27 1980


Uimhir 27 de 1980


AN tACHT STUAIC-DHÍOLA, 1980

[An tiontú oifigiúil]

ACHT Á THOIRMEASC DAOINE A ASLÚ CHUN BHEITH PÁIRTEACH I SCÉIMEANNA STUAIC-DHÍOLA AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LE SCÉIMEANNA DEN SÓRT SIN. [22 Deireadh Fómhair, 1980]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail, Tráchtála agus Turasóireachta;

ciallaíonn “rannpháirtí”, i ndáil le scéim, duine, seachas tionscnóir, atá páirteach sa scéim;

ciallaíonn “tionscnóir”, i ndáil le scéim, duine a thionscnaíonn scéim;

ciallaíonn “tionscnóirí”, i ndáil le scéim, dhá dhuine nó níos mó, ag gníomhú de chomhbheart, a thionscnaíonn scéim;

ciallaíonn “scéim” aon scéim thrádála ina bhfuil na heilimintí seo a leanas, is é sin le rá—

(a) go bhfuil earraí nó seirbhísí, nó iad araon, le soláthar ag an tionscnóir nó, i gcás dhá thionscnóir nó níos mó a bheith ann, ag tionscnóir amháin nó níos mó díobh;

(b) go bhfuil na hearraí nó na seirbhísí a sholáthrófar amhlaidh le cur ar fáil do dhaoine eile nó le haghaidh daoine eile faoi idirbhearta a dhéanfaidh rannpháirtithe;

(c) go dtabharfar le tuiscint do rannpháirtithe go bhfaighidh siad íocaíochtaí nó sochair eile i leith daoine a thiocfaidh chun bheith ina rannpháirtithe;

(d) go mbeidh socrú sa scéim go dtabharfaidh rannpháirtí sa scéim íocaíochtaí do thionscnóir de chuid na scéime nó do rannpháirtí sa scéim i leith ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas—

(i) é a ligean isteach sa scéim,

(ii) tionscnóir de chuid na scéime nó rannpháirtí sa scéim do sholáthar na n-earraí, nó na córa chun na seirbhísí a chur ar fáil, lena mbaineann an scéim,

(iii) é a oiliúint chun críocha na scéime,

(iv) tionscnóir de chuid na scéime nó rannpháirtí sa scéim d'fháil ardú céime, a aistriú nó a athrú ó thaobh a stádais, sa scéim,

agus sa mhíniú seo folaíonn “scéim thrádála” aon chomhshocraíochtaí a dhéanfar i ndáil le gnó a sheoladh, cibé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar nó a thaifeadfar nó nach dtaifeadfar na comhshocraíochtaí sin go hiomlán nó go páirteach i scríbhinn.

(2) Chun críocha an Achta seo measfar go bhfolaíonn scéim an eilimint dá dtagraítear i mír (b) den mhíniú ar “scéim” i bhfo-alt (1) den alt seo cibé acu a bheidh nó nach mbeidh na hidirbhearta dá dtagraítear sa mhír sin le déanamh ag rannpháirtithe ina gcáil mar sheirbhísigh nó mar ghníomhairí don tionscnóir nó do dhuine de na tionscnóirí nó in aon cháil eile.

(3) Chun críocha an Achta seo measfar maidir le hionchas den sórt a luaitear i mír (c) den mhíniú ar “scéim” i bhfo-alt (1) den alt seo gur ionchas é atá á thabhairt le tuiscint do rannpháirtí—

(a) cibé acu atá nó nach bhfuil sé á thabhairt le tuiscint dó d'fhonn ceart atá infheidhmithe le dlí a thabhairt dó, agus

(b) cibé acu atá de theorainn leis gur le eisean do thabhairt rannpháirtithe nua i láthair agus leis sin amháin a bhaineann sé nó an mbaineann sé freisin le daoine eile do thabhairt rannpháirtithe nua i láthair.

