|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 12 de 1981 | ||
[EN] |
AN tACHT UM NÍTRIGIN ÉIREANN TEORANTA, 1981 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM NÍTRIGIN ÉIREANN TEORANTA, 1963 GO 1977. | ||
[25 Bealtaine, 1981] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||||||||
[EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht seo— | ||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “an Chuideachta” Nítrigin Éireann Teoranta; | |||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail, Tráchtála agus Turasóireachta; | |||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Nítrigin Éireann Teoranta, 1963 . | |||||||||||||
[EN] |
Méadú ar scairchaipiteal na Cuideachta. |
2. —D'ainneoin aon ní sna hAchtanna um Nítrigin Éireann Teoranta, 1963 go 1977, i meabhrán na Cuideachta nó in airteagail chomhlachais na Cuideachta, £77,500,000 arna roinnt i 77,500,000 scair, £1 an scair, méid scairchaipiteal na Cuideachta, agus féadfaidh an Chuideachta, le toiliú an Aire Airgeadais, na scaireanna i gcaipiteal na Cuideachta a roinnt in aicmí éagsúla agus aon chearta, pribhléidí nó coinníollacha, tosaíochta, iarchurtha, cáilithe nó speisialta, a chur ag gabháil leo faoi seach. | ||||||||||||
[EN] |
An tAire Airgeadais d'fháil scaireanna. |
3. —Cuirtear leis seo an t-alt seo a leanas in ionad alt 2 den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach leis an Acht um Nítrigin Éireann Teoranta, 1975 ): | ||||||||||||
[EN] | “2. Féadfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, scaireanna d'aon aicme nó aicmí sa Chuideachta a thógáil trí shuibscríobh nó trína gceannach ón sealbhóir suas go dtí méid nach mó san iomlán ná £77,500,000.”. | |||||||||||||
[EN] |
An tAire do ráthú iasachtaí a gheobhaidh an Chuideachta. |
4. —Leasaítear leis seo alt 7 den Phríomh-Acht trí “£150,000,000” a chur in ionad “£100,000,000” (a cuireadh isteach leis an Acht um Nítrigin Éireann Teoranta, 1977 ) i bhfo-alt (2) agus tá an fo-alt sin arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||||||||||
| ||||||||||||||
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
5. —(1) Féadfar an tAcht um Nítrigin Éireann Teoranta, 1981 , a ghairm den Acht seo. | ||||||||||||
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Nítrigin Éireann Teoranta, 1963 go 1981, a ghairm de na hAchtanna um Nítrigin Éireann Teoranta, 1963 go 1977, agus den Acht seo le chéile. | |||||||||||||
|