37 1981


Uimhir 37 de 1981


AN tACHT UM GHNÍOMHAIREACHT AIRGEADAIS DO THITHE, 1981

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN AN tAIRE COMH-SHAOIL DO THIONSCNAMH CUIDEACHTA THEOR-ANTA LE AIRGEADAS A SHOLÁTHAR, GO DÍREACH NÓ GO NEAMHDHÍREACH, CHUN TITHE A FHÁIL AGUS A DHÉANAMH, DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN AN tAIRE AIRGEADAIS DO RÁTHÚ IASACHTAÍ A GHEOBHAIDH AN CHUIDEACHTA SIN AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE COMH-GHAOLMHARA EILE. [27 Nollaig, 1981]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Ghníomhaireacht” an Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe;

ciallaíonn “iasachtaí” duine dá dtabharfar iasacht a thuairiscítear in alt 5 (3) den Acht seo agus folaíonn sé comharba i dteideal an duine dá dtabharfar iasacht den sórt sin;

ciallaíonn “Achtanna na gCuideachtaí” Achtanna na gCuideachtaí, 1963 agus 1977;

folaíonn “teach” aon fhoirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh a úsáidtear nó atá oiriúnach le húsáid mar theaghais agus aon fhotheach, clós, gairdín nó talamh eile a chomhghabhann leis nó a theachtar de ghnáth ina theannta;

ciallaíonn “údarás tithíochta” údarás tithíochta de réir bhrí Acht na dTithe, 1966 ;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Comhshaoil.

Foirmiú agus clárú na Gníomhaireachta.

2. —A luaithe is féidir tar éis dáta an Achta seo a rith, déanfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais agus le hAire na Seirbhíse Poiblí, cibé bearta is dóigh leis a bheith riachtanach nó inmhianaithe chun a chur faoi deara cuideachta theoranta (dá ngairtear “an Ghníomhaireacht” san Acht seo), a bheidh de réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Acht seo, a fhoirmiú agus a chlárú faoi Achtanna na gCuideachtaí.

Ainm agus caipiteal na Gníomhaireachta.

3. —(1) D'ainneoin fhorálacha alt 6 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , an Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe is ainm don Ghníomhaireacht.

(2) £100 arna roinnt i scaireanna láníoctha £1 an ceann scairchaipiteal na Gníomhaireachta agus, d'ainneoin aon ní in Achtanna na gCuideachtaí, ní dleathach don Ghníomhaireacht an caipiteal sin a mhéadú ná a laghdú gan toiliú an Aire Airgeadais, arna thabhairt tar éis dul i gcomhairle leis an Aire.

Meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais na Gníomhaireachta.

4. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, is i cibé foirm ar comhréir leis an Acht seo a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais agus Aire na Seirbhíse Poiblí a bheidh meabhrán comhlachais na Gníomhaireachta.

(2) Ar chuspóirí na Gníomhaireachta a luaitear sa mheabhrán comhlachais beidh siad seo a leanas:

(a) iasachtaí a sholáthar, trí mhorgáiste nó muirear, chun tithe a fháil nó a fhoirgniú,

(b) airgead a sholáthar chun a chumasú d'údaráis tithíochta iasachtaí den sórt sin a thabhairt, agus

(c) airgead a fháil ar iasacht chun na gcríocha a dúradh.

(3) Is i cibé foirm ar comhréir leis an Acht seo a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais agus Aire na Seirbhíse Poiblí a bheidh airteagail chomhlachais na Gníomhaireachta.

(4) Déanfaidh an tAire meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais na Gníomhaireachta a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis ceanglais alt 2 den Acht seo a chomhlíonadh.

(5) D'ainneoin aon ní in Achtanna na gCuideachtaí, ní bheidh aon athrú ar mheabhrán comhlachais nó ar airteagail chomhlachais na Gníomhaireachta bailí ná éifeachtúil mura gceadóidh an tAire é roimh ré, le toiliú an Aire Airgeadais agus Aire na Seirbhíse Poiblí.

Iasachtaí agus airleacain chun tithe a fháil agus a fhoirgniú.

5. —(1) Féadfaidh an Ghníomhaireacht, faoi réir cibé coinníollacha a bheidh ceadaithe de thuras na huaire faoin alt seo ag an Aire agus ag an Aire Airgeadais—

(a) iasacht a thabhairt do dhuine chun teach a fháil nó a fhoirgniú,

(b) airgead a airleacan d'údarás tithíochta chun a chumasú don údarás iasachtaí a thabhairt chun tithe a fháil agus a fhoirgniú.

