|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil V Cáin Chorparáide) | Ar Aghaidh (Caibidil VII Cáin Chorparáide: Cuideachtaí Árachais) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1982
[EN] | ||||
[EN] |
Caibidil VI Cáin ar Ghnóchain Inmhuirearaithe | |||
[EN] |
Léiriú (Caibidil VI). |
29. —Sa Chaibidil seo— | ||
[EN] | ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 ; | |||
[EN] | ciallaíonn “Acht 1978” an tAcht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil (Leasú), 1978 . | |||
[EN] |
Rátaí muirir. |
30. —(1) Leasaítear leis seo alt 3 den Phríomh-Acht, maidir le gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhríonn as diúscairtí a dhéanfar an 26ú lá de Mhárta, 1982, nó aon lá dá éis, trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3) (a cuireadh isteach le hAcht 1978): | ||
[EN] | “(3) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, is é a bheidh sa ráta cánach gnóchan caipitiúil i leith gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhríonn chuig duine as sócmhainn a dhiúscairt— | |||
[EN] | (a) 60 faoin gcéad i gcás nach mó ná bliain a thréimhse úinéireachta ar an tsócmhainn, | |||
[EN] | (b) 50 faoin gcéad i gcás ar mó ná bliain ach nach mó ná trí bliana a thréimhse úinéireachta ar an tsócmhainn, | |||
[EN] | (c) in aon chás eile, 40 faoin gcéad, | |||
[EN] | agus déanfar aon tagairt sna hAchtanna sin don ráta a shonraítear san alt seo a fhorléiriú dá réir sin. | |||
[EN] | (4) I bhfo-alt (3), ciallaíonn ‘tréimhse úinéireachta’, i ndáil le duine a dhiúscraíonn sócmhainn, a thréimhse úinéireachta leanúnaí ar an tsócmhainn, sa cháil chéanna, dar críoch dáta na diúscartha sin agus, chun críocha an mhínithe seo, cinnfear tréimhse úinéireachta gan féachaint d'fhorálacha alt 3 (2) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil (Leasú), 1978 , agus, i gcás an duine d'fháil na sócmhainne ar bhás a chéile sa tslí go ndéileálfaí lena thréimhse úinéireachta, ar leith ón bhfo-alt seo, mar thréimhse a thosaigh ar dháta an bháis sin, measfar a thréimhse úinéireachta a bheith fadaithe sa tslí go n-áireofaí inti tréimhse úinéireachta leanúnaí a chéile dar críoch an dáta sin.”. | |||
[EN] | (2) Ní bheidh feidhm ag alt 4 d'Acht 1978 maidir le gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhríonn as diúscairtí a rinneadh an 26ú lá de Mhárta, 1982, nó aon lá dá éis. | |||
[EN] | (3) Faoi réir alt 40, beidh feidhm ag alt 5 (1) den Phríomh-Acht faoi réir fhorálacha alt 3 (3) den Acht sin agus mhír 7 de Sceideal 1 a ghabhann le hAcht 1978. | |||
[EN] |
Cáin chorparáide ar ghnóchain inmhuirearaithe cuideachtaí. |
31. —(1) Leasaítear leis seo alt 13 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch tráth ar bith tar éis an 31ú lá de Nollaig, 1981, trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1): | ||
[EN] | “(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, déanfar an méid a bheidh le háireamh maidir le gnóchain inmhuirearaithe i mbrabúis iomlána cuideachta d'aon tréimhse chuntasaíochta a chinneadh de réir fho-alt (1B) tar éis forálacha fho-alt (1A) a thabhairt i gcuntas. | |||
[EN] | (1A) Más rud é, maidir le tréimhse chuntasaíochta, go bhfaibhreoidh gnóchain inmhuirearaithe chuig cuideachta, déanfar méid cánach gnóchan caipitiúil a ríomh ionann is dá mba rud é, d'ainneoin aon fhoráil dá mhalairt sna hAchtanna Cánach Corparáide, go raibh cáin ghnóchan caipitiúil le muirearú ar an gcuideachta i leith na ngnóchan sin de réir fhorálacha na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, agus ionann is dá mba bhlianta measúnachta iad na tréimhsí cuntasaíochta: | |||
