An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil III Cánachas ar Bhrabúis Feirmeoireachta) Ar Aghaidh (Caibidil V Cáin Chorparáide)

14 1980

AN tACHT AIRGEADAIS, 1980

Caibidil IV

Cáin Acmhainne

Cáin acmhainne a mhuirearú.

30. —(1) Baineann an t-alt seo le haon duine (seachas comhlacht daoine, nó iontaobhas, a bunaíodh chun críocha carthanúla amháin) a áitíonn nó a mheastar a áitíonn, tráth ar bith le linn bliana measúnachta (arb í an bhliain 1980-81 nó aon bhliain mheasúnachta dá éis sin í) talamh feirmeoireachta arb é a luacháil inrátaithe £70 nó níos mó.

(2) Muirearófar cáin, ar a dtabharfar cáin acmhainne, ar aon duine lena mbaineann an t-alt seo maidir le haon bhliain mheasúnachta, agus muirearófar í de réir £3.50 in aghaidh gach £1 de luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta a áitíonn an duine sin an bhliain sin.

Faoiseamh marghanach.

31. —(1) Más rud é, maidir le haon bhliain mheasúnachta, go mbeidh cáin acmhainne inmhuirearaithe ar thalamh feirmeoireachta a áitíonn duine, ní mó méid na cánach acmhainne is inmhuirearaithe amhlaidh ná an méid a chinnfear de réir na foirmle—

T  ×  

V

__

10

 

i gcás—

arb é T méid na cánach acmhainne a bheadh, mura mbeadh forálacha an ailt seo, iníoctha ag an duine maidir leis an mbliain mheasúnachta sin, agus

arb é V 1 nó, más mó ná sin é, an uimhir is ionann agus an méid ar mó luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta a áitíonn an duine an bhliain mheasúnachta ná £69.

(2) Ní bheidh feidhm ag an alt seo in aon chás inar mó ná £79 luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta a áitíonn duine aon tráth le linn na bliana measúnachta.

Cáin acmhainne a dhílamháil chun críocha na nAchtanna Cánach.

32. —Ní lamhálfar cáin acmhainne le linn aon ioncam, brabúis nó gnóchain a bheith á ríomh chun aon cheann de chríocha na nAchtanna Cánach.

An dáta chun cáin acmhainne a íoc.

33. —Cáin acmhainne a bheidh i measúnacht d'aon bhliain mheasúnachta beidh sí iníoctha an lú lá nó roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair an bhliain sin ach amháin go measfar maidir le cáin acmhainne a áirítear i measúnacht d'aon bhliain a dhéanfar an lú lá de Dheireadh Fómhair nó tar éis an lae sin go mbeidh sí dlite agus iníoctha an lá díreach tar éis an lae ar a ndéanfar an mheasúnacht.

Cáin acmhainne a mheasúnú agus a bhailiú.

34. —(1) Is cigirí cánach a cheapfar faoi alt 161 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó cibé oifigigh eile a bheidh ceaptha ag na Coimisinéirí Ioncaim chuige sin a dhéanfaidh measúnachtaí faoin gCaibidil seo.

(2) Baileoidh agus toibheoidh an tArd-Bhailitheoir a bheidh ceaptha de thuras na huaire faoi alt 162 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cáin acmhainne a mhuirearófar ó am go ham sna measúnachtaí go léir a dhéanfar faoi fhorálacha na Caibidle seo.

Forálacha cánach ioncaim a fheidhmiú maidir le cáin acmhainne agus cumhacht chun tuairisceáin, etc., a chomhcheangal.

35. —(1) Na forálacha go léir de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le cáin ioncaim a mheasúnú, a bhailiú agus a ghnóthú, le hachomhairc in aghaidh measúnachtaí agus le cásanna a bheidh le sonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil, beidh feidhm acu, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, i ndáil le cáin acmhainne mar atá feidhm acu i ndáil le cáin ioncaim is inmhuirearaithe faoi Sceideal D.

(2) Féadfar aon tuairisceán nó measúnacht nó doiciméad eile a bhaineann le cáin acmhainne a chomhcheangal le haon tuairisceán, measúnacht nó doiciméad a bhaineann le hioncam nó le cáin ioncaim nó le cáin chorparáide.

Áitiú talún feirmeoireachta chun críocha cánach acmhainne.

36. —Chun críocha na Coda seo déanfar aon cheist i dtaobh luacháil inrátaithe thalamh feirmeoireachta a bheidh ar áitiú ag duine aon tráth áirithe nó i dtaobh luacháil inrátaithe thalamh feirmeoireachta a bheidh ar áitiú ag duine ar feadh bliana measúnachta a chinneadh ar an modh céanna agus ar an bhforas céanna ar a gcinnfí í i gcás pearsan aonair chun críocha Chaibidil II de Chuid I den Acht Airgeadais, 1974 , agus sa Chuid seo beidh le “talamh feirmeoireachta” an bhrí a shanntar dó leis an gCaibidil sin agus forléireofar “áitiú” de réir an bhrí a shanntar dó leis an gCaibidil sin:

Ar choinníoll, le linn méid an mhuirir chánach a bheith á chinneadh in aon chás d'aon bhliain mheasúnachta faoi alt 30 (2)—

(a) más rud é—

(i) maidir leis an mbliain mheasúnachta sin go mbeidh duine inchurtha faoi cháin ioncaim nó faoi cháin chorparáide faoi Chás V de Sceideal D i leith brabúis nó gnóchain ó aon chíos nó aon fháltais i leith aon éasúint i ndáil le haon chuid den talamh feirmeoireachta atá ar áitiú aige, agus

(ii) nach lú an cíos sin nó na fáltais sin, ag féachaint do luachanna na huaire, ná an méid a d'fhéadfaí a fháil ar an bhforas gur ar neamhthuilleamaí a rinneadh na caibidlí le haghaidh an chíosa nó na bhfáltas,

nach mbeidh feidhm ag an alt sin 30 (2) don bhliain mheasúnachta sin maidir le luacháil inrátaithe na coda den talamh feirmeoireachta as a n-eascraíonn na brabúis nó na gnóchain sin is inmhuirearaithe amhlaidh faoi Chás V de Sceideal D,

(b) i ndáil le haon talamh feirmeoireachta atá, nó a mheastar a bheith, ar áitiú ag duine i gcomhpháirt le haon duine nó daoine eile, nach gcuirfear san áireamh don bhliain mheasúnachta sin ach an chuid sin de luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta atá ar áitiú amhlaidh i gcomhpháirt a mbeidh idir í agus an luacháil inrátaithe sin an chomhréir chéanna atá idir a scairsean de bhrabúis nó de chaillteanais na comhpháirtíochta, ar iad a chionroinnt de réir théarmaí an chomhaontaithe i dtaobh pháirtiú na mbrabús nó na gcaillteanas sin, agus brabúis nó caillteanais sin na comhpháirtíochta.