28 1980


Uimhir 28 de 1980


AN tACHT UM CHUIDEACHTA FORBARTHA AERFORT NEAMHCHUSTAM NA SIONNA TEORANTA (LEASÚ), 1980

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM CHUIDEACHTA FORBARTHA AERFORT NEAMH-CHUSTAM NA SIONNA TEORANTA, 1959 GO 1978. [29 Deireadh Fómhair, 1980]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1978” an tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1978 ;

ciallaíonn “an Chuideachta” Cuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 .

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

2. —Aisghairtear leis seo an méid sin d'alt 2 den Phríomh-Acht (arna leasú le halt 2 d'Acht 1978) a fhorálann nach mó ná £45,000,000 comhiomlán na suimeanna a fhéadfaidh an tAire Airgeadais a shuibscríobh faoin alt sin chun scaireanna sa Chuideachta a thógáil agus, ina ionad sin, achtaítear leis seo nach mó ná £80,000,000 comhiomlán na suimeanna a shuibscríobhfar amhlaidh.

Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht agus ar alt 2 den Acht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1970 .

3. —Aisghairtear leis seo alt 3 d'Acht 1978 agus, ina ionad sin, achtaítear leis seo nach mó ná £40,000,000 comhiomlán na ndeontas a thabharfar don Chuideachta faoi alt 8 den Phríomh-Acht agus alt 2 den Acht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1970 .

Gearrtheideal agus comhlua.

4. —(1) Féadfar an tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1980 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 go 1980, a ghairm de na hAchtanna um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 go 1978, agus den Acht seo le chéile.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959

1959, Uimh. 36

Na hAchtanna um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 go 1978

An tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1970

1970, Uimh. 9

An tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1978

1978, Uimh. 3