43 1980


Uimhir 43 de 1980


AN tACHT CORR-THRÁDÁLA, 1980

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN CORR-THRÁDÁIL A RIALÚ AGUS A RIALÁIL AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE A BHAINEANN LEIS NA NITHE SIN. [24 Nollaig, 1980]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “oifigeach údaraithe” duine a cheapfar faoi alt 11 den Acht seo le bheith ina oifigeach údaraithe;

ciallaíonn “limistéar corr-thrádála” talamh a bheidh ainmnithe faoi alt 7 den Acht seo mar limistéar ina bhféadfar corr-thrádáil a sheoladh;

ciallaíonn “ceadúnas corr-thrádála” ceadúnas arna dheonú faoi alt 4 den Acht seo;

ciallaíonn “cead corr-thrádála” cead arna dheonú faoi alt 5 den Acht seo;

ciallaíonn “údarás áitiúil” comhairle contae, bardas contae-bhuirge nó buirge eile nó comhairle ceantair uirbigh;

ciallaíonn “ceart margaidh” ceart a thugtar le díolúine nó le reacht aonach nó margadh a thionscnamh, is é sin le rá, comhthionól ceannaitheoirí agus díoltóirí chun tráchtearraí a dhíol;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail, Tráchtála agus Turasóireachta;

folaíonn “díol” comhaontú nó tairiscint chun ní a dhíol nó tairiscint a iarraidh chun ní a cheannach.

Corr-thrádáil.

2. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, ciallaíonn “corr-thrádáil” earraí a mhiondíol in áit (lena n-áirítear bóthar poiblí) ar a bhfuil rochtain ag an bpobal ó cheart nó in aon áit eile ar limistéar corrthrádála é.

(2) Ní fholaíonn corr-thrádáil—

(a) díol ar ceant (seachas ceant Dúitseach) ag sealbhóir ceadúnas nó cead ag a bhfuil feidhm de thuras na huaire faoi na hAchtanna um Cheantálaithe agus Gníomhairí Tithe, 1947 go 1973,

(b) díol torthaí talmhaíochta nó gairneoireachta (lena n-áirítear beostoc) ag táirgeoir na dtorthaí sin nó ag a sheirbhísigh nó a ghníomhairí ag gníomhú dóibh amhlaidh,

(c) díol le duine san áit, nó i gcóngar na háite, ina gcónaíonn sé nó ina seolann sé gnó,

(d) díol milseán, seacláide, milseogra, bianna bruite (seachas bianna a bruitheadh in áit a ndíola), torthaí nó deochanna neamh-mheisciúla nó suaitheantais fabhair a dhéantar ó thráidire, ciseán, bara, tralaí nó deis dá samhail ag teagmhas a ligtear an pobal isteach chuige, ar tháille nó saor ó tháille, nó ar an lá a mbíonn an teagmhas sin ar siúl agus san áit nó i ngarchomhsarsanacht na háite ina mbíonn sé ar siúl,

(e) díol uachtair reoite (le habhlanna, brioscaí nó coirnéid nó gan iad), nuachtán, tréimhseachán, irisí nó ábhar clóite eile, nó earraí crábhaidh nó creidimh,

(f) díol éisc ag an duine a thóg iad nó ag comhalta d'fhoireann an bháid ónar tógadh iad,

(g) díol a suíonn an díoltóir ina leith—

(i) go n-úsáidtear na brabúis as chun críocha carthanúla nó críocha eile nach bhfaightear aon bhrabús príobháideach as, agus

(ii) nach bhfaibhreoidh aon luach saothair, díolaíocht, gnóchan ná brabús as chuig an díoltóir nó a sheirbhísigh nó a ghníomhairí,

(h) díol ar mhargadh nó ar aonach a stiúrtar de bhun ceart margaidh.

(3) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, fo-alt (2) den alt seo a leasú agus beidh éifeacht de réir aon rialachán den sórt sin leis an bhfo-alt sin.

Srian le corrthrádáil.

3. —(1) Ní ghabhfaidh duine do chorr-thrádáil i limistéar corrthrádála mura duine é, nó mura seirbhíseach nó gníomhaire é atá ag gníomhú sa cháil sin do dhuine, a shealbhaíonn ceadúnas corr-thrádála agus cead corr-thrádála ag a bhfuil feidhm de thuras na huaire agus gur corr-thrádáil í atá de réir an cheadúnais agus an cheada.

(2) Ní ghabhfaidh duine do chorr-thrádáil i limistéar seachas limistéar corr-thrádála mura duine é, nó mura seirbhíseach nó gníomhaire é atá ag gníomhú sa cháil sin do dhuine, a shealbhaíonn ceadúnas corr-thrádála agus gur corr-thrádáil í atá de réir an cheadúnais.

(3) (a) I gcás a mbeidh limistéar corr-thrádála i limistéar feidhme údaráis áitiúil, ní ghabhfaidh duine do chorr-thrádáil—

(i) sa limistéar feidhme sin seachas sa limistéar corrthrádála sin, nó

(ii) i limistéar feidhme údaráis áitiúil eile seachas in áit is faide ná cúig mhíle ón bpointe is gaire den limistéar corr-thrádála sin nó atá i limistéar corr-thrádála i limistéar feidhme an údaráis eile sin.

(b) Ní bhaineann mír (a) den fho-alt seo le limistéar a áirítear i limistéar feidhme dhá údarás áitiúil nó níos mó mura bhfuil limistéar corr-thrádála amháin ar a laghad i limistéar feidhme gach ceann de na húdaráis sin arna n-ainmniú ag gach ceann de na húdaráis sin.

