|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 35 de 1981 | ||
[EN] |
AN tACHT SRIANTA CÍOSA (FORÁLACHA SEALADACHA) (BUANÚ), 1981 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT D'FHADÚ NA TRÉIMHSE A mBEIDH ÉIFEACHT AR A FEADH LEIS AN ACHT SRIANTA CÍOSA (FORÁLACHA SEALADACHA), 1981 . [23 Nollaig, 1981] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||
[EN] |
1. —Cuirfear an t-alt seo a leanas in ionad alt 2 den Acht Srianta Cíosa (Forálacha Sealadacha), 1981 : | |||||
[EN] | “2. Beidh éifeacht leis an Acht seo go dtí an 25ú lá d'Aibreán, 1982, agus rachaidh sé in éag ansin.”. | |||||
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar an tAcht Srianta Cíosa (Forálacha Sealadacha) (Buanú), 1981 , a ghairm den Acht seo. | ||||
[EN] | (2) Folóidh an comhlua, na hAchtanna Srianta Cíosa, 1960 go 1981, an tAcht seo. | |||||
|