An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT SEIRBHÍSÍ DÓITEÁIN, 1981) Ar Aghaidh (CUID II Seirbhísí Dóiteáin a Eagrú)

30 1981

AN tACHT SEIRBHÍSÍ DÓITEÁIN, 1981

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht Seirbhísí Dóiteáin, 1981 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire, go ginearálta nó faoi threoir críche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh chun críocha éagsúla agus forálacha éagsúla den Acht seo.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “foirgneamh” foirgneamh, déanmhas nó tógáil (buan nó sealadach) de chineál ar bith nó d'ábhair ar bith;

ciallaíonn “údarás dóiteáin” údarás dóiteáin lena mbaineann alt 9;

ciallaíonn “briogáid dóiteáin” comhlacht eagraithe daoine agus iad oilte agus trealmhaithe chun dóiteáin i bhfoirgnimh agus in áiteanna eile a mhúchadh agus chun daoine agus maoin a tharrtháil ó dhóiteáin den sórt sin, agus folaíonn sé na feithiclí agus an trealamh a sholáthraítear don chomhlacht sin;

folaíonn “hiodrant dóiteáin” pláta marcála, clúdach nó bosca ar bith hiodraint;

folaíonn “sábháilteacht ó dhóiteán” dóiteán a chosc agus réamhchúraimí in aghaidh dóiteáin;

folaíonn “inlasta” indóite;

tá le “limistéar feidhme”, maidir le húdarás dóiteáin, an bhrí a shanntar dó le halt 9 (3);

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Comhshaoil;

folaíonn “úinéir” aon duine a bhfuil eastát nó leas ar bith aige in áitreabh;

tá le “duine i gceannas”, maidir le dóiteán nó éigeandáil eile, an bhrí a shanntar dó le halt 27;

tá le “údarás pleanála” an bhrí a shanntar dó le halt 2 (2) den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 ;

tá le “foirgneamh a d'fhéadfadh a bheith contúirteach” an bhrí a shanntar dó le halt 19;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo;

ciallaíonn “feidhm fhorchoimeádta”—

(a) i gcás comhairle contae nó comhlachta toghaí chun críocha na nAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1972, feidhm fhorchoimeádta chun críocha na nAchtanna sin;

(b) i gcás bardais chontaebhuirge, feidhm fhorchoimeádta chun críocha na nAchtanna a bhaineann le bainistí na contaebhuirge;

ciallaíonn “údarás sláintíochta” údarás sláintíochta chun críocha na nAchtanna Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1964.

(2) San Acht seo forléireofar tagairtí do dhóiteán a mhúchadh mar thagairtí a fholaíonn tagairt do dhóiteán a chosc ó leathadh.

(3) Aon tagairt san Acht seo d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(4) Aon tagairt san Acht seo d'fho-alt nó do mhír is tagairt í don fho-alt nó don mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

(5) Aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán forléireofar í mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna mhodhnú le haon achtachán dá éis.

Orduithe agus rialacháin.

3. —(1) Féadfaidh an tAire orduithe agus rialacháin a dhéanamh chun críocha an Achta seo.

(2) Gach ordú ón Aire faoi alt 9 nó 11 agus gach rialachán a dhéanfaidh sé faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin, beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin rialachán.

Cionta.

4. —Aon duine a sháróidh (trí ghníomh nó trí neamhghníomh) aon cheanglas de Chuid III den Acht seo nó d'aon rialachán faoin Acht seo nó d'aon fhógra lena mbaineann an tAcht seo beidh sé ciontach i gcion.

Pionóis.

5. —(1) Duine a bheidh ciontach i gcion faoin Acht seo (seachas cion lena mbaineann fo-alt (2))dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

(2) Duine a bheidh ciontach i gcion mar gheall ar alt 18 (2), 20 nó 37 a shárú dlífear, ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

(3) Beidh dlínse ag Breitheamh den Chúirt Dúiche cion lena mbaineann fo-alt (2) a thriail go hachomair—

(a) más é tuairim an Bhreithimh gur mionchion is intriailte go hachomair na fíorais a cruthaíodh nó a líomhnaíodh in aghaidh cosantóir a cúisíodh i gcion den sórt sin,

(b) má thoilíonn an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí leis, agus

(c) mura ndiúltóidh an cosantóir (ar bheith curtha in iúl dó ag an mBreitheamh gurb é a cheart dul ar a thriail roimh ghiúiré) dul ar a thriail go hachomair,

agus, ar é a chiontú faoin bhfo-alt seo, dlífear fíneáil nach mó ná £500 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur ar an gcosantóir.

(4) Beidh feidhm ag alt 13 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , i ndáil le cion lena mbaineann fo-alt (2) amhail is dá mbeadh na pionóis dá bhforáiltear i bhfo-alt (3) den alt seo sonraithe ann in ionad na bpionós dá bhforáiltear i bhfo-alt (3) den alt sin, agus déanfar an tagairt i bhfo-alt (2) (a) den alt sin 13 do na pionóis da bhforáiltear san fho-alt sin (3) a fhorléiriú agus beidh éifeacht léi dá réir sin.

(5) I gcás ina gcruthófar maidir le cion faoin Acht seo a rinne comhlacht corpraithe go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gurb inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine (nó aon duine ag gníomhú thar a cheann) is stiúrthóir, bainisteoir nó rúnaí ar an gcomhlacht sin, beidh an duine sin nó an duine a bheidh ag gníomhú amhlaidh, cibé acu é, ciontach freisin sa chion sin.

Ionchúiseamh go hachomair i gcionta

6. —(1) Maidir le cion lena mbaineann alt 5 (1), féadfaidh an t-údarás dóiteáin don limistéar feidhme ina líomhnaítear go ndearnadh an cion nó duine ar bith eile imeachtaí achomaire a thabhairt ar aghaidh agus a shaothrú.

(2) D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achomaire maidir le cion faoin Acht seo a thionscnamh laistigh de 12 mhí ó dháta an chiona.

Caiteachais an Aire.

7. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Aisghairm.

8. —(1) Aisghairtear leis seo na hAchtanna seo a leanas—

an Cinematograph Act, 1909,

an tAcht Briogáideacha Tóiteáin, 1940 .

(2) Gach comhaontú a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo faoi alt 2 (3) (a) den Acht Briogáideacha Tóiteáin, 1940 , idir údarás sláintíochta agus údarás briogáide dóiteáin, i gcás gach ceann acu teacht chun bheith ina údarás dóiteáin ar an tosach feidhme sin, fanfaidh sé i bhfeidhm agus measfar gur comhaontú é a rinneadh faoi alt 59 den Acht Rialtais Áitiúil, 1955 .