(2) I gcás ina n-airleacfar airgead chuig údarás tithíochta faoi fho-alt (1) den alt seo, úsáidfidh an t-údarás an t-airleacan chun iasachtaí a thabhairt faoi alt 39 d'Acht na dTithe, 1966 , nó de réir cibé téarmaí agus coinníollacha i dtaobh tithe a fháil agus a fhoirgniú a bheidh formheasta de thuras na huaire chun críocha an ailt seo ag an Aire agus ag an Aire Airgeadais.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh na coinníollacha dá dtagraítear san fho-alt sin (1), i gcás ar coinníollacha iad a bhaineann le hiasachtaí a thabharfar do dhaoine seachas d'údarás tithíochta—

(a) an aicme nó na haicmí daoine a shonrú dá bhféadfar na hiasachtaí sin a thabhairt agus an ranníoc íosta a bheidh le déanamh, le linn teach a fháil nó a fhoirgniú, ag duine dá dtabharfar iasacht den sórt sin faoi chomhair an chostais a bhainfidh leis an teach a fháil nó a fhoirgniú,

(b) an aicme nó na haicmí tithe a shonrú a bhféadfar na hiasachtaí sin a thabhairt ina leith,

(c) méid uasta iasachta den sórt sin, agus an t-urrús ina leith, agus modh ríofa luach tí a mbeifear ag iarraidh iasachta den sórt sin ina leith, a shonrú,

(d) i dtaca leis na hiasachtaí sin de, bheith bainteach le haisíoc na príomhshuime, lena n-áirítear an modh agus an tréimhse le haghaidh an aisíoca sin,

(e) i dtaca leis na hiasachtaí sin de, bheith bainteach le híoc úis orthu agus le socrú ráta an úis sin,

(f) na coinníollacha a shonrú ar a mbeidh teach a dtabharfar iasacht den sórt sin ina leith ar teachtadh ag an iasachtaí in imeacht na tréimhse go dtí go n-aisíocfar an iasacht agus go n-íocfar an t-ús ar an iasacht leis an nGníomhaireacht nó le húdarás tithíochta, de réir mar a bheidh,

(g) bheith bainteach le dliteanas pearsanta úinéara tí a dtabharfar iasacht den sórt sin ina leith i ndáil le haisíoc aon suime a bheidh dlite i leith na hiasachta agus i ndáil le híoc aon suime a bheidh dlite i leith an úis ar an iasacht,

(h) a fhoráil go bhféadfar fógra a thabhairt d'iasachtaí á cheangal air coinníoll a chomhlíonadh ar a dtabharfar iasacht den sórt sin dó nó ar a mbeidh teach a dtabharfar iasacht den sórt sin ina leith ar teachtadh aige,

(i) bheith bainteach le híoc tráthchodanna iasachtaí den sórt sin ag an nGníomhaireacht nó ag an údarás tithíochta, de réir mar is iomchuí, i leith tithe i gcúrsa a bhfoirgnithe,

(j) a cheangal ar an iasachtaí a leas a aistriú i dteach a dtabharfar iasacht den sórt sin ina leith (seachas iasacht a mbeidh comhaontú déanta maidir léi faoi fho-alt (4) den alt seo) tráth a bheidh an iasacht nó cuid di, nó an t-ús nó cuid den ús uirthi, gan aisíoc nó gan íoc, de réir mar a bheidh, leis an nGníomhaireacht nó leis an údarás tithíochta, de réir mar is iomchuí,

(k) an modh a shonrú ina ndéanfar, chun críocha coinníollacha dá dtagraítear i mír (a), (d), nó (e) den fho-alt seo, ioncam iasachtaí nó iarratasóra i leith iasachta a chinneadh.

(4) I gcás ina dtabharfaidh coinníollacha a bheidh ceadaithe de thuras na huaire chun críche an ailt seo cumhacht chun iasacht a thuairiscítear i bhfo-alt (3) den alt seo a urrú le dara morgáiste nó le dara muirear ar an teach lena mbaineann an iasacht, féadfaidh an Ghníomhaireacht nó an t-údarás tithíochta, de réir mar a bheidh, d'fhonn an iasacht a urrú, comhaontú a dhéanamh agus a chur i gcrích.