(4) Duine a sháróidh an t-alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(5) (a) In ionchúiseamh i leith cion faoi fho-alt (1) den alt seo, toimhdeofar, go dtí go suífear a mhalairt, nár shealbhóir ceadúnais chorr-thrádála ag a raibh feidhm de thuras na huaire ná ceada corr-thrádála ag a raibh feidhm de thuras na huaire, tráth na corr-thrádála lena mbaineann an cion, an cosantóir ná aon duine dá raibh sé ag gníomhú an tráth sin mar sheirbhíseach nó mar ghníomhaire i ndáil leis an trádáil sin.

(b) In ionchúiseamh i leith cion faoi fho-alt (2) den alt seo, toimhdeofar, go dtí go suífear a mhalairt, nár shealbhóir ceadúnais chorr-thrádála ag a raibh feidhm de thuras na huaire, tráth na corr-thrádála lena mbaineann an cion, an cosantóir ná aon duine dá raibh sé ag gníomhú an tráth sin mar sheirbhíseach nó mar ghníomhaire i ndáil leis an trádáil sin.

Ceadúnais chorrthrádála.

4. —(1) Faoi réir na bhforálacha sin ina dhiaidh seo den alt seo, déanfaidh an tAire, ar dhuine do dhéanamh iarratais i scríbhinn chuige sin agus ar é d'íoc táille £100, ceadúnas (dá ngairtear “ceadúnas corr-thrádála” san Acht seo) a dheonú don duine, i cibé foirm agus ag sonrú cibé nithe a chinnfidh an tAire, á údarú don duine gabháil do chorr-thrádáil.

(2) Déanfar iarratas chun an Aire ar cheadúnas corr-thrádála 30 lá ar a laghad roimh an gcéad lá a mbeartaítear gabháil do chorr-thrádáil.

(3) (a) Beidh i gceadúnas corr-thrádála cibé coinníollacha (más ann) a chinnfidh an tAire agus a shonróidh sé sa cheadúnas.

(b) Duine a shealbhóidh ceadúnas corr-thrádála comhlíonfaidh sé coinníollacha an cheadúnais.

(c) Duine a sháróidh mír (b) den fho-alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(4) Féadfaidh an tAire ceadúnas corr-thrádála a chúlghairm más deimhin leis go bhfuil coinníoll de chuid an cheadúnais á shárú nó sáraithe nó má rinneadh an duine dar deonaíodh é a chiontú i gcion i ndáil le hearraí a allmhairiú, a bheith ina sheilbh nó a dhíol a rinne sé fad a bhí sé ina shealbhóir ar cheadúnas corr-thrádála nó i gcion faoi alt 3 den Acht seo.

(5) Féadfaidh an tAire diúltú ceadúnas corr-thrádála a dheonú do dhuine a ciontaíodh i gcion i ndáil le hearraí a allmhairiú, a bheith ina sheilbh nó a dhíol a rinne sé fad a bhí sé ina shealbhóir ar cheadúnas corr-thrádála nó i gcion faoin Acht seo.

(6) Ní dheonóidh an tAire ceadúnas corr-thrádála do dhuine a ciontaíodh in dhá chion nó níos mó (ar cion i ndáil le hearraí a allmhairiú, a bheith ina sheilbh nó a dhíol a rinne sé fad a bhí sé ina shealbhóir ar cheadúnas corr-thrádála nó cion faoin Acht seo gach ceann díobh) más tráth is lú ná cúig bliana roimh an gcéad lá ar a mbeartaíonn an duine gabháil don chorr-trádáil lena mbaineann an t-iarratas ar an gceadúnas a tharla an ciontú is deireanaí agus gur tharla dhá cheann, ar a laghad, de na ciontuithe tar éis deireadh a bheith leis an tréimhse dhícháilíochta (más ann) is deireanaí de bhua an fho-ailt seo chun ceadúnas corr-thrádála a dheonú.

(7) Fanfaidh ceadúnas corr-thrádála i bhfeidhm go ceann tréimhse dhá mhí dhéag mura gcúlghairfear roimhe sin é agus rachaidh sé in éag ansin.

(8) I gcás maidir le ceadúnas corr-thrádála—

(a) gur chun iasc, torthaí gairneoireachta nó talmhaíochta (seachas feoil), nó

(b) gur chun earraí a rinne an duine a shealbhaíonn an ceadúnas nó a rinne a chéile nó a leanaí,

a dhíol, agus chuige sin amháin é, £5 méid na táille is iníoctha faoi fho-alt (1) den alt seo ar an iarratas ar an gceadúnas.

(9) Duine a iarrfaidh ar an Aire ceadúnas corr-thrádála a dheonú dó tabharfaidh sé don Aire cibé faisnéis a iarrfaidh an tAire chun a chumhachtaí agus a fheidhmeanna faoin alt seo a fheidhmiú agus, mura gcomhlíonfaidh an duine an fo-alt seo, féadfaidh an tAire diúltú an ceadúnas a dheonú dó.

(10) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, méideanna na dtáillí a shonraítear i bhfo-ailt (1) agus (8) den alt seo a athrú i gcoitinne nó i ndáil le haicme shonraithe nó le haicmí sonraithe iarratasóirí ar cheadúnais chorr-thrádála agus beidh éifeacht leis na fo-ailt sin de réir aon rialacháin den sórt sin.

(11) Déanfar na táillí is iníoctha leis an Aire faoin alt seo a dhiúscairt de réir orduithe ón Aire Airgeadais.

(12) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táillí a mhuirearófar nó a thoibheofar faoin alt seo nó faoi alt 5 den Acht seo.

Ceadanna corrthrádála.

