|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil VIII Cáin Chorparáide: Faoiseamh maidir le Méadú ar Fhostaíocht) | Ar Aghaidh (Caibidil X Frithsheachaint agus Frithimghabháil) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1982
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil IX Scéimeanna Brabús-Roinnte | |
[EN] |
Léiriú (Caibidil IX). |
50. —(1) Sa Chaibidil seo agus sa Tríú Sceideal— |
[EN] | forléireofar “an céatadán iomchuí”, i ndáil le haon scaireanna, de réir alt 52(8); | |
[EN] | forléireofar “scéim cheadaithe” de réir alt 51(2); | |
[EN] | tá le “an chuideachta lena mbaineann” an bhrí a shanntar dó le mír 1(1) den Tríú Sceideal; | |
[EN] | tá le “grúp-scéim” agus, i ndáil le scéim den sórt sin, tá le “cuideachta rannpháirteach” na bríonna a shanntar le mír 1(2) den Sceideal sin; | |
[EN] | forléireofar “margadhluach tosaigh”, i ndáil le haon scaireanna, de réir alt 51(4); | |
[EN] | forléireofar “luach iata”, i ndáil le haon scaireanna, de réir alt 53(2); | |
[EN] | tá le “margadhluach”, i ndáil le haon scaireanna, an bhrí a shanntar dó le halt 49 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 ; | |
[EN] | tá le “gnáth-scairchaipiteal” an bhrí a shanntar dó le halt 155 den Acht Cánach Corparáide, 1976 ; | |
[EN] | forléireofar “rannpháirtí” de réir alt 51(2) (a); | |
[EN] | tá le “an tréimhse choinneála” an bhrí a shanntar dó le halt 52(5); | |
[EN] | tá le “an dáta scaoilte” an bhrí a shanntar dó le halt 52(7); | |
[EN] | folaíonn “scaireanna” stoc; | |
[EN] | ciallaíonn “an ionstraim iontaobhais”, i ndáil le scéim cheadaithe, an ionstraim dá dtagraítear i mír 1(3) (c) den Tríú Sceideal; | |
[EN] | ciallaíonn “na hiontaobhaithe”, i ndáil le scéim cheadaithe nó scaireanna rannpháirtí, an comhlacht daoine nach foláir don scéim foráil a dhéanamh i leith a bhunaithe de réir mar a luaitear i mír 1(3) den Tríú Sceideal. | |
[EN] | (2) Aon fhoráil den Chaibidil seo— | |
[EN] | (a) maidir leis an ord ina mbeifear le déileáil le haon scaireanna de chuid rannpháirtí mar scaireanna a diúscraíodh chun críocha na Caibidle seo, nó | |
[EN] | (b) maidir leis na scaireanna a mbeifear le déileáil le teagmhas mar theagmhas a tharla i ndáil leo chun aon chríche den sórt sin, | |
[EN] | beidh éifeacht léi d'ainneoin aon ordachán a bheidh tugtha do na hiontaobhaithe maidir le scaireanna de thuairisc áirithe nó maidir le scaireanna a bheidh leithreasaithe chuig an rannpháirtí ag tráth áirithe. | |
[EN] | (3) Chun críocha cánach gnóchan caipitiúil— | |
[EN] | (a) ní dhéanfar aon asbhaint ón gcomaoin i ndáil le diúscairt aon scaireanna de bhíthin amháin go bhfuil méid a chinnfear faoin gCaibidil seo inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim; | |
[EN] | (b) déanfar neamhshuim d'aon mhuirear i leith cánach ioncaim de bhua alt 54 nuair a bheifear á chinneadh an dáileadh caipitil de réir bhrí mhír 1 de Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , dáileadh; agus | |
[EN] | (c) ní dhéanfaidh aon ní in aon fhoráil den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (2) difear do na rialacha is infheidhme maidir le ríomh gnóchain a fhaibhreoidh as páirt-diúscairt a dhéanamh ar shealbhán scaireanna nó urrúis eile a fuarthas tráthanna éagsúla. | |
[EN] |
Scéimeanna brabús-roinnte ceadaithe: scaireanna leithreasaithe. |
51. —(1) Beidh feidhm ag forálacha an ailt seo más rud é, tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1982, go ndéanfaidh iontaobhaithe scéime brabúsroinnte, a bheidh ceadaithe de réir Chuid I den Tríú Sceideal, leithreasú ar scaireanna— |
[EN] | (a) a bheidh faighte roimhe sin ag na hiontaobhaithe, agus | |
[EN] | (b) a mbeidh na coinníollacha i gCuid II den Sceideal sin comhlíonta ina leith, | |
[EN] | chuig pearsa aonair atá rannpháirteach sa scéim. | |
[EN] | (2) Na tagairtí do scéim cheadaithe sa Chaibidil seo is tagairtí iad do scéim arna ceadú amhail mar a luaitear i bhfo-alt (1); agus i ndáil le scéim den sórt sin— | |