[EN] | Ar choinníoll, le linn an méid sin cánach gnóchan caipitiúil a bheith á ríomh, go mbeidh éifeacht le halt 5 (1) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975, ionann is dá mba thagairt do chaillteanais inlamhála iomchuí a asbhaint an tagairt san alt sin do chaillteanais inlamhála a asbhaint agus go mbeidh éifeacht le halt 132 (2) d'fhonn tréimhse úinéireachta sócmhainne a chinneadh i ndáil le diúscairt ag an gcuideachta chun críocha alt 3 (3) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , dá mbeadh éifeacht leis i ndáil leis an diúscairt sin chun críocha alt 3 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil (Leasú), 1978 . | |||
[EN] | (1B) An méid dá dtagraítear i bhfo-alt (1) is méid é a thabharfadh, dá ndéanfaí é a mhuirearú (sula ndéanfaí aon asbhaint as) i leith cánach corparáide mar bhrabúis a eascraíonn chuig an gcuideachta sa tréimhse chuntasaíochta de réir an ráta a shonraítear in alt 1 (1), méid cánach corparáide is ionann agus méid na cánach gnóchan caipitiúil arna ríomh don tréimhse chuntasaíochta sin de réir fho-alt (1A): | |||
[EN] | Ar choinníoll, i gcás gur i mbliain airgeadais amháin do chuid den tréimhse chuntasaíochta agus gur sa bhliain airgeadais díreach ina dhiaidh sin don chuid eile agus go mbeidh rátaí éagsúla cánach corparáide i bhfeidhm faoi alt 1 (1) do gach ceann de na blianta sin, go ndéanfar méid na cánach gnóchan caipitiúil arna ríomh don tréimhse chuntasaíochta sin de réir fho-alt (1A) a chionroinnt idir na codanna sin agus go mbeidh éifeacht dá réir sin leis an bhfo-alt seo i ndáil leis an gcion is inchurtha i leith gach coda. | |||
[EN] | (1C) I bhfo-alt (1A)— | |||
[EN] | ní fholaíonn ‘gnóchain inmhuirearaithe’ gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhríonn as diúscairtí iomchuí de réir bhrí alt 36 den Acht Airgeadais, 1982 ; | |||
[EN] | ciallaíonn ‘caillteanais inlamhála iomchuí’ aon chaillteanais inlamhála a fhaibhríonn chuig an gcuideachta sa tréimhse chuntasaíochta agus aon chaillteanais inlamhála a d'fhaibhrigh roimhe sin chuig an gcuideachta le linn di bheith laistigh de réim cánach corparáide a mhéid nár lamháladh iad mar asbhaint ó ghnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh in aon tréimhse chuntasaíochta roimhe sin.”. | |||
[EN] | (2) Ní bheidh éifeacht le halt 16 (3) den Acht Airgeadais, 1977 , maidir le tréimhsí cuntasaíochta lena mbaineann fo-alt (1). | |||
[EN] |
Méadú ar an díolúine do phearsana aonair. |
32. —Leasaítear leis seo fo-alt (4) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) d'alt 13 agus fo-ailt (1) agus (2) d'alt 16 den Phríomh-Acht agus mír 8 de Sceideal 1 a ghabhann le hAcht 1978, maidir leis an mbliain 1982-83 agus blianta measúnachta dá éis, trí “£2,000” a chur in ionad “£500” gach áit a bhfuil sé, agus tá na forálacha sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||
| ||||
[EN] |
Leasú ar alt 5 (an méid is inmhuirearaithe agus tráth an íoca) den Phríomh-Acht. |
33. —Leasaítear leis seo alt 5 den Phríomh-Acht, maidir le gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhríonn as diúscairtí a dhéanfar tar éis dáta an Achta seo a rith, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2): | ||
