22 1981


Uimhir 22 de 1981


AN tACHT UM AN DLÍ TEAGHLAIGH, 1981

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO CHUR DEIREADH LE CAINGNE MAIDIR LE CAIDREAMH COLLAÍ, MEALLADH AGUS TEAR-MANNÚ CÉILE AGUS SÁRÚ GEALLTANAIS PÓSTA, DO DHÉANAMH SOCRÚ I nDÁIL LE MAOIN DAOINE A RAIBH GEALLTANAS PÓSTA EATARTHU AGUS LE BRONNTANAIS DO NA DAOINE SIN AGUS EATARTHU AGUS I nDÁIL LE BAILÍOCHT TOILIÚ Ó CHÉILE MION-AOISEACH CHUN CRÍOCHA AN ACHTA UM CHAOMHNÚ ÁRAS AN TEAGHLAIGH, 1976 , AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [23 Meitheamh, 1981]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Deireadh a chur le caingne maidir le caidreamh collaí, mealladh agus tearmannú céile.

1. —(1) Tar éis dáta an Achta seo a rith, ní bheidh aon ábhar caingne ann maidir le caidreamh collaí, maidir le céile a aslú chun an céile eile a fhágáil nó fanacht ar leithligh uaidh nó maidir le céile a thearmannú.

(2) Ní bheidh éifeacht le fo-alt (1) i ndáil le haon chaingean a tionscnaíodh roimh dháta an Achta seo a rith.

Gan gealltanais phósta a bheith inchurtha i bhfeidhm leis an dlí.

2. —(1) Ní bheidh éifeacht mar chonradh faoi dhlí an Stáit le comhaontú idir beirt daoine chun a chéile a phósadh, cibé acu is roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis a rinneadh é, ná ní thionscnófar aon chaingean sa Stát mar gheall ar chomhaontú den sórt sin a shárú, cibé ar bith cén dlí a bhaineann leis an gcomhaontú.

(2) Ní bheidh éifeacht le fo-alt (1) i ndáil le haon chaingean a tionscnaíodh roimh dháta an Achta seo a rith.

Bronntanais do lanúineacha geallta ó dhaoine eile.

3. —I gcás comhaontú a bheith déanta ag beirt daoine chun a chéile a phósadh agus go dtabharfaidh aon duine eile aon mhaoin mar bhronntanas pósta do cheachtar díobh nó dóibh araon, toimhdeofar, cheal fianaise dá mhalairt, go ndearnadh an mhaoin a tugadh amhlaidh a thabhairt—

(a) dóibh araon mar chomhúinéirí, agus

(b) faoi réir an choinníll go dtabharfaí ar ais í ar iarratas ón deontóir nó óna ionadaí pearsanta más rud é ar chúis ar bith nach ndéanfar an pósadh.

Bronntanais idir lánúineacha geallta.

4. —I gcás ina dtabharfaidh páirtí i gcomhaontú chun pósadh maoin (lena n-áirítear fáinne gealltanais) mar bhronntanas don pháirtí eile, toimhdeofar, cheal fianaise dá mhalairt—

(a) gur tugadh an bronntanas faoi réir an choinníll go dtabharfaí ar ais é ar iarratas ón deontóir nó óna ionadaí pearsanta más rud é, ar chúis ar bith seachas bás an deontóra, nach ndéanfar an pósadh, nó

(b) gur tugadh an bronntanas gan choinníoll, más rud é, mar gheall ar bhás an deontóra, nach ndéanfar an pósadh.

Maoin lánúineacha geallta.

5. —(1) I gcás ina bhfoirceannfar comhaontú chun pósadh, beidh ag na rialacha dlí a bhaineann le cearta céilí, i ndáil le maoin ina bhfuil leas tairbhiúil ag ceachtar díobh nó acu araon, feidhm i ndáil le haon mhaoin a raibh leas tairbhiúil ag ceachtar den dá pháirtí sa chomhaontú nó acu araon inti fad a bhí an comhaontú i bhfeidhm mar atá feidhm acu i ndáil le maoin a bhfuil leas tairbhiúil ag ceachtar den dá pháirtí nó acu araon inti.

(2) I gcás ina bhfoirceannfar comhaontú chun pósadh, beidh feidhm ag alt 12 den Acht um Stádas Ban Pósta, 1957 (a bhaineann le cinneadh ceisteanna idir fearchéile agus banchéile i dtaobh maoine), ionann is dá mbeadh na páirtithe sa chomhaontú pósta, maidir le haon díospóid eatarthu, nó éileamh ag duine díobh, i ndáil le maoin a raibh leas tairbhiúil ag ceachtar díobh nó acu araon inti fad a bhí an comhaontú i bhfeidhm.

