An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT AIRGEADAIS (UIMH. 2), 1981) Ar Aghaidh (CUID II Cáin Bhreisluacha)

28 1981

AN tACHT AIRGEADAIS (UIMH. 2), 1981

CUID I

Custaim agus Mál

Mínithe (Cuid I).

1. —Sa Chuid seo—

ciallaíonn “Acht 1981” an tAcht Airgeadais, 1981 ;

ciallaíonn “Ordú 1975” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 221) (Dleachtanna Máil), 1975 (I.R. Uimh. 307 de 1975).

Beoir.

2. —(1) Déanfar an dleacht máil ar bheoir a fhorchuirtear le mír 7 (1) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 22ú lá d'Iúil, 1981, de réir £119.647, i gcás na beorach go léir arna grúdú sa Stát, ar gach 36 ghalún foirte de shaindlús 1,055 chéim agus, i gcás na beorach go léir arna hallmhairiú, ar gach 36 ghalún beorach a raibh saindlús 1,055 chéim ina foirt roimh ghiosáil, in ionad an ráta a luaitear in alt 31 (1) d'Acht 1981.

(2) Faoi réir mhír 5 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 250) (Beoir), 1981 (I.R. Uimh. 10 de 1981 ), déanfar an aistarraingt ar bheoir dá bhforáiltear i mír 7 (3) d'Ordú 1975, maidir le beoir a dtaispeánfar ina leith chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur íocadh dleacht de réir an ráta a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo, a ríomh de réir shaindlús bunaidh na beorach, de réir £119.647 ar gach 36 ghalún beorach ar 1,055 chéim a saindlús bunaidh.

Biotáille.

3. —(1) Déanfar an dleacht máil ar bhiotáille a fhorchuirtear le mír 4 (2) d'Ordú 1975, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 22ú lá d'Iúil, 1981, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1981.

(2) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun faoiseamh a thabhairt ón dleacht máil breise i leith biotáille neamhaibí a fhorchuirtear le mír 4 (2) d'Ordú 1975 agus leis an tríú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Ordú sin arna leasú le mír 4 (2) den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 244) (Dleachtanna Máil ar Bhiotáille, Beoir agus Olaí Hidreacarbóin), 1979 (I.R. Uimh. 415 de 1979), agus leis an tríú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Ordú sin ná ní oibreoidh sé chun dochar ná difear a dhéanamh don chéanna.

(3) Sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ciallaíonn “alcól” alcól eitile íon.

Táirgí tobac.

4. —(1) San alt seo agus sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo tá le “toitíní,” “todóga,” “cavendish nó negrohead,” “tobac cruafháiscthe”, “tobac píopa eile”, “tobac chun a chaite ina dheatach”, “tobac chun a choganta” agus “táirgí tobac” an bhrí chéanna atá leo san Acht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1977 , arna leasú leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 243) (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1979 (I.R. Uimh. 296 de 1979).

(2) Déanfar an dleacht máil ar tháirgí tobac a fhorchuirtear le halt 2 den Acht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1977 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 22ú lá d'Iúil 1981, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1981.

Fíon agus fíon déanta.

5. —(1) Déanfar an dleacht máil ar fhíon a fhorchuirtear le mír 5 (2) d'Ordú 1975, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 22ú lá d'Iúil, 1981, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid I den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid I den Cheathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 1981.

(2) Déanfar an dleacht máil ar fhíon déanta a fhorchuirtear le mír 6 (2) d'Ordú 1975, a mhuirearú, a thobhach, agus a íoc amhail ar an agus ón 22ú lá d'Iúil 1981, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid II den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid II den Cheathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 1981.

(3) Sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo—

ciallaíonn “an neart alcólach iarbhír de réir toirte” an líon toirteanna d'alcól íon atá, ag teocht 20°C, i 100 toirt den táirge ag an teocht sin;

ciallaíonn “% toirte” an neart alcólach de réir toirte.

Hidreacarbóin.

6. —(1) Déanfar an dleacht máil ar ola éadrom hidreacarbóin mhianrach a fhorchuirtear le mír 11 (1) d'Ordú 1975, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 22ú lá d'Iúil, 1981, de réir £17.32 an heictilítear in ionad an ráta a shonraítear in alt 35 (1) d'Acht 1981.

(2) Déanfar an dleacht máil ar ola hidreacarbóin a fhorchuirtear le mír 12 (1) d'Ordú 1975, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 22ú lá d'Iúil, 1981, de réir £11.67 an heictilítear in ionad an ráta a shonraítear in alt 35 (2) d'Acht 1981.

(3) Amhail ar an agus ón 22ú lá d'Iúil, 1981, is é ráta aon aisíoca a lamháiltear faoi mhír 12 (11) d'Ordú 1975 maidir le hola hidreacarbóin ar a bhfuil an t-aisíoc sin inlamháilte agus ar ar íocadh de réir £11.67 an heictilítear an dleacht máil a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo, £9.88 an heictilítear in ionad an ráta ab inlamháilte díreach roimh an 22ú lá d'Iúil, 1981.

(4) Déanfar an dleacht máil ar hidreacarbóin ghásacha i bhfoirm leachtach a fhorchuirtear le halt 41 (1) den Acht Airgeadais, 1976 , a mhuirearú, a thobhach, agus a íoc, amhail ar an agus ón 22ú lá d'Iúil, 1981, de réir £0.48 an galún in ionad an ráta a shonraítear in alt 35 (4) d'Acht 1981.

