|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN CHÉAD SCEIDEAL An Comhlacht Ceannais) |
AN tACHT UM CHOLÁISTE OIDEACHAIS THUAMHUMHAN, LUIMNEACH, 1980
[EN] | ||||||
[EN] |
AN DARA SCEIDEAL An Stiúrthóir | |||||
[EN] | ||||||
[EN] | 1. Déanfaidh an Stiúrthóir, faoi réir orduithe an Chomhlachta Ceannais agus fhorálacha an Achta seo, gníomhaíochtaí an Choláiste a rialú agus a stiúradh agus foireann an Choláiste a rialú agus a stiúradh ag comhalladh na ngníomhaíochtaí sin dóibh. | |||||
[EN] | 2. Ní shealbhóidh an Stiúrthóir aon oifig ná post eile gan toiliú an Chomhlachta Ceannais. | |||||
[EN] | 3. Beidh an Stiúrthóir ina chomhalta, ex officio, den Chomhlacht Ceannais agus beidh sé i dteideal bheith ina chomhalta de gach coiste a cheapfaidh an Comhlacht Ceannais. | |||||
[EN] | 4. Beidh an Stiúrthóir ina chomhalta, ex officio, den Chomhairle Acadúil agus, má bhíonn sé i láthair, beidh sé i gceannas ar gach cruinniú den Chomhairle Acadúil agus beidh sé i dteideal bheith ina chomhalta de gach coiste a cheapfaidh an Chomhairle Acadúil. | |||||
[EN] | 5. Is é an Comhlacht Ceannais a cheapfaidh gach Stiúrthóir, seachas an chéad Stiúrthóir, ach sin faoi réir cheadú an Aire. | |||||
[EN] | 6. Féadfaidh an Comhlacht Ceannais, le toiliú an Aire, an Stiúrthóir a chur as oifig. | |||||
[EN] | 7. Má bhíonn an duine a bheidh fostaithe, ar dháta an Achta seo a rith, mar Phríomh-Oifigeach ar Choláiste Oideachais Thuamhumhan fostaithe amhlaidh fós ar thosach feidhme an Achta seo, is é an duine sin, má thoilíonn sé leis, a bheidh ina chéad Stiúrthóir. | |||||
[EN] | 8. I gcás an Stiúrthóir a bheith dícháilithe de bhua fhorálacha an Achta seo chun bheith ina chomhalta den Chomhlacht Ceannais scoirfidh sé an tráth céanna freisin d'oifig an Stiúrthóra a shealbhú. | |||||
|