Iarratas chun na cúirte i gcás sochar úimléideach do pháirtí i ngealltanas briste.

6. —I gcás ina bhfoirceannfar comhaontú chun pósadh agus go ndealraíonn sé don chúirt, ar iarratas chuici i modh achomair ó dhuine seachas páirtí sa chomhaontú, go bhfuair páirtí sa chomhaontú sochar de chineál úimléideach (nach bronntanas é lena mbaineann alt 3) ón iarratasóir de dhroim an chomhaontaithe, féadfaidh an chúirt cibé ordú a dhéanamh (lena n-áirítear ordú le haghaidh cúitimh) is dealraitheach di a bheith cóir cothrom sna himthosca.

Iarratas chun na cúirte i gcás caiteachas úimléideach a thabhaigh páirtí i ngealltanas briste nó a tabhaíodh thar a cheann.

7. —I gcás ina bhfoirceannfar comhaontú chun pósadh agus go ndealraíonn sé don chúirt, ar iarratas chuici i modh achomair ó pháirtí sa chomhaontú nó ó dhuine eile, gur tharla, mar gheall ar an gcomhaontú—

(a) i gcás an pháirtí sa chomhaontú, gur thabhaigh sé caiteachas úimléideach, nó

(b) i gcás an duine eile, gur thabhaigh sé caiteachas úimléideach thar ceann páirtí sa chomhaontú,

agus nach bhfuair an páirtí a thabhaigh an caiteachas nó ar tabhaíodh an caiteachas thar a cheann aon tairbhe as an gcaiteachas, féadfaidh an chúirt cibé ordú a dhéanamh (lena n-áirítear ordú chun an caiteachas a ghnóthú) is dealraitheach di a bheith cóir cothrom sna himthosca.

Dlínse (ailt 6 agus 7).

8. —(1) Beidh dlínse ag an gCúirt Chuarda, i gcomhthráth leis an Ard-Chúirt, chun imeachtaí faoi alt 6 nó 7 a éisteacht agus a chinneadh faoi réir, i gcás éileamh is mó ná £15,000, toilithe ar aon dul leis na toilithe atá riachtanach chun críocha alt 22 d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 .

(2) Beidh dlínse ag an gCuirt Dúiche imeachtaí a éisteacht agus a chinneadh faoi alt 6 nó 7 i gcás nach mó an méid a éilítear ná £2,500.

Tréimhse teorann le haghaidh imeachtaí faoin Acht seo.

9. —Ní dhéanfar imeachtaí chun ceart a thugtar leis an Acht seo a chur i bhfeidhm de dhroim comhaontú chun pósadh a fhoirceannadh, cibé ar bith cén chúis a bhí leis an bhfoirceannadh, a thionscnamh tar éis trí bliana a bheith caite ón dáta a foirceannadh an comhaontú.

Céile mionaoiseach do thoiliú áras an teaghlaigh, etc. a dhiúscairt.

10. —(1) Aon toiliú arna thabhairt ag céile, roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis, chun críocha alt 3 (1) den Acht um Chaomhnú Áras an Teaghlaigh, 1976 (a fhorálann go mbeidh aon tíolacas ag céile amháin ar leas in áras an teaghlaigh gan toiliú scríofa ón gcéile eile ar neamhní) nó chun críocha alt 9 (2) den Acht sin (a chuireann srian le ceart céile airnéisí tí a dhiúscairt gan toiliú ón gcéile eile) ní bheidh sé ná ní mheasfar go raibh sé neamhbhailí de bhíthin amháin gur céile nach bhfuil nó nach raibh tagtha in aois a thabharfaidh nó a thug é.

(2) Bainfidh fo-alt (1) le toiliú arna thabhairt chun na gcríocha réamhráite roimh dháta an Achta seo a rith ag caomhnóir nó cúirt thar ceann céile nach raibh tagtha in aois ionann is dá mba gurbh é an céile a thug an toiliú.

Gearrtheideal.

11. —Féadfar an tAcht um an Dlí Teaghlaigh, 1981 , a ghairm den Acht seo.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Stádas Ban Pósta, 1957

1957, Uimh. 5

Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961

1961, Uimh. 39

An tAcht um Chaomhnú Áras an Teaghlaigh, 1976

1976, Uimh. 27