(4) San Acht seo forléireofar aon tagairt d'íocaíocht a dhéanamh le duine nó chun sochair do dhuine mar thagairt a fholaíonn tagairt d'íocaíocht a dhéanamh go páirteach leis an duine sin nó chun sochair don duine sin agus go páirteach le duine nó daoine eile nó chun sochair dó nó dóibh.

(5) San Acht seo forléireofar aon tagairt do sholáthar earraí nó seirbhísí ag duine mar thagairt a fholaíonn tagairt do sholáthar earraí nó seirbhísí faoi chomhshocraíochtaí inar páirtí an duine sin.

Toirmeasc daoine a aslú chun bheith páirteach i scéimeanna.

2. —(1) Ní dhéanfaidh tionscnóir scéime, ná aon duine de thionscnóirí scéime, ná rannpháirtí i scéim, ná duine a bheidh ag gníomhú thar ceann tionscnóra scéime nó thar ceann aon duine de thionscnóirí scéime nó thar ceann rannpháirtí i scéim, duine a aslú, ná féachaint le duine a aslú, chun bheith ina rannpháirtí i scéim.

(2) Duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

Toirmeasc íocaíochtaí áirithe a thabhairt do thionscnóirí scéimeanna.

3. —(1) I gcás aon duine is rannpháirtí i scéim nó a rinne iarratas nó a fuair cuireadh chun bheith ina rannpháirtí i scéim—

(a) do dhéanamh aon íocaíochta le tionscnóir na scéime nó (i gcás níos mó ná tionscnóir amháin a bheith ann) le haon duine de thionscnóirí na scéime, nó le rannpháirtí sa scéim nó le duine a bheidh ag gníomhú thar ceann tionscnóra scéime nó thar ceann rannpháirtí i scéim, nó chun sochair d'aon duine den sórt sin, agus

(b) go n-aslófar é chun an íocaíocht sin a dhéanamh mar gheall ar é a thabhairt le tuiscint dó go bhfaighidh sé íocaíochtaí nó sochair eile i leith daoine eile a thabhairt i láthair a thiocfaidh chun bheith ina rannpháirtithe sa scéim,

beidh aon duine a ndéanfar an íocaíocht sin leis nó chun sochair dó ciontach i gcion.

(2) Má dhéanann tionscnóir scéime nó aon duine de thionscnóirí scéime nó rannpháirtí i scéim nó duine a bheidh ag gníomhú thar ceann tionscnóra scéime nó thar ceann rannpháirtí i scéim, trí ionchas den sórt a luaitear i bhfo-alt (1) (b) den alt seo a thabhairt le tuiscint d'aon duine, é a aslú, nó féachaint lena aslú, chun aon íocaíocht a dhéanamh le tionscnóir na scéime nó (i gcás níos mó ná tionscnóir amháin a bheith ann) le haon duine de thionscnóirí na scéime nó le rannpháirtí sa scéim nó le haon duine a bheidh ag gníomhú thar ceann tionscnóra scéime nó thar ceann rannpháirtí i scéim, nó chun sochair d'aon duine den sórt sin, beidh an duine a aslóidh é chun an íocaíocht sin a dhéanamh ciontach i gcion.

(3) Nuair a bheifear á chinneadh, chun críocha fho-alt (1) nó fho-alt (2) den alt seo, an bhfuil aslú á dhéanamh trí ionchas mar a luaitear ansin a thabhairt le tuiscint, is leor é más cuid shubstaintiúil, nó dá mba chuid shubstaintiúil, den aslú an t-ionchas sin.

(4) I gcás nach é tionscnóir ná aontionscnóir na scéime áirithe an duine a rinne cion faoi fho-alt (1) nó faoi fho-alt (2) den alt seo nó faoi alt 2 den Acht seo, beidh aon duine eile arb é tionscnóir na scéime é nó (de réir mar a bheidh) ar duine de thionscnóirí na scéime é, ciontach, faoi réir alt 5 den Acht seo, sa chion sin freisin.

Íocaíochtaí faoi scéimeanna i leith earraí a thabhairt ar ais do rannpháirtithe i gcásanna áirithe.