5. —(1) (a) I gcás a mbeidh limistéar corr-thrádála i limistéar feidhme údaráis áitiúil, ansin, faoi réir na bhforálacha sin ina dhiaidh seo den alt seo, déanfaidh údarás áitiúil, ar dhuine do dhéanamh iarratais i scríbhinn chuige sin ar sealbhóir ceadúnais chorr-thrádála é ag a bhfuil feidhm de thuras na huaire agus ar é d'íoc táille £20, cead (dá ngairtear “cead corr-thrádála” san Acht seo) a dheonú don duine i cibé foirm agus ag sonrú cibé nithe a chinnfidh an t-údarás áitiúil, á údarú don duine gabháil do chorrthrádáil in áit amháin, agus gan ach in áit amháin, i limistéar corr-thrádála sonraithe amháin i limistéar feidhme an údaráis ar laethanta sonraithe.

(b) Féadfaidh údarás áitiúil níos mó ná cead corr-thrádála amháin a dheonú do dhuine i leith corr-thrádála i limistéir chorr-thrádála éagsúla nó in áiteanna sonraithe éagsúla i limistéar corr-thrádála.

(2) Déanfar iarratas chun an údaráis áitiúil lena mbaineann ar chead corr-thrádála 30 lá ar a laghad roimh an gcéad lá ar a mbeartaítear gabháil don chorr-thrádáil lena mbaineann an t-iarratas.

(3)  (a) Beidh i gcead corr-thrádála cibé coinníollacha (más ann) a chinnfidh an t-údarás áitiúil agus a shonróidh sé sa chead.

(b) Duine a shealbhóidh cead corr-thrádála comhlíonfaidh sé coinníollacha an cheada.

(c) Duine a sháróidh mír (b) den fho-alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(4) Féadfaidh údarás áitiúil diúltú cead corr-thrádála a dheonú do dhuine a ciontaíodh i gcion faoi alt 3 den Acht seo.

(5) Féadfaidh údarás áitiúil cead corr-thrádála a chúlghairm más deimhin leis go bhfuil coinníoll de chuid an cheada sáraithe nó á shárú nó má rinneadh an duine dar deonaíodh é a chiontú i gcion faoi alt 3 den Acht seo.

(6) Fanfaidh cead corr-thrádála i bhfeidhm go ceann tréimhse dhá mhí dhéag mura gcúlghairfear roimhe sin é agus rachaidh sé in éag ansin.

(7) Duine a iarrfaidh ar údarás áitiúil cead corr-thrádála a dheonú dó tabharfaidh sé don údarás cibé faisnéis a iarrfaidh an t-údarás chun a chumhachtaí agus a fheidhmeanna faoin alt seo a fheidhmiú agus, mura gcomhlíonfaidh an duine an fo-alt seo, féadfaidh an t-údarás diúltú an cead a dheonú dó.

(8) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, méideanna aon táillí a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo nó a athraítear faoin bhfo-alt seo a athrú i gcoitinne nó i ndáil le haicme shonraithe nó le haicmí sonraithe iarratasóirí ar cheadanna corr-thrádála agus beidh éifeacht leis an bhfo-alt sin (1) de réir aon rialacháin den sórt sin.

Ceadanna corrthrádála agus ceadúnais chorrthrádála a thaispeáint.

6. —(1) Duine a bheidh ag gabháil do chorr-thrádáil i limistéar corr-thrádála taispeánfaidh sé an cead corr-thrádála a bhaineann leis an trádáil in ionad, san áit ina mbeidh sé ag seoladh na trádála, ina mbeidh sé le feiceáil go soiléir agus soléite ag daoine den phobal san áit.

(2) Duine a bheidh ag gabháil do chorr-thrádáil seachas i limistéar corr-thrádála taispeánfaidh sé an ceadúnas corr-thrádála a bhaineann leis an trádáil nó cóip den chéanna in ionad, san áit ina mbeidh sé ag seoladh na trádála, ina mbeidh sé le feiceáil go soiléir agus soléite ag daoine den phobal san áit.

(3) Duine a sháróidh an t-alt seo beidh sé ciontach i gcion.

Limistéir chorrthrádála a ainmniú.

7. —(1) (a) Féadfaidh údarás áitiúil—

(i) aon talamh (lena n-áirítear bóthar poiblí) ina limistéar feidhme a bhfuil rochtain ag an bpobal air ó cheart nó aon talamh atá ar áitiú ag an údarás agus i limistéar feidhme an údaráis, nó

(ii) le toiliú údaráis áitiúil eile, aon talamh (lena n-áirítear bóthar poiblí) i limistéar feidhme an údaráis eile sin nó aon talamh atá ar áitiú ag an údarás eile sin agus i limistéar feidhme an údaráis eile sin,

a ainmniú mar áit ina bhféadfar corr-thrádáil a sheoladh (dá ngairtear limistéar corr-thrádála san Acht seo) agus féadfaidh sé ainmniú faoin bhfo-alt seo a chúlghairm.

(b) Ní bhainfidh ainmniú talún mar limistéar corr-thrádála ag údarás áitiúil le talamh a bheidh ar áireamh i limistéar corr-thrádála de chuid údaráis áitiúil eile.

(2) Le linn d'údarás áitiúil a bheith á chinneadh an ndéanfaidh sé aon talamh a ainmniú mar limistéar corr-thrádála nó ainmniú a rinneadh faoin alt seo a chúlghairm, beidh aird aige ar phleanáil agus ar fhorbairt chuí a limistéir fheidhme (lena n-áirítear taitneamhachtaí an limistéir a chaomhnú agus a fheabhsú), ar an bplean forbartha dá limistéar feidhme agus ar aon ordú taitneamhachta speisialta (de réir bhrí na nAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 agus 1976, i ngach cás) a bhaineann lena limistéar feidhme, ar an trácht is dóigh don chorr-thrádáil a thabhairt sa limistéar corr-thrádála agus ar gach ní eile a mheasfaidh sé a bhaineann lena chinneadh.

(3) Leasaítear leis seo an tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 , tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach in alt 4 (1) i ndiaidh fhomhír (h):—

“(hh) forbairt arb éard í úsáid talún chun críocha limistéir chorr-thrádála (de réir bhrí an Achta Corr-Thrádála, 1980 );”.

