|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CAIBIDIL 4 Sochar Dífhostaíochta) | Ar Aghaidh (CAIBIDIL 6 Sochar Pá-Choibhneasa) |
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1981
[EN] | ||
[EN] |
CAIBIDIL 5 Sochair Dhíobhála Ceirde | |
Réamhráiteach | ||
[EN] |
Léiriú. [1966 DC, a.1] |
36. —(1) Sa Chaibidil seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt— |
[EN] | ciallaíonn “printíseach” duine a bhfuil oiliúint lánaimsire á fáil aige le haghaidh aon cheird, gnó, gairm, oifig, fostaíocht nó slí bheatha; | |
[EN] | tá le “cóireáil oispidéil cheadaithe” an bhrí a shonraítear in alt 63 (2); | |
[EN] | ciallaíonn “éilitheoir” duine atá ag éileamh sochair dhíobhálacha ceirde, agus folaíonn sé freisin iarratasóir ar dhearbhú gur thionóisc cheirde nó nár thionóisc cheirde tionóisc áirithe, agus déanfar tagairt d'éileamh a fhorléiriú dá réir sin; | |
[EN] | ciallaíonn “an t-éagach”, i ndáil le sochar báis, an duine ar i leith a bháis a éilítear nó is iníoctha an sochar; | |
[EN] | tá le “aisce mhíthreorach” an bhrí a shonraítear in alt 43 (7); | |
[EN] | tá le “pinsean míthreorach” an bhrí a shonraítear in alt 43 (8) nó (9); | |
[EN] | ciallaíonn “tréimhse shochair dhíobhála”, i ndáil le haon tionóisc, an tréimhse 156 lá (gan Domhnaí a áireamh) dar tosach lá na tionóisce, nó an chuid den tréimhse sin nach bhfuil, faoi alt 43 (2), sochar míthreorach ar fáil don duine árachaithe i leith na tionóisce; | |
[EN] | folaíonn “scrúdú dochtúra” tástálacha baictéareolaíochta agus radagrafaíochta agus iniúchadh dá samhail, agus déanfar tagairtí do dhul faoi scrúdú dochtúra a fhorléiriú dá réir sin; | |
[EN] | tá le “cóireáil liachta” an bhrí a shonraítear in alt 63 (1); | |
[EN] | tá le “tionóisc cheirde” an bhrí a shonraítear in alt 60; | |
[EN] | ciallaíonn “tionóisc iomchuí” agus “díobháil iomchuí”, faoi seach, i ndáil le haon sochar, an tionóisc agus an díobháil ar ina leith a éilítear nó is iníoctha an sochar; agus ciallaíonn “cailleadh cumais iomchuí” an cailleadh cumais de dheasca na díobhála iomchuí; | |
[EN] | tá le “forlíonadh do-fhostaitheachta” an bhrí a shonraítear in alt 45 (3). | |
[EN] | (2) Déanfar na tagairtí sa Chaibidil seo do chailleadh cumais choirp a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do mháchailiú, cibé acu a ghabhann nó nach ngabhann aon chailleadh cumais iarbhír leis. | |
Fostaíocht Inárachaithe | ||
[EN] |
Árachas díobhálacha ceirde. [1966 DC, a.2] |
37. —(1) Faoi réir na Coda seo, déanfar gach duine, is cuma cad is aois dó, a bheidh fostaithe i bhfostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde) a árachú faoin gCuid seo in aghaidh díobháil phearsanta a bhainfidh dó de thionóisc a tharlóidh de dhroim agus i gcúrsa na fostaíochta sin. |
[EN] | (2) Déanfar aon tagairt san Acht seo d'árachas díobhálacha ceirde a fhorléiriú mar thagairt don árachas dá bhforáiltear leis an alt seo. | |
[EN] |
Fostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde). [1966 DC, a.3] [1972, a.15] [1974 (Uimh. 3), a.4] [1967 FI, a.16] |
38. —(1) Faoi réir na bhfo-alt seo a leanas den alt seo, déanfar aon tagairt atá san Acht seo d'fhostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde) a fhorléiriú mar thagairt d'aon fhostaíocht atá de thuras na huaire sonraithe i gCuid I den Chéad Sceideal agus nach fostaíocht a shonraítear i gCuid II den Sceideal sin. |
[EN] | (2) (a) Chun críocha an ailt seo, measfar na fostaíochtaí seo a leanas a bheith curtha leis na fostaíochtaí a shonraítear i gCuid I den Chéad Sceideal— | |
[EN] | (i) fostaíocht sa Stát ag lorg fruilithe le haon fheithicil, árthach, aerárthach, inneall nó ainmhí, a bhfaightear a úsáid faoi aon chonradh earbtha (seachas comhaontú fruilcheannaigh) i gcomaoin suim chinnte a íoc nó scair den tuilleamh nó eile, | |
[EN] | (ii) fostaíocht faoi aon chonradh seirbhíse nó printíseachta arna dhéanamh sa Stát (seachas mar chaptaen, mar mháistir nó mar chomhalta den fhoireann) ar bord loinge nó aerárthaigh, ar fostaíocht í chun críche na loinge nó an aerárthaigh nó aon phaisinéirí nó lasta nó poist a iompraíonn an long nó an t-aerárthach, | |
[EN] | (iii) fostaíocht sa Stát mar chomhalta nó mar dhuine faoi oiliúint chun bheith ina chomhalta d'aon bhriogáid dóiteáin, briogáid tarrthála, buíon gharchabhrach nó buíon tarrthálais i monarcha, i mianach nó in oibreacha, a bheidh forordaithe, nó d'aon eagraíocht dá samhail sin a bheidh forordaithe. | |
[EN] | (b) I mír (a) (ii)— | |
[EN] | ciallaíonn “long”— | |
[EN] | (i) aon long atá cláraithe sa Stát, nó | |
[EN] | (ii) aon long nó árthach eile a bhfuil a húinéir nó, má tá níos mó ná úinéir amháin uirthi, a bhfuil a húinéir bainistí nó a bainisteoir, ina chónaí, nó a bhfuil a phríomh-áit ghnó aige, sa Stát; | |
[EN] | ciallaíonn “aerárthach”— | |
[EN] | (i) aon aerárthach atá cláraithe sa Stát, nó | |
[EN] | (ii) aon aerárthach eile a bhfuil a húinéir nó, má tá níos mó ná úinéir amháin uirthi, a bhfuil a húinéir bainistí nó a bainisteoir, ina chónaí, nó a bhfuil a phríomh-áit ghnó aige, sa Stát. | |
[EN] | (3) Chun críocha an ailt seo, measfar na fostaíochtaí seo a leanas a bheith curtha leis na fostaíochtaí a shonraítear i gCuid II den Chéad Sceideal— | |
[EN] | (a) fostaíocht mar chomhalta d'Óglaigh na hÉireann, | |
[EN] | (b) fostaíocht, nach fostaíocht lánaimsire mar a bheidh mínithe i rialacháin nó faoi chonradh seirbhíse, mar chomhalta d'fhoireann báid iascaireachta i gcás inarb é luach saothair iomlán an duine fhostaithe cion de na brabúis nó den mhór-thuilleamh as an árthach a oibriú, | |
[EN] | (c) fostaíocht, ar shlí seachas faoi chonradh seirbhíse nó printíseachta, mar eachtar-oibrí, | |
[EN] | (d) fostaíocht faoi aon údarás áitiúil nó údarás poiblí eile ag comhlíonadh aon chonartha i leith seirbhísí, | |
[EN] | (e) fostaíocht mar chomhalta den Gharda Síochána, agus | |
[EN] | (f) fostaíocht a shonraítear i mír 12 de Chuid I den Chéad Sceideal. | |
[EN] | (4) Chun críocha an ailt seo, measfar nach bhfuil fostaíocht ócáideach chun críocha aon oibre in áit chónaithe an fhostóra nó ina timpeall ar áireamh i mír 2 de Chuid II den Chéad Sceideal. | |
[EN] | (5) Chun críocha an ailt seo, measfar nach bhfuil fostaíocht faoi aon chonradh seirbhíse nó printíseachta ar áireamh i míreanna 6, 8 agus 9 de Chuid II den Chéad Sceideal. | |
[EN] | (6) Chun críocha an ailt seo, i gcás píolóta lena mbaineann an Pilotage Act, 1913, measfar, nuair a bheidh sé fostaithe ar aon long mar a mhínítear i bhfo-alt (2) (b) gur comhalta d'fhoireann na loinge sin é. | |
[EN] | (7) Féadfaidh an tAire, i ndáil le míreanna 4 agus 5 de Chuid II den Chéad Sceideal a fhoráil le rialacháin go ndéanfar, i gcás fostaíocht a sonraítear gur fofhostaíocht í nó i gcás fostaíocht a sonraítear gur mionfhostaíocht í, a mheas chun críocha an ailt seo gur fostaíocht í nach sonraítear amhlaidh. | |
[EN] | (8) Féadfaidh an tAire le rialacháin a fhoráil go ndéanfar, i gcás aon fhostaíocht shonraithe faoi aon údarás áitiúil nó údarás poiblí eile, a mheas chun críocha an ailt seo í a bheith curtha le Cuid II den Chéad Sceideal. | |
[EN] | (9) I gcás inar dóigh leis an Aire— | |
[EN] | (a) go bhfuil cineál nó cúrsaí eile na seirbhíse nó na hoibre a dhéantar in aon fhostaíocht arb éard í, ar leith ón bhfo-alt seo, fostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde) agus in aon fhostaíocht nach fostaíocht den sórt sin í ar leith ón bhfo-alt seo (toisc gur fostaíocht eiscthe nó eile í) chomh cosúil lena chéile go dtiocfadh aimhrialtachtaí díobh in oibriú na Coda seo, agus | |
[EN] | (b) (i) gur féidir an fhostaíocht chéadluaite a áireamh go caothúil ar na fostaíochtaí eiscthe, nó | |
[EN] | (ii) gur féidir an fhostaíocht a luaitear sa dara háit a áireamh go caothúil ar na fostaíochtaí inárachaithe (díobhálacha ceirde), | |
[EN] | féadfaidh an tAire le rialacháin a fhoráil go mbeidh an fhostaíocht ar áireamh amhlaidh. | |
[EN] | (10) Féadfaidh an tAire le rialacháin forálacha na Coda seo a mhodhnú maidir lena feidhm i gcás daoine ar fostú i bhfostaíochtaí a shonraítear i bhfo-alt (2) (a) (ii). | |
[EN] | (11) Le linn d'aon duine atá dífhostaithe a bheith ag freastal ar chúrsa oiliúna a sholáthraigh nó a cheadaigh An Chomhairle Oiliúna, measfar chun críocha na Coda seo é a bheith i bhfostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde) agus a bheith ar fostú ag An gComhairle Oiliúna. | |
[EN] |
Leathnú ar bhrí tagairtí do thionóiscí de dhroim agus i gcúrsa fostaíochta. [1966 DC, a.4] |
39. —(1) Aon tionóisc a tharlóidh i gcúrsa fostaíochta duine árachaithe measfar chun críocha na Coda seo, cheal fianaise dá mhalairt, í do tharlú de dhroim na fostaíochta sin freisin. |
[EN] | (2) Déanfar, chun críocha na Coda seo, tionóisc a áireamh, i gcás nach ndéanfaí ar leith ón alt seo í a áireamh amhlaidh, mar thionóisc a tharla de dhroim fostaíochta duine árachaithe más rud é— | |
[EN] | (a) gur i gcúrsa na fostaíochta a tharla an tionóisc, | |
[EN] | (b) maidir leis an tionóisc— | |
[EN] | (i) gurb é is cúis léi mí-iompar, ábhaillí nó faillí duine eile, nó bearta a rinneadh de dhroim aon mhí-iompair, ábhaillí nó faillí den sórt sin, nó an chuma inar iompair ainmhí (lena n-áirítear éan, iasc nó feithid) é féin nó ainmhí a bheith sa láthair, nó | |
[EN] | (ii) gurb é is cúis léi nó gurb é atá inti rud ar bith nó tintreach do bhualadh an duine árachaithe, agus | |
[EN] | (c) nach ndearna an duine árachaithe go díreach ná go neamhdhíreach trína iompar lasmuigh den fhostaíocht nó trí aon ghníomh nár bhain leis an bhfostaíocht tarlú na tionóisce a aslú nó cabhrú lena tarlú. | |