4. —(1) Íocaíocht lena mbaineann an t-alt seo a dhéanfaidh rannpháirtí i scéim le tionscnóir de chuid na scéime nó le rannpháirtí eile sa scéim nó le haon duine eile a bheidh ag gníomhú de réir na scéime (dá ngairtear “faighteoir” san alt seo) tabharfaidh an faighteoir an íocaíocht sin ar ais don rannpháirtí má thugann an rannpháirtí na hearraí nó an t-airteagal ar ina leith a rinneadh an íocaíocht ar ais don fhaighteoir.

(2)  (a)   I gcás ina dtabharfaidh rannpháirtí earraí nó airteagal ar ais faoin alt seo d'fhaighteoir agus gur tháinig laghdú ar luach na n-earraí nó an airteagail le linn dóibh nó dó a bheith i seilbh nó faoi rialú an rannpháirtí agus gur de bharr faillí an rannpháirtí a tharla an laghdú sin, féadfaidh an faighteoir méid is ionann agus méid an laghdaithe réamhráite a bhaint as an íocaíocht atá le tabhairt ar ais aige faoin alt seo.

(b)   Ní dhéanfar asbhaint faoin bhfo-alt seo mura rud é, tar éis méid na híocaíochta áirithe a thaisceadh sa Chúirt Dúiche, go ndéanfaidh an Chúirt sin, ar an bhfaighteoir lena mbaineann do dhéanamh iarratais chuici chun na críche sin, an asbhaint a údarú le hordú.

(c)   Déanfar iarratas faoi mhír (b) den fho-alt seo laistigh de 21 lá tar éis don fhaighteoir lena mbaineann fógra scríofa a fháil á rá go bhfuil ar intinn ag an rannpháirtí lena mbaineann na hearraí nó an t-airteagal áirithe a thabhairt ar ais don fhaighteoir.

(d)   Déanfaidh ordú ón gCúirt Dúiche in imeachtaí faoin bhfo-alt seo cibé socrú is cuí leis an gCúirt sin, i ndáil leis an méid a taisceadh sa Chúirt sin faoi mhír (b) den fho-alt seo sna himeachtaí, a íoc leis na páirtithe lena mbaineann.

(3) San alt seo ciallaíonn “íocaíocht lena mbaineann an t-alt seo” íocaíocht ó rannpháirtí i scéim le faighteoir, arb éard í—

(a) íocaíocht an phraghais—

(i) ar earraí a cuireadh nó a chuirfear ar fáil don rannpháirtí faoin scéim chun iad a dhíol, nó

(ii) ar aon airteagal a cuireadh nó a chuirfear ar fáil don rannpháirtí chun na seirbhísí lena mbaineann an scéim a sholáthar, nó

(b) aon íocaíocht i modh urrúis i leith na n-earraí nó na n-airteagal sin a dúradh a cuireadh nó a chuirfear ar fáil mar a dúradh don rannpháirtí.

(4) Aon chomhaontú idir tionscnóir scéime nó rannpháirtí i scéim nó duine a bheidh ag gníomhú thar ceann tionscnóra scéime nó thar ceann rannpháirtí i scéim agus duine eile beidh sé, a mhéid a fhorálann sé go n-íocfaidh an duine eile sin airgead leis an tionscnóir nó leis an duine a bheidh ag gníomhú thar a cheann nó leis an rannpháirtí nó leis an duine a bheidh ag gníomhú thar a cheann i gcomaoin an tionscnóir nó an rannpháirtí do sholáthar earraí nó seirbhísí faoin scéim don duine eile sin, ar neamhní; agus ní bheidh aon ábhar caingne ann in aon chúirt chun an tionscnóir nó an duine a bheidh ag gníomhú thar a cheann nó chun an rannpháirtí nó an duine a bheidh ag gníomhú thar a cheann do ghnóthú an airgid ón duine eile sin.

Cosaintí in imeachtaí áirithe.

5. —I gcás ina ndéanfar, de bhua alt 3 (4) den Acht seo, duine a chúiseamh i gcion, is cosaint dó a chruthú—

(a) go raibh an scéim lena mbaineann an cúiseamh i ngníomh roimh thosach feidhme an Achta seo, agus

(b) gur gan a thoiliú ná a chúlcheadú a rinneadh an gníomh arb é an cion é.