(4) Is feidhm fhorcoimeádta de réir bhrí Achtanna Bainistí Chathair Chorcaí, 1929 go 1971, na nAchtanna Rialtais Áitiúil (Baile Átha Cliath), 1930 go 1971, Achtanna Bainistí Chathair Luimnigh, 1934 go 1971, Achtanna Bainistí Chathair Phortláirge, 1939 go 1971, agus na nAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1972, talamh a ainmniú mar limistéar corr-thrádála.

(5) Aon uair a bheartóidh údarás áitiúil talamh a ainmniú mar limistéar corr-thrádála nó ainmniú den sórt sin a chúlghairm, cuirfidh an t-údarás áitiúil in iúl don Aire Comhshaoil go bhfuil beartaithe aige amhlaidh agus foilseoidh sé fógra maidir leis an mbeartú in dhá nuachtán ar a laghad a léitear sa limistéar lena mbaineann an beartú.

(6) (a) Féadfaidh duine ar bith, laistigh de thréimhse 21 lá dar tús an dáta ar a ndéanfaidh an t-údarás áitiúil fo-alt (5) den alt seo a chomhlíonadh, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Cuarda in aghaidh an bheartaithe agus féadfaidh an Chúirt sin, ar an achomharc a éisteacht, an beartú a thoirmeasc nó é a údarú faoi réir cibé coinníollacha (más ann) a mheasfaidh sé is iomchuí agus a shonróidh sé.

(b) Déanfar fógra i dtaobh achomharc faoin bhfo-alt seo a thabhairt don údarás áitiúil lena mbaineann agus beidh oifigeach de chuid an údaráis áitiúil i dteideal láithriú agus éisteacht a fháil ar an achomharc a éisteacht.

(c) Ní bheidh aon ábhar achomhairc ann in aghaidh chinneadh ón gCúirt Chuarda ar achomharc faoin bhfo-alt seo.

(7) Ní rachaidh údarás áitiúil ar aghaidh le beartú chun talamh a ainmniú mar limistéar corr-thrádála nó ainmniú den sórt sin a chúlghairm go dtí go mbeidh 30 lá caite ón dáta ar a ndearna an t-údarás áitiúil áirithe fo-alt (5) den alt seo a chomhlíonadh i ndáil leis an mbeartú agus, má thugtar achomharc in aghaidh an bheartaithe, sula ndéanfar an cinneadh críochnaitheach ar an achomharc.

(8) Féadfaidh údarás áitiúil fodhlíthe a dhéanamh i ndáil le corrthrádáil a rialú, a rialáil, a mhaoirseacht agus a riar i limistéir chorrthrádála ina limistéar feidhme, lena n-áirítear fodhlíthe a shonróidh an limistéar uasta is féidir a áitiú i limistéar corr-thrádála ag duine a bheidh ag gabháil do chorr-thrádáil.

Údarás áitiúil d'fháil ceart margaidh.

8. —(1) Féadfaidh údarás áitiúil aon cheart margaidh maidir le margadh nó aonach ina limistéar feidhme a fháil trí chomhaontú nó go héigeantach.

(2) Beidh feidhm ag alt 10 den Acht Rialtais Áitiúil (Uimh. 2), 1960 , agus ag Cuid V den Tríú agus den Cheathrú Sceideal a ghabhann le hAcht na dTithe, 1966 , i ndáil le ceart margaidh maidir le le margaí nó aontaí mar atá feidhm acu i ndáil le talamh—

(a) trí thagairtí don cheart margaidh sin a chur in ionad na dtagairtí do thalamh,

(b) ach go scriosfar—

(i) “agus den léarscáil dá dtagraítear ann” in alt 78 (1) d'Acht na dTithe, 1966 ,

(ii) “agus beidh ag gabháil leis an léarscáil den talamh lena mbainfidh sé” in alt 82 (1) d'Acht na dTithe, 1966 ,

(iii) “faoi threoir léarscála” i mír 3 den Tríú Sceideal sin, agus

(iv) “agus den léarscáil dá dtagraítear san ordú” i mír 4 (a) den Tríú Sceideal sin, agus

(c) maille le haon mhodhnuithe eile is gá.

(3) Forléireofar na tagairtí san Acht Rialtais Áitiúil (Uimh. 2), 1960 (seachas in alt 2), don Aire iomchuí, i ndáil le fáil faoin alt seo nó iasacht a fháil chun críocha na fála sin, mar thagairtí don Aire Comhshaoil.

Cumhachtaí údarás áitiúil i ndáil le cearta margaidh atá ar úinéireacht ag na húdaráis sin.

9. —(1) Féadfaidh údarás áitiúil margadh nó aonach a sheoladh, a bhainistí agus a rialáil a mbaineann ceart margaidh leis atá ar úinéireacht ag an údarás amhail is dá mba mhargadh é a bhunaigh sé faoin Public Health (Ireland) Act, 1878, agus beidh aige na cumhachtaí sin go léir is gá chun na gcríocha sin.

(2) Féadfaidh údarás áitiúil, le cead ón Aire Comhshaoil, ceart margaidh atá ar úinéireacht aige a mhúchadh.

(3)  (a) Ní dhéanfaidh údarás áitiúil ceart margaidh faoin alt seo a mhúchadh mura soláthróidh sé saoráidí eile sa chomharsanacht chéanna leis an margadh nó leis an aonach lena mbaineann an ceart agus a chuimseoidh nó a fholóidh saoráidí a fhreagróidh go réasúnach ar gach slí, ag féachaint do na himthosca go léir, don mhargadh nó don aonach.