[EN] | (3) Chun críocha na Coda seo, measfar tionóisc tarlú de dhroim agus i gcúrsa fostaíochta duine árachaithe, d'ainneoin an duine a bheith tráth na tionóisce ag gníomhú contrártha d'aon rialacháin reachtúla nó rialacháin eile a bhaineann lena fhostaíocht, nó d'aon orduithe a bheidh tugtha ag a fhostóir nó thar a cheann, nó é a bheith ag gníomhú gan treoracha óna fhostóir, más rud é— | |
[EN] | (a) go measfaí chun críocha na Coda seo an tionóisc tarlú amhlaidh dá mba nach ndearnadh an gníomh go contrártha mar a dúradh nó gan treoracha óna fhostóir, de réir mar a bheidh, agus | |
[EN] | (b) gur chun críocha gairme nó gnó a fhostóra nó i ndáil leis an trádáil nó leis an ngnó sin a rinneadh an gníomh. | |
[EN] | (4) Aon tionóisc a tharlóidh agus duine árachaithe ag taisteal, le cead sainráite nó intuigthe óna fhostóir, mar phaisinéir in aon fheithicil go dtí a ionad oibre nó uaidh, measfar chun críocha na Coda seo, d'ainneoin gan é a bheith faoi aon oibleagáid ag a fhostóir taisteal san fheithicil sin, gur tionóisc í a tharla de dhroim agus i gcúrsa a fhostaíochta, más rud é— | |
[EN] | (a) go measfaí chun na gcríocha sin an tionóisc tarlú amhlaidh dá mbeadh sé faoi oibleagáid den sórt sin, agus | |
[EN] | (b) tráth na tionóisce— | |
[EN] | (i) go mbeidh an fheithicil á hoibriú ag an bhfostóir nó thar a cheann nó ag nó thar ceann duine éigin eile a sholáthraigh í de bhun comhshocraíochtaí a rinneadh lena fhostóir, agus | |
[EN] | (ii) nach mbeidh sí á hoibriú i ngnáth-chúrsa seirbhíse iompair phoiblí. | |
[EN] | San fho-alt seo folaíonn tagairtí d'fheithicil tagairtí do long, árthach nó aerárthach. | |
[EN] | (5) Aon tionóisc a tharlóidh do dhuine árachaithe in aon áitreabh nó timpeall aon áitribh a mbeidh sé fostaithe ann de thuras na huaire chun críocha trádála nó gnó a fhostóra measfar chun críocha na Coda seo í tarlú de dhroim agus i gcúrsa a fhostaíochta má tharlaíonn sí agus bearta á ndéanamh aige, in éigeandáil iarbhír nó cheaptha san áitreabh sin, chun daoine a tharrtháil, a fhortacht nó a chosaint atá nó a mheastar a bheith, nó a mheastar a d'fhéadfadh a bheith, díobháilte nó i nguais, nó chun mórdhamáiste do mhaoin a chosc nó a laghdú. | |
[EN] | (6) Aon tionóisc a tharlóidh do dhuine árachaithe, ar printíseach é, agus é ag freastal ar cheardscoil nó áit eile le haghaidh oiliúna nó teagaisc (cibé acu le linn gnáth-uaire fostaíochta nó eile), measfar chun críocha na Coda seo, cheal fianaise dá mhalairt, gur de dhroim agus i gcúrsa a fhostaíochta a tharla an tionóisc más le toiliú a fhostóra nó faoi cheanglas ordaithe a fhostóra nó faoina chonradh printíseachta a bhíonn sé ag freastal ar an scoil sin nó san áit sin. | |
[EN] |
Tionóiscí i gcúrsa fostaíochta neamhdhleathaí, etc. [1966 DC, a.5] |
40. —(1) I gcás ina ndéanfar éileamh ar shochar díobhálacha ceirde faoin gCuid seo maidir le haon tionóisc nó aon ghalar nó díobháil a bheidh forordaithe chun críocha alt 54, nó ina ndéanfar iarratas faoin gcéanna ar dhearbhú gur thionóisc cheirde aon tionóisc áirithe nó ar dhearbhú comhréireach i dtaobh aon ghalair nó díobhála den sórt sin, féadfaidh an tAire a ordú go ndéanfar, chun críocha na Coda seo, an fhostaíocht iomchuí a áireamh, i ndáil leis an tionóisc, an galar nó an díobháil sin, mar fhostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde), d'ainneoin gur tharla, mar gheall ar shárú nó neamhchomhlíonadh forála éigin atá in aon achtachán, nó lena bhfuil éifeacht faoi aon achtachán, a ritheadh chun daoine fostaithe nó aon aicme daoine fostaithe a chosaint, go raibh an conradh a d'airbheartaigh an fhostaíocht a rialú ar neamhní nó nach raibh an duine fostaithe ar fostú go dleathach léi san am nó san áit ar tharla an tionóisc nó ar tolgadh an galar nó ar tharla an díobháil. |
[EN] | (2) I bhfo-alt (1) ciallaíonn “fostaíocht iomchuí”, i ndáil le tionóisc, an fhostaíocht ar dá droim agus ina cúrsa a tharla an tionóisc agus, i ndáil le galar nó díobháil, an fhostaíocht arb é a cineál is cúis leis an ngalar nó an díobháil. | |
[EN] |
Tionóiscí lasmuigh den Stát. [1966 DC, a.6] |
41. —Ach amháin i gcás ina bhforálfar a mhalairt le rialacháin, ní bheidh sochar díobhálacha ceirde iníoctha i leith tionóisc a tharlóidh le linn don duine árachaithe a bheith lasmuigh den Stát. |
[EN] | Sochair | |
[EN] |
Sochar díobhála. [1966 DC, a.8] [1974 (Uimh. 2), a. 10] |
42. —(1) Faoi réir na Coda seo, duine árachaithe dá mbainfidh díobháil phearsanta arb é is cúis léi tionóisc a tharlóidh an 1 Bealtaine, 1967, nó dá éis de dhroim agus i gcúrsa a fhostaíochta, is fostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde), beidh sé i dteideal sochair dhíobhála in aghaidh aon lá a bheidh sé, de dheasca na díobhála, éagumasach chun oibre sa tréimhse shochair dhíobhála: |
[EN] | Ar choinníoll nach mbeidh duine árachaithe, faoi réir alt 48 (1) (b), i dteideal sochair dhíobhála in aghaidh na chéad 3 lá acu sin mura mbeidh sé, de dheasca na díobhála, éagumasach chun oibre 12 lá ar a laghad sa tréimhse sin. | |
[EN] | (2) Faoi réir alt 125, leanfar de shochar díobhála a íoc go ceann tréimhse 6 sheachtain tar éis dáta báis tairbhí a raibh cleithiúnaí aosaithe aige. | |
[EN] | (3) I gcás cinneadh a bheith á dhéanamh i dtaobh duine árachaithe a bheith éagumasach chun oibre lá na tionóisce, ní thabharfar aird ar aon chuid den lá sin roimh an tionóisc tarlú. | |
[EN] | (4) Faoi réir na Coda seo, is é a bheidh i sochar díobhála liúntas is iníoctha de réir na rátaí seachtainiúla atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Dara Sceideal. | |
[EN] | (5) Is é an méid is iníoctha mar shochar díobhála in aghaidh aon lae áirithe éagumais an séú cuid den ráta seachtainiúil iomchuí. | |
[EN] | (6) Ní bheidh duine faoi bhun 16 bliana d'aois i dteideal sochair dhíobhála ach amháin a mhéid a fhoráiltear le rialacháin. | |
[EN] |
Sochar míthreorach. [1966 DC, a.9] |
43. —(1) Faoi réir na Coda seo, duine árachaithe dá mbainfidh díobháil phearsanta arb é is cúis léi tionóisc a tharlóidh an 1 Bealtaine, 1967, nó dá éis de dhroim agus i gcúrsa a fhostaíochta, is fostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde), beidh sé i dteideal sochair mhíthreorach má bhaineann cailleadh cumais choirp nó mheabhrach dó de dheasca na tionóisce ionas nach lú ná aon faoin gcéad méid na míthreorach dá dhroim sin arna measúnú de réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo; agus chun críocha na bhforálacha sin measfar gan aon chailleadh cumais iomchuí a bheith ann nuair nár mhó ná aon faoin gcéad méid na míthreorach de dhroim na tionóisce dá measúnófaí amhlaidh í. |
[EN] | (2) Ní bheidh sochar míthreorach ar fáil do dhuine árachaithe go dtí tar éis an tríú lá den tréimhse 156 lá (gan Domhnaí a áireamh) dar tosach lá na tionóisce iomchuí nó go dtí tar éis an lae dheiridh, más ann, den tréimhse ar a mbeidh sé éagumasach chun oibre mar gheall ar an tionóisc iomchuí: | |
[EN] | Ar choinníoll go bhféadfaidh sé, mura mbeidh sé éagumasach amhlaidh aon lá áirithe, arb é an 4ú lá é nó lá níos déanaí tar éis na tionóisce iomchuí, roimh dheireadh na tréimhse sin, sochar míthreorach a éileamh, agus má bhíonn sé ina theideal ar shlí eile, go bhféadfar sochar míthreorach a dhámhadh dó, amhail ón lá sin, ach sa chás sin nach dtabharfar, chun críocha an fho-ailt seo, aird ar é a bheith éagumasach, nó go bhféadfadh sé a bheith éagumasach, aon lá ina dhiaidh sin sa tréimhse. | |
[EN] | (3) Chun críocha an ailt seo, déanfar méid na míthreorach a mheasúnú, faoi threoir na míchumas a thabhaigh an t-éilitheoir mar gheall ar an gcailleadh cumais iomchuí, de réir na bprionsabal ginearálta seo a leanas— | |
[EN] | (a) ach amháin mar a fhoráiltear ina dhiaidh seo san fho-alt seo, is iad na míchumais a bheidh le cur i gcuntas na míchumais uile (cibé acu a ghabhann nó nach ngabhann cailleadh cumhacht tuillimh nó caiteachas breise leo) a bhféadfaí a bheith ag súil a thiocfadh ar an éilitheoir, ag féachaint dá staid choirp agus mheabhrach ar dháta an mheasúnaithe i gcaitheamh na tréimhse a chuirfear i gcuntas leis an measúnú i gcomparáid le duine den aois agus den ghnéas céanna ar ghnáth-staid choirp agus mheabhrach; | |
[EN] | (b) déanfar aon mhíchumas den sórt sin a áireamh mar mhíchumas a tabhaíodh mar gheall ar an gcailleadh cumais iomchuí ach amháin, faoi réir fhorálacha aon rialacháin arna ndéanamh faoi fho-alt (4), nach ndéanfar é a áireamh amhlaidh sa mhéid— | |
[EN] | (i) go mbeadh an míchumas sin ag cur ar an éilitheoir ar aon nós mar gheall ar éalaing ó bhroinn nó mar gheall ar dhíobháil a tharla nó galar a tolgadh roimh an tionóisc iomchuí, nó | |
[EN] | (ii) nach mbeadh an míchumas sin ag cur ar an éilitheoir mura mbeadh díobháil éigin a tharla nó galar éigin a tolgadh tar éis na tionóisce sin agus nach inchurtha go díreach ina leith; | |
[EN] | (c) déanfar an measúnú ar neamhshuim le himthosca áirithe an éilitheora seachas aois, gnéas agus staid choirp agus mheabhrach; | |
[EN] | (d) na míchumais de bharr an chailleadh cumais sin a bheidh forordaithe measfar gur 100 faoin gcéad míthreorach a bheidh iontu agus déanfar míchumais eile a mheasúnú dá réir sin. | |
[EN] | (4) Féadfar a fhoráil le rialacháin go sonrófar tuilleadh na prionsabail ar dá réir a bheidh méid na míthreorach le measúnú agus féadfar leis na rialacháin sin a ordú go háirithe go ndéanfar cailleadh cumais forordaithe a áireamh mar ní ar tháinig grád forordaithe míthreorach dá dheasca; agus, maidir le haon ordachán den sórt sin, ní ghlacfar le haon ní i bhfo-alt (3) (c) mar ní a choisceann foráil dá mhalairt a dhéanamh, i gcás cailleadh cumais i láimh nó i sciathán nó a bhaineann le láimh nó sciathán, do dhaoine deasógacha agus do dhaoine ciotógacha. | |
