23 1981


Uimhir 23 de 1981


AN tACHT IOMPAIR, 1981

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ BREISE MAIDIR LE hIOM-PAR. [25 Iúil, 1981]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1962” an tAcht um Ráthaíochtaí Stáit (Iompar), 1962 ;

ciallaíonn “Acht 1950” an tAcht Iompair, 1950 ;

ciallaíonn “Acht 1964” an tAcht Iompair, 1964 ;

ciallaíonn “Acht 1974” an tAcht Iompair, 1974 .

An Bord d'fháil airgid ar iasacht chun críocha caipitiúla.

2. —Cuirtear an méid seo a leanas in ionad ailt 5 (2) agus 5 (4) faoi seach d'Acht 1964 (a cuireadh isteach le hAcht 1974):

“(2) Ní mó ná £180,000,000 comhiomlán na n-iasachtaí faoin alt seo a bheidh gan aisíoc aon tráth áirithe.

(4) Maidir le comhiomlán na n-iasachtaí a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo aon tráth áirithe, déanfar iasachtaí in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit a ríomh mar a gcoibhéis in airgead reatha an Stáit faoi threoir an ráta iomlaoide a bheidh i réim tráth na hiasachta.”.

Airleacain don Bhord ón Aire Airgeadais chun críocha caipitiúla.

3. —Cuirtear an méid seo a leanas in ionad alt 4 (1) d'Acht 1964 (a cuireadh isteach le hAcht 1974):

“(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh an Aire, cibé suimeanna is cuí leis (nach mó san iomlán ná £180,000,000) a airleacan chun an Bhoird ó am go ham i leith costas íoctha caiteachais faoina ndeachaigh an Bord agus is inmhuirearaithe go cuí ar chaipiteal.”.

Ráthaíochtaí i leith airgead áirithe is iníoctha ag an mBord.

4. —(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad alt 2 (2) den Acht um Ráthaíochtaí Stáit (Iompar), 1962 :

“(2) Ní dhéanfaidh an tAire na cumhachtaí a thugtar le fo-alt (1) den alt seo nó le halt 4 (1) den Acht Iompair, 1974 , a fheidhmiú i slí gur mó ná £180,000,000 méid, nó méid comhiomlán, na príomhshuime a dhlífidh sé a íoc aon tráth áirithe de bhun ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoin alt seo nó faoi alt 4 den Acht Iompair, 1974 (nó faoin dá alt sin), a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, mar aon le méid na príomhshuime (más ann) a bheidh íoctha aige roimhe sin de bhun aon ráthaíochtaí den sórt sin agus nár aisíocadh.”.

(2) Cuirtear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh alt 2 (2) den Acht um Ráthaíochtaí Stáit (Iompar), 1962 (a chuirtear isteach leis an Acht seo):

“(3) Chun méid an airgid a ríomh a bheidh ráthaithe ag an Aire faoin alt seo faoi threoir na teorann atá le príomhshuim i bhfo-alt (2) den alt seo, déanfar an méid in airgead reatha an Stáit is coibhéis d'airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit a ríomh de réir an ráta iomlaoide a bheidh i réim tráth na ráthaíochta a thabhairt.”.

Cumhachtaí sealadacha an Bhoird chun airgead a fháil ar iasacht.

5. —Cuirtear an méid seo a leanas in ionad alt 28 (1) (c) d'Acht 1950 (a cuireadh isteach le hAcht 1974):

“(c) Ní dhéanfaidh an Bord in aon chás a chumhachtaí faoi mhír (a) den fho-alt seo a fheidhmiú ar shlí gur mó ná £20,000,000 aon tráth a fhéichiúnas iomlán i leith iasachta sealadaí.”.

Ráthaíocht Stáit le hiasachtaí sealadacha a gheobhaidh an Bord.

6. —Cuirtear an méid seo a leanas in ionad alt 30 (1) (b) d'Acht 1950 (a cuireadh isteach le hAcht 1974):

“(b) Ní dhéanfaidh an tAire Airgeadais na cumhachtaí a thugtar dó leis an bhfo-alt seo a fheidhmiú ar shlí gur mó ná £20,000,000 méid, nó méid comhiomlán, na príomhshuime a dhlífidh sé a aisíoc aon tráth áirithe ar scór aon ráthaíochta nó aon ráthaíochtaí faoin bhfo-alt seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, mar aon le méid na príomhshuime (más ann) a bheidh íoctha roimhe sin ag an Aire sin ar scór aon ráthaíochta faoin bhfo-alt seo agus nach mbeidh aisíoctha ag an mBord.”.

Caiteachais.

7. —Déanfar na caiteachais a thabhófar ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

8. —Féadfar an tAcht Iompair, 1981 , a ghairm den Acht seo.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Ráthaíochtaí Stáit (Iompar), 1962

1962, Uimh. 25

An tAcht Iompair, 1950

1950, Uimh. 12

An tAcht Iompair, 1964

1964, Uimh. 30

An tAcht Iompair, 1974

1974, Uimh. 1