19 1981


Uimhir 19 de 1981


AN tACHT UM SCÉIM RANNÍOCAÍ FOSTAÍOCHTA FOSTÓIRÍ, 1981

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH SCÉIM AR A dTABHARFAR AN SCÉIM RANNÍOCAÍ FOSTAÍOCHTA FOSTÓIRÍ, LE hAGHAIDH FOSTÓIRÍ D'ÍOC RANNÍOCAÍ LEIS AN SCÉIM SIN AGUS LE hAGHAIDH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE SIN. [2 Meitheamh, 1981]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1981” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981 ;

ciallaíonn “bliain ranníoca” bliain mheasúnachta de réir bhrí na nAchtanna Cánach Ioncaim;

tá le “ranníoc fostaíochta fostóra” an bhrí a shanntar dó le halt 6 den Acht seo;

ciallaíonn “an Scéim” an Scéim Ranníocaí Fostaíochta Fostóirí a bhunaítear le halt 2 den Acht seo.

Scéim Ranníocaí Fostaíochta Fostóirí a bhunú.

2. —Bunófar Scéim ar a dtabharfar an Scéim Ranníocaí Fostaíochta Fostóirí (agus dá ngairtear “an Scéim” san Acht seo) agus beidh sí i ngníomh ar feadh tréimhse nach faide ná bliain amháin.

Rialú na Scéime.

3. —Beidh an Scéim faoi chomhrialú agus faoi chomhbhainistí ag Cónaidhm Thionscail na hÉireann agus ag Cumann Cónaidhme na bhFostóirí (dá ngairtear “na bainisteoirí” san Acht seo).

Cuspóir na Scéime.

4. —Úsáidfidh na bainisteoirí an t-airgead a bheidh chun creidmheas na Scéime le caiteachas a íoc a thabhófar ar thionscadail a mbeidh de thoradh orthu, i dtuairim na mbainisteoirí, fostaíocht láithreach a chaomhnú sna tionscail teicstíleacha, éadaí, coisbhirt agus leathair.

Acmhainní na Scéime.

5. —Is as na fáltais ó na ranníocaí fostaíochta fostóirí a mhaoineofar an Scéim.

Ranníoc fostaíochta fostóra.

6. —(1) Déanfar an ranníoc fostaíochta is iníoctha ag fostóir faoi alt 10 d'Acht 1981 don bhliain ranníoca dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1981, a mhéadú méid ar a dtabharfar agus dá ngairfear san Acht seo “an ranníoc fostaíochta fostóra”.

(2) Maidir leis an ranníoc fostaíochta fostóra—

(a) beidh sé iníoctha i leith an tuillimh ináirithe ar faoina threoir a chinntear an ranníoc fostaíochta faoi Acht 1981,

(b) ríomhfar é de réir 0.2 faoin gcéad de mhéid an tuillimh ináirithe sin, agus

(c) measfar gur ranníoc fostaíochta é de réir bhrí Acht 1981.

(3) Ní bheidh éifeacht le fo-alt (1) den alt seo i ndáil le fostaí lena mbaineann airteagal 7 nó 8 de na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Modhnuithe ar Árachas), 1979 (I.R. Uimh. 87 de 1979).

(4) Bainfidh alt 10 (1) (c) agus 10 (1) (d) d'Acht 1981 le ranníoc fostaíochta fostóra mar a bhaineann siad le ranníocaí ó fhostóirí faoi alt 10 (1) (b) den Acht sin.

(5) D'ainneoin aon chonradh dá mhalairt, ní bheidh fostóir i dteideal an ranníoc fostaíochta fostóra is iníoctha i leith aon duine atá fostaithe aige a bhaint as luach saothair an duine sin (ná é a ghnóthú ar dhóigh eile ó dhuine den sórt sin).

(6) (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, íocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim leis an Aire Leasa Shóisialaigh an t-airgead go léir a bheidh íoctha i leith an ranníoca fostaíochta fostóra agus aistreoidh an tAire sin é go dtí cuntas na Scéime.

(b) Déanfaidh an tAire Leasa Shóisialaigh 10 faoin gcéad den airgead dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo a tharchur chuig na Coimisinéirí Ioncaim mar fhiach a dhlitear in ionad cánach ioncaim nó cánach corparáide don Aire Airgeadais chun sochair don Phríomh-Chiste.

Ailt 15, 115(2) agus 117 d'Acht 1981 a bheith gan feidhm.

7. —Ní bheidh feidhm ag ailt 15, 115 (2) ná 117 d'Acht 1981 i ndáil le ranníoc fostaíochta fostóra.

Gearrtheideal.

8. —Féadfar an tAcht um Scéim Ranníocaí Fostaíochta Fostóirí, 1981 , a ghairm den Acht seo.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Na hAchtanna Cánach Ioncaim

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981

1981, Uimh. 1