[EN] | (a) aon tagairt do rannpháirtí is tagairt í do phearsa aonair a ndearna iontaobhaithe na scéime scaireanna a leithreasú chuige; agus | |
[EN] | (b) faoi réir alt 55, aon tagairt do scaireanna rannpháirtí is tagairt í do na scaireanna a bheidh leithreasaithe chuige ag iontaobhaithe scéime ceadaithe. | |
[EN] | (3) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cánach Ioncaim, ní mhuirearófar cáin ar aon phearsa aonair maidir le ceart a bheidh faighte aige chun leas tairbhiúil a fháil i scaireanna a aistreoidh nó a bheidh le haistriú chuige de bhua leithreasú scaireanna den chineál a luaitear i bhfo-alt (1). | |
[EN] | (4) Aon tagairt sa Chaibidil seo do mhargadhluach tosaigh aon scaireanna de chuid rannpháirtí is tagairt í do mhargadhluach na scaireanna sin arna chinneadh— | |
[EN] | (a) ach amháin i gcás feidhm a bheith ag mír (b), ar an dáta a leithreasaíodh na scaireanna chuige; agus | |
[EN] | (b) má chomhaontaíonn na Coimisinéirí Ioncaim agus iontaobhaithe na scéime i scríbhinn, ar cibé dáta nó dátaí nó faoi threoir cibé dáta nó dátaí, is luaithe ná sin dá bhforálfar sa chomhaontú. | |
[EN] | (5) D'ainneoin aon ní sa scéim cheadaithe lena mbaineann nó san ionstraim iontaobhais nó in alt 52, chun críocha cánach gnóchan caipitiúil, déileálfar le rannpháirtí mar dhuine a bhfuil teideal iomlán aige chuig a chuid scaireanna amhail in aghaidh na n-iontaobhaithe. | |
[EN] | (6) I gcás ina bhfaighidh iontaobhaithe scéime ceadaithe aon scaireanna a mbeidh na coinníollacha i gCuid II den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo comhlíonta ina leith agus go ndéanfar, laistigh den tréimhse ocht mí dhéag dar tosach dáta a bhfála, na scaireanna sin a leithreasú de réir na scéime— | |
[EN] | (a) ní bheidh feidhm ag alt 13 den Acht Airgeadais, 1976 , maidir le hioncam arb éard é díbhinní ar na scaireanna sin a fuair na hiontaobhaithe; agus | |
[EN] | (b) ní gnóchan inmhuirearaithe aon ghnóchan a fhaibhreoidh chuig na hiontaobhaithe as na scaireanna sin a leithreasú; | |
[EN] | agus, chun a chinneadh an bhfuil leithreasú déanta ar aon scaireanna sa tréimhse ocht mí dhéag sin, is tuigthe maidir le scaireanna a fuarthas níos luaithe gur scaireanna iad a bheidh leithreasaithe roimh scaireanna den aicme chéanna a fuarthas níos déanaí. | |
[EN] | (7) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le fógra i scríbhinn a cheangal ar aon duine cibé faisnéis a mheasfaidh siad is gá chun críocha a bhfeidhmeanna faoin gCaibidil seo a thabhairt dóibh, laistigh de cibé tréimhse ama a ordóidh siad (ach gan í bheith níos lú ná tríocha lá), lena n-áirítear, go háirithe, faisnéis chun a chumasú dóibh— | |
[EN] | (a) cinneadh a dhéanamh i dtaobh scéim a cheadú nó i dtaobh ceadú a bheidh tugtha cheana féin a tharraingt siar; agus | |
[EN] | (b) cinneadh a dhéanamh i dtaobh dliteanas aon rannpháirtí i scéim cheadaithe i leith cánach. lena n-áirítear cáin ghnochan caipitiúil. | |
[EN] | (8) Leasaítear leis seo Sceideal 15 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “an tAcht Airgeadais, 1982 , alt 51(7)” a chur isteach i gcolún 2. | |
[EN] |
An tréimhse choinneála, an dáta scaoilte agus an céatadán iomchuí. |
52. —(1) Ní dhéanfar aon scéim a cheadú mar a luaitear in alt 51(1) mura deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil gach rannpháirtí sa scéim, cibé acu faoi théarmaí na scéime nó ar shlí eile, faoi cheangal conartha leis an gcuideachta lena mbaineann— |
[EN] | (a) ligean dá chuid scaireanna fanacht i lámha na n-iontaobhaithe i gcaitheamh na tréimhse coinneála; | |
[EN] | (b) gan a leas tairbhiúil ina chuid scaireanna a shannadh, a mhuirearú ná a dhiúscairt ar shlí eile le linn na tréimhse sin; | |
[EN] | (c) má ordaíonn sé do na hiontaobhaithe úinéireacht ar a chuid scaireanna a aistriú chuige tráth ar bith roimh an dáta scaoilte, suim is ionann agus an cháin ioncaim de réir an ráta chaighdeánaigh ar an gcéatadán iomchuí de luach iata na scaireanna tráth an ordaithe a íoc leis na hiontaobhaithe sula ndéanfar an t-aistriú; agus | |