(5) I gcás—

(a) ina bhfágfar gan chomhlíonadh aon cheann de na coinníollacha—

(i) ar a dtabharfar iasacht a thuairiscítear i bhfo-alt (3) den alt seo (seachas iasacht a bheidh urraithe le dara morgáiste nó le dara muirear), nó

(ii) ar a mbeidh teach a dtabharfar iasacht den sórt sin ina leith ar teachtadh ag an iasachtaí,

(b) ina ndéanfar féimheach den iasachtaí,

féadfaidh an Ghníomhaireacht nó an t-údarás tithíochta, de réir mar a bheidh, seilbh a aisghabháil ar an teach (cibé cé mhéid a luach) faoi ailt 84 go 89 den Landlord and Tenant Law Amendment Act, Ireland, 1860, ionann is dá mba í an Ghníomhaireacht nó an t-údarás tithíochta, de réir mar is iomchuí, an tiarna talún agus dá mba é an t-iasachtaí an tionónta.

(6) I gcás ina n-aisghabhfaidh an Ghníomhaireacht nó údarás tithíochta seilbh ar theach faoi fho-alt (5) den alt seo, dílseoidh eastát, ceart, leas agus teideal uile an iasachtaí sa teach gan aon tíolacadh ná aistriú, don Ghníomhaireacht nó don údarás, de réir mar is iomchuí, agus féadfaidh an Ghníomhaireacht nó an t-údarás an teach a úsáid chun críocha aon cheann dá bhfeidhmeanna nó é a dhíol nó a dhiúscairt ar shlí eile mar is oiriúnach léi nó leis.

(7) I gcás ina n-aisghabhfaidh an Ghníomhaireacht nó údarás tithíochta seilbh ar theach faoi fho-alt (5) den alt seo, íocfaidh sí nó sé leis an iasachtaí suim is comhionann le luach an leasa sa teach a bheidh faoina réir ag an nGníomhaireacht nó ag an údarás, de réir mar a bheidh, tar éis méid na hiasachta a bheidh fós gan íoc an tráth sin, mar aon le haon suim a bheidh dlite i leith úis, agus na costais go léir faoina rachaidh an Ghníomhaireacht nó an t-údarás ag aisghabháil seilbhe ar an teach agus á dhiúscairt, lena n-áirítear na costais faoina rachaidh an Ghníomhaireacht nó an t-údarás maidir le haon eadráin faoi fho-alt (8) den alt seo, a bhaint as an gcéanna.

(8) Mura gcomhaontóidh an Ghníomhaireacht nó údarás tithíochta agus iasachtaí, déanfaidh eadránaí maoine a ainmneofar faoin Acht um Luachanna Maoine (Eadránacha agus Achomhairc), 1960 , luach leasa i dteach a bheidh faoina réir ag an nGníomhaireacht nó ag an údarás de bhua an ailt seo a chinneadh faoi réim agus de réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919.

Treoracha ginearálta polasaí.

6. —(1) Féadfaidh an tAire, ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, cibé treoracha ginearálta is dóigh leis is iomchuí maidir le polasaí i ndáil leis na cuspóirí go léir nó aon cheann díobh a shonraítear i meabhrán comhlachais na Gníomhaireachta a thabhairt don Ghníomhaireacht.

(2) Beidh aird ar aon treoir faoin alt seo ag an nGníomhaireacht ag comhlíonadh a feidhmeanna di.

(3) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a chumasaíonn don Aire aon chumhacht nó rialú a fheidhmiú i ndáil le haon chás áirithe a mbeidh baint, nó a bhféadfadh baint a bheith, ag an nGníomhaireacht leis.

(4) Nuair a thabharfaidh an tAire treoir faoin alt seo, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas, is é sin—

(a) cuirfidh an tAire faoi deara, a luaithe is féidir, cóip den treoir a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas,

agus

(b) foilseofar an treoir san Iris Oifigiúil.

Cumhacht an Aire Airgeadais scaireanna sa Ghníomhaireacht a thógáil, a theachtadh agus a dhiúscairt.

7. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, scaireanna sa Ghníomhaireacht a thógáil trí shuibscríobh nó iad a cheannach agus a theachtadh.

(2) Féadfaidh an tAire Airgeadais, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, aon scaireanna sa Ghníomhaireacht a thóg sé nó a fuair sé, a dhíol nó a dhiúscairt ar shlí eile.

(3) Déanfar na glanfháltais (más ann) ó dhíol nó ó dhiúscairt a rinne an tAire Airgeadais ar scaireanna sa Ghníomhaireacht a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí is cuí leis an Aire sin.

Cumhacht an Aire Airgeadais mar scairshealbhóir.