(b) I gcás údarás áitiúil d'fháil ceart margaidh go héigeantach faoin Acht seo, ní scoirfidh sé den mhargadh nó den aonach lena mbaineann sé a thionscnamh mura soláthróidh sé saoráidí eile sa chomharsanacht chéanna leis an margadh nó leis an aonach lena mbaineann an ceart agus a fhreagróidh go réasúnach ar gach slí, ag féachaint do na himthosca go léir, don mhargadh nó don aonach.

(4)  (a) Aon uair a bheartóidh údarás áitiúil ceart margaidh a mhúchadh faoin alt seo—

(i) cuirfidh an t-údarás áitiúil in iúl don Aire Comhshaoil go bhfuil beartaithe aige amhlaidh agus tabharfaidh sé fógra i scríbhinn maidir leis an mbeartú d'úinéir an chirt agus d'aon duine eile ar dealraitheach don údarás leas a bheith aige sa cheart, agus

(ii) foilseoidh sé fógra maidir leis an mbeartú in dhá nuachtán ar a laghad a léitear sa limistéar ina dtionscnaítear an margadh nó an t-aonach lena mbaineann an ceart.

(b) Folóidh fógraí faoin bhfo-alt seo sonraí faoi na saoráidí a bheartaíonn an t-údarás áitiúil a sholáthar in ionad an mhargaidh nó an aonaigh lena mbaineann an ceart a bheartaítear a mhúchadh.

(c) Féadfar fógra faoin bhfo-alt seo a sheirbheáil ar aon duine trína chur leis an bpost cláraithe i gclúdach a sheolfar chuige ag a ghnáthsheoladh nó ag an seoladh is deireanaí is eol a bheith aige.

(5)  (a) Féadfaidh aon duine, laistigh de thréimhse 21 lá dar tús an dáta ar a gcomhlíonfaidh an t-údarás áitiúil áirithe fo-alt (4) (a) (ii) den alt seo i ndáil le ceart margaidh a mhúchadh, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Cuarda in aghaidh an mhúchta agus féadfaidh an Chúirt sin, ar an achomharc a éisteacht, más dóigh léi gur bhac míchuí an múchadh, d'ainneoin na saoráidí eile a sholáthróidh an t-údarás áitiúil agus ag féachaint do na himthosca go léir, ar na saoráidí a theachtann an pobal i ndáil leis an gceart margaidh, an múchadh atá beartaithe a thoirmeasc nó an múchadh a údarú faoi réir cibé coinníollacha (más ann) a mheasfaidh sí is cuí agus a shonróidh sí.

(b) Déanfar fógra i dtaobh achomharc faoin bhfo-alt seo a thabhairt don údarás áitiúil lena mbaineann agus beidh oifigeach de chuid an údaráis áitiúil i dteideal láithriú agus éisteacht a fháil nuair a éistfear an t-achomharc.

(c) Ní bheidh aon ábhar achomhairc ann in aghaidh chinneadh ón gCúirt Chuarda ar achomharc faoin bhfo-alt seo.

(6) Ní rachaidh údarás áitiúil ar aghaidh le beartú chun ceart margaidh a mhúchadh faoin alt seo go dtí go mbeidh 30 lá caite ón dáta ar a ndearna an t-údarás áitiúil áirithe fo-alt (4) (a) (ii) den alt seo a chomhlíonadh i ndáil leis an gceart nó, má thugtar achomharc in aghaidh an bheartaithe, sula ndéanfar an cinneadh críochnaitheach ar an achomharc.

(7) Is feidhm fhorcoimeádta chun críocha Achtanna Bainistí Chathair Chorcaí, 1929 go 1971, na nAchtanna Rialtais Áitiúil (Baile Átha Cliath), 1930 go 1971, Achtanna Bainistí Chathair Luimnigh, 1934 go 1971, Achtanna Bainistí Chathair Phortláirge, 1939 go 1971, agus na nAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1972, ceart margaidh a mhúchadh faoin alt seo.

(8) Féadfaidh údarás áitiúil aon ghníomh nó ní a dhéanamh a bheidh riachtanach nó teagmhasach i ndáil le haon ní a dhéanamh a údaraítear don údarás áitiúil a dhéanamh le forálacha eile an ailt seo agus ailt 7 agus 8 den Acht seo.

Toirmeasc ar fhaisnéis bhréagach agus ar cheadanna nó ceadúnais a athrú.

10. —(1) Ní thabharfaidh duine faisnéis bhréagach don Aire i ndáil le hiarratas ar cheadúnas corr-thrádála a dheonú.

(2) Ní thabharfaidh duine faisnéis bhréagach d'údarás áitiúil i ndáil le hiarratas ar chead corr-thrádála a dheonú.

(3) Ní dhéanfaidh duine, le hintinn mheabhlaireachta, ceadúnas corr-thrádála nó cead corr-thrádála a athrú ná a úsáid.

(4) Ní bhrionnóidh duine doiciméad a airbheartaíonn gur ceadúnas corr-thrádála nó cead corr-thrádála é.

(5) Duine a sháróidh fo-alt (1), (2), (3) nó (4) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(6) Is cosaint é do dhuine a bheidh cúisithe i gcion faoin alt seo i ndáil le faisnéis bhréagach a thabhairt don Aire nó d'údarás áitiúil a shuíomh nach raibh a fhios aige agus nach bhféadfaidh sé, trí chúram réasúnach a ghlacadh, a fhios a bheith aige, go raibh an fhaisnéis bréagach.

Cumhachtaí oifigeach údaraithe agus an Gharda Síochána.

11. —(1) (a) Féadfaidh an tAire oifigigh don Aire a cheapadh le bheith ina n-oifigigh údaraithe chun críocha an Achta seo.

