|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 31 de 1980 | ||
[EN] |
AN tACHT CUMANN FOIRGNÍOCHTA (LEASÚ), 1980 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN DLÍ A BHAIN-EANN LE CUMAINN FHOIRGNÍOCHTA. [10 Nollaig, 1980] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||||
[EN] |
“An Príomh-Acht” |
1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Cumann Foirgníochta, 1976 . | ||||||||
[EN] |
Fóirdheontas i leith ús ar iasachtaí ó chumann. |
2. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais chun críocha an ailt seo, fóirdheontas a íoc, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le cumann i leith ús is iníoctha leis an gcumann maidir le haon tréimhse dar tosach an lú lá de Mheitheamh, 1977, nó aon lá dá éis ar iasachtaí a thug nó a thabharfaidh an cumann. | ||||||||
[EN] | (2) Le linn méid fóirdheontais a íocfar le cumann faoin alt seo a bheith á chinneadh féadfar aird a thabhairt ar gach ní nó ar aon ní nó nithe díobh seo a leanas: | |||||||||
[EN] | (a) an méid úis is iníoctha ag iasachtaithe ar iasachtaí a thug an cumann dóibh, | |||||||||
[EN] | (b) an méid úis is iníoctha ag an gcumann le scairshealbhóirí sa chumann nó le taisceoirí leis an gcumann, | |||||||||
[EN] | (c) cibé nithe eile (más ann) a bheidh forordaithe de thuras na huaire faoin bhfo-alt seo. | |||||||||
[EN] |
Leasú ar Alt 23 den Phríomh-Acht. |
3. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3) d'alt 23: | ||||||||
[EN] | “(3) (a) I gcás duine ar comhalta de chumann nó taisceoir i gcum ann é a bhfuil aige i gcistí an chumainn suim airgid, nach mó ná cibé méid a bheidh ceaptha ag an gCláraitheoir ó am go ham chun críocha an fho-ailt seo, d'fháil bháis, féadfaidh an cumann an tsuim a íoc, gan ionadaíocht de réir bhrí an Achta Comharbais, 1965 , a bheith deonaithe i leith eastát an duine éagtha, leis an duine a mheasfaidh an cumann a bheith i dteideal í a fháil, cibé acu mar ionadaí pearsanta an duine éagtha nó ar shlí eile, ar an gcumann a bheith sásta le fianaise i ndearbhú reachtúil gur tharla an bás agus go bhfuil an duine a d'éiligh an tsuim nó ar éilíodh thar a cheann í i dteideal í a fháil. | |||||||||
[EN] | (b) I gcás a ndéanfaidh cumann íocaíocht faoin bhfo-alt seo le duine nach é seiceadóir an duine éagtha lena mbaineann é, tabharfaidh an cumann, a luaithe is féidir, sonraí i scríbhinn maidir leis an íocaíocht d'Uachtarán na hArd-Chúirte. | |||||||||
[EN] | (c) I gcás a ndéanfaidh cumann íocaíocht mar is cuí faoin bhfo-alt seo, beidh an íocaíocht bailí éifeachtúil maidir le haon éileamh in aghaidh cistí an chumainn ó aon duine a dhéanfaidh éileamh maidir le heastát an duine éagtha lena mbaineann ach beidh ag an duine a bheidh ag éileamh a leigheas i leith méid na híocaíochta in aghaidh an duine a ndearnadh an íocaíocht amhlaidh leis.”. | |||||||||
[EN] |
Aisghairm. |
4. —(1) Aisghairtear leis seo alt 12 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979 . | ||||||||
[EN] | (2) D'ainneoin fho-alt (1), leanfaidh rialacháin a rinneadh faoi alt 12 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979 , agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, d'fheidhm a bheith acu agus beidh éifeacht leo amhail is dá mba faoi alt 2 agus chun críocha an ailt sin a rinneadh iad. | |||||||||
[EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua. |
5. —(1) Feadfar an tAcht Cumann Foirgníochta (Leasú), 1980 , a ghairm den Acht seo. | ||||||||
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Cumann Foirgníochta, 1976 agus 1980, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin. | |||||||||
|