[EN] | (d) gan ordú a thabhairt do na hiontaobhaithe a chuid scaireanna a dhiúscairt tráth ar bith roimh an dáta scaoilte ar shlí ar bith seachas trína ndíol ar an gcomaoin airgid is fearr a fhéadfar le réasún a fháil tráth an díola. | |
[EN] | (2) Ní dhéanfar aon oibleagáid a chuirtear ar an rannpháirtí de bhua fho-alt (1) (c) a fhorléiriú mar oibleagáid a chuireann de cheangal ar a ionadaithe pearsanta aon suim a íoc leis na hiontaobhaithe. | |
[EN] | (3) Aon oibleagáid a fhorchuirtear ar rannpháirtí de bhua fho-alt (1) ní choiscfidh sí ar an rannpháirtí— | |
[EN] | (a) ordú a thabhairt do na hiontaobhaithe glacadh le tairiscint ar aon scaireanna dá chuid (dá ngairtear “na scaireanna bunaidh” sa mhír seo) más é toradh an ghlactha nó an chomhaontaithe go gcuirfear sealbhán nua, mar a mhínítear sin i mír 2 (1) (b) de Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , ar comhréim leis na scaireanna bunaidh chun críocha cánach gnóchan caipitiúil; nó | |
[EN] | (b) ordú a thabhairt do na hiontaobhaithe comhaontú le hidirbheart ba dhifear dá scaireanna nó do cibé cuid díobh is d'aicme áirithe, dá mba idirbheart é a dhéanfaí de bhun comhréitigh, comhshocraíochta nó scéime is infheidhme nó ba dhifear— | |
[EN] | (i) i gcás gnáth-scairchaipiteal uile na cuideachta áirithe nó, de réir mar a bheidh, na scaireanna uile den aicme áirithe; nó | |
[EN] | (ii) i gcás na scaireanna uile, nó na scaireanna den aicme áirithe, atá á sealbhú ag aicme scairshealbhóirí a shonraítear ar shlí eile seachas faoi threoir a bhfostaíochta nó faoi threoir a rannpháirteachais i scéim cheadaithe; nó | |
[EN] | (c) ordú a thabhairt do na hiontaobhaithe glacadh le tairiscint airgid, i dteannta nó d'uireasa sócmhainní eile, ar a chuid scaireanna más cuid í an tairiscint de thairiscint ghinearálta a thabharfar do shealbhóirí ar scaireanna den aicme chéanna lena scaireannasan nó ar scaireanna sa chuideachta chéanna agus ar tairiscint í a thabharfar sa chéad ásc ar choinníoll a fhágfaidh, má chomhlíontar é, go mbeidh rialú na cuideachta, de réir bhrí alt 158 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , ag an duine a dhéanfaidh an tairiscint; nó | |
[EN] | (d) toiliú, ar an tréimhse choinneála a bheith caite, an leas tairbhiúil ina chuid scaireanna a dhíol leis na hiontaobhaithe ar an gcomaoin chéanna ba ghá a fháil ar na scaireanna féin, de réir fho-alt (1) (d). | |
[EN] | (4) Má dhéanann rannpháirtí an leas tairbhiúil in aon scaireanna dá chuid a shannadh, a mhuirearú nó a dhiúscairt ar shlí eile de shárú ar a oibleagáid faoi fho-alt (1) (b), ansin, maidir leis na scaireanna sin, déileálfar leis an rannpháirtí chun críocha na Caibidle seo ionann is dá mba nach raibh sé, an tráth a leithreasaíodh chuige iad, cáilithe le bheith rannpháirteach sa scéim agus beidh feidhm dá réir sin ag alt 56. | |
[EN] | (5) Sa Chaibidil seo ciallaíonn “an tréimhse choinneála”, i ndáil le haon scaireanna de chuid rannpháirtí, an tréimhse dar tosach an dáta a ndéanfar iad a leithreasú chuige agus dar críoch comhaireamh dhá bhliain an dáta sin, nó, más luaithe é— | |
[EN] | (a) an dáta a scoirfidh an rannpháirtí de bheith ina fhostaí nó ina stiúrthóir de chuid cuideachta iomchuí mar gheall ar dhíobháil nó míchumas nó de bharr é a bheith briste as a phost mar gheall ar iomarcaíocht, de réir bhrí an Achta um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 ; | |
[EN] | (b) an dáta a sroichfidh an rannpháirtí aois inphinsin, mar a mhínítear sin in alt 2 den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981 ; nó | |
[EN] | (c) an dáta a bhfaighidh an rannpháirtí bás. | |
[EN] | (6) I bhfo-alt (5) (a) ciallaíonn “cuideachta iomchuí” an chuideachta lena mbaineann nó, más grúp-scéim an scéim áirithe, cuideachta rannpháirteach, agus le linn fo-alt (5) (a) a bheith á fheidhmiú maidir le rannpháirtí i ngrúp-scéim, ní dhéileálfar leis an rannpháirtí mar dhuine a scoir de bheith ina fhostaí nó ina stiúrthóir de chuid cuideachta iomchuí go dtí cibé tráth nach fostaí ná stiúrthóir é a thuilleadh d'aon cheann de na cuideachtaí rannpháirteacha. | |