[EN] | (5) Is í an tréimhse a bheidh le cur i gcuntas trí mhéid míthreorach éilitheora a mheasúnú an tréimhse (dar tosach dáta nach luaithe ná deireadh na tréimhse sochair dhíobhála, agus a bheidh teorannaithe faoi threoir shaol an éilitheora nó dháta chinnte) ina mbeidh an t-éilitheoir tar éis an cailleadh cumais iomchuí a fhulaingt, agus a bhféadfaidh súil a bheith ann go leanfaidh sé den chailleadh cumais iomchuí a fhulaingt: ar choinníoll, mura rud é ar aon mheasúnú nach amhlaidh do staid an éilitheora, á chur san áireamh gur dócha athruithe a theacht ar an staid sin (cibé acu is féidir nó nach féidir iad a thuar), gur féidir measúnú críochnaitheach a dhéanamh suas go dtí deireadh na tréimhse sin— | |
[EN] | (a) go ndéanfar measúnú sealadach, agus nach gcuirfear i gcuntas ach amháin cibé tréimhse is giorra ná sin a dhealraíonn a bheith réasúnach ag féachaint dá staid agus don chosúlacht a dúradh, agus | |
[EN] | (b) ar an gcéad mheasúnú eile go dtosóidh an tréimhse a bheidh le cur i gcuntas nuair a bheidh deireadh leis an tréimhse a cuireadh i gcuntas leis an measúnú sealadach. | |
[EN] | (6) Luafar i measúnú an grád míthreorach mar chéatadán agus sonrófar ann an tréimhse a bheidh le cur i gcuntas leis agus, i gcás ina mbeidh dáta cinnte mar theorainn leis an tréimhse sin, luafar cé acu measúnú sealadach nó measúnú críochnaitheach é: | |
[EN] | Ar choinníoll— | |
[EN] | (a) nach ndéanfar an céatadán agus an tréimhse sin a shonrú níos beaichte ná mar is gá chun cearta an éilitheora maidir le sochar míthreorach a chinneadh de réir an ailt seo, agus | |
[EN] | (b) go ndéanfar céatadán idir 20 agus 100 nach iolrú ar 10 a áireamh— | |
[EN] | (i) más iolrú é ar 5, mar an gcéad chéatadán eile is airde ná sin is iolrú ar 10, agus | |
[EN] | (ii) murab iolrú é ar 5, mar an gcéatadán is gaire is iolrú ar 10. | |
[EN] | (7) (a) I gás ina ndéanfar méid na míthreorach a mheasúnú don tréimhse a chuirfear i gcuntas mar mhéid is lú ná 20 faoin gcéad, is é a bheidh i sochar míthreorach aisce (dá ngairtear aisce mhíthreorach sa Chaibidil seo)— | |
[EN] | (i) a mbeidh inti an méid a shocrófar, de réir fad na tréimhse sin agus de réir an ghráid mhíthreorach, trí scála forordaithe, ach nach rachaidh in aon chás thar an méid atá leagtha amach i gCuid II den Dara Sceideal, | |
[EN] | (ii) is iníoctha, má fhorálann na rialacháin é agus i cibé cásanna a fhorálfaidh siad amhlaidh, ina tráthchodanna. | |
[EN] | (b) Is é an scála céanna a fhorordófar chun críocha mhír (a) do gach uile dhuine, ach amháin go bhféadfar méid níos lú a shocrú leis sin le haghaidh cásanna a mbeidh an tairbhí, i dtosach na tréimhse a chuirfear i gcuntas leis an measúnú, faoi bhun 18 mbliana d'aois, agus féadfar a shocrú go mbraithfidh sé ar an dáta a shroichfidh an tairbhí an aois sin, nó inarb éard í an tairbhí agus í os cionn 18 mbliana d'aois, bean phósta seachas bean phósta a chónaíonn ar leithligh óna fearchéile agus nach bhféadann aon chúnamh airgid a fháil uaidh: | |
[EN] | Ar choinníoll— | |
[EN] | (i) nach mbeidh an méid is lú sin níos lú in aon chás ná dhá thrian an mhéid a mbeadh teideal ag an tairbhí chuige ar athrach dóigh, agus | |
[EN] | (ii) i gcás ceachtar aicme tairbhí mar a luaitear sa mhír seo go mbeidh an ráta is mó sin iníoctha dá mbeadh teideal ag an tairbhí, i gcás eisean nó ise a bheith ag fáil sochair dhíobhála in ionad aisce mhíthreorach, chun méadú ar an sochar sin a fháil i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith cleithiúnaí aosaithe. | |
[EN] | (8) I gcás ina measúnófar gur 20 faoin gcéad nó níos mó méid na míthreorach in aghaidh na tréimhse a chuirfear i gcuntas, is é a bheidh i sochar míthreorach pinsean (dá ngairtear pinsean míthreorach sa Chaibidil seo) in aghaidh na tréimhse sin de réir an ráta sheachtainiúil atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid III den Dara Sceideal agus is iomchuí don ghrád míthreorach: | |
[EN] | Ar choinníoll— | |
[EN] | (a) i gcás dáta cinnte a bheith mar theorainn leis an tréimhse sin, go scoirfidh an pinsean ar an tairbhí d'éag roimh an dáta sin, agus | |
[EN] | (b) i gcás ina mbeidh an tairbhí faoi bhun 18 mbliana d'aois nó, má bhíonn an tairbhí os cionn na haoise sin, gur bean phósta í seachas bean phósta a chónaíonn ar leithligh óna fearchéile agus nach bhféadann aon chúnamh airgid a fháil uaidh, is é a bheidh sa ráta seachtainiúil d'aon ghrád míthreorach an ráta atá leagtha amach i gcolún (3) de Chuid III den Dara Sceideal agus is iomchuí don ghrád míthreorach mura rud é go mbeadh teideal ag an tairbhí, i gcás í a bheith ag fáil sochair dhíobhála in ionad pinsin mhíthreorach, chun méadú ar an sochar sin a fháil i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith cleithiúnaí aosaithe. | |
[EN] | (9) (a) Más rud é, ar leith ón bhfo-alt seo, go mbeadh aisce le híoc faoi fho-alt (7) i gcás inarb í an tréimhse a chuirfear i gcuntas leis an measúnú míthreorach tréimhse saoil an éilitheora nó tréimhse is mó ná 7 mbliana, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas má roghnaíonn an t-éilitheoir, sula n-íocfar an aisce, pinsean a chur in ionad na haisce— | |
[EN] | (i) ní íocfar an aisce, | |
[EN] | (ii) is é a bheidh i sochar míthreorach pinsean (dá ngairtear pinsean míthreorach freisin sa Chaibidil seo) de réir an ráta sheachtainiúil iomchuí ar scála forordaithe, | |
[EN] | (iii) pinsean míthreorach a bheidh ann in aghaidh na tréimhse a chuirfear i gcuntas leis an measúnú míthreorach faoi réir an choinníll, má bhíonn dáta cinnte mar theorainn leis an tréimhse sin, go scoirfidh an pinsean ar an tairbhí d'éag roimh an dáta sin. | |
[EN] | (b) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas i ndáil leis an scála a fhorordófar chun críocha an fho-ailt seo— | |
[EN] | (i) is é an scála céanna a bheidh ann do gach uile dhuine, ach amháin go bhféadfar méid níos lú a shocrú leis sin do chásanna a mbeidh an tairbhí faoi bhun 18 mbliana d'aois nó, má bhíonn an tairbhí os cionn na haoise sin agus gur bean phósta í seachas bean phósta a chónaíonn ar leithligh óna fearchéile agus nach bhféadann aon chúnamh airgid a fháil uaidh mura rud é go mbeadh teideal ag an tairbhí, i gcás í a bheith ag fáil sochair dhíobhála in ionad pinsin mhíthreorach, chun méadú ar an sochar sin a fháil i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith cleithiúnaí aosaithe, | |
[EN] | (ii) féadfar méideanna éagsúla a shonrú i ndáil leis na céatadáin éagsúla faoi bhun 20 faoin gcéad, ach maidir le gach méid den sórt sin ní bheidh sé níos lú ná an méid a mbeidh idir é agus an pinsean míthreorach iomchuí (atá leagtha amach i gCuid III den Dara Sceideal) do ghrád míthreorach 20 faoin gcéad, an chomhréir chéanna a bheidh idir an céatadán ar ina leith a shonrófar é agus 20 faoin gcéad. | |
[EN] | (10) D'ainneoin alt 298 (1), ní bheidh ábhar achomhairc ann in aghaidh measúnú sealadach ar mhéid na míthreorach roimh cheann dhá bliain ó dháta an chéad mheasúnú ar mhéid na míthreorach sa chás, ná i gcás ina mbeidh an tréimhse uile a bheidh curtha i gcuntas leis an measúnú laistigh den dá bhliain sin. | |
[EN] |
Méadú ar shochar díobhála agus ar phinsean míthreorach i leith cleithiúnaithe aosaithe agus i leith leanaí cleithiúnacha. [1966 DC, a.10, 11; 1980, a. 23] |
44. —(1) Déanfar an ráta seachtainiúil sochair dhíobhála a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (3) de Chuid I den Dara Sceideal in aghaidh aon tréimhse a mbeidh cleithiúnaí aosaithe ag an tairbhí, faoi réir an tsriain nach mbeidh teideal ag tairbhí in aghaidh na tréimhse céanna chun méadú sochair dhíobhála faoin bhfo-alt seo i leith níos mó ná duine amháin. |
[EN] | (2) Déanfar an ráta seachtainiúil sochair dhíobhála a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (4) de Chuid I den Dara Sceideal i leith linbh cháilithe nó i leith gach duine de bheirt leanbh cháilithe a chónaíonn go rialta leis an tairbhí agus ina theannta sin, i gcás ina mbeidh níos mó ná beirt leanbh den sórt sin ann, mar atá leagtha amach i gcolún (5) den Chuid sin i leith gach leanbh den sórt sin de bhreis ar bheirt. | |
[EN] | (3) Beidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (2) maidir le pinsean míthreorach, mar atá feidhm acu maidir le sochar díobhála, in aghaidh aon tréimhse a mbeidh teideal ag an tairbhí chun forlíonadh dofhostaitheachta nó a mbeidh cóireáil ospidéil cheadaithe á fáil aige. | |
[EN] |
Méadú ar phinsean mar gheall ar dhofhostaitheacht. [1966 DC, a. 12] [1973, a. 19] |
45. —(1) Déanfar an ráta seachtainiúil pinsin mhíthreorach a mhéadú mar atá leagtha amach i gCuid IV den Dara Sceideal más rud é, mar gheall ar an gcailleadh cumais iomchuí, go bhfuil an tairbhí éagumasach chun oibre agus gur dóigh dó bheith éagumasach amhlaidh go buan. |
[EN] | (2) (a) Chun críocha an ailt seo, féadfar a áireamh go bhfuil duine éagumasach chun oibre agus gur dóigh dó bheith éagumasach go buan chun oibre, d'ainneoin nach cailleadh cumais é de shórt a choisceann é ó bheith i gcumas oibre, más dóigh go gcoimeádfaidh sé é ó bhreis agus £234 sa bhliain a thuilleamh. | |
[EN] | (b) I mír (a) folaíonn an tagairt do thuilleamh tagairt d'aon luach saothair nó brabús ó phost sochrach. | |
[EN] | (3) Beidh méadú pinsin faoin alt seo (dá ngairtear forlíonadh dofhostaitheachta sa Chaibidil seo) iníoctha in aghaidh cibé tréimhse a chinnfear tráth a dheonaithe, ach féadfar é a athnuachan ó am go ham. | |
[EN] |
Méadú ar phinsean míthreorach i gcás inar gá síorfhreastal. [1966 DC, a. 13] |
