachta i ndeireadh na tréimhse cuntasaíochta, agus | ||
[EN] | (II) luach an stoic thrádála sin i dtosach na tréimhse cuntasaíochta díreach ina dhiaidh sin, | ||
[EN] | a ríomh ionann is dá mba rud é nár diúscraíodh an stoc sin lena mbaineann an fo-alt seo: | ||
[EN] | Ar choinníoll— | ||
[EN] | (A) nach bhforléireofar an fo-alt seo mar ní a chumasódh gur mhó luach stoic thrádála i ndeireadh tréimhse chuntasaíochta nó i dtosach tréimhse chuntasaíochta díreach ina dhiaidh sin ná luach an stoic thrádála i dtosach na tréimhse cuntasaíochta céadluaite. | ||
[EN] | (B) nach ndéanfaidh aon ní san fho-alt seo difear d'fhorálacha alt 12 (8) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ) den Acht Airgeadais, 1976 , agus | ||
[EN] | (C) nach mbeidh éifeacht leis an bhfo-alt seo i ndáil le haon bhliain mheasúnachta roimh an mbliain 1980-81. | ||
[EN] |
Leasú ar na forálacha a bhaineann le talamh feirmeoireachta a bheith ar áitiú ag pearsana aonair agus talamh feirmeoireachta a mheas a bheith ar áitiú amhlaidh. |
29. —Maidir leis an mbliain 1980-81 agus blianta measúnachta dá éis sin, leasaítear leis seo alt 17 den Acht Airgeadais, 1974 — | |
[EN] | (a) tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur le fo-alt (1): | ||
[EN] | “Ar choinníoll nach measfar talamh feirmeoireachta a bheith ar áitiú ag pearsa aonair toisc gur talamh feirmeoireachta é arb í a bhanchéile an t-úinéir tairbhiúil air, má bhíonn an phearsa aonair sin gan úsáid na talún feirmeoireachta sin a bheith aige agus gurb amhlaidh dá bhanchéile— | ||
[EN] | (i) go bhfuil úsáid na talún feirmeoireachta sin aici, nó | ||
[EN] | (ii) go bhfuil sí inchurtha faoi cháin faoi Chás V de Sceideal D ar íocaíochtaí a fuarthas maidir le háitiú na talún feirmeoireachta sin agus nach lú na híocaíochtaí sin ná na híocaíochtaí a d'fhéadfaí a fháil, ag féachaint do luachanna na huaire, maidir leis an talamh sin ar an bhforas gur ar neamhthuilleamaí a rinneadh na caibidlí le haghaidh na n-íocaíochtaí.” | ||
[EN] | (b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis: | ||
[EN] | “(8) Le linn bheith á chinneadh chun críocha alt 15 (3) agus alt 30 (1) den Acht Airgeadais, 1980 , maidir le luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta go léir a bhí ar áitiú ag pearsa aonair, an raibh sí, aon tráth le linn bliana measúnachta, ar cóimhéid le méid áirithe nó ar mhó ná an méid sin í i gcás talamh feirmeoireachta a bheith ar úinéireacht go tairbhiúil ag pearsa aonair i gcomhpháirt le haon duine nó daoine eile, measfar, i ndáil leis an talamh feirmeoireachta a bhí ar úinéireacht amhlaidh, d'ainneoin na bhforálacha sin roimhe seo den alt seo, an phearsa aonair a bheith ag áitiú talamh feirmeoireachta arb é a luacháil inrátaithe cóimhéid luacháil inrátaithe iomlán na talún feirmeoireachta a bhí ar úinéireacht amhlaidh.”. |