[EN] | (7) Sa Chaibidil seo ciallaíonn “an dáta scaoilte”, i ndáil le haon scaireanna de chuid rannpháirtí, comhaireamh seacht mbliana an dáta a leithreasaíodh na scaireanna chuige. | |
[EN] | (8) Faoi réir alt 56 (4), chun críocha fhorálacha na Caibidle seo lena muirearaítear cáin ioncaim ar phearsa aonair faoi Sceideal E de bhíthin teagmhas a bhaineann le haon scaireanna dá chuid tarlú, déanfar aon tagairt don “céatadán iomchuí” i ndáil leis na scaireanna sin a chinneadh de réir thráth an teagmhais sin, mar a leanas:— | |
[EN] | (a) más roimh chomhaireamh ceithre bliana an dáta a leithreasaíodh na scaireanna chuig an rannpháirtí a tharlóidh an teagmhas agus mura mbeidh feidhm ag mír (c) (i), 100 faoin gcéad an céatadán iomchuí; | |
[EN] | (b) más ar chomhaireamh ceithre bliana, nó dáta dá éis, agus roimh chomhaireamh cúig bliana an dáta a leithreasaíodh na scaireanna chuig an rannpháirtí a tharlóidh an teagmhas agus mura mbeidh feidhm ag mír (c) (i), 75 faoin gcéad an céatadán iomchuí; | |
[EN] | (c) más rud é— | |
[EN] | (i) i gcás— | |
[EN] | (I) ina scoirfidh an rannpháirtí de bheith ina fhostaí nó ina stiúrthóir de chuid cuideachta iomchuí amhail mar a luaitear i bhfo-alt (5) (a), nó | |
[EN] | (II) ina sroichfidh an rannpháirtí aois inphinsin, mar a mhínítear sin in alt 2 den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981 , | |
[EN] | go dtarlóidh an teagmhas roimh chomhaireamh sé bliana an dáta a leithreasaíodh na scaireanna chuige, nó | |
[EN] | (ii) in aon chás eile, go dtarlóidh an teagmhas ar chomhaireamh cúig bliana, nó dáta dá éis, agus roimh chomhaireamh sé bliana an dáta sin, | |
[EN] | 50 faoin gcéad an céatadán iomchuí; agus | |
[EN] | (d) más ar chomhaireamh sé bliana nó dáta dá éis, agus roimh chomhaireamh seacht mbliana an dáta a leithreasaíodh na scaireanna chuig an rannpháirtí a tharlóidh an teagmhas, 25 faoin gcéad an céatadán iomchuí. | |
[EN] |
Scaireanna scéime a dhiúscairt. |
53. —(1) Má dhéanann na hiontaobhaithe aon scaireanna de chuid rannpháirtí a dhiúscairt tráth ar bith roimh an dáta scaoilte nó, más luaithe é, dáta báis an rannpháirtí, ansin, faoi réir fho-ailt (3) agus (4), beidh an rannpháirtí inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim faoi Sceideal E don bhliain mheasúnachta ina ndéanfar an diúscairt ar an gcéatadán iomchuí de luach iata na scaireanna tráth na diúscartha. |
[EN] | (2) Faoi réir ailt 55 agus 56(6), déanfar aon tagairt sa Chaibidil seo do luach iata aon scaireanna de chuid rannpháirtí tráth ar bith a fhorléiriú mar a leanas: | |
[EN] | (a) más rud é, roimh an tráth sin, gur tháinig an rannpháirtí chun bheith inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim de bhua alt 54 ar chéatadán de mhéid nó luach aon fháltas caipitil (de réir bhrí an ailt sin) is inchurtha i leith na scaireanna sin, is é a bheidh i luach iata na scaireanna an méid ar mó a margadhluach tosaigh ná méid nó luach an fháltais chaipitil sin nó, má bhí níos mó ná fáltas amháin den sórt sin ann, a gcomhiomláin sin; agus | |
[EN] | (b) in aon chás eile, is é a bheidh i luach iata na scaireanna a margadhluach tosaigh. | |
[EN] | (3) Faoi réir fho-alt (4), más rud é, ar dhiúscairt scaireanna a thagann faoi réim fho-alt (1) a dhéanamh, gur lú toradh na diúscartha ná luach iata na scaireanna tráth na diúscartha, beidh éifeacht le fo-alt (1) ionann is dá ndéanfaí an luach iata sin a laghdú go dtí méid is ionann agus toradh na diúscartha. | |
[EN] | (4) Más rud é, aon tráth roimh aon scaireanna de chuid rannpháirtí a dhiúscairt, go ndearnadh íocaíocht leis na hiontaobhaithe chun a chumasú dóibh cearta de dhroim eisiúna de cheart a fheidhmiú, ansin, faoi réir fho-alt (5), beidh éifeacht le fo-ailt (1) agus (3) ionann is dá ndéanfaí toradh na diúscartha a laghdú méid is ionann agus an chomhréir sin den íocaíocht sin, nó, má bhí níos mó ná íocaíocht amháin ann, de chomhiomlán na n-íocaíochtaí sin, a bhí, díreach roimh an diúscairt, idir margadhluach na scaireanna a diúscraíodh agus margadhluach scaireanna uile an rannpháirtí a shealbhaigh na hiontaobhaithe an tráth sin. | |