Mótarfheithiclí.

7. —Déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear le mír 4 (1) den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 236) (Dleachtanna Máil ar Mhótarfheithiclí, Teilifíseáin agus Ceirníní Gramafóin), 1979 (I.R. Uimh. 57 de 1979), ar mhótarfheithiclí earnáil A, de réir bhrí mhír 3 (a) den Ordú sin, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 22ú lá d'Iúil 1981, de réir ráta ar cóimhéid le 50 faoin gcéad den luach inmhuirearaithe, in ionad an ráta a shonraítear in alt 71 den Acht Airgeadais, 1980 .

Na rátaí dleachtanna máil ar fheithiclí.

8. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an tAcht” an tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 ;

ciallaíonn “feithicil shonraithe”—

(a) feithicil a shonraítear i mír 1 de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht, nó

(b) feithicil a shonraítear i mír 6 (d) de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht nach mó ná 16 each-chumhacht (arna ríomh de réir rialachán arna ndéanamh ag an Aire Comhshaoil faoi alt 1 (3) den Acht chun críche ráta dleachta a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht),

ach ní áirítear léi:

(i) feithicil a úsáidtear mar eileatram agus ní chun aon chríche eile,

(ii) feithicil a shonraítear in Airteagal 3 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 170) (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1968 (I.R. Uimh. 68 de 1968), arna leasú leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 216) (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1975 ( Uimh. 5 de 1975 ), nó

(iii) feithicil a shonraítear in Airteagal 3 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 229) (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1977 (Uimh. 112 de 1977).

(2) Maidir le feithiclí sonraithe a úsáidtear in aon áit phoiblí, déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 1 den Acht, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir na rátaí a shonraítear ina leith sa Sceideal a ghabhann leis an Acht agus, dá réir sin, cúlghairtear leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 231) (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1977 (I.R. Uimh. 241 de 1977) agus scoirfidh na leasuithe ar an Acht agus ar alt 94 den Acht Airgeadais, 1973 , a rinneadh leis an Ordú sin, d'éifeacht a bheith leo.

(3) Leasaítear leis seo alt 94 den Acht Airgeadais, 1973 , trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (a) d'fho-alt (2):

“(a) £1 maidir le feithicil shonraithe (abairt a bhfuil an bhrí chéanna léi san alt seo agus atá léi in alt 8 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1981 ) ar iníoctha an dleacht sin, a fhorchuirtear leis an alt sin 1, ina leith, de réir ráta a shonraítear i mír 1 de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht sin;

(aa) £5 maidir le haon fheithicil shonraithe eile (nach feithicil í nach inmhuirearaithe agus nach intobhaigh an dleacht sin a fhorchuirtear leis an alt sin ina leith ná feithicil lena mbaineann mír (b) den fho-alt seo);”.

(4) Beidh éifeacht le fo-ailt (1) go (3) den alt seo maidir le feithiclí sonraithe ar tógadh amach ceadúnais ina leith faoi alt 1 den Acht le haghaidh tréimhsí dar tosach an 1ú lá de Mheán Fómhair, 1981, nó lá dá éis.

(5) (a) Faoi réir mhíreanna (b) agus (c) den fho-alt seo, déanfar an tAcht, maidir le ceadúnais faoi alt 1 den Acht le haghaidh tréimhsí dar tosach an 1ú lá de Mheán Fómhair, 1981, nó lá dá éis, a leasú tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (d) de mhír 6 i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis (arna leasú le halt 79 (1) den Acht Airgeadais, 1976 ):

“(d) feithiclí eile lena mbaineann an mhír seo—

nach mó ná 8

n-each-chumhacht     ...     ...

£4 ar gach aonad nó cuid d'aonad each-chumhachta

is mó ná 8 n-each-chumhacht ach nach mó ná 12

each-chumhacht     ...     ...

£5 ar gach aonad nó cuid d'aonad each-chumhachta

is mó ná 12 each-chumhacht ach nach mó ná 16

each-chumhacht     ...     ...

£6 ar gach aonad nó cuid d'aonad each-chumhachta

is mó ná 16

each-chumhacht     ...     ...

£8 ar gach aonad nó cuid d'aonad each-chumhachta

a thiomáintear le leictreachas     ...     ...

£22”.

(b) Ní bheidh éifeacht le mír (a) den fho-alt seo i ndáil le haon fheithicil—

(i) a úsáidtear mar bheagfheithicil seirbhíse poiblí de réir bhrí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1961 , agus ní chun aon chríche eile,

(ii) a bhfuil tacsaiméadar feistithe inti agus a úsáidtear go dleathach mar fheithicil sráidseirbhíse de réir bhrí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1961 , nó chun críocha a ghabhann leis an úsáid sin agus ní chun aon chríche eile, nó

(iii) a úsáidtear mar eileatram agus ní chun aon chríche eile.

(c) Ní bheidh éifeacht le mír (a) den fho-alt seo i ndáil le feithiclí a shonraítear in Airteagal 3 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 170) (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1968, arna leasú leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 216) (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1975.

(6) Déanfar na haisíocaíochtaí iomchuí ag féachaint d'fhorálacha na bhfo-alt sin roimhe seo den alt seo agus déanfar na haisíocaíochtaí de réir cibé treoracha a thabharfaidh an tAire Comhshaoil.

Ordú a chúlghairm.

9. —Cúlghairtear leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 254) (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1981 (I.R. Uimh. 299 de 1981).