(b) Féadfaidh údarás áitiúil oifigigh don údarás áitiúil a cheapadh le bheith ina n-oifigigh údaraithe chun críocha an Achta seo, agus ní fhéadfaidh oifigeach údaraithe a bheidh ceaptha faoin bhfo-alt seo na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo d'oifigigh údaraithe a fheidhmiú ach i limistéar feidhme an údaráis a cheap é nó i limistéar feidhme údaráis áitiúil eile lena bhfuil comhaontú ar marthain go ndéanfadh oifigigh don údarás céadluaite cumhachtaí agus feidhmeanna oifigigh údaraithe a fheidhmiú agus a chomhlíonadh i limistéar feidhme an údaráis eile sin.

(2)  (a) Féadfaidh oifigeach údaraithe nó comhalta den Gharda Síochána—

(i) dul isteach in aon áit a bhfuil cúis réasúnach aige lena chreidiúint go bhfuil corr-thrádáil ar siúl ann agus é a iniúchadh agus a scrúdú,

(ii) a cheangal ar aon duine a bhfuil cúis réasúnach aige lena chreidiúint go bhfuil sé ag gabháil do chorrthrádáil—

(I) ceadúnas corr-thrádála a thabhairt ar aird mura mbeidh sé ar taispeáint agus, más i limistéar corr-thrádála don trádáil, cead corr-thrádála a thabhairt ar aird, ag údarú na trádála sin agus a cheadú don oifigeach nó don chomhalta sin an ceadúnas sin agus an cead sin a scrúdú, agus

(II) má mhainníonn, má fhaillíonn nó má dhiúltaíonn sé an ceadúnas nó an cead sin a thabhairt ar aird nó, i gcás nach mbeidh sé ar taispeáint, a ainm agus a sheoladh agus, más seirbhíseach nó gníomhaire é do dhuine eile, ainm agus seoladh an duine eile, a thabhairt don oifigeach,

(iii) cibé scrúdú agus fiosrú a dhéanamh is gá chun a fháil amach an bhfuil forálacha an Achta seo á gcomhlíonadh,

(iv) a cheangal ar aon duine a bhfuil cúis réasúnach aige lena chreidiúint go bhfuil sé ag gabháil do chorrthrádáil de shárú ar an Acht seo cibé faisnéis a bheidh ina chumhacht a thabhairt i dtaobh úinéireacht aon earraí atá á ndíol i gcúrsa na trádála sin,

(v) a cheangal ar aon duine a bhfuil cúis réasúnach aige lena chreidiúint go bhfuil sé ag gabháil do chorrthrádáil de shárú ar an Acht seo aon doiciméid, leabhair nó taifid a bhaineann leis an trádáil sin atá faoina chumhacht, ina sheilbh nó faoina rialú a thabhairt ar aird dó agus cibé faisnéis a iarrfaidh sé a thabhairt dó i ndáil le hiontrálacha sna doiciméid, sna leabhair nó sna taifid sin, agus aon doiciméad, leabhar nó taifead den sórt sin a scrúdú nó a chóipeáil nó sleachta a thógáil astu.

(b) Féadfaidh oifigeach údaraithe a bheartaíonn cumhacht nó feidhm a thugtar dó le fomhír (a) (i) den fho-alt seo a chomhlíonadh a iarraidh ar chomhalta den Gharda Síochána a bheith ina theannta má bhíonn cúis réasúnach aige lena cheapadh go gcuirfear aon bhac air agus é ag feidhmiú a dhualgais.

(3) Ní chuirfidh duine bac ná treampán ar oifigeach údaraithe, ná ní thabharfaidh sé faisnéis bhréagach dó, agus an t-oifigeach ag comhlíonadh a fheidhmeanna faoin Acht seo.

(4)  (a) Ní mhainneoidh, ní dhiúltóidh ná ní fhailleoidh duine ceanglas ó oifigeach údaraithe nó ó chomhalta den Gharda Síochána faoin alt seo a chomhlíonadh.

(b) Measfar nach mbeidh mainnithe ná diúltaithe ag duine ceanglas a chomhlíonadh a chuir oifigeach údaraithe nó comhalta den Gharda Síochána faoin alt seo á cheangal cead corr-thrádála nó ceadúnas corr-thrádála a thabhairt ar aird má thugann sé a ainm agus a sheoladh agus, más seirbhíseach nó gníomhaire é do dhuine eile, má thugann sé ainm agus seoladh an duine eile sin, don oifigeach nó don chomhalta.

(5) Má mhainníonn, má dhiúltaíonn nó má fhaillíonn duine ceanglas a chuir comhalta den Gharda Síochána faoin alt seo a chomhlíonadh, féadfaidh an comhalta sin nó aon chomhalta eile den Gharda Síochána, gan bharántas, an duine a ghabháil agus aon earraí atá sé a dhíol nó atá ina sheilbh lena ndíol san áit ar chreid an comhalta é a bheith ag gabháil do chorr-thrádáil ann agus an gabhdán, an fheithicil nó an stainnín ar a bhfuil nó ina bhfuil na hearraí agus gach acra, bosca agus airteagal eile (lena n-áirítear airgead) ar an gcéanna agus aon ainmhí tarraingthe a bheidh i gceangal leis an gcéanna a urghabháil, a choinneáil agus a thabhairt chun siúil.

(6) Duine a sháróidh fo-alt (3) nó (4) (a) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

Cumhachtaí breise an Gharda Síochána.

12. —(1) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána, gan bharántas, duine a ghabháil a mbeidh cúis réasúnach aige lena chreidiúint go bhfuil foráil den Acht seo á shárú aige in aon áit agus féadfaidh sé aon earraí atá an duine sin a dhíol nó atá ina sheilbh lena ndíol san áit a urghabháil agus a thabhairt chun siúil.

(2) Má bhíonn cúis réasúnach ag comhalta den Gharda Síochána lena chreidiúint go bhfuil duine ag gabháil do chorr-thrádáil de shárú ar an Acht seo in aon áit féadfaidh sé a cheangal ar an duine bailiú leis lena chuid earraí as an áit sin agus, mura gcomhlíonfar an ceanglas, féadfaidh sé an duine a ghabháil gan bharántas agus aon earraí atá ina sheilbh aige san áit chun críocha corr-thrádála a urghabháil agus a thabhairt chun siúil.