Pionóis.

6. —(1) Duine a bheidh ciontach i gcion faoin Acht seo dlífear, ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

(2) Beidh dlínse ag Breitheamh den Chúirt Dúiche cion faoin Acht seo a thriail go hachomair—

(a) más é tuairim an Bhreithimh gur mionchion is intriailte go hachomair na fíorais a cruthaíodh nó a líomhnaíodh i gcoinne chosantóir a bheidh cúisithe i gcion den sórt sin,

(b) má thoilíonn an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, agus

(c) mura ndéanfaidh an cosantóir (ar an mBreitheamh á chur in iúl dó go bhfuil de cheart aige go dtrialfadh giúiré é) agóid i gcoinne é a thriail go hachomair,

agus, ar an gcosantóir a chiontú faoin bhfo-alt seo, dlífear fíneáil nach mó ná £500 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó an fhineáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

(3) Beidh feidhm ag alt 13 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , i ndáil le cion faoin Acht seo ionann is dá ndéanfaí, in ionad na bpionós dá bhforáiltear i bhfo-alt (3) den alt sin, na pionóis dá bhforáiltear i bhfo-alt (2) den alt seo a shonrú ann, agus déanfar an tagairt i bhfo-alt (2) (a) den alt sin 13 do na pionóis dá bhforáiltear san fho-alt sin (3) a fhorléiriú agus beidh éifeacht léi dá réir sin.

(4)  (a)   I gcás cúirt do ghearradh fíneála, nó do dheimhniú nó d'athrú fíneáil a ghearr cúirt eile mar gheall ar chion dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo inar ciontaíodh duine agus ar cion é ar dhéileáil an Chúirt Dúiche leis go hachomair, féadfaidh sí, dá rogha féin, ar iarratas (a dhéanfar roimh thráth na fíneála a ghearradh nó a dheimhniú) ó aon duine a toghaireadh mar fhinné thar ceann an ionchúisimh sna himeachtaí inar gearradh an fhíneáil agus ar bhain caillteanas pearsanta dó arb é an cion ba chúis leis, go hiomlán nó go páirteach, a fhoráil le hordú go n-íocfar méid na fíneála nó cuid shonraithe den fhíneáil mar chúiteamh i leith an chaillteanais a bhain don duine a rinne an t-iarratas.

(b)   Ní bheidh ábhar iarratais ann faoi mhír (a) den fho-alt seo i leith aon chaillteanais phearsanta má rinneadh imeachtaí a thionscnamh in aon chúirt ag éileamh damáistí mar gheall ar an gcaillteanas.

(c)   I gcás ina ndéanfar an fhíneáil go léir nó cuid d'fhíneáil a gearradh faoin alt seo a íoc le duine de bhun an fho-ailt seo agus go ndéanfaidh cúirt damáistí a dhámhadh don duine i leith an chaillteanais phearsanta lena mbaineann an íocaíocht, measfar, maidir leis an íocaíocht, gur sásamh í ar an méid sin de na damáistí is comhionann le méid an híocaíochta.

Cionta i ndáil le comhlachtaí corpraithe.

7. —I gcás cion faoin Acht seo a bheith déanta ag comhlacht corpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gurbh inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine ba stiúrthóir nó ba chomhalta de choiste bainistí nó d'údarás rialaithe eile an chomhlachta áirithe nó arbh é bainisteoir nó rúnaí an chomhlachta nó arbh oifigeach eile don chomhlacht é, nuair a rinneadh an cion, measfar go ndearna an duine sin freisin an cion agus féadfar imeachtaí a shaothrú ina choinne agus é a phionósú dá réir sin.

Caiteachais.

8. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

9. —(1) Féadfar an tAcht Stuaic-Dhíola, 1980 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a shocrófar le hordú arna dhéanamh ag an Aire.


An tAcht dá dTagraítear

An tAcht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967

1967, Uimh. 12