Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Dáilcheantair)

17 1980


Uimhir 17 de 1980


AN tACHT TOGHCHÁIN (LEASÚ), 1980

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH FORÁIL CHUN LÍON COMHALTAÍ DHÁIL ÉIREANN A SHOCRÚ AGUS CHUN DÁILCHEANTAIR A ATHMHEAS AGUS DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE TOGHADH NA gCOMHALTAÍ SIN. [1 Iúil, 1980]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS AS MAR A LEANAS:

Míniú.

1. —San Acht seo ciallaíonn “an tAire” an tAire Comhshaoil.

Líon comhaltaí Dháil Éireann.

2. —Tar éis an lánscor ar Dháil Éireann is túisce a tharlóidh tar éis an tAcht seo a rith, is céad seasca is sé chomhalta an líon comhaltaí a bheidh i nDáil Éireann.

Dáilcheantair.

3. —(1) Tar éis an lánscor ar Dháil Éireann is túisce a tharlóidh tar éis an tAcht seo a rith, beidh comhaltaí Dháil Éireann ina n-ionadóirí do na dáilcheantair a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(2) Aon limistéar a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo measfar gurb é an limistéar sin é mar a bhí an 1ú lá d'Eanáir, 1980, ach má éiríonn aon amhras cad é an dáilcheantar ina bhfuil aon bhaile fearainn nó aon chuid de bhaile fearainn, nó aon bhóthar nó sráid nó aon chuid de bhóthar nó de shráid, nó aon chuid de bharda, cinnfidh an tAire an t-amhras.

(3) Sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo déanfar tagairt do shean-tuathcheantar a fhorléiriú mar thagairt don cheantar sin mar a bhí sé comhdhéanta díreach roimh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1925.

An líon comhaltaí a thoghfar do dháilcheantar.

4. —Toghfar do dháilcheantar a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo an líon comhaltaí atá leagtha amach ina leith sa tríú colún den Sceideal sin.

An Ceann Comhairle a bheidh ag dul as oifig a atoghadh.

5. —Chun críocha alt 14 (1) (b) den Acht Toghcháin, 1963 , dearbhaítear leis seo gurb ionann dáilcheantar Dhún na nGall Thiar Theas a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus dáilcheantar Dhún na nGall a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht Toghcháin (Leasú), 1974 .

Socruithe sealadacha maidir le clár na dtoghthóirí.

6. —(1) I gcás ceantar vótaíochta nó cuid de cheantar vótaíochta a bheith i ndáilcheantar a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus nach ionann a achar agus achar aon dáilcheantair a bheidh ann ar dháta an Achta seo a rith, féadfaidh an tAire a fhoráil le hordú go dtaifeadfar ainm an dáilcheantair sin maidir leis an gceantar vótaíochta, nó leis an gcuid den cheantar vótaíochta, i ngach dréachtchlár, liosta éilitheoirí, clár toghthóirí agus liosta ceartuithe a ullmhófar faoi Chuid II den Acht Toghcháin, 1963 , agus a fhoilseoidh údarás clárúcháin roimh an gcéad lánscor eile ar Dháil Éireann a tharlóidh tar éis dáta an Achta seo i rith.

(2) Murab ionann achar dáilcheantair a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus achar aon dáilcheantair a bheidh ann ar dháta an Achta seo a rith, déanfaidh an t-údarás clárúcháin nó na húdaráis chlárúcháin lena mbaineann liosta nó liostaí de phostvótálaithe a ullmhú ina leith a luaithe is féidir tar éis dáta an Achta seo a rith.

Socruithe sealadacha maidir le ceantair vótaíochta áirithe.

7. —(1) Más rud é, maidir le ceantar vótaíochta a bheidh ann ar dháta an Achta seo a rith, nach mbeidh a iomlán laistigh de cheann de na dáilcheantair a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, ansin, maidir leis an gcuid den cheantar vótaíochta a bheidh i ndáilcheantar a shonrófar amhlaidh, déanfaidh an t-oifigeach iomchuí, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gceann comhairimh don dáilcheantar lena mbaineann—

(a) í féin nó codanna di a chur isteach le haon cheantar nó ceantair vótaíochta a bheidh tadhlach léi, nó

(b) ceantar vótaíochta a dhéanamh di agus áit vótaíochta a cheapadh di.

(2) Maidir le socrú a dhéanfar de bhun mhír (a) nó mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo—

(a) beidh sé faoi réir a dhaingnithe ag an Aire agus féadfaidh an tAire an socrú, modhnaithe nó gan mhodhnú, a dhaingniú,

(b) ní bheidh éifeacht leis i ndáil le haon chorrthoghchán a tharlóidh roimh an lánscor ar Dháil Éireann is túisce a tharlóidh tar éis dáta an Achta seo a rith, agus

(c) beidh éifeacht leis go dtí (agus ní bheidh ach go dtí) go dtiocfaidh an chéad scéim faoi alt 22 den Acht Toghcháin, 1963 , i ndáil leis an gcontae nó leis an gcontae-bhuirg ina mbeidh an ceantar vótaíochta i ngníomh tar éis dáta an Achta seo a rith.

(3) San alt seo ciallaíonn “an t-oifigeach iomchuí”—

(a) i ndáil le ceantar vótaíochta i gcontae-bhuirg, an bainisteoir chun críocha na nAchtanna a bhaineann le bainistí na contae-bhuirge (lena n-áirítear duine arna cheapadh go cuí mar ionadaí don bhainisteoir sin nó chun gníomhú in áit an bhainisteora sin le linn é a bheith as láthair nó faoi éagumas nó le linn a oifig a bheith folamh),

(b) i ndáil le haon cheantar vótaíochta eile, rúnaí chomhairle an chontae ina mbeidh an ceantar vótaíochta (lena n-áirítear duine arna cheapadh go cuí mar ionadaí don rúnaí sin nó chun gníomhú in áit an rúnaí sin).

Aisghairm.

8. —(1) Aisghairtear leis seo an tAcht Toghcháin (Leasú), 1974 .

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh díreach ar an lánscor ar Dháil Éireann is túisce a tharlóidh tar éis dáta an Achta seo a rith.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

9. —(1) Féadfar an tAcht Toghcháin (Leasú), 1980 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar an tAcht seo agus na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1974, a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1980, a ghairm díobh le chéile.