(3) Folaíonn tagairtí san alt seo d'earraí tagairtí don ghabhdán, don fheithicil nó don stainnín ina bhfuil nó ar a bhfuil na hearraí ar taispeáint nó ar iompar agus gach acra, bosca agus airteagal eile (lena n-áirítear airgead) atá ar an ngabhdán, ar an bhfeithicil nó ar an stainnín sin nó sa chéanna chun críocha na trádála agus aon ainmhí tarraingthe a bheidh i gceangal leis an gcéanna nó atá fágtha san áit ina bhfuil an gabhdán, an fheithicil nó an stainnín chun iad a aistriú.

Earraí a dhiúscairt a rinne an Garda Síochána a urghabháil.

13. —(1) Aon uair a dhéanfaidh comhalta den Gharda Síochána aon earraí a urghabháil agus a thabhairt chun siúil faoin Acht seo, féadfaidh an Comisinéir, i gcás earraí solofa tráth nach déanaí ná dhá uair déag a chloig agus is gcás aon earraí eile tráth nach déanaí ná trí lá tar éis na hurghabhála, a chur faoi deara na hearraí a dhíol agus an caiteachas go léir a tabhaíodh le linn na hearraí a urghabháil, a thabhairt chun siúil, a stóráil agus a dhíol a íoc as fáltais an díola sin agus íocfaidh sé barrachas na bhfáltas sin leis an duine arbh é úinéir na n-earraí é tráth na hurghabhála.

(2) Aon uair a bheidh aon airteagal a bheidh ceaptha mar bhia nó mar dheoch don duine ar áireamh aon earraí den sórt sin agus go mbeidh an t-airteagal sin, tráth ar bith sula ndíolfar é faoin alt seo, neamhoiriúnach i dtuairim an Choimisinéara mar bhia nó mar dheoch don duine, féadfaidh an Coimisinéir a chur faoi deara an t-airteagal sin a scriosadh.

(3) Más rud é, sula ndéanfar aon earraí den sórt sin a dúradh a dhíol faoin alt seo, go ndeimhneoidh aon duine don Choimisinéir gurb é úinéir na n-earraí sin é agus go n-íocfaidh sé leis an gCoimisinéir na caiteachais go léir a tabhaíodh ag urghabháil na n-earraí nó á dtabhairt chun siúil nó á stóráil nó ag beartú iad a dhíol nó ag féachaint lena ndíol, tabharfaidh an Coimisinéir na hearraí sin ar láimh don duine sin.

(4) (a) San alt seo ciallaíonn “an Coimisinéir” Coimisinéir an Gharda Síochána.

(b) Folaíonn tagairtí san alt seo d'earraí tagairtí do gach gabhdán, feithicil, stainnín, acra, airteagal agus ainmhí a dhéanfar a urghabháil agus a thabhairt chun siúil faoin Acht seo i dteannta na n-earraí.

Cláir na gceadúnas agus na gceadanna.

14. —(1) Bunóidh an tAire agus cothabhálfaidh sé clár (dá ngairfear Clár na gCeadúnas Corr-Thrádála) de na ceadúnais chorr-thrádála a deonaíodh faoin Acht seo ina mbeidh cibé sonraí (lena n-áirítear sonraí i ndáil le ceadúnais den sórt sin a chúlghairm) is iomchuí leis an Aire.

(2) Bunóidh údarás áitiúil agus cothabhálfaidh sé clár (dá ngairfear Clár na gCeadanna Corr-Thrádála) le haghaidh limistéar feidhme an údaráis de na ceadanna corr-thrádála a dheonaigh an t-údarás faoin Acht seo ina mbeidh cibé sonraí (lena n-áirítear sonraí i ndáil le ceadanna den sórt sin a chúlghairm) is iomchuí leis an Aire agus a shonróidh sé don údarás.

Pionóis.

15. —(1) Duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 3 den Acht seo dlífear, ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £5,000 agus ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil nach mó ná £250 in aghaidh gach lae nó gach coda de lá a leanfar den chion tar éis an chéad lae sin nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó an fhíneáil nó na fíneálacha agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

(2) Beidh dlínse ag Breitheamh den Chúirt Dúiche cion faoi alt 3 den Acht seo a thriail go hachomair—

(a) más é tuairim an Bhreithimh gur mionchion is intriailte go hachomair na fíorais a cruthaíodh nó a líomhnaíodh i gcoinne cosantóir a bheidh cúisithe i gcion den sórt sin,

(b) má thoilíonn an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí leis, agus

(c) mura ndéanfaidh an cosantóir (ar an mBreitheamh á chur in iúl dó go bhfuil de cheart aige go dtrialfadh giúiré é) agóid i gcoinne é a thriail go hachomair,

agus, ar é a chiontú faoin bhfo-alt seo, dlífear fíneáil nach mó ná £500 a chur ar an gcosantóir sin.

(3) Beidh feidhm ag alt 13 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , i ndáil le cion faoi alt 3 den Acht seo ionann is dá ndéanfaí, in ionad na bpionós a shonraítear i bhfo-alt (3) den alt sin 13, an pionós dá bhforáiltear le fo-alt (2) den alt seo a shonrú ann, agus déanfar an tagairt i bhfo-alt (2)(a) den alt sin 13 do na pionóis dá bhforáiltear san fho-alt sin (3) a fhorléiriú agus beidh éifeacht léi dá réir sin.