8. —Féadfaidh an tAire Airgeadais, maidir leis na scaireanna sa Ghníomhaireacht a bheidh ar teachtadh aige de thuras na huaire, na cearta agus na cumhachtaí uile is infheidhme ag sealbhóir na scaireanna sin ó am go ham, nó aon chuid díobh, a fheidhmiú, agus i gcás na cearta nó na cumhachtaí sin a bheith infheidhme trí aturnae, féadfaidh an tAire sin, más cuí leis é, na cearta nó na cumhachtaí sin a fheidhmiú trína aturnae.

Díbhinní, etc. a íoc isteach sa Státchiste.

9. —Íocfar isteach sa Státchiste nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste i cibé slí is cuí leis an Aire Airgeadais aon díbhinn, bónas nó airgead eile a gheobhaidh an tAire sin i leith na scaireanna sa Ghníomhaireacht a bheidh ar teachtadh aige nó ar iontaobhas dó.

Iasachtaí.

10. —(1) Féadfaidh an Ghníomhaireacht airgead a fháil ar iasacht (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) ach i gcás ina bhfaighidh an Ghníomhaireacht airgead ar iasacht ar shlí seachas ón Státchiste, beidh an iasacht sin faoi réir thoiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.

(2) D'fhonn iasacht a fháil, féadfaidh an Ghníomhaireacht bannaí, bintiúirí agus urrúis eile a bhunú agus a eisiúint agus iad faoi réir cibé ráta úis agus cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca, fuascailte nó eile is oiriúnach leis an nGníomhaireacht.

(3) Déanfaidh an Ghníomhaireacht na cumhachtaí a thugtar di leis an alt seo a fheidhmiú i slí nach mó ná £200,000,000 méid nó cóimhéid na príomhshuime a dhlífidh an Ghníomhaireacht aon tráth áirithe a aisíoc ar scór aon dliteanais nó dliteanas a thabhófar faoin alt seo.

(4) Chun méid na n-iasachtaí faoin alt seo a ríomh faoi threoir na teorann le príomhshuim atá i bhfo-alt (3) den alt seo, déanfar an méid in airgead reatha an Stáit is cóimhéid leis na hiasachtaí in airgead reatha coigríche a ríomh de réir an ráta iomlaoide a bhí i réim an tráth a ndearnadh an ríomh.

An tAire Airgeadais do ráthú iasachtaí a gheobhaidh an Ghníomhaireacht.

11. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, ráthaíocht a thabhairt i cibé foirm agus slí agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha a cheadóidh an tAire Airgeadais go n-aisíocfaidh an Ghníomhaireacht go cuí príomhshuim aon airgid (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) a gheobhaidh an Ghníomhaireacht ar iasacht, nó go n-íocfar ús ar an airgead sin, nó go n-aisíocfar an phríomhshuim agus go n-íocfar an t-ús, agus féadfaidh ráthaíocht go n-íocfaidh an Ghníomhaireacht coimisiún agus caiteachais theagmhasacha i ndáil leis na hiasachtaí sin a fháil, a bheith ar áireamh in aon ráthaíocht den sórt sin.

(2) A luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana airgeadais, leagfaidh an tAire Airgeadais faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ráiteas ina mbeidh, maidir le gach ráthaíocht faoin alt seo a tugadh i rith na bliana sin nó a tugadh aon tráth roimh thosach, agus a bhí i bhfeidhm i dtosach, na bliana sin—

(a) sonraí na ráthaíochta,

(b) i gcás a mbeidh aon íocaíocht déanta aige faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana sin, méid na híocaíochta agus an méid (más ann) a bheidh aisíoctha leis ar scór na híocaíochta, agus

(c) an méid airgid faoi bhrí na ráthaíochta a bhí gan aisíoc i ndeireadh na bliana sin.

(3) Déanfaidh an Ghníomhaireacht airgead a d'íoc an tAire Airgeadais faoi ráthaíocht faoin alt seo a aisíoc leis (mar aon le hús ar an airgead sin de réir cibé ráta nó rátaí a cheapfaidh an tAire) laistigh de dhá bhliain ó dháta an airgid a airleacan as an bPríomh-Chiste.