[EN] | (5) Chun críocha fho-alt (4)— | |
[EN] | (a) ní thabharfar aird ar aon íocaíocht leis na hiontaobhaithe más é atá inti, nó sa mhéid gurb é atá inti, an toradh ó dhiúscairt cearta de dhroim eisiúna de cheart; agus | |
[EN] | (b) i ndáil le diúscairt áirithe, is tuigthe gurb é a bheidh i méid na híocaíochta nó, de réir mar a bheidh, i méid comhiomlán na n-íocaíochtaí, dá dtagraítear san fho-alt sin, an méid sin arna laghdú méid is ionann agus an laghdú iomlán (más ann) a rinneadh roimhe sin faoin bhfo-alt sin i ndáil le diúscairtí is luaithe; | |
[EN] | agus aon tagairt i bhfo-alt (4) nó i mír (a) do chearta de dhroim eisiúna de cheart is tagairt í do chearta a tugadh i leith scaireanna rannpháirtí arb é atá iontu cearta chun leithroinnt de scaireanna eile sa chuideachta chéanna a fháil ar íocaíocht a dhéanamh. | |
[EN] | (6) I gcás ina ndéanfar an diúscairt dá dtagraítear i bhfo-alt (1) as sealbhán scaireanna a leithreasaíodh chuig an rannpháirtí tráthanna éagsúla, ansin, le linn— | |
[EN] | (a) margadhluach tosaigh agus luach iata gach ceann de na scaireanna sin, agus | |
[EN] | (b) an céatadán arb é atá ann an céatadán iomchuí i ndáil le gach ceann de na scaireanna sin, | |
[EN] | a bheith á chinneadh chun críocha na Caibidle seo, déileálfar leis an diúscairt mar dhiúscairt ar scaireanna a leithreasaíodh níos luaithe roimh scaireanna a leithreasaíodh níos déanaí. | |
[EN] | (7) Más rud é tráth ar bith go ndéanfar leas tairbhiúil an rannpháirtí in aon scaireanna dá chuid a dhiúscairt, déileálfar leis na scaireanna sin chun críocha na Caibidle seo mar scaireanna a dhiúscair na hiontaobhaithe an tráth sin ar chomaoin (faoi réir fho-alt (8)) de shamhail na comaoine a fuarthas as an leas tairbhiúil a dhiúscairt, agus chun críocha an fho-ailt seo níl aon diúscairt ar leas tairbhiúil an rannpháirtí ann, má thagann, agus an tráth a dtiocfaidh, an leas sin chun bheith dílsithe d'aon duine ar dhócmhainneacht an rannpháirtí nó, d'eile, trí oibriú dlí an Stáit. | |
[EN] | (8) Más rud é— | |
[EN] | (a) gur aistriú lena mbaineann alt 52(1) (c) diúscairt scaireanna a thagann faoi réim fho-alt (1), nó | |
[EN] | (b) go bhfuil na Coimisinéirí Ioncaim den tuairim nach diúscairt ar neamhthuilleamaí aon diúscairt eile a thagann faoi réim an fho-ailt sin agus go n-ordóidh siad dá réir sin go mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo, nó | |
[EN] | (c) go ndéileálfar le diúscairt scaireanna a thagann faoi réim an fho-ailt sin mar dhiúscairt a tharla de bhua fho-alt (7) agus gur sa tréimhse choinneála a tharlóidh sé, | |
[EN] | ansin, chun críocha na Caibidle seo, is tuigthe gurb ionann toradh na diúscartha agus margadhluach na scaireanna tráth na diúscartha. | |
[EN] | (9) I bhfo-alt (5) folaíonn “scaireanna”, ó thaobh scaireanna a leithroinneadh nó a leithroinnfear ar eisiúint de cheart, urrúis agus cearta de thuairisc ar bith. | |
[EN] |
Fáltais chaipitil i leith scaireanna scéime. |
54. —(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo más rud é, i leith nó faoi threoir aon scaireanna de chuid rannpháirtí, go dtiocfaidh na hiontaobhaithe nó an rannpháirtí, roimh an dáta scaoilte, chun bheith i dteideal aon airgead nó luach airgid (dá ngairtear “fáltas caipitil” san alt seo) a fháil, beidh cáin ioncaim inmhuirearaithe ar an rannpháirtí faoi Sceideal E, don bhliain mheasúnachta ina n-eascróidh an teideal, ar an gcéatadán iomchuí (arna chinneadh amhail ag an tráth a dtiocfaidh na hiontaobhaithe nó an rannpháirtí chun bheith i dteideal amhlaidh) de mhéid nó de luach an fháltais. |
[EN] | (2) Ní fáltas caipitil chun críocha an ailt seo airgead ná luach airgid más rud é nó, de réir mar a bheidh, sa mhéid— | |
[EN] | (a) gur ioncam i lámha an fhaighteora é chun críocha cánach ioncaim; | |
