|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil IV Cáin Acmhainne) | Ar Aghaidh (Caibidil VI Cáin Chorparáide: Faoiseamh i ndáil le hIoncam Áirithe de chuid Cuideachtaí Monaraíochta) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1980
[EN] |
Caibidil V Cáin Chorparáide | |||||||||||
[EN] |
Leasú ar Chaibidil IV (cuideachtaí monaraíochta) de Chuid I den Acht Airgeadais, 1977 . |
37. —(1) Leasaítear leis seo Caibidil IV de Chuid I den Acht Airgeadais, 1977 — | ||||||||||
[EN] | (a) in alt 20— | |||||||||||
[EN] | (i) trí “1980” a chur in ionad “1979” sa mhíniú ar “tréimhse iomchuí”, agus | |||||||||||
[EN] | (ii) trí “, do 1979 nó do 1980” a chur in ionad “nó do 1979” agus trí “, 1979 nó 1980” a chur ionad “nó 1979” sa mhíniú ar “tréimhse de chuid 1977”, | |||||||||||
[EN] | agus tá na mínithe sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo. | |||||||||||
| ||||||||||||
| ||||||||||||
[EN] | (c) in alt 24 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1978 )— | |||||||||||
[EN] | (i) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3): | |||||||||||
[EN] | “(3) Beidh feidhm ag forálacha fho-alt (2), ach amháin mír (c) de, faoi réir fhorálacha fho-ailt (4), (5), (6) agus (7), i ndáil le tréimhse de chuid 1978, tréimhse de chuid 1979 agus tréimhse de chuid 1980 mar atá feidhm acu i ndáil le tréimhse de chuid 1977.”, | |||||||||||
[EN] | (ii) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (4) i ndiaidh mhír (b): | |||||||||||
[EN] | “(c) I ndáil le tréimhse de chuid 1980— | |||||||||||
[EN] | (i) forléireofar gach tagairt i bhfo-alt (2) do 1977 mar thagairt do 1980, agus | |||||||||||
[EN] | (ii) forléireofar an tagairt i bhfo-alt (2) (d) do 103 faoin gcéad mar thagairt do 112 faoin gcéad.”, agus | |||||||||||
[EN] | (iii) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6): | |||||||||||
[EN] | “(7) I ndáil le tréimhse de chuid 1980, féadfaidh cuideachta a roghnú, i ndáil leis an trádáil shonraithe a sheolann sí— | |||||||||||
[EN] | (a) go ndéileálfar leis an mbliain airgeadais 1977 mar an mbliain chaighdeánach i ndáil leis an trádáil sin chun críocha fho-alt (2) (d), nó | |||||||||||
[EN] | (b) go ndéileálfar amhlaidh leis an mbliain airgeadais 1978, nó | |||||||||||
[EN] | (c) go ndéileálfar amhlaidh leis an mbliain airgeadais 1979, | |||||||||||
[EN] | agus | |||||||||||
[EN] | (i) i gcás a ndéanfar an roghnú dá dtagraítear i mír (a), bainfidh forálacha fho-alt (4) (c) (ii) leis an gcuideachta ionann is dá mba thagairt do 109 faoin gcéad an tagairt do 112 faoin gcéad, | |||||||||||
[EN] | (ii) i gcás a ndéanfar an roghnú dá dtagraítear i mír (b), bainfidh forálacha fho-alt (4) (c) (ii) leis an gcuideachta ionann is dá mba thagairt do 106 faoin gcéad an tagairt do 112 faoin gcéad, | |||||||||||
[EN] | (iii) i gcás a ndéanfar an roghnú dá dtagraítear i mír (c), ní bhainfidh forálacha fho-alt (4) (c) (ii) leis an gcuideachta.”, | |||||||||||
[EN] | (d) in alt 24A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1978 ), tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3): | |||||||||||
[EN] | “(4) I ndáil le tréimhse de chuid 1980 de chuid cuideachta lena mbaineann an t-alt seo— | |||||||||||
[EN] | (a) beidh feidhm ag forálacha alt 24 (2), ach amháin mír (c) de, mar atá feidhm acu i ndáil le tréimhse de chuid 1977 de chuid cuideachta lena mbaineann alt 24 ach sin fara na modhnuithe— | |||||||||||
[EN] | (i) go bhforléireofar gach tagairt in alt 24 (2) do 1977 mar thagairt do 1980, agus | |||||||||||
