|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 9 de 1982 | ||
[EN] |
AN tACHT UM AN BRITISH & IRISH STEAM PACKET COMPANY LIMITED (FÁIL) (LEASÚ), 1982 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM AN BRITISH & IRISH STEAM PACKET COMPANY LIMITED (FÁIL), 1965 GO 1979. [15 Meitheamh, 1982] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||
[EN] |
An tAire Airgeadais do cheannach scaireanna breise sa British & Irish Steam Packet Company Limited. |
1. —Leasaítear leis seo alt 2 den British & Irish Steam Packet Company Limited (Fáil) (Leasú), 1971, trí “caoga is ocht milliún gnáthscair” a chur in ionad “tríocha is trí mhilliún gnáthscair” (a cuireadh isteach leis an Acht um an British & Irish Steam Packet Company Limited (Fáil) (Leasú), 1979), agus tá an t-alt sin 2, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||||
| ||||||||
[EN] |
Méadú ar mhéid na n-iasachtaí a fhaigheann an British & Irish Steam Packet Company Limited agus a ráthaíonn an tAire Airgeadais. |
2. —Leasaítear leis seo alt 5 den Acht um an British & Irish Steam Packet Company Limited (Fáil) (Leasú), 1971, trí “£40,000,000” a chur in ionad “£15,000,000” (a cuireadh isteach leis an Acht um an British & Irish Steam Packet Company Limited (Fáil) (Leasú), 1979) i bhfo-alt (2) agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||||
| ||||||||
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
3. —(1) Feadfar an tAcht um an British & Irish Steam Packet Company Limited (Fáil) (Leasú), 1982, a ghairm den Acht seo. | ||||||
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um an British & Irish Steam Packet Company Limited (Fáil), 1965 go 1982, a ghairm de na hAchtanna um an British & Irish Steam Packet Company Limited (Fáil), 1965 go 1979, agus den Acht seo le chéile. | |||||||
|