[EN] | (b) gur toradh diúscartha é a thagann faoi réim alt 53; nó | |
[EN] | (c) gur scaireanna nua é de réir bhrí alt 55. | |
[EN] | (3) Más rud é, de bhun ordacháin a bheidh tugtha ag nó thar ceann an rannpháirtí nó aon duine a bhfuil an leas tairbhiúil i scaireanna an rannpháirtí dílsithe dó de thuras na huaire— | |
[EN] | (a) go ndéanfaidh na hiontaobhaithe cuid de na cearta de dhroim eisiúna de cheart a dhiúscairt, mar a mhínítear sin in alt 53(5), agus | |
[EN] | (b) go n-úsáidfidh na hiontaobhaithe toradh na diúscartha sin chun cearta eile den sórt sin a fheidhmiú, | |
[EN] | ní fáltas caipitil chun críocha an ailt seo an t-airgead ná an luach airgid is toradh ar an diúscairt sin. | |
[EN] | (4) Dá mba rud é, ar leith ón bhfo-alt seo, gur mhó méid nó luach fáltais chaipitil ná an tsuim arbh é a bhí inti, díreach sular eascair an teideal chuig an bhfáltas, luach iata na scaireanna arb inchurtha an fáltas ina leith, beidh éifeacht le fo-alt (1) amhail is dá mba ionann méid nó luach an fháltais agus an luach iata sin. | |
[EN] | (5) Níl feidhm ag fo-alt (1) maidir le fáltas má eascraíonn an teideal chuige tar éis bhás an rannpháirtí arb inchurtha an fáltas i leith a chuid scaireanna. | |
[EN] | (6) Níl feidhm ag fo-alt (1) maidir le haon fháltas nach mó ná £10 a mhéid nó a luach (tar éis aon laghdú faoi fho-alt (4) a dhéanamh). | |
[EN] |
Athchóiriú. cónascadh etc. cuideachtaí. |
55. —(1) Tá feidhm ag an alt seo má tharlaíonn, i ndáil le haon scaireanna de chuid rannpháirtí (dá ngairtear “an sealbhán bunaidh” san alt seo), idirbheart (dá ngairtear “athchóiriú cuideachta” san alt seo) arb é is toradh dó sealbhán nua, amhail mar a mhínítear sin i mír 2(1) (b) de Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , a chur ar comhréim leis an sealbhán bunaidh chun críocha cánach gnóchan caipitiúil. |
[EN] | (2) (a) I gcás ina n-eiseofar scaireanna, mar chuid d'athchóiriú cuideachta, in imthosca a fhágfaidh go mbeidh feidhm ag alt 85(1) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , déileálfar, chun críocha an ailt seo, leis na scaireanna sin mar scaireanna nach cuid den sealbhán nua. | |
[EN] | (b) Ní dhéanfaidh aon ní sa Chaibidil seo difear d'fheidhmiú alt 84(2) (c) nó 86(1) den Acht Cánach Corparáide, 1976 . | |
[EN] | (3) San alt seo— | |
[EN] | ciallaíonn “scaireanna nua” scaireanna sa sealbhán nua a eisíodh i leith scaireanna sa sealbhán bunaidh nó scaireanna atá ag freagairt ar shlí eile do na scaireanna sin; | |
[EN] | ciallaíonn “na scaireanna comhréireacha”, i ndáil le haon scaireanna nua, na scaireanna sin ar eisíodh na scaireanna nua ina leith nó a bhfuil na scaireanna nua ag freagairt dóibh ar shlí eile. | |
[EN] | (4) Faoi réir na bhforálacha sin ina dhiaidh seo den alt seo, déanfar tagairtí sa Chaibidil seo do scaireanna de chuid rannpháirtí a fhorléiriú, tar éis tráth athchóirithe na cuideachta, mar thagairtí nó, de réir mar a bheidh, mar thagairtí a fholaíonn tagairtí, d'aon scaireanna nua, agus chun críocha na Caibidle seo— | |
[EN] | (a) déileálfar le hathchóiriú cuideachta mar athchóiriú nach dtugann diúscairt ar scaireanna sa sealbhán bunaidh i gceist; | |
[EN] | (b) is é an dáta a ndéileálfar leis mar dháta ar ar leithreasaíodh aon scaireanna nua chuig an rannpháirtí an dáta a leithreasaíodh na scaireanna comhréireacha; agus | |
[EN] | (c) déileálfar leis na coinníollacha i gCuid II den Tríú Sceideal mar choinníollacha a comhlíonadh maidir le haon scaireanna nua má comhlíonadh iad (nó má déileáladh leo mar scaireanna a comhlíonadh) maidir leis na scaireanna comhréireacha. | |
[EN] | (5) I ndáil le scaireanna sa sealbhán nua, beidh feidhm ag alt 53(2) ionann is dá mba é a bhí sna tagairtí san fho-alt sin do mhargadhluach tosaigh na scaireanna tagairtí do luach iata na scaireanna sin díreach i ndiaidh athchóiriú na cuideachta, agus cinnfear é— | |
[EN] | (a) trí fhionnadh a dhéanamh ar mhéid comhiomlán an luacha iata a bhí, díreach roimh an athchóiriú, ag na scaireanna sin sa sealbhán bunaidh a raibh an luach iata céanna acu an tráth sin; agus | |