(4) I gcás a mbeidh an t-airgead go léir, nó aon chuid den airgead, a gceanglaíonn fo-alt (3) den alt seo é a aisíoc leis an Aire Airgeadais gan íoc de réir an fho-ailt sin, déanfar an méid a bheidh amuigh amhlaidh a aisíoc leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(5) D'ainneoin airgead a sholáthar faoi fho-alt (4) den alt seo chun an méid a aisíoc leis an bPríomh-Chiste, leanfaidh an Ghníomhaireacht faoi dhliteanas don Aire Airgeadais i leith an méid sin agus déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid sin, mar aon le hús air de réir cibé ráta nó rátaí a cheapfaidh an tAire sin, a aisíoc leis an Aire sin cibé tráthanna agus i cibé tráthchodanna a cheapfaidh sé agus, mura n-aisíocfar an méid sin mar a dúradh agus gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, beidh sé inghnóthaithe mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(6) Íocfar isteach sa Státchiste nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste i cibé slí is oiriúnach leis an Aire Airgeadais airgead a íocfaidh an Ghníomhaireacht faoi fho-alt (3) nó (5) den alt seo.

(7) I ndáil le ráthaíochtaí ón Aire Airgeadais faoin alt seo in airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit—

(a) glacfar le gach tagairt do phríomhshuim, le gach tagairt d'ús, agus leis an tagairt do choimisiún agus do chaiteachais theagmhasacha i bhfo-alt (1) den alt seo, mar thagairtí don méid in airgead reatha an Stáit is cóimhéid leis an bpríomhshuim iarbhír, leis an ús iarbhír, agus leis an gcoimisiún agus na caiteachais theagmhasacha iarbhír, faoi seach, agus an cóimhéid sin a ríomh de réir chostas na príomhshuime iarbhír, an úis iarbhír, nó an choimisiúin agus na gcaiteachas teagmhasach iarbhír, de réir mar is iomchuí, in airgead reatha an Stáit, an tráth a ndearnadh an ríomh,

(b) glacfar leis an tagairt d'airgead i bhfo-alt (2) den alt seo mar thagairt do chóimhéid an airgid iarbhír in airgead reatha an Stáit, agus an cóimhéid sin a ríomh de réir an ráta iomlaoide arb é ráta iomlaoide an airgid reatha sin agus airgid reatha an Stáit é an tráth a ndearnadh an ríomh, agus

(c) glacfar le gach tagairt d'airgead i bhfo-ailt (3) go (5) den alt seo mar thagairt do chostas an airgid iarbhír in airgead reatha an Stáit.

Airleacain as an bPríomh-Chiste, etc.

12. —(1) Airleacfar as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis an t-airgead is iníoctha ag an Aire Airgeadais i gcomaoin scaireanna a leithroinnt agus a eisiúint chuige i scairchaipiteal na Gníomhaireachta agus an t-airgead eile go léir a theastóidh ón Aire nó ón Aire Airgeadais ó am go ham faoi chomhair suimeanna a bheidh iníoctha ag ceachtar acu faoin Acht seo.

(2) Féadfaidh an tAire Airgeadais a ordú go ndéanfar an t-airgead is iníoctha ag sínitheoir meabhrán comhlachais na Gníomhaireachta a íoc as agus a mhuirearú ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis agus, i gcás ina dtabharfaidh an tAire sin ordachán faoin bhfo-alt seo, beidh éifeacht leis an ordachán de réir a théarmaí.

(3) Féadfaidh an tAire Airgeadais, d'fhonn soláthar a dhéanamh d'airleacain as an bPríomh-Chiste faoin alt seo, aon suimeanna a theastóidh chun na críche sin a fháil ar iasacht ar urrús an Phríomh-Chiste nó a thoradh fáis agus féadfaidh sé, chun an céanna a fháil ar iasacht, urrúis a bhunú agus a eisiúint agus iad faoi réir cibé ráta úis agus cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca, nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis, agus íocfaidh sé isteach sa Státchiste an t-airgead go léir a gheofar ar iasacht amhlaidh.

(4) Muirearófar ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis príomhshuim agus ús na n-urrús go léir a eiseofar faoin alt seo agus an caiteachas a thabhófar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint agus beidh siad iníoctha as an gcéanna.

Cuntais na Gníomhaireachta agus tuarascáil na stiúrthóirí uirthi.

13. —(1) Tabharfaidh an Ghníomhaireacht don Aire, a luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana cuntasaíochta—

(a) clár comhardaithe amhail mar bhí ag deireadh na bliana cuntasaíochta agus é iniúchta go cuí ag iniúchóir na Gníomhaireachta,

(b) cuntas ioncaim agus caiteachais don bhliain chuntasaíochta agus é iniúchta amhlaidh, agus

(c) cóip de thuarascáil na stiúrthóirí chuig na scairshealbhóirí don bhliain chuntasaíochta.