[EN] | (ii) go bhforléireofar an tagairt in alt 24 (2) (d) do 103 faoin gcéad mar thagairt do 112 faoin gcéad más í an bhliain airgeadais 1976 an bhliain chaighdeánach i ndáil leis an trádáil shonraithe a sheolann an chuideachta, go bhforléireofar í mar thagairt do 109 faoin gcéad más í an bhliain airgeadais 1977 an bhliain chaighdeánach sin i ndáil leis an trádáil sin agus go bhforléireofar í mar thagairt do 106 faoin gcéad más í an bhliain airgeadais 1978 an bhliain chaighdeánach sin i ndáil leis an trádáil sin, | |||||||||||
[EN] | (b) más rud é, mura mbeadh an mhír seo, gurbh í an bhliain airgeadais 1976 an bhliain chaighdeánach i ndáil leis an trádáil shonraithe a sheolann an chuideachta, féadfaidh an chuideachta a roghnú go ndéileálfar leis an mbliain airgeadais 1977, leis an mbliain airgeadais 1978 nó leis an mbliain airgeadais 1979 mar an mbliain chaighdeánach chun críocha an ailt sin 24 (2) (d) i ndáil leis an trádáil sin, | |||||||||||
[EN] | (c) más rud é, mura mbeadh an mhír seo, gurbh í an bhliain airgeadais 1977 an bhliain chaighdeánach i ndáil leis an trádáil shonraithe a sheolann an chuideachta, féadfaidh an chuideachta a roghnú go ndéileálfar leis an mbliain airgeadais 1978 nó leis an mbliain airgeadais 1979 mar an mbliain chaighdeánach chun críocha an ailt sin 24 (2) (d) i ndáil leis an trádáil sin, agus | |||||||||||
[EN] | (d) más rud é, mura mbeadh an mhír seo, gurbh í an bhliain airgeadais 1978 an bhliain chaighdeánach i ndáil leis an trádáil shonraithe a sheolann an chuideachta, féadaidh an chuideachta a roghnú go ndéileálfar leis an mbliain airgeadais 1979 mar an mbliain chaighdeánach chun críocha an ailt sin 24 (2) (d) i ndáil leis an trádáil sin.”, | |||||||||||
[EN] | (e) in alt 24B (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1978 ), tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2): | |||||||||||
[EN] | “(3) I ndáil le tréimhse de chuid 1980 de chuid cuideachta lena mbaineann an t-alt seo— | |||||||||||
[EN] | (a) beidh feidhm ag forálacha alt 24 (2), ach amháin mír (c) de, mar atá feidhm acu i ndáil le tréimhse de chuid 1977 de chuid cuideachta lena mbaineann forálacha alt 24 ach sin fara na modhnuithe a shonraítear in alt 24A (4) (a), agus | |||||||||||
[EN] | (b) beidh feidhm ag míreanna (b), (c) agus (d) d'alt 24A (4) chun críocha an ailt seo mar atá feidhm acu chun críocha an ailt sin.”, | |||||||||||
[EN] | (f) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 24B: | |||||||||||
| ||||||||||||
[EN] | agus | |||||||||||
[EN] | (g) i bhfo-alt (3) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1978 ) d'alt 29— | |||||||||||
[EN] | (i) trí “, leis an tréimhse de chuid 1979 ná leis an tréimhse de chuid 1980” a chur in ionad “ná leis an tréimhse de chuid 1979” i mír (a) agus trí “, leis an tréimhse de chuid 1979 nó leis an tréimhse de chuid 1980” a chur in ionad “nó leis an tréimhse de chuid 1979” i mír (b), agus | |||||||||||
[EN] | (ii) trí “1980-81” a chur in ionad “1979-80” i mír (b), | |||||||||||
[EN] | agus tá an fo-alt sin (3), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo. | |||||||||||
| ||||||||||||
[EN] | (2) An tagairt atá in alt 30 den Acht Airgeadais, 1977 , d'alt 24 den Acht sin— | |||||||||||
[EN] | (a) folaíonn sí tagairt d'alt 24C den Acht sin, agus | |||||||||||
[EN] | (b) chun críocha aon éilimh a dhéanfar an 6ú lá de Bhealtaine, 1980, nó dá éis, faoi alt 24A nó 24B den Acht sin, folaíonn sí, agus measfar gur fholaigh sí riamh, tagairtí do na hailt sin 24A agus 24B. |