[EN] | (b) tríd an méid sin a dháileadh pro rata— | |
[EN] | (i) ar cibé riar de na scaireanna sin a bheidh fós sa sealbhán nua, agus | |
[EN] | (ii) ar aon scaireanna nua ar scaireanna comhréireacha i ndáil leo na scaireanna sin. | |
[EN] | de réir a margadhluacha díreach tar éis dháta an athchóirithe, agus ní bheidh feidhm ag mír (a) den fho-alt sin ach amháin maidir le fáltais chaipitil tar éis dháta an athchóirithe. | |
[EN] | (6) Chun críocha na Caibidle seo, má thagann iontaobhaithe, mar chuid d'athchóiriú cuideachta, chun bheith i dteideal fáltais chaipitil, de réir bhrí alt 54, is tuigthe a dteideal chuig an bhfáltas caipitil d'eascairt roimh theacht ann don sealbhán nua agus, chun críocha fho-alt (5), roimh an dáta ar a mbeidh luach iata aon scaireanna sa sealbhán bunaidh le fionnadh. | |
[EN] | (7) Ó thaobh sealbháin nua de, aon tagairt san alt seo do scaireanna folaíonn sí urrúis agus cearta de thuairisc ar bith ar cuid den sealbhán nua iad chun críocha mhír (2) (1) (b) de Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 . | |
[EN] |
Scaireanna breise nó neamhúdaraithe. |
56. —(1) Más mó ná £1,000 iomlán mhargadhluachanna tosaigh na scaireanna go léir a bheidh leithreasaithe chuig pearsa aonair aon bhliain mheasúnachta áirithe (cibé acu faoi scéim cheadaithe amháin nó faoi dhá scéim nó níos mó den sórt sin), beidh feidhm ag fo-ailt (4) go (7) maidir leis na scaireanna breise, is é sin le rá, aon scair ba chúis leis an teorainn sin a shárú agus aon scair a leithreasaíodh tar éis an teorainn sin a shárú. |
[EN] | (2) Chun críocha fho-alt (1), má dhéantar uimhir scaireanna a leithreasú chuig pearsa aonair an tráth céanna faoi dhá scéim cheadaithe nó níos mó, áireofar an chomhréir chéanna de na scaireanna a leithreasófar an tráth sin faoi gach scéim mar chomhréir a bheidh leithreasaithe sula mbeidh an teorainn £1,000 sáraithe. | |
[EN] | (3) Má dhéanann iontaobhaithe scéime ceadaithe scaireanna a leithreasú chuig pearsa aonair tráth nach mbeidh sé cáilithe le bheith páirteach sa scéim de bhua Chuid III den Tríú Sceideal, beidh feidhm ag na forálacha sin ina dhiaidh seo den alt seo i ndáil leis na scaireanna sin, agus “scaireanna neamhúdaraithe” a ghairtear de na scaireanna sin sna forálacha sin. | |
[EN] | (4) Chun críocha aon fhorála den Chaibidil seo lena muirearaítear cáin ioncaim ar phearsa aonair faoi Sceideal E de bhíthin teagmhas a bhaineann le haon scaireanna dá chuid tarlú— | |
[EN] | (a) 100 faoin gcéad a bheidh, i ngach cás, sa chéatadán iomchuí i ndáil le scaireanna breise nó scaireanna neamhúdaraithe; agus | |
[EN] | (b) gan dochar d'alt 53 (6), déileálfar leis an teagmhas mar theagmhas a bhaineann le scaireanna nach scaireanna breise ná scaireanna neamhúdaraithe roimh scaireanna ar scaireanna den sórt sin iad. | |
[EN] | (5) Scaireanna breise nó scaireanna neamhúdaraithe nach mbeidh diúscartha roimh an dáta scaoilte nó, más luaithe é, roimh dháta báis an rannpháirtí ar leis iad, déileálfar leo chun críocha na Caibidle seo mar scaireanna a bheidh diúscartha ag na hiontaobhaithe díreach roimh an dáta scaoilte nó, de réir mar is gá, roimh dháta báis an rannpháirtí, ar chomaoin is ionann agus a margadhluach an tráth sin. | |
[EN] | (6) Is é luach iata aon scaireanna breise nó aon scaireanna neamhúdaraithe, aon tráth, a margadhluach an tráth sin. | |
[EN] | (7) I gcás athchóiriú cuideachta lena mbaineann alt 55 a bheith déanta, déileálfar le scair nua (de réir bhrí an ailt sin) mar scair bhreise nó mar scair neamhúdaraithe má ba scair bhreise nó scair neamhúdaraithe an scair chomhréireach (de réir bhrí an ailt sin) nó, má bhí níos mó ná scair chomhréireach amháin ann, gach scair díobh. | |
[EN] |
Iontaobhaithe a mheasúnú maidir le suimeanna a fuarthas. |
57. —Más rud é, i ndáil le hordachán d'aistriú úinéireacht ar scaireanna de chuid rannpháirtí lena mbaineann mír (c) d'alt 52 (1), go bhfaighidh na hiontaobhaithe suim den chineál dá dtagraítear sa mhír sin— |