(2) Tarraingeofar suas na cláir chomhardaithe agus na cuntais ioncaim agus chaiteachais a cheanglaítear le fo-alt (1) den alt seo i cibé foirm a cheadóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais.

(3) Ní mór don Ghníomhaireacht, má iarrann an tAire uirthi é, aon fhaisnéis a éileoidh sé maidir leis na cláir chomhardaithe, leis na cuntais ioncaim agus chaiteachais, nó leis na tuarascálacha a cheanglaítear le fo-alt (1) den alt seo, nó i ndáil le polasaí agus oibríochtaí na Gníomhaireachta, a chur ar fáil.

(4) Déanfaidh an tAire cóip de gach clár comhardaithe agus gach cuntas ioncaim agus caiteachais agus gach tuarascáil a chuirfear ar fáil faoi fho-alt (1) den alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis an clár comhardaithe, an cuntas ioncaim agus caiteachais agus an tuarascáil a bheith curtha ar fáil dó amhlaidh.

An Ghníomhaireacht lena costais a íoc.

14. —Áiritheoidh an Ghníomhaireacht, agus í ag comhlíonadh a feidhmeanna, go ndéanfar, agus blianta a ghlacadh le chéile, a costais go léir a íoc as a cuid oibríochtaí.

Stiúrthóirí, oifigigh nó seirbhísigh na Gníomhaireachta a bheith ina gcomhaltaí de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Thionól na hEorpa.

15. —(1) I gcás ina ndéanfar stiúrthóir ar an nGníomhaireacht a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó mar iarrthóir lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas nó chun Tionól na gComhphobal Eorpach nó ina gceapfar é chun an Tionóil sin, scoirfidh sé air sin de bheith ina stiúrthóir ar an nGníomhaireacht.

(2) I gcás ina ndéanfar duine is oifigeach nó seirbhíseach don Ghníomhaireacht a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó mar iarrthóir lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas nó chun Tionól na gComhphobal Eorpach nó ina gceapfar é chun an Tionóil sin, beidh sé ar iasacht ó fhostaíocht na Gníomhaireachta agus ní íocfaidh an Ghníomhaireacht leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón nGníomhaireacht, aon luach saothair ná liúntais—

(a) i gcás ina ndéanfar é a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó ina gceapfar é chun an Tionóil sin, in aghaidh na tréimhse dar tosach an tráth a ainmneofar nó a gceapfar é, de réir mar bheidh, agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta de Sheanad Éireann nó den Tionól sin,

(b) i gcás ina n-ainmneofar é mar iarrthóir lena thoghadh chun ceachtar Tí acu sin, nó chun an Tionóil sin, in aghaidh na tréimhse dar tosach an tráth a ainmneofar é agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin nó den Tionól sin, de réir mar a bheidh, nó a chinnfidh toghchán air nó a tharraingeoidh sé siar ó bheith ina iarrthóir, de réir mar is iomchuí.

(3) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó ar comhalta de Thionól na gComhphobal Eorpach é, beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh nó fad is comhalta den sórt sin é, dícháilithe chun bheith ina stiúrthóir ar an nGníomhaireacht nó ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Ghníomhaireacht.

(4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2) den alt seo, forléireofar an fo-alt sin mar fho-alt a thoirmiscfidh tréimhse a luaitear i mír (a) nó (b) den fho-alt sin a áireamh mar sheirbhís leis an nGníomhaireacht chun críche aon sochair aoisliúntais.

Díolúine ó dhleacht stampa.

16. —Déanfar, chun críocha alt 44 den Acht Airgeadais, 1970 , aon bhanna, bintiúr nó urrús eile dá dtagraítear in alt 10 (2) den Acht seo a mheas mar stoc de réir bhrí an ailt sin 44.

Caiteachais.

17. —Íocfar as airgead a sholáthróidh an tOireachtas an caiteachas a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é.

Gearrtheideal.

18. —Féadfar an tAcht um Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe, 1981 , a ghairm den Acht seo.


Na hAchtanna dÁ dTagraÍtear

Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919

1919, c. 57

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

Achtanna na gCuideachtaí, 1963 agus 1977

An tAcht Airgeadais, 1970

1970, Uimh. 14

Acht na dTithe, 1966

1966, Uimh. 21

Landlord and Tenant Law Amendment Act, Ireland, 1860

1860, c. 154

An tAcht um Luachanna Maoine (Eadránacha agus Achomhairc), 1960

1960, Uimh. 45