46. —(1) I gcás inar iníoctha pinsean míthreorach i leith measúnú 100 faoin gcéad ansin, más rud é, mar gheall ar an gcailleadh cumais iomchuí, go mbeidh an tairbhí i ngá síor-fhreastail, déanfar ráta seachtainiúil an phinsin a mhéadú cibé méid a chinnfear de réir rialachán faoi threoir mhéid agus chineál an fhreastail is gá a bheith ag an tairbhí, ach sin faoi réir na teorann nach rachaidh an méid sin thar an méid a shonraítear i gCuid IV den Dara Sceideal. |
[EN] | (2) Beidh méadú pinsin faoin alt seo iníoctha in aghaidh cibé tréimhse a chinnfear tráth a dheonaithe, ach féadfar é a athnuachan ó am go ham: ar choinníoll nach mbeidh aon mhéadú den sórt sin iníoctha i leith aon tréimhse a mbeidh cóireáil leighis á fáil ag an tairbhí mar othar cónaithe in ospidéal nó i bhforas dá shamhail. | |
[EN] |
Méadú ar shochar míthreorach le linn cóireála ospidéil ceadaithe. [1966 DC, a. 14] |
47. —I gcás ina ndámhfar sochar míthreorach do dhuine, ach go measúnófar gur lú ná 100 faoin gcéad méid a mhíthreorach don tréimhse a chuirfear i gcuntas leis an measúnú, áireofar go bhfuil sé measúnaithe gur 100 faoin gcéad méid a mhíthreorach d'aon chuid den tréimhse sin ina bhfaighidh sé cóireáil ospidéil cheadaithe (cibé acu is roimh an measúnú a dhéanamh nó an sochar a dhámhadh nó ina dhiaidh sin é): |
[EN] | Ar choinníoll, i gcás méid na míthreorach a bheith measúnaithe amhlaidh ar mhéid is lú ná 20 faoin gcéad, nach ndéanfaidh an t-alt seo difear d'oibriú na bhforálacha a bhaineann le haiscí míthreorach, ach, i gcás pinsean míthreorach is iníoctha de bhua an ailt seo le duine dár dámhadh aisce mhíthreorach go hiomlán nó go páirteach i leith na tréimhse céanna, déanfar ráta seachtainiúil an phinsin (tar éis lamháil a dhéanamh i leith aon mhéadú dá bhforáiltear leis an gCaibidil seo) a laghdú an méid a bhforordófar gurb é luach seachtainiúil a aisce é. | |
[EN] |
Coigeartuithe i gcás tionóiscí i ndiaidh a chéile. [1966 DC, a. 15] |
48. —(1) I gcás ina mbainfidh dhá thionóisc nó níos mó i ndiaidh a chéile do dhuine agus go bhfuil sé árachaithe ina n-aghaidh le hárachas díobhálacha ceirde— |
[EN] | (a) ní bheidh an duine i dteideal (ar leith ó aon mhéadú sochair mar a luaitear i bhfo-alt (2)) sochar a fháil in aghaidh na tréimhse céanna mar shochar díobhála agus aon phinsean míthreorach nó pinsin mhíthreorach nó mar dhá phinsean míthreorach nó níos mó, de réir ráta chomhiomláin is mó ná cóimhéid an ráta uasta iomchuí pinsin mhíthreorach is iníoctha faoi alt 43 (8), | |
[EN] | (b) an fhoráil den Chaibidil seo a eisiann ceart chun sochair dhíobhála do na chéad 3 lá éagumais de dheasca na tionóisce iomchuí mura bhfuil 12 lá den sórt sin ann i gcaitheamh na tréimhse sochair dhíobhála, beidh feidhm aici, i ndáil le dhá thionóisc nó níos mó a tharlóidh i gceann eatramh nach faide ná 13 sheachtain a mbeidh an duine éagumasach chun oibre dá ndeasca lá éigin i gcaitheamh na tréimhse sochair dhíobhála, ionas go gceadófar go gcuirfí i gcuntas, d'fhonn an 12 lá sin a dhéanamh suas i gcás gach tionóisce acu sin, aon laethanta a fhéadfar a chur i gcuntas amhlaidh i gcás aon chinn eile acu, | |
[EN] | (c) féadfar a fhoráil le rialacháin go gcoigeartófar— | |
[EN] | (i) sochar díobhála nó sochar míthreorach, nó na coinníollacha lena fháil, in aon chás ina bhfuair an duine aisce mhíthreorach nó ina bhféadfadh teideal a bheith aige chuici, | |
[EN] | (ii) aon mhéadú sochair den sórt a luaitear i bhfo-alt (2), nó na coinníollacha lena fháil. | |
[EN] | (2) Na méaduithe sochair dá dtagraítear i bhfo-alt (1) is méaduithe iad ar an ráta sochair dhíobhála nó pinsin mhíthreorach faoi ailt 44, 45 agus 46. | |
[EN] |
Teideal chun sochair bháis. [1966 DC, a.16] |
49. —Faoi réir na Coda seo, i gcás duine árachaithe d'éag de dheasca díobháil phearsanta a bhain dó an 1 Bealtaine, 1967 nó dá éis mar gheall ar thionóisc a tharla de dhroim agus i gcúrsa a fhostaíochta, arbh fhostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde) í, beidh sochar báis iníoctha mar a fhoráiltear in ailt 50 go 53. |
[EN] |
Sochar báis do bhaintreacha agus do bhaintreacha fir agus méaduithe i leith leanaí cáilithe. [1966 DC, a.17; 1977, a.20] [1966 DC, a. 18] [1966 DC, a.19] [1969 FI, a.13 (2)] |
50. —(1) Beidh baintreach an éagaigh i dteideal sochair bháis más rud é go raibh sí, tráth a bháis, ina cónaí leis nó go raibh sí, nó go mbeadh sí mura mbeadh an tionóisc iomchuí, á cothabháil go hiomlán nó go formhór aige. |
[EN] | (2) I gcás baintrí, is é a bheidh i sochar báis pinsean de réir an ráta sheachtainiúil atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Dara Sceideal, agus má tá aois inphinsin slánaithe aici agus go bhfuil sí ina cónaí ina haonar méadófar an ráta sin mar atá leagtha amach i gcolún (7) den Chuid sin. | |
[EN] | (3) Ní bheidh pinsean faoi fho-alt (2) iníoctha in aghaidh aon tréimhse tar éis don bhaintreach athphósadh. | |
[EN] | (4) Beidh baintreach dícháilithe chun pinsean a fháil faoin alt seo má bhíonn sí féin, agus fad a bheidh sí féin, agus aon duine ag maireachtáil i bhfochair a chéile mar lánúin phósta. | |
[EN] | (5) Beidh baintreach fir an éagaigh i dteideal sochair bháis má bhí sé tráth a báis, á chothabháil go hiomlán nó go formhór aici nó go mbeadh sé á chothabháil amhlaidh mura mbeadh an tionóisc iomchuí. | |
[EN] | (6) I gcás baintreach fir a bhí, ar bhás an éagaigh, éagumasach ar é féin a chothabháil mar gheall ar éiglíocht éigin coirp nó meabhrach agus ar dóigh dó a bheith éagumasach amhlaidh go buan, is é a bheidh i sochar báis pinsean de réir an ráta sheachtainiúil atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Dara Sceideal, agus más rud é go bhfuil aois inphinsin slánaithe aige agus go bhfuil sé ina chónaí ina aonar méadófar an ráta sin mar atá leagtha amach i gcolún (7) den Chuid sin. | |
[EN] | (7) I gcás aon bhaintreach fir eile, is é a bheidh i sochar báis aisce mar atá leagtha amach i gCuid II den Dara Sceideal. | |
[EN] | (8) Ní bheidh pinsean faoi fho-alt (6) iníoctha in aghaidh aon tréimhse tar éis don duine lenarb iníoctha é scor de bheith éagumasach ar é féin a chothabháil mar gheall ar éiglíocht éigin coirp nó meabhrach. | |
[EN] | (9) Déanfar an ráta seachtainiúil pinsin faoi fho-alt (2) nó (6) a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (4) nó (5) de Chuid I den Dara Sceideal i leith gach leanbh cáilithe a chónaíonn go rialta leis an tairbhí agus— | |
[EN] | (a) a chónaigh go rialta leis an tairbhí nó leis an éagach díreach roimh bhás an éagaigh, nó | |
[EN] | (b) is leanbh, ua nó leas-leanbh leis an éagach nó leis an tairbhí, agus a tháinig chun cónaithe go rialta leis an tairbhí tar éis bhás an éagaigh, nó | |
[EN] | (c) a d'uchtaigh an tairbhí de bhun fhorálacha na nAchtanna Uchtála, 1952 go 1976, tar éis bhás an éagaigh. | |
[EN] | (10) Chun críche fho-alt (9), measfar duine os cionn 18 mbliana d'aois ar leanbh cáilithe é, dá mbeadh sé faoi bhun na haoise sin, a bheith ina leanbh cáilithe ar feadh aon tréimhse a mbeidh sé faoi bhun 21 bhliain d'aois agus é ag fáil teagaisc lánaimsire de ló in aon ollscoil, coláiste, scoil nó foras eile oideachais. | |
[EN] |
Sochar báis — tuismitheoirí. [1966 DC, a.20] [1977, a. 20] |
51. —(1) Beidh tuismitheoir de chuid an éagaigh i dteideal sochair bháis más rud é, ar bhás an éagaigh, go raibh an tuismitheoir á chothabháil go hiomlán nó go formhór ag an éagach, nó go mbeadh sé, mura mbeadh an tionóisc iomchuí, á chothabháil amhlaidh. |
[EN] | (2) Is é a bheidh sa sochar báis pinsean de réir an ráta sheachtainiúil atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Dara Sceideal, agus i gcás duine a bhfuil aois inphinsin slánaithe aige agus atá ina chónaí ina aonar méadófar an ráta sin mar atá leagtha amach i gcolún (7) den Chuid sin. | |
[EN] | (3) I gcás duine lenarb iníoctha pinsean de réir an ráta sheachtainiúil atá leagtha amach ag tagairt 4 (c) (i) i gCuid I den Dara Sceideal do scor tráth ar bith de bheith éagumasach ar é féin a chothabháil mar gheall ar éiglíocht éigin coirp nó meabhrach is de réir an ráta sheachtainiúil atá leagtha amach ag tagairt 4 (c) (iv) sa Chuid sin a bheidh an pinsean iníoctha dá éis sin agus, más rud é go mbeidh pinsean de réir an ráta sheachtainiúil atá leagtha amach ag tagairt 4 (c) (iv) sa Chuid sin iníoctha an tráth sin lena bhanchéile, is de réir an ráta sheachtainiúil atá leagtha amach ag tagairt 4 (c) (iii) sa Chuid sin a bheidh an pinsean sin iníoctha dá éis sin. | |
[EN] | (4) I gcás ina raibh tuismitheoir á chothabháil go páirteach ag gach duine de bheirt duine árachaithe nó níos mó a d'éag de dheasca tionóiscí a tharla de dhroim agus i gcúrsa a bhfostaíochtaí ab fhostaíochtaí inárachaithe (díobhálacha ceirde), féadfar a áireamh chun críocha an ailt seo go bhfuair an tuismitheoir ón duine ba dheireanaí a d'éag de na daoine árachaithe sin ranníocaí i leith chothabháil an tuismitheora ar cóimhéid leis an méid comhshuimithe a bhí á ranníoc i dteannta a chéile ag na daoine árachaithe sin sular tharla an chéad cheann de na tionóiscí, agus nach bhfuair sé aon rud ón duine nó ó na daoine eile. | |
[EN] | (5) Aon phinsean ab iníoctha faoin alt seo le bean ar bhaintreach nó bean neamhphósta í tráth an t-éagach d'éag ní bheidh sé iníoctha in aghaidh aon tréimhse tar éis a hathphósta nó a pósta. | |
[EN] | (6) Beidh baintreach nó bean neamhphósta dícháilithe chun pinsean a fháil faoin alt seo má bhíonn sí féin, agus fad a bheidh sí féin agus aon duine ag maireachtáil i bhfochair a chéile mar lánúin phósta. | |
[EN] | (7) (a) Chun críocha fho-ailt (1) agus (4), má uchtaíodh an t-éagach de bhun fhorálacha na nAchtanna Uchtála, 1952 go 1976, measfar go dtagraíonn “tuismitheoir” do na huchtaitheoirí nó don uchtaitheoir, agus folaíonn sé leastuismitheoir, agus forléireofar “athair” agus “máthair” ag tagairt 4 (c) de Chuid I den Dara Sceideal dá réir sin. | |
[EN] | (b) Faoi réir mhír (a) má ba dhuine neamhdhlisteanach an t-éagach, measfar go dtagraíonn “tuismitheoir” san alt seo do mháthair an éagaigh. | |
[EN] |
Sochar báis— dílleachtaí. [1966 DC, a.21] [1969 FI, a.13 (2)] |
52. —(1) Beidh sochar báis iníoctha i leith dílleachta is leanbh nó leas-leanbh de chuid an éagaigh agus i leith dílleachta a bhí á chothabháil go hiomlán nó go formhór ag an éagach ar dháta a bháis. |
[EN] | (2) I gcás dílleachta is é a bheidh i sochar báis pinsean de réir an ráta sheachtainiúil atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Dara Sceideal. | |
[EN] | (3) Beidh feidhm ag alt 99 maidir le pinsean faoin alt seo mar atá feidhm aige maidir le liúntas dílleachta (ranníocach). | |
[EN] | (4) Nuair a bheifear á chinneadh arb iníoctha pinsean faoin alt seo, measfar duine os cionn 18 mbliana d'aois, ar leanbh cáilithe é dá mbeadh sé faoi bhun na haoise sin, a bheith ina leanbh cáilithe ar feadh aon tréimhse a mbeidh sé faoi bhun 21 bhliain d'aois agus é ag fáil teagaisc lánaimsire de ló in aon ollscoil, coláiste, scoil nó foras eile oideachais. | |
[EN] |
Sochar báis— costais sochraide. [1966 DC, a. 22] |
53. —(1) Beidh sochar báis mar dheontas i leith costas sochraide iníoctha i leith bhás an éagaigh. |
[EN] | (2) Faoi réir fho-alt (3), is é a bheidh sa deontas an méid atá leagtha amach i gCuid II den Dara Sceideal. | |
[EN] | (3) In aon chás de shórt a shonrófar le rialacháin, is é a bheidh sa deontas cibé méid is lú ná sin a shonrófar leis na rialacháin i leith an cháis sin. | |
[EN] | (4) Ach amháin i gcás ina bhforálfar a mhalairt le rialacháin, ní bheidh deontas faoin alt seo iníoctha i leith bás a tharlóidh lasmuigh den Stát. | |
[EN] |
Árachas in aghaidh galar forordaithe agus díobhálacha nach tionóisc is cúis leo. [1966 DC, a.23] |
54. —(1) Faoi réir an ailt seo, duine atá árachaithe faoin gCuid seo in aghaidh díobhála pearsanta arbh é is cúis léi tionóisc a tharla de dhroim agus i gcúrsa a fhostaíochta beidh sé árachaithe freisin in aghaidh aon ghalair fhorordaithe agus in aghaidh aon díobhála pearsanta forordaithe nach é sin is cúis leis nó léi, ach is galar nó díobháil de bharr chineál na fostaíochta sin agus a tolgadh an 1 Bealtaine, 1967, nó dá éis. |
[EN] | (2) Déanfar galar nó díobháil a fhorordú chun críocha an ailt seo i ndáil le haon daoine árachaithe, más deimhin leis an Aire— | |
[EN] | (a) gur chóir a áireamh, ag féachaint do na cúiseanna a bhí leis nó léi agus d'aon nithe iomchuí eile, gur fiontar é nó í a ghabhann lena slí bheatha agus nach fiontar é nó í a bhaineann i gcoitinne le gach uile dhuine, agus | |
[EN] | (b) gur galar nó díobháil é nó í de shórt ar féidir, d'éagmais imthosca speisialta, a chruthú nó a thoimhdiú le cinnteacht réasúnach gurb é cineál na fostaíochta is cúis le cásanna áirithe den ghalar nó den díobháil sin. | |
[EN] | (3) Féadfar le rialacháin a fhorordóidh aon ghalar nó díobháil chun críocha an ailt seo a fhoráil, maidir le duine a tholg an galar nó an díobháil tráth ar bith tar éis dáta a shonraítear sna rialacháin, is dáta roimh dháta na rialacháin a theacht i bhfeidhm ach nach dáta roimh an 1 Bealtaine, 1967, go ndéileálfar leis an duine sin chun críocha an ailt seo, faoi réir aon mhodhnuithe forordaithe, ionann agus dá mbeadh na rialacháin i bhfeidhm nuair a tholg sé an galar nó an díobháil. | |
[EN] | (4) Féadfar a fhoráil le rialacháin go gcinnfear cad é an tráth a mbeidh sé le háireamh chun críocha na Coda seo gur tholg duine aon díobháil nó galar a fhorordófar chun críocha an ailt seo, agus maidir le haon ghalar nó díobháil den sórt sin, i gcás an duine a bheidh i gceist d'fhulaingt uaidh nó uaithi roimhe sin, cad iad na himthosca a mbeidh sé le háireamh go bhfuil sé nó sí tagtha in athchúrsa ar an duine sin, nó tolgtha aige, nó tar éis tarlú dó an athuair. | |
[EN] | (5) Is é an sochar is iníoctha de bhun an ailt seo maidir le galar forordaithe nó díobháil fhorordaithe an sochar is iníoctha, agus is iad na coinníollacha a bhaineann le fáil an tsochair sin na coinníollacha ag a mbeidh feidhm, i gcás díobháil phearsanta ó thionóisc a tharla de dhroim agus i gcúrsa fostaíochta duine, ach sin faoi réir na cumhachta chun foráil dá mhalairt a dhéanamh le rialacháin maidir le haon ábhar a bheidh le forordú agus faoi réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo. | |
[EN] | (6) Féadfar a fhoráil le rialacháin, i ndáil le galair fhorordaithe agus díobhálacha forordaithe, go modhnófar forálacha na Caibidle seo maidir le sochar díobhála agus sochar míthreorach agus go n-oiriúnófar tagairtí sa Chaibidil seo do thionóiscí agus go modhnófar forálacha na Coda seo ina bhfeidhm i ndáil le héilimh ar shochar agus i ndáil le ceisteanna a éireoidh i ndáil leis an gcéanna nó i ndáil le dámhadh sochair ar aon éileamh den sórt sin. | |
[EN] | (7) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (6) féadfar, go sonrach, foráil a dhéanamh sna rialacháin sin— | |
[EN] | (a) go dtoimhdeofar i gcás aon ghalair fhorordaithe nó aon díobhála forordaithe— | |
[EN] | (i) gurb é is trúig leis nó léi, mura gcruthófar a mhalairt, cineál fostaíochta duine i gcás é bheith ar fostú le haon slí bheatha fhorordaithe an tráth a tholg sé an galar nó an díobháil nó ar fostú laistigh de thréimhse fhorordaithe nó ar feadh fad forordaithe ama (cibé acu comhleanúnach dó nó nach ea) sular tholg sé an galar nó an díobháil, | |
[EN] | (ii) nach é cineál fostaíochta duine is trúig leis nó léi mura rud é go raibh sé ar fostú le fostaíocht fhorordaithe éigin an tráth a tholg sé an galar nó an díobháil nó ar fostú laistigh de thréimhse fhorordaithe nó ar feadh fad forordaithe ama (cibé acu is comhleanúnach dó nó nach ea) sular tholg sé an galar nó an díobháil; agus | |
[EN] | (b) le haghaidh cibé nithe is dóigh leis an Aire a bheith foghabhálach nó iarmhartach maidir le forálacha a bheidh sna rialacháin de bhua na bhforálacha sin roimhe seo den alt seo. | |
[EN] | (8) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear do cheart aon duine chun sochair maidir le galar is díobháil phearsanta ó thionóisc de réir bhrí na Caibidle seo, ach amháin nach mbeidh duine i dteideal sochair i leith galair ionann is gur díobháil é ó thionóisc a tharla de dhroim agus i gcúrsa aon fhostaíochta más rud é tráth na tionóisce gur galar forordaithe maidir leis an galar de bhua na slí bheatha dá raibh sé ag gabháil san fhostaíocht sin. | |
[EN] |
Forlíonadh ar íocaíochtaí cúitimh do lucht oibre. [1966 DC, a. 24] |
55. —(1) Forálfar le rialacháin go dtabharfar do dhaoine— |
[EN] | (a) atá nó a bhí an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1965, nó dá éis, i dteideal íocaíochtaí seachtainiúla mar chúiteamh faoi na hAchtanna um Chúiteamh do Lucht Oibre i leith aon díobhála nó galair, agus | |
[EN] | (b) atá, nó a bhféadfaí a áireamh chun críche na bhforálacha den Chaibidil seo a bhaineann le forlíonadh do-fhostaitheachta go bhfuil siad éagumasach chun oibre, agus gur dóigh dóibh a bheith éagumasach amhlaidh go buan, de dheasca na díobhála nó an ghalair, | |
[EN] | an ceart céanna chun íocaíochtaí faoin gCaibidil seo mar fhorlíonadh do-fhostaitheachta agus an ceart céanna chun íocaíochtaí faoin gCaibidil seo i leith linbh nó cleithiúnaí aosaithe ionann is dá mba dhíobháil nó galar a mbeadh pinsean míthreorach iníoctha de thuras na huaire ina leith an díobháil nó an galar. | |
[EN] | (2) Forálfar freisin le rialacháin go dtabharfar do dhaoine— | |
[EN] | (a) atá nó a bhí an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1965, nó dá éis, i dteideal íocaíochtaí seachtainiúla mar chúiteamh faoi na hAchtanna um Chúiteamh do Lucht Oibre i leith aon díobhála nó galair, agus | |
[EN] | (b) a mbíonn síor-fhreastal ag teastáil uathu mar gheall ar an díobháil nó an galar sin, | |
[EN] | an ceart céanna chun íocaíochtaí faoin gCaibidil seo maidir leis an ngá le síor-fhreastal ionann agus dá mba dhíobháil nó galar é arbh iníoctha pinsean míthreorach ina leith de thuras na huaire i leith measúnacht 100 faoin gcéad. | |
[EN] | (3) Féadfar a fhoráil freisin leis na rialacháin sin go ndéanfar, i ndáil le híocaíochtaí faoin alt seo, na forálacha den Chuid seo a bhaineann le sochar agus le héilimh a dhéanamh agus le héilimh agus ceisteanna a chinneadh, sa mhéid go mbeidh feidhm ag na forálacha sin i ndáil le forlíonadh do-fhostaitheachta, a chur chun feidhme maidir le méadú ar phinsean míthreorach i leith linbh nó cleithiúnaí aosaithe, nó maidir le méadú ar phinsean míthreorach maidir leis an ngá le síor-fhreastal, de réir mar a bheidh, faoi réir aon bhreisithe nó modhnuithe. | |
[EN] | (4) Déanfar gach íocaíocht faoin alt seo a íoc amach as Ciste na nDíobhálacha Ceirde. | |
[EN] |
Gan sochair a dhul thar thuilleamh roimh thionóisc. [1966 DC, a. 25; 1970, a. 20] [1966 DC, a. 25 (6)] |
56. —(1) Ní rachaidh an ráta seachtainiúil sochair dhíobhála, lena n-áirítear aon mhéadú air, ná an ráta seachtainiúil pinsin mhíthreorach, lena n-áirítear aon mhéadú air, thar thuilleamh seachtainiúil an tairbhí ó fhostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde) tráth na tionóisce iomchuí. |
[EN] | (2) Más rud é, maidir le hiomlán nó le cuid d'aon seachtain a bhfuil tairbhí i dteideal pinsean míthreorach a íoc leis ina haghaidh, go mbeidh aon cheann acu seo a leanas iníoctha leis freisin ina haghaidh— | |
[EN] | (a) sochar míchumais, | |
[EN] | (b) sochar dífhostaíochta, | |
[EN] | (c) cúnamh dífhostaíochta, | |
[EN] | (d) pinsean scoir, | |
[EN] | (e) pinsean easláine, | |
[EN] | agus mura mbeadh sin go mbeadh barrachas ag comhshuim an dá íocaíocht ar thuilleamh seachtainiúil an tairbhí ó fhostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde) tráth na tionóisce iomchuí, déanfar ráta seachtainiúil an phinsin mhíthreorach, lena n-áirítear aon mhéadú air, a laghdú i leith na seachtaine sin méid an bharrachais. | |
[EN] | (3) Beidh fo-ailt (1) agus (2) faoi réir an choinníll nach ndéanfar in aon chás an ráta is iníoctha, lena n-áirítear aon mhéadú air, a laghdú faoi bhun an mhéid atá leagtha amach i gCuid V den Dara Sceideal. | |
[EN] | (4) Chun críocha fho-ailt (1) go (3), is é tuilleamh seachtainiúil duine ó fhostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde) tráth na tionóisce iomchuí a ráta luach saothair an tráth sin in aghaidh gnáthsheachtain iomlán oibre leis an bhfostaíocht inar tharla an tionóisc, agus gan aird a thabhairt ar bhreis-am chun na críche sin, nó, mura raibh sé fostaithe go lánaimseartha leis an bhfostaíocht sin tráth na tionóisce iomchuí, an ráta luach saothair a chuirfeadh a fhostóir ar fáil i leith gnáth-sheachtain iomlán oibre leis an bhfostaíocht sin, agus gan aird a thabhairt ar bhreis-am: | |
[EN] | Ar choinníoll— | |
[EN] | (a) i gcás luach saothair a bheith á fháil ag duine ar shlí seachas de réir ráta sheachtainiúil, gurb é tuilleamh seachtainiúil an duine sin ó fhostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde) tráth na tionóisce iomchuí ráta an luach saothair a thuillfeadh sé in aghaidh gnáth-sheachtain iomlán oibre leis an bhfostaíocht sin, agus gan aird a thabhairt ar bhreis-am, | |
[EN] | (b) i gcás nach indéanta, mar gheall ar gur chorrfhostaíocht an fhostaíocht nó mar gheall ar théarmaí na fostaíochta, an ráta luach saothair a ríomh a chuirfeadh an fostóir ar fáil in aghaidh gnáth-sheachtain iomlán oibre tráth na tionóisce iomchuí, go bhféadfar aird a thabhairt ar an méid seachtainiúil a bhí á thuilleamh an tráth sin ag duine a bhí fostaithe leis an obair chéanna ag an bhfostóir céanna, nó mura raibh aon duine fostaithe amhlaidh, ag duine sa ghrád céanna a bhí fostaithe leis an aicme chéanna fostaíochta agus sa cheantar céanna, agus | |
[EN] | (c) chun críocha fho-alt (1), i gcás pinsin mhíthreorach agus chun críocha fho-alt (2), go bhféadfar an luach saothair seachtainiúil, agus gan aird a thabhairt ar bhreis-am, a cuireadh ar fáil i gcaitheamh aon tréimhse tar éis na tionóisce iomchuí i bhfostaíocht lena raibh duine fostaithe tráth na tionóisce iomchuí a chur, i ndáil leis an tréimhse sin, in ionad a thuillimh sheachtainiúil iarbhír tráth na tionóisce iomchuí más tairbhiúla sin dó; agus go gcuirfear sa chuntas chun na críche sin (más iomchuí) ionchas réasúnach an duine sin dul ar aghaidh chun lánráta luach saothair duine aosaithe a fháil. | |
[EN] | (5) Más rud é— | |
[EN] | (a) go bhfuil duine, de bhua rialachán faoi alt 55, i dteideal íocaíochtaí seachtainiúla faoin gCaibidil seo, agus | |
[EN] | (b) go bhfuil barrachas ag méid aon íocaíochta nó íocaíochtaí den sórt sin in aghaidh aon seachtaine mar aon leis an íocaíocht sheachtainiúil cúitimh a bhfuil sé ina dteideal faoi na hAchtanna um Chúiteamh do Lucht Oibre (nó i gcás inar scoir sé de bheith i dteideal íocaíochtaí seachtainiúla cúitimh faoi na hAchtanna sin, an íocaíocht sheachtainiúil dheiridh acu sin) ar mhéid an tuillimh sheachtainiúil, agus gan aird a thabhairt ar bhreis-am, a cuireadh ar fáil de thuras na huaire san fhostaíocht inar tharla an tionóisc iomchuí nó ar mar gheall ar a cinéal a tolgadh an galar iomchuí, agus ionchas réasúnach duine chun lánráta luach saothair duine aosaithe a fháil a chur sa chuntas chun na críche sin (más iomchuí), | |
[EN] | déanfar méid na híocaíochta nó na n-íocaíochtaí seachtainiúla faoin gCaibidil seo in aghaidh na seachtaine sin a laghdú méid an bharrachais. | |
[EN] | San fho-alt seo ciallaíonn “tionóisc iomchuí” an tionóisc ar ina leith a tháinig an íocaíocht sheachtainiúil chúitimh chun bheith iníoctha agus ciallaíonn “galar iomchuí” an galar ar ina leith a tháinig an íocaíocht sin chun bheith iníoctha. | |
[EN] | (6) Chun críocha an ailt seo, i gcás nach inroinnte go cruinn ar 5 méid an tuillimh sheachtainiúil glacfar gurb é atá sa tuilleamh an chéad mhéid eile is mó ná sin atá inroinnte go cruinn ar 5. | |
[EN] |
Costas cúraim liachta. [1966 DC, a. 26] [I.R. Uimh. 106 de 1971] [I.R. Uimh. 106 de 1971] [1970 AS, a. 6] [I.R. Uimh. 234 de 1967] |
57. —(1) Faoi réir an ailt seo, déanfar costas an chúraim liachta a mheasfaidh an tAire a thabhaigh duine árachaithe go réasúnach agus go riachtanach de dheasca díobháil nó galar a raibh sé, nuair a bhain sí dó nó nuair a tholg sé é, faoi árachas ina haghaidh nó ina aghaidh faoin gCuid seo a íoc amach as Ciste na nDíobhálacha Ceirde a mhéid nach nglanfar an costas sin faoi na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1979, nó faoi na hAchtanna Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 go 1966, nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi alt 110. |
[EN] | (2) I gcás ina mbeidh an duine árachaithe cáilithe chun leas a bhaint dó féin as seirbhísí arna soláthar faoi na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1979, nó faoi na hAchtanna Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 go 1966, nó as sochar cóireála faoi rialacháin arna ndéanamh faoi alt 110, ach nach ndéanfaidh sé amhlaidh, ní rachaidh an méid is iníoctha faoin alt seo thar an méid ab iníoctha dá mba rud é gur bhain sé leas as na seirbhísí nó as an sochar sin. | |
[EN] | (3) I gcás ina bhfaighidh duine árachaithe cúram liachta i gcaitheamh aon tréimhse a mbeidh sé ina othar cónaithe in ospidéal nó i bhforas dá shamhail, ní rachaidh an méid is iníoctha faoin alt seo i leith an chúraim sin thar— | |
[EN] | (a) an méid uasta ab inmhuirearaithe faoi alt 53 den Acht Sláinte, 1970 , i gcás duine árachaithe a gcuirfí na seirbhísí forais arna soláthar faoin alt sin ar fáil dó in aghaidh na tréimhse sin, nó | |
[EN] | (b) an méid uasta ab inmhuirearaithe faoi alt 231A den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 (a cuireadh isteach le halt 71 den Acht Sláinte, 1953 ), i gcás duine árachaithe a gcuirfí cúnamh ospidéil meabhair-ghalar ar fáil dó in aghaidh na tréimhse sin, | |
[EN] | de réir mar is iomchuí. | |
[EN] | (4) Maidir leis an méid is iníoctha faoin alt seo i leith cúram liachta a cuireadh ar fáil ar shlí seachas i gcaitheamh tréimhse a raibh an duine árachaithe ina othar cónaithe in ospidéal nó i bhforas dá shamhail, is é a bheidh ann cibé suim a mheasfaidh an tAire is iomchuí don chúram a tugadh dó, ag féachaint don ghá réasúnach a bhí leis an gcúram sin agus don táille is gnách ina leith. | |
[EN] | (5) I gcás ina dteastóidh cúram liachta ó dhuine árachaithe de dheasca díobháil nó galar a raibh sé árachaithe ina haghaidh nó ina aghaidh faoin gCuid seo an tráth a bhain an díobháil dó nó a tholg sé an galar, déanfaidh seisean nó cibé duine eile a bheidh forordaithe fógra i scríbhinn a thabhairt don Aire, laistigh de cibé tréimhse a bheidh forordaithe, i dtaobh an chúraim a bheidh ag teastáil uaidh, agus tabharfaidh sé cibé sonraí a iarrfar i dtaobh an chúraim sin, agus ní dhéanfar aon íocaíocht faoin alt seo mura dtabharfar an fógra agus, má iarrtar aon sonraí mar a dúradh, na sonraí sin. | |
[EN] | (6) I gcás ina dtabharfar fógra faoi fho-alt (5), féadfar a cheangal ar an duine árachaithe dul faoi scrúdú dochtúra d'fhonn a chruthú gur gá an cúram liachta de dheasca na tionóisce nó an ghalair iomchuí agus gur cúram é atá réasúnach ina chás, agus ní dhéanfar aon íocaíocht faoin alt seo má mhainníonn sé an ceanglas a chomhlíonadh. | |
[EN] | (7) Is le cibé daoine is iomchuí leis an Aire a dhéanfar íocaíochtaí faoin alt seo agus, go sonrach, más do bhord sláinte a bheidh costas an chúraim liachta faoin alt seo dlite, féadfar íocaíocht a dhéanamh leis an mbord sin. | |
[EN] | (8) Féadfar a fhoráil le rialacháin go gcuirfear chun feidhme maidir le híocaíochtaí faoin alt seo aon cheann d'fhorálacha na Coda seo a bhaineann le sochair agus le héilimh a dhéanamh, faoi réir aon bhreisithe nó modhnuithe. | |
[EN] | (9) Chun críocha an ailt seo áireofar ar chúram liachta, faoi réir aon bhreisithe a dhéanfar le rialacháin— | |
[EN] | (a) cúram gnáthdhochtúra agus cúram sainliachta, lena n-áirítear cuairteanna baile, | |
[EN] | (b) cúram altranais sa bhaile ach amháin i gcás ina nglanfar an costas trí mhéadú faoi alt 46 i leith síor-fhreastail, agus cúram altranais agus cothabháil in ospidéil, i dtithe téarnaimh, i sanatoria nó i bhforais liachta eile, | |
[EN] | (c) soláthairtí cógaisíochta agus soláthairtí liachta nó máinliachta eile, lena n-áirítear fearais phróistéiteacha agus chluasfhearais, arna bhforordú ag liachleachtóir cláraithe, iad sin a choinneáil i ndeisriocht, agus iad a athsholáthar nuair is gá sin, | |
[EN] | (d) déadchóireáil agus déadfhearais agus súilchóireáil agus súilfhearais, | |
[EN] | (e) cúram, ar oideas liachleachtóra chláraithe, ag comhaltaí de ghairmeacha atá gaolmhar do ghairm na liachta, lena n-áirítear fisiteiripithe agus cosleá, agus | |
[EN] | (f) iompar go dtí an áit agus ón áit ina gcuirfear an cúram liachta atá sonraithe san fho-alt seo ar fáil. | |
[EN] | Tionóiscí Ceirde | |
[EN] |
Fógra i dtaobh tionóiscí. [1966 DC, a. 27] |
58. —(1) Féadfar a fhoráil le rialacháin go gceanglófar ar an duine árachaithe an fógra forordaithe a thabhairt laistigh den tréimhse fhorordaithe faoi aon tionóisc a bhféadfadh sochar díobhálacha ceirde nó aon mhéid faoi alt 57 a bheith iníoctha ina leith, nó i gcás é d'fháil bháis sa tréimhse sin de dheasca na tionóisce, go gceanglófar ar cibé duine eile a bheidh forordaithe, an fógra sin a thabhairt d'fhostóir an duine árachaithe nó do dhuine forordaithe eile. |
[EN] | (2) Má mhainníonn duine gan cúis mhaith an fógra forordaithe a thabhairt dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (lena n-áirítear, i gcás éileamh ar shochar báis, mainneachtain ag duine éigin eile an fógra forordaithe faoin tionóisc iomchuí a thabhairt) féadfar a fhoráil le rialacháin go ndícháileofar an duine sin chun sochar díobhálacha ceirde nó aon mhéid a fháil faoi alt 57 in aghaidh cibé tréimhse a chinnfear de réir na rialachán. | |
[EN] |
Fostóirí do thuairisciú tionóiscí. [1966 DC, a. 28] |
59. —Féadfar a fhoráil le rialacháin go gceanglófar ar fhostóirí— |
[EN] | (a) tuarascálacha a thabhairt, do cibé duine agus i cibé foirm agus laistigh de cibé am a fhorordófar, i dtaobh tionóiscí a bhféadfadh sochar díobhálacha ceirde nó aon mhéid faoi alt 57 a bheith iníoctha ina leith, | |
[EN] | (b) aon fhaisnéis a thabhairt don duine forordaithe is gá le haghaidh cinneadh a dhéanamh ar éilimh ar shochar díobhálacha ceirde nó ar cheisteanna a éireoidh i ndáil le héilimh ar an sochar sin nó i ndáil leis an sochar sin a dhámhadh, | |
[EN] | (c) cibé bearta eile a dhéanamh a fhorordófar chun gur fusa fógraí a thabhairt i dtaobh tionóiscí a bhféadfadh sochar díobhálacha ceirde nó aon mhéid faoi alt 57 a bheith iníoctha ina leith, éilimh a dhéanamh ar an sochar sin, agus cinneadh a dhéanamh ar éilimh ar an sochar sin agus ar cheisteanna a éireoidh i ndáil le héilimh ar an sochar sin nó i ndáil leis an sochar sin a dhámhadh. | |
[EN] |
Dearbhú gur tionóisc cheirde tionóisc áirithe. [1966 DC, a. 29] |
60. —(1) Más rud é, i ndáil le haon éileamh ar shochar díobhálacha ceirde, go gcinnfear gur thionóisc cheirde nó nárbh ea an tionóisc iomchuí déanfar agus taifeadfar dearbhú sainráite ar an ní sin agus (faoi réir fho-alt (3)) beidh sé de theideal ag an éilitheoir go ndéanfaí cinneadh ar an gceist i dtaobh an tionóisc iomchuí a bheith ina tionóisc cheirde d'ainneoin go ndiúltófar ar fhorais eile dá éileamh. |
[EN] | (2) Faoi réir fho-alt (3), beidh duine dá mbainfidh díobháil phearsanta de dheasca tionóisce i dteideal, má éilíonn sé gur tionóisc cheirde an tionóisc, go ndéanfar cinneadh ar an gceist sin, agus go ndéanfar dearbhú agus go dtaifeadfar é dá réir sin, d'ainneoin nach mbeidh aon éileamh déanta ar shochar díobhálacha ceirde ar ina leith a éiríonn an cheist, agus beidh feidhm ag forálacha an Achta seo chun na críche sin ionann agus dá mba rud é gur i ndáil le héileamh ar shochar díobhálacha ceirde a d'éirigh an cheist. | |
[EN] | (3) D'ainneoin aon ní i bhfo-ailt (1) agus (2), féadfaidh an t-oifigeach breithiúnachta nó an t-oifigeach achomhairc, cibé acu é, diúltú cinneadh a dhéanamh ar an gceist i dtaobh ar thionóisc cheirde tionóisc áirithe más deimhin leis nach dócha go mbeidh sé riachtanach an cheist a chinneadh chun críocha aon éilimh ar shochar díobhálacha ceirde, ach déanfar aon diúltú den sórt sin ag oifigeach breithiúnachta, ar fhógra achomhairc a thabhairt don Aire laistigh den tréimhse fhorordaithe, a tharchur chun oifigeach achomhairc. | |
[EN] | (4) Faoi réir an Achta seo, maidir le hachomharc agus athbhreithniú, beidh aon dearbhú faoin alt seo á dhearbhú gur thionóisc cheirde nó nárbh ea tionóisc áirithe ina dhearbhú críochnaitheach chun críocha aon éilimh ar shochar díobhálacha ceirde maidir leis an tionóisc sin, cibé acu is é nó nach é an t-éilitheoir an duine arb ar a thionscnamh a rinneadh an dearbhú. | |
[EN] | (5) Chun críocha an ailt seo, aon tionóisc a mbaineann díobháil phearsanta do dhuine dá deasca measfar gur tionóisc cheirde í i ndáil leis an duine sin, más rud é— | |
[EN] | (a) gur tharla sí de dhroim agus i gcúrsa a fhostaíochta, | |
[EN] | (b) gur fostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde) an fhostaíocht sin, agus | |
[EN] | (c) nach bhfuil íoc sochair dhíobhálacha ceirde coiscthe toisc an tionóisc tarlú le linn dó a bheith lasmuigh den Stát, | |
[EN] | agus forléireofar tagairt in ailt eile den Chaibidil seo do thionóisc cheirde dá réir sin. | |
[EN] | Ilghnéitheach | |
[EN] |
Dícháiliú chun sochair dhíobhála nó sochair mhíthreorach agus imeachtaí a fhionraí. [1966 DC, a. 31] |
61. —(1) Féadfar a fhoráil le rialacháin go ndícháileofar duine chun sochar díobhála nó sochar míthreorach a fháil in aghaidh aon tréimhse nach faide ná 6 sheachtain, nó go bhfionrófar imeachtaí ar aon éileamh ar shochar díobhála nó ar shochar míthreorach nó ar aon íocaíocht shochair dhíobhála nó shochair mhíthreorach, má mhainníonn an duine gan cúis mhaith— |
[EN] | (a) dul faoi scrúdú dochtúra ó am go ham d'fhonn éifeacht na tionóisce iomchuí a chinneadh, d'fhonn a chinneadh ar tháinig cailleadh cumais den tionóisc, cén grád ar dá réir atá méid na míthreorach a tharla de dheasca cailleadh cumais le measúnú agus cén tréimhse atá le cur i gcuntas sa mheasúnacht, nó cén chóireáil is oiriúnach don díobháil iomchuí nó don chailleadh cumais iomchuí, | |
[EN] | (b) dul ó am go ham faoi chóireáil liachta oiriúnach don díobháil iomchuí nó don chailleadh cumais iomchuí, | |
[EN] | (c) teacht i láthair ag cibé áiteanna agus amanna is gá chun críocha an scrúdaithe dochtúra nó na cóireála liachta sin, nó | |
[EN] | (d) aon rialacha forordaithe iompair a chomhlíonadh. | |
[EN] | (2) Forálfar le rialacháin faoin alt seo go dtabharfar íocaíocht d'aon duine a thiocfaidh i láthair le haghaidh scrúdú dochtúra nó cóireáil liachta mar a dúradh a mbeidh cibé méid inti a chinnfidh an tAire gurb é méid na gcostas taistil agus na gcostas eile é (lena n-áirítear aon chostas arb é a bhí ann cailleadh ama lenar ghabh luach saothair) a thabhaigh an duine go réasúnach agus go riachtanach i leith teacht i láthair. | |
[EN] |
Duine a áireamh mar dhuine atá éagumasach chun oibre, etc. [1966 DC, a. 32] |
62. —Féadfar a fhoráil le rialacháin go n-áireofar duine chun críocha na Caibidle seo mar dhuine atá éagumasach chun oibre de dheasca tionóisce nó díobhála nuair nach n-áireofaí amhlaidh é ar leith ó na rialacháin agus féadfaidh foráil a bheith iontu freisin— |
[EN] | (a) maidir leis na laethanta a bheidh nó nach mbeidh, i gcás duine a áirítear nó atá le háireamh am ar bith mar dhuine atá éagumasach chun oibre de dheasca tionóisce nó díobhála, le háireamh chun críche sochair dhíobhálacha ceirde mar laethanta éagumais chun oibre, agus | |
[EN] | (b) maidir leis an lá a bheidh, i gcás oibrithe oíche agus cásanna speisialta eile, le háireamh chun críche sochair dhíobhálacha ceirde mar lá na tionóisce. | |
[EN] |
Cóireáil liachta agus cóireáil ospidéil cheadaithe. [1966 DC, a. 33] |
63. —(1) Chun críocha na Caibidle seo, ciallaíonn “cóireáil liachta” cóireáil liachta, máinliachta nó athshlánúcháin (lena n-áirítear aon bhiachúrsa nó regimen eile) agus forléireofar dá réir sin tagairtí sa Chaibidil seo do dhuine a bhfuil cóireáil liachta á fáil aige nó atá ag dul faoi chóireáil liachta. |
[EN] | (2) Déanfar tagairtí sa Chaibidil seo do dhuine a bhfuil cóireáil ospidéil cheadaithe á fáil aige a fhorléiriú, i ndáil le haon sochar díobhálacha ceirde is iníoctha leis, mar thagairtí a thagraíonn do chóireáil liachta a bheith á fáil aige don díobháil iomchuí nó don chailleadh cumais iomchuí, mar othar cónaithe in ospidéal nó i bhforas dá shamhail le ceadú an Aire. | |
[EN] | (3) Féadfar a fhoráil le rialacháin go ndéanfar, i gcás duine d'fháil cóireáil liachta mar othar cónaithe ar feadh dhá thréimhse ar leithligh nó níos mó a raibh eatramh nó eatraimh eatarthu ba ghiorra ná fad sonraithe, é a áireamh chun críocha na Caibidle seo mar dhuine a bhí á fáil go leanúnach ó thosach na chéad tréimhse go dtí deireadh na tréimhse deiridh. | |
[EN] |
Athshlánúchán. [1966 DC, a. 34; I.R. Uimh. 106 de 1971] |
64. —(1) Féadfaidh an tAire cibé ranníocaí a chinnfidh sé, le toiliú an Aire Airgeadais, a thabhairt i leith costas seirbhísí athshlánúcháin (lena n-áirítear seirbhísí athshlánúcháin arna soláthar faoi alt 68 den Acht Sláinte, 1970 ) do dhaoine a bheidh i dteideal sochair mhíthreorach. |
[EN] | (2) Déanfar na méideanna a bheidh ag teastáil le haghaidh aon ranníocaí faoin alt seo a íoc amach as Ciste na nDíobhálacha Ceirde. | |
[EN] |
Ranníocaí fostaíochta. [1966 DC, a. 36; 1978 L, a. 16] [1970, a. 20; 1973, a. 19] |
65. —(1) Gach uile dhuine, is cuma cén aois é, a bheidh fostaithe le fostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde) is ranníocóir fostaithe é agus déanfar tagairtí san Acht seo do ranníocóir fostaithe a fhorléiriú dá réir sin. |
[EN] | (2) (a) I ndáil le ranníocóir fostaithe nár ranníocóir fostaithe mura mbeadh fo-alt (1)— | |
[EN] | (i) i gcás é a bheith faoi bhun 16 bliana d'aois, ní bheidh aon ranníocaí fostaíochta iníoctha, | |
[EN] | (ii) in aon chás eile (lena n-áirítear cás ina mbeidh sé os cionn aoise inphinsin) ina ndéantar, in aon bhliain ranníoca, íocaíocht leis an ranníocóir nó chun sochar don ranníocóir i leith tuilleamh ináirithe an ranníocóra sin, is é a bheidh sa ranníoc fostaíochta ranníoc fostóra, agus sin amháin, de réir ráta 0.45 faoin gcéad de mhéid tuillimh ináirithe an ranníocóra lena mbaineann an íocaíocht sin. | |
[EN] | (b) I ndáil le ranníocóir fostaithe is ranníocóir fostaithe de bhua alt 5 agus fho-alt (1) den alt seo, déanfar an ranníoc fostaíochta a luaitear in alt 10 (1) (b) (ii) a mhéadú méid arna ríomh de réir ráta 0.45 faoin gcéad de mhéid an tuillimh ináirithe ar faoina threoir a chinntear an ranníoc fostaíochta a luaitear in alt 10 (1) (b) (ii). | |
[EN] | (3) Bainfidh forálacha ailt 10 (1) (c) agus 10 (1) (d) le ranníocaí faoi fho-alt (2) den alt seo mar a bhaineann siad le ranníocaí ó fhostóirí faoi alt 10 (1) (b). | |
[EN] | (4) Ní dhéanfar ranníoc fostaíochta is iníoctha de bhua fho-alt (2) (a) (ii) a ríomh chun aon duine a cháiliú nó a athcháiliú le haghaidh aon cheann de na sochair dá dtagraítear in alt 17. | |
[EN] | (5) Ní thabharfar aird ar árachas díobhálacha ceirde aon duine nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh ar a cheart chun bheith, nó leanúint de bheith, ina ranníocóir saorálach agus ní dhéanfaidh an t-árachas sin difear don ráta ranníoca shaorálaigh is iníoctha in aon chás. | |
[EN] |
Taighde. [1966 DC, a. 35] |
66. —(1) Féadfaidh an tAire taighde a chur chun cinn faoi chúiseanna agus minicíocht, agus faoi mhodhanna coiscthe— |
[EN] | (a) tionóiscí agus díobhálacha a soláthraítear árachas díobhálacha ceirde ina n-aghaidh, nó | |
[EN] | (b) galair a soláthraítear árachas den sórt sin ina n-aghaidh nó a bhfuiltear ar intinn é a fhorordú chun críocha alt 54, | |
[EN] | trí dhaoine a fhostú é féin chun an taighde a stiúradh nó trí ranníoc a thabhairt i leith costas daoine eile, nó trí chabhrú ar shlí eile le daoine eile, a bheidh ag gabháil don taighde. | |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire cibé tuarastail nó luach saothair eile, agus cibé liúntais taistil nó liúntais eile, a chinnfidh sé le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc le daoine a fhostófar amhlaidh. | |
[EN] | (3) Déanfar na méideanna a bheidh ag teastáil le haghaidh aon íocaíochtaí faoin alt seo a íoc amach as Ciste na nDíobhálacha Ceirde. | |
[EN] |
Ciste na nDíobhálacha Ceirde. [1966 DC, a. 37] [1970, a. 20] [1970, a. 20] [I.R. Uimh. 215 de 1974] |
67. —(1) Fanfaidh Ciste na nDíobhálacha Ceirde, a bunaíodh faoin Acht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966 , ar marthain agus is é a bheidh ann fós cuntas reatha, a bhainisteoidh agus a rialóidh an tAire, agus cuntas infheistíochta, a bhainisteoidh agus a rialóidh an tAire Airgeadais. |
[EN] | (2) (a) D'ainneoin aon fhoráil contrártha dó sin, déanfar sochair dhíobhálacha ceirde, mar aon le haon íocaíochtaí eile faoin gCaibidil seo is iníoctha as Ciste na nDíobhálacha Ceirde, a íoc amach as cuntas reatha an Chiste sin, agus, chun airgead a sholáthar le haghaidh an chaiteachais ar shochair agus íocaíochtaí eile den sórt sin, déanfar ranníocaí fostaíochta a íocadh isteach sa Chiste Árachais Shóisialaigh de dhroim alt 65 (2) (a) agus méaduithe ar ranníocaí fostaíochta a íocadh amhlaidh de dhroim alt 65 (2) (b) a íoc amach as an gCiste sin le cuntas reatha Chiste na nDíobhálacha Ceirde. | |
[EN] | (b) Déanfar na suimeanna seo a leanas a bheifear tar éis a íoc amach as an gCiste Árachais Shóisialaigh a aisíoc leis an gCiste sin as Ciste na nDíobhálacha Ceirde— | |
[EN] | (i) suimeanna a bheifear tar éis a íoc mar shochar míchumais nó pinsean easláine i leith éagumas chun oibre mar gheall ar thionóisc cheirde, nó ghalar nó dhíobháil a fhorordófar chun críocha alt 54, le duine i dteideal sochair mhíthreorach i leith na tionóisce, an ghalair nó na díobhála sin, | |
[EN] | (ii) suimeanna a bheifear tar éis a íoc i leith aon tréimhse mar shochar míchumais nó pinsean easláine i leith éagumas chun oibre mar gheall ar dhíobháil nó galar, ar suimeanna iad a bheifear tar éis a íoc le duine a bheidh nó a bhí an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1965, nó dá éis, i dteideal íocaíochtaí seachtainiúla cúitimh faoi na hAchtanna um Chúiteamh do Lucht Oibre i leith na díobhála nó an ghalair sin. | |
[EN] | (3) Aon airgead a bheidh chun creidiúna do chuntas reatha Chiste na nDíobhálacha Ceirde agus nach mbeidh ag teastáil faoi chomhair caiteachais reatha aistreofar é go dtí cuntas infheistíochta an Chiste sin. | |
[EN] | (4) Aon uair nach leor an t-airgead i gcuntas reatha Chiste na nDíobhálacha Ceirde faoi chomhair dhliteanais an chuntais sin, aistreofar chun an chuntais sin ó chuntas infheistíochta an Chiste sin cibé suimeanna is gá chun na dliteanais sin a ghlanadh. | |
[EN] | (5) Faoi réir fho-alt (4), aon airgead a bheidh chun creidiúna do chuntas infheistíochta Chiste na nDíobhálacha Ceirde infheisteoidh an tAire Airgeadais é agus íocfar isteach sa chuntas sin aon ioncam ó aon infheistíocht den sórt sin. | |
[EN] | (6) Aon infheistíocht a dhéanfar de bhun fho-alt (5) féadfar í a dhéanamh in aon urrúis a mbeidh cumhacht ag iontaobhaithe de thuras na huaire de réir dlí cistí iontaobhais a infheistiú iontu nó in aon chuid de na stoic, de na cistí agus de na hurrúis a bheidh de thuras na huaire údaraithe le dlí mar infheistíochtaí do Chistí Bhanc Taisce an Phoist. | |
[EN] | (7) Déanfar cuntais Chiste na nDíobhálacha Ceirde a ullmhú i cibé foirm, i cibé slí agus cibé tráthanna a ordóidh an tAire Airgeadais agus déanfaidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste gach cuntas den sórt sin a scrúdú agus a dheimhniú agus déanfar cóip de, mar aon le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste air, a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. | |
[EN] | (8) Beidh na caiteachais seo a leanas inghnóthaithe ó Chiste na nDíobhálacha Ceirde cibé tráthanna agus i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais— | |
[EN] | (a) caiteachais an Aire (arna gcinneadh ar cibé foras is cuí leis) de bhun na Caibidle seo, agus | |
[EN] | (b) caiteachais aon Aire eile (arna gcinneadh ar cibé foras ar a gcomhaontófar idir é féin agus an tAire) i ndáil leis an gCaibidil seo. | |
[EN] | (9) Déanfar aon airgead a gheofar de bhun fho-alt (8) a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais. | |
[EN] | (10) Nuair a bheidh caiteachais á meas chun críocha fho-alt (8), áireofar orthu cibé méid is ionann, dar leis an Aire Airgeadais, agus méid an dliteanais a fhaibhreoidh i leith aon aoisliúntas nó liúntas scoir, cnapshuimeanna nó aiscí eile a fhaibhreoidh maidir le fostaíocht aon oifigigh nó duine eile chun críocha na Caibidle seo. | |
[EN] | (11) (a) Cuirfidh an tAire faoi deara go ndéanfar athbhreithnithe achtúireachta ar staid airgeadais Chiste na nDíobhálacha Ceirde, ag féachaint, go háirithe, do dhóthanacht, nó neamhdhóthanacht, na ranníocaí le haghaidh na sochar agus na n-íocaíochtaí eile, agus cuirfidh sé faoi deara cóip de gach tuarascáil ón achtúire faoin bhfo-alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. | |
[EN] | (b) Déanfar athbhreithniú faoin bhfo-alt seo i leith na tréimhse cúig bliana dar críoch an 31 Nollaig, 1983, agus dá éis sin i leith na tréimhse dar críoch an 31 Nollaig gach cúigiú bliain, faoi réir an choinníll go bhféadfaidh an tAire an tréimhse lena mbainfidh aon athbhreithniú den sórt sin a athrú. | |
[EN] |
Sochar a chur i gcuntas agus damáistí á measúnú. [1969 DC, a. 39; 1974 (Uimh. 2), a. 21] |
68. —(1) D'ainneoin alt 2 den Acht um Dhliteanas Sibhialta (Leasú), 1964 , agus alt 306 den Acht seo, i gcaingean i leith damáistí mar gheall ar dhíobhálacha pearsanta (lena n-áirítear aon chaingean den sórt sin de dhroim conartha) cuirfear i gcuntas, agus na damáistí sin á measúnú, in aghaidh aon chailleadh tuillimh nó brabús a d'fhaibhrigh nó ar dóigh dó faibhriú chun an duine dhíobhálaithe ó na díobhálacha, luach aon chearta a d'fhaibhrigh nó ar dóigh dó faibhriú chuige uathu i leith sochair dhíobhála (gan aird a thabhairt ar aon cheart i leith sochair dhíobhála is iníoctha de bhua alt 42 (2), tar éis bhás an duine dhíobhálaithe) nó sochair mhíthreorach (gan aird a thabhairt ar aon mhéadú air sin faoi alt 46 i leith síor-fhreastail) do na 5 bliana dar tosach an tráth a d'fhaibhrigh an chúis chaingne. |
[EN] | (2) An tagairt atá i bhfo-alt (1) do mheasúnú na ndamáistí i leith díobhálacha pearsanta is tuigthe, i gcásanna ina bhfuil na damáistí is inghnóthaithe ar aon bhealach eile faoi réir a laghdaithe faoin dlí a bhaineann le faillí rannpháirteach nó teorannaithe le haon Acht nó faoi aon Acht nó le conradh, gur tagairt í d'iomlán na ndamáistí ab inghnóthaithe ar leith ón laghdú nó ón teorannú. | |
[EN] | (3) D'ainneoin alt 50 den Acht um Dhliteanas Sibhialta, 1961 , nuair a bheidh damáistí á measúnú i leith bás duine faoi Chuid IV den Acht sin, féadfar aon sochar báis, mar dheontas faoi alt 53 den Acht seo i leith costas sochraide, a tháinig de bhás an duine sin, a chur i gcuntas. | |
[EN] |
Cosaint maidir le haisghairm na nAchta um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 go 1955. [1966 DC, a. 40] |
69. —Leanfaidh na hAchta um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 go 1955, arna leasú le Cuid V den Acht um Dhliteanas Sibhialta, 1961 , d'fheidhm a bheith acu maidir le cásanna a mbeadh feidhm acu maidir leo dá mba nár ritheadh an tAcht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966 , i gcás ar cásanna iad inar éirigh ceart chun cúitimh i leith fostaíochta roimh an 1 Bealtaine, 1967, ach amháin, i gcás galar nó díobháil atá forordaithe chun críocha alt 54, nuair nár éirigh an ceart roimh an dáta sin agus go raibh an t-oibrí, roimh an gceart sin d'éirí, árachaithe faoin gCaibidil seo in aghaidh an ghalair nó na díobhála sin. |
[EN] |
Forléiriú ar thagairtí áirithe san Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1956 . [1966 DC, a. 42] |
70. —Déanfar na tagairtí don Acht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966 — |
[EN] | (a) sna mínithe ar “lá seirbhíse” agus “páigh” in alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1956 , arna leasú le halt 42 den Acht chéadluaite, agus | |
[EN] | (b) in alt 43 den Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1956 , sin, arna leasú amhlaidh, | |
[EN] | a fhorléiriú mar thagairtí don Chaibidil seo. |