[EN] | “(3) (a) D'ainneoin fho-ailt (1) agus (2) agus alt 3 (2), aon cháin ghnóchan caipitiúil is iníoctha i leith gnóchan inmhuirearaithe a fhaibhríonn, ar dhiúscairt a dhéanamh, chuig duine nach bhfuil cónaí ná gnáthchónaí air sa Stát an tráth a dhéanfar an diúscairt, féadfar í a mheasúnú agus a mhuirearú roimh dheireadh na bliana measúnachta ina bhfaibhríonn an gnóchan inmhuirear aithe agus beidh an cháin a mheasúnófar agus a mhuirearófar amhlaidh iníoctha nuair a bheidh nó sula mbeidh tréimhse trí mhí, dar tosach an tráth a dhéanfar an diúscairt, caite nó nuair a bheidh tréimhse dhá mhí, dar tosach dáta déanta na measúnachta, caite, cibé acu is déanaí. | |||
[EN] | (b) Le linn méid na cánach gnóchan caipitiúil is iníoctha faoi mhír (a) a bheith á ríomh, beidh feidhm ag forálacha fho-alt (1), fara aon mhodhnuithe is gá, maidir le haon chaillteanais inlamhála a asbhaint ar chaillteanais iad a d'fhaibhrigh chuig an duine a luaitear i mír (a) roimh an dáta a ndearnadh an mheasúnacht a luaitear sa mhír sin.”. | |||
[EN] |
Diúscairt sócmhainní áirithe. |
34. —(1) Maidir le haon chomaoin a íoc, tar éis dháta an Achta seo a rith, chun sócmhainn lena mbaineann mír 11 de Sceideal 4 a ghabhann leis an bPríomh-Acht a fháil, leasaítear leis seo an Sceideal sin tríd an mír seo a leanas a chur in ionad na míre sin: | ||
[EN] | “Diúscairt sócmhainní áirithe | |||
[EN] | 11.—(1) Bainfidh an mhír seo le sócmhainní— | |||
[EN] | (a) is talamh sa Stát; | |||
[EN] | (b) is mianraí sa Stát nó aon chearta, leasanna nó sócmhainní eile i ndáil le mianadóireacht nó mianraí nó le cuardach mianraí; | |||
[EN] | (c) is cearta taiscealaíochta nó saothraithe i limistéar ainmnithe; | |||
[EN] | (d) is scaireanna i gcuideachta a ndíorthaíonn a luach nó formhór a luacha go díreach nó go neamhdhíreach ó shócmhainní a shonraítear i gclásal (a), (b) nó (c) seachas scaireanna a luaitear ar stocmhargadh; agus | |||
[EN] | (e) is cáilmheas a bhaineann le trádáil a sheoltar sa Stát. | |||
[EN] | (2) Ar an gcomaoin a íoc chun sócmhainn lena mbaineann an mhír seo a fháil, déanfaidh an duine a dhéanfaidh nó trína ndéanfar aon íocaíocht den sórt sin suim a bhaint aisti a fhreagraíonn do mhéid cánach gnóchan caipitiúil is ionann agus 15 faoin gcéad den íocaíocht sin agus lamhálfaidh an duine a fuair an íocaíocht sin an asbhaint sin ar iarmhar na híocaíochta a fháil agus beidh an duine a dhéanfaidh an asbhaint, ar a chruthú gur íocadh an méid a asbhaineadh amhlaidh leis na Coimisinéirí Ioncaim, saortha agus urscaoilte i leith an oiread sin airgid dá bhfreagraíonn an asbhaint, amhail is dá mba gur íocadh iarbhír an tsuim sin leis an duine a rinne an diúscairt: | |||
[EN] | Ar choinníoll, i gcás ina ndéanfaidh an duine a dhiúscair an tsócmhainn deimhniú a eisíodh faoi fhomhír (6) i ndáil leis an diúscairt a thabhairt ar aird don duine a fuair an tsócmhainn, nach ndéanfar aon asbhaint den sórt sin. | |||
[EN] | (3) I gcás aon íocaíocht den sórt sin a dúradh a bheith déanta ag aon duine nó thar a cheann, seachadfaidh an duine sin láithreach ar na Coimisinéirí Ioncaim cuntas ar an íocaíocht, agus ar an méid a baineadh aisti, agus déanfaidh an cigire, d'ainneoin aon fhoráil eile de na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil cáin ghnóchan caipitiúil a mheasúnú agus a mhuirearú ar an duine sin don bhliain mheasúnachta ina ndearnadh an íocaíocht i leith méid na híocaíochta de réir ráta 15 faoin gcéad. | |||
