20 1980


Uimhir 20 de 1980


AN tACHT UM RÁTAÍ AR THALAMH TALMHAÍOCHTA (FAOISEAMH), 1980

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM RÁTAÍ AR THALAMH TALMHAÍOCHTA (FAOIS-EAMH), 1939 GO 1978. [1 Iúil, 1980]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Feidhm an Achta um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1946 .

1. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, bainfidh an tAcht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1946 , leis na blianta airgeadais áitiúla dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1980, an 31ú lá de Nollaig, 1981, agus an 31ú lá de Nollaig, 1982, faoi réir an mhodhnaithe nach dtabharfar aon liúntas fostaíochta faoi alt 7.

(2) (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, ní dhéanfaidh údarás rátúcháin (de réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil, 1946 ) an tAcht réamhráite a fheidhmiú ar dhuine, maidir le bliain airgeadais áitiúil, má bhíonn luacháil na dtionóntán talún talmhaíochta go léir a bhfuil sé rátaithe ina leith agus atá—

(i) i limistéar rátúcháin contae, nó

(ii) i gcuid de limistéar rátúcháin contae-bhuirge, buirge nó ceantair uirbigh, ar cuid í a bhí, roimh an 2ú lá de Mhárta, 1976, ina cuid de cheantar sláinte contae,

comhionann le £40 nó níos mó ná £40.

(b) Ní bheidh éifeacht le mír (a) den fho-alt seo i ndáil le tionóntáin talún talmhaíochta a bhfuil Coimisiún Talún na hÉireann rátaithe ina leith:

Ar choinníoll áfach nach bhfeidhmeoidh údarás rátúcháin an tAcht sin ar Choimisiún Talún na hÉireann maidir le haon tionóntán den sórt sin má bhíonn a luacháil inrátaithe comhionann le £40 nó níos mó ná £40.

Liúntais áirithe le ríomh faoi threoir ráta bhardasaigh.

2. —Is é an ráta ar faoina threoir a ríomhtar liúntais a sholáthraítear faoi na hAchtanna um Rátaí ar Thalamh Talmhaíochta (Faoiseamh), 1939 go 1980, i gcás liúntais den sórt sin d'áititheoirí oidhreachtáin lena mbaineann alt 2 den Acht um Rátaí ar Thalamh Talmhaíochta (Faoiseamh), 1976 , an ráta bardasach (de réir bhrí an Achta Cánach Ioncaim, 1967 ) sa chontae-bhuirg, sa bhuirg nó sa cheantar uirbeach lena mbaineann.

Leathnú ar ailt 4, 5 agus 6 den Acht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1946 .

3. —Beidh éifeacht leis an Acht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1946 , agus measfar go raibh éifeacht leis amhail ar an agus ón 2ú lá de Mhárta, 1976, chun críocha alt 2 den Acht um Rátaí ar Thalamh Talmhaíochta (Faoiseamh), 1976 , agus alt 1 den Acht seo, ionann is dá mba rud é—

(a) in alt 4—

(i) go raibh folaithe sa tagairt do chontae tagairt do chontae-bhuirg, do bhuirg agus do cheantar uirbeach, agus

(ii) go raibh folaithe sna tagairtí do limistéar rátúcháin tagairtí do limistéir atá i gcontae-bhuirg, i mbuirg nó i gceantar uirbeach agus a bhí i gceantar sláinte contae roimh an 2ú lá de Mhárta, 1976,

agus

(b) go raibh feidhm ag ailt 5 agus 6 i ndáil le bardais contaebhuirgí, le bardais buirgí agus le comhairlí ceantar uirbeach maidir leis na codanna sin de chontae-bhuirgí, de bhuirgí agus de cheantair uirbeacha, faoi seach, a bhí i gceantar sláinte contae roimh an 2ú lá de Mhárta, 1976, mar atá feidhm acu i ndáil le comhairlí contaetha.

Leathnú ar bhrí “talamh talmhaíochta”.

4. —San Acht seo agus in alt 2 den Acht um Rátaí ar Thalamh Talmhaíochta (Faoiseamh), 1976 , agus in alt 1 den Acht um Rátaí ar Thalamh Talmhaíochta (Faoiseamh), 1978 , folaíonn “talamh talmhaíochta” talamh atá taifeadta mar thalamh sna liostaí luachála faoi na hAchtanna Luachála, atá i limistéar rátúcháin contae-bhuirge agus a bhí i gceantar sláinte contae roimh an 2ú lá de Mhárta, 1976.

Aisghairm.

5. —Aisghairtear leis seo fo-ailt (2) agus (3) d'alt 1 den Acht um Rátaí ar Thalamh Talmhaíochta (Faoiseamh), 1978 .

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

6. —(1) Féadfar an tAcht um Rátaí ar Thalamh Talmhaíochta (Faoiseamh), 1980 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Rátaí ar Thalamh Talmhaíochta (Faoiseamh), 1939 go 1980, a ghairm de na hAchtanna um Rátaí ar Thalamh Talmhaíochta (Faoiseamh), 1939 go 1978, agus den Acht seo le chéile agus forléireofar i dteannta a chéile iad mar aon Acht amháin.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1946

1946, Uimh. 36

An tAcht um Rátaí ar Thalamh Talmhaíochta (Faoiseamh), 1976

1976, Uimh. 3

An tAcht um Rátaí ar Thalamh Talmhaíochta (Faoiseamh), 1978

1978, Uimh. 9

Na hAchtanna um Rátaí ar Thalamh Talmhaíochta (Faoiseamh), 1939 go 1978