(4) Duine a bheidh ciontach i gcion faoin Acht seo (seachas alt 3) dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

(5) Féadfaidh an tAire nó na t-údarás áitiúil ar ina limistéar feidhme a líomhnaítear a rinneadh cion achomair faoin Acht seo nó údarás áitiúil eile lena bhfuil comhaontú ar marthain go bhfeidhmeodh an t-údarás deiridh sin cumhachtaí agus feidhmeanna an chéad údaráis faoin alt seo an cion a ionchúiseamh.

Cionta ag comhlachtaí corpraithe.

16. —I gcás cion faoin Acht seo a bheith déanta ag comhlacht corpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh an cion le toiliú nó le cúlcheadú, nó go raibh sé inchurtha i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine ba stiúrthóir, bainisteoir nó rúnaí ar an gcomhlacht áirithe nó ba chomhalta de choiste bainistí nó d'údarás rialaithe eile an chomhlachta nó ba oifigeach eile dó, tráth an chiona a dhéanamh, measfar go ndearna an duine sin freisin an cion agus féadfar imeachtaí a shaothrú ina choinne agus é a phionósú dá réir sin.

Leasú ar an Acht um Thrádáil Ócáideach, 1979 .

17. —Leasaítear leis seo alt 2(2) den Acht um Thrádáil Ócáideach, 1979 , tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (i):

“(i) díol a suionn an díoltóir ina leith—

(i) go n-úsáidtear na brabúis as chun críocha carthanúla nó críocha eile nach bhfaightear aon bhrabús príobháideach as, agus

(ii) nach bhfaibhreoidh aon luach saothair, díolaíocht, gnóchan ná brabús as chuig an díoltóir nó a sheirbhísigh nó a ghníomhairí.”.

Rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

18. —Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Aisghairm.

19. —(1) Aisghairtear leis seo an Pedlars Act, 1871, an Hawkers Act, 1888, agus an tAcht Trádála Sráide, 1926 , a mhéid a bhaineann siad le corr-thrádáil agus le trádáil ócáideach de réir bhrí an Achta um Thrádáil Ócáideach, 1979 .

(2) Más rud é, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, go raibh duine, i leith aon limistéir, ina shealbhóir ar dheimhniú faoin Pedlars Act, 1871, ag a raibh feidhm de thuras na huaire, ar cheadúnas faoin Hawkers Act, 1888, ag a raibh feidhm de thuras na huaire, ar dheimhniú trádálaí sráide faoin Acht Trádála Sráide, 1926 , ag a raibh feidhm de thuras na huaire nó ar stalla-cheadúnas trádálaí sráide faoin Acht sin ag a raibh feidhm de thuras na huaire agus go mbainfeadh an tAcht seo leis an duine sin ar an tosach feidhme sin mura mbeadh an fo-alt seo, ní bheidh feidhm ag an Acht seo i ndáil leis an duine i leith an limistéir sin go dtí go mbeidh bliain caite ó deonaíodh an deimhniú sin faoin Pedlars Act, 1871, an ceadúnas sin faoin Hawkers Act, 1888, an deimhniú trádálaí sráide nó an stalla-cheadúnas trádálaí sráide sin, de réir mar a bheidh, agus leanfaidh an Pedlars Act, 1871, an Hawkers Act, 1888, nó an tAcht Trádála Sráide, 1926 , sin, de réir mar a bheidh, d'ainneoin fho-alt (1) den alt seo, d'fheidhm a bheith acu i ndáil leis an duine go dtí go mbeidh bliain caite ó deonaíodh an deimhniú sin, an ceadúnas sin faoin Hawkers Act, 1888, an ceadúnas trádálaí sráide nó an stalla-cheadúnas trádálaí sráide sin, de réir mar a bheidh.

(3) D'ainneoin fho-alt (1) den alt seo, leanfaidh an tAcht Trádála Sráide, 1926 , de bheith i ngníomh i limistéar feidhme údarás áitiúil lena mbaineann sé, ar thosach feidhme an ailt seo, go dtí, agus ní leanfaidh ach go dtí—

(a) go mbeidh dhá bhliain caite ón tosach feidhme sin, nó

(b) go ndéanfaidh an t-údarás talamh sa limistéar a shonrú faoi alt 7 den Acht seo mar limistéar corr-thrádála,

cibé acu is túisce a tharlóidh agus, maidir le duine a bhí, díreach roimh an tosach feidhme sin, ina shealbhóir ar dheimhniú trádálaí sráide faoin Acht sin ag a raibh feidhm de thuras na huaire i leith an limistéir, ní bheidh feidhm, d'ainneoin fho-alt (2) den alt seo, ag an bhfo-alt sin (2) i ndáil leis an duine sa mhéid gur shealbhóir den sórt sin é.

Caiteachais.

20. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire agus an tAire Comhshaoil ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

21. —(1) Féadfar an tAcht Corr-Thrádála, 1980 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire go ginearálta nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus le haghaidh forálacha éagsúla.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Na hAchtanna um Cheantálaithe agus Gníomhairí Tithe, 1947 go 1973

An tAcht um Thrádáil Ócáideach, 1979

1979, Uimh. 35

An tAcht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967

1967, Uimh. 12

Achtanna Bainistí Chathair Chorcaí, 1929 go 1971

Na hAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1972

Hawkers Act, 1888

1888, c. 33

Acht na dTithe, 1966

1966, Uimh. 21

Achtanna Bainistí Chathair Luimnigh, 1934 go 1971

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1941

1941, Uimh. 23

Na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Baile Átha Cliath), 1930 go 1971

Na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 agus 1976

An tAcht Rialtais Áitiúil (Uimh. 2), 1960

1960, Uimh. 40

Pedlars Act, 1871

1871, c. 96

Public Health (Ireland) Act, 1878

1878, c. 52

Public Offices Fees Act, 1879

1879, c. 58

Achtanna Bainistí Chathair Phortláirge, 1939 go 1971

An tAcht Trádála Sráide, 1926

1926, Uimh. 15