[EN] | (4) Féadfaidh an cigire, i gcás aon duine do mhainniú, i ndáil le haon íocaíocht den sórt sin a dúradh, cuntas mar a éilítear leis an mír seo a sheachadadh, nó i gcás nach mbeidh sé sásta leis an gcuntas, méid na híocaíochta a mheas go feadh a bhreithiúnais agus, d'ainneoin alt 5 (1), féadfaidh sé cáin ghnóchan caipitiúil a mheasúnú agus a mhuirearú ar an duine sin don bhliain mheasúnachta ina ndearnadh an íocaíocht i leith an méid a measadh amhlaidh de réir ráta 15 faoin gcéad. | |||
[EN] | (5) I gcás ina n-íocfar méid na cánach gnóchan caipitiúil a measúnaíodh agus a muirearaíodh faoi fhomhír (3) nó (4), tabharfar faoiseamh mar is iomchuí, ar éileamh a bheith déanta chuige sin, don duine is inmhuirearaithe i leith an ghnóchain as an diúscairt, trí urscaoileadh nó aisíoc nó eile. | |||
[EN] | (6) Féadfaidh duine is inmhuirearaithe i leith cánach gnóchan caipitiúil ar aon sócmhainn a dhiúscairt lena mbaineann an mhír seo deimhniú a iarraidh ar an gcigire nach cóir cáin a bhaint as an gcomaoin i leith diúscairt na sócmhainne agus nach cóir a cheangal ar an duine a fuair an tsócmhainn fógra a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim de réir fhomhír (7) (a) agus, más deimhin leis an gcigire gurb é an duine céanna a rinne an diúscairt a rinne an t-iarratas agus— | |||
[EN] | (a) go bhfuil gnáthchónaí air sa Stát, nó | |||
[EN] | (b) nach iníoctha aon mhéid cánach gnóchan caipitiúil i leith na diúscartha, nó | |||
[EN] | (c) gur íocadh an cháin ghnóchan caipitiúil ab inmhuirearaithe don bhliain mheasúnachta dá bhfuil sé inmhuirearaithe i leith diúscairt na sócmhainne agus an cháin ab inmhuirearaithe ar aon ghnóchan a d'fhaibhrigh aon bhliain mheasúnachta roimhe sin (nach bliain a chríochnaigh níos luaithe ná an 6ú lá d'Aibreán, 1974) i leith diúscairt a rinneadh roimhe sin ar an tsócmhainn, | |||
[EN] | eiseoidh an cigire an deimhniú chuig an duine a rinne an t-iarratas agus eiseoidh sé cóip den deimhniú chuig an duine a fuair an tsócmhainn. | |||
[EN] | (7) (a) Más rud é— | |||
[EN] | (i) go bhfaighidh duine, tar éis dháta an Achta Airgeadais, 1982 , a rith, sócmhainn lena mbaineann an mhír seo, agus | |||
[EN] | (ii) gur de chineál í an chomaoin as an tsócmhainn a fháil nach féidir an asbhaint a luaitear i bhfomhír (2) a dhéanamh aisti, agus | |||
[EN] | (iii) nach ndéanfaidh an duine a bheidh ag diúscairt na sócmhainne, laistigh de dhá mhí i ndiaidh dháta na fála, deimhniú faoi fhomhír (6) i ndáil leis an diúscairt a thabhairt ar aird dó, | |||
[EN] | tabharfaidh an duine a bheidh ag fáil na sócmhainne fógra do na Coimisinéirí Ioncaim i dtaobh na fála tráth nach déanaí ná trí mhí i ndiaidh dháta na fála (nó laistigh de cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim le fógra i scríbhinn) agus ní mór sonraí i dtaobh na nithe seo a leanas a bheith san fhógra a bheidh le tabhairt amhlaidh ag an duine sin do na Coimisinéirí Ioncaim— | |||
[EN] | (I) an tsócmhainn a fuarthas, | |||
[EN] | (II) an chomaoin as an tsócmhainn a fháil, | |||
[EN] | (III) margadhluach na sócmhainne, arna mheas de réir mar is fearr is eol don duine sin agus mar a chreideann sé, agus | |||
[EN] | (IV) ainm agus seoladh an duine a rinne an diúscairt, | |||
[EN] | agus cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim in iúl go bhfuair siad an fógra sin. | |||
[EN] | (b) I gcás— | |||
[EN] | (i) ina mainneoidh duine a bheidh ag fáil sócmhainne, ar duine é a gceanglaítear air fógra a thabhairt faoi chlásal (a) ach nