An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT DÍOBHÁLACHA MAILÍSEACHA, 1981) Ar Aghaidh (CUID II Cúiteamh i nDamáiste Mailíseach a Rinneadh do Mhaoin agus i Maoin, a Tógadh go Neamhdhleathach le linn Círéibe, a Chailleadh)

9 1981

AN tACHT DÍOBHÁLACHA MAILÍSEACHA, 1981

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht Díobhálacha Mailíseacha, 1981 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh sé mhí tar éis dáta a rite.

Léiriú.

2. —San Acht seo—

folaíonn “damáiste”, i ndáil le maoin, an mhaoin a dhíothú go hiomlán nó go páirteach agus aon díobháil don mhaoin;

ciallaíonn “údarás áitiúil” comhairle contae nó bardas contaebhuirge;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

folaíonn “maoin” ainmhithe fiaine i mbraighdeanas agus oidhreachtáin neamhchorpracha (lena n-áirítear éasúintí, profits a prendre agus cearta eile) ach ní fholaíonn sí rud nach bhfuil ann ach áineas nó taitneamhacht;

folaíonn “long” gach cineál soithigh, báid agus árthaigh eile, cibé acu is le rámhaí nó ar shlí eile a thiomáintear í.

Feidhmiú.

3. —Ní bheidh éifeacht leis an Acht seo i ndáil le damáiste a rinneadh ná le caillteanas a fulaingíodh roimh thosach feidhme an Achta seo.

Aisghairm.

4. —(1) Déantar leis seo na hachtacháin atá leagtha amach sa Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3).

(2) Ní bheidh éifeacht leis an aisghairm ar fhorálacha an Local Government (Ireland) Act, 1898, agus Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 , a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal, a mhéid a bhaineann na forálacha sin le halt 106 den Grand Jury (Ireland) Act, 1836.