[EN] | (a) beidh na hiontaobhaithe inmhuirearaithe i leith cánach faoi Chás IV de Sceideal D maidir le méid is ionann agus an céatadán iomchuí de luach iata na scaireanna tráth an ordacháin, agus | |
[EN] | (b) measfar, maidir leis an méid a mbeidh cáin inmhuirearaithe ar an rannpháirtí ina leith de thoradh an aistrithe, gur méid é as ar baineadh cáin de réir an ráta chaighdeánaigh de bhun fhorálacha alt 434 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . | |
[EN] |
Íocaíochtaí le hiontaobhaithe a asbhaint de réir Sceideal D. |
58. —(1) Maidir le haon tréimhse chuntasaíochta, aon suim a bheidh caite ag an gcuideachta lena mbaineann sa tréimhse chuntasaíochta sin ag déanamh íocaíochta nó íocaíochtaí le hiontaobhaithe scéime ceadaithe— |
[EN] | (a) áireofar í sna suimeanna a bheidh le hasbhaint le linn na brabúis nó na gnóchain don tréimhse chuntasaíochta sin ó thrádáil a sheolann an chuideachta sin a bheith á ríomh chun críocha Sceideal D, nó | |
[EN] | (b) más cuideachta infheistíochta an chuideachta de réir bhrí alt 15 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , nó más cuideachta í a bhfuil feidhm ag an alt sin maidir léi de bhua alt 33 den Acht sin, áireofar í sna suimeanna a bheidh le hasbhaint faoi alt 15 (1) den Acht sin mar chaiteachais bhainistí le linn brabúis na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide, | |
[EN] | má chomhlíontar, agus ar an gcoinníoll amháin go gcomhlíonfar, ceann amháin de na coinníollacha i bhfo-alt (2): | |
[EN] | Ar choinníoll nach lamhálfar aon asbhaint faoin alt seo ná faoi aon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach i leith cibé riar d'aon suim, nó de mhéid comhiomlán aon suimeanna, a caitheadh amhlaidh sa tréimhse chuntasaíochta sin is mó ná 20 faoin gcéad díobh seo a leanas— | |
[EN] | (i) ioncam trádála na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin, i gcás cuideachta lena mbaineann mír (a), nó | |
[EN] | (ii) ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin, i gcás cuideachta lena mbaineann mír (b), tar éis aon suimeanna a thabhairt i gcuntas a bheidh, ar leith ón alt seo, le hasbhaint faoi alt 15 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , mar chaiteachais bhainistí le linn brabúis na cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide. | |
[EN] | (2) Is iad na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1)— | |
[EN] | (a) go ndéanfaidh na hiontaobhaithe, roimh dheireadh na tréimhse iomchuí, an tsuim atá i gceist a chur chun feidhme chun scaireanna a fháil lena leithreasú chuig pearsana aonair atá cáilithe le bheith páirteach sa scéim mar gheall ar go bhfuil nó go raibh siad ina bhfostaithe nó ina stiúrthóirí de chuid na cuideachta a bhfuil an íocaíocht á déanamh aici, agus | |
[EN] | (b) go bhfuil an tsuim riachtanach chun freastal do chaiteachais réasúnacha na n-iontaobhaithe a riaradh na scéime. | |
[EN] | (3) I bhfo-alt (1) ciallaíonn “ioncam trádála”, i ndáil le haon trádáil, an t-ioncam ón trádáil arna ríomh de réir na rialacha is infheidhme maidir le Cás I de Sceideal D roimh aon asbhaint faoin gCaibidil seo agus tar éis aon fhritháireamh nó laghdú ar ioncam de bhua alt 16 nó 18 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , agus tar éis aon asbhaint nó breisiú de bhua alt 14 den Acht sin, agus tar éis aon asbhaint nó breisiú de bhua alt 31A den Acht Airgeadais, 1975 . | |
[EN] | (4) I bhfo-alt 2 (a) ciallaíonn “an tréimhse iomchuí” an tréimhse naoi mí dar tosach an lá i ndiaidh dheireadh na tréimhse cuntais ina ndéanfar an tsuim i gceist a mhuirearú mar chaiteachas de chuid na cuideachta a thabhaigh an caiteachas nó cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim le fógra i scríbhinn a thabharfar don chuideachta sin. | |
[EN] | (5) Chun críocha an ailt seo is tuigthe go gcuireann iontaobhaithe scéime ceadaithe suimeanna a íocadh leo chun feidhme san ord ina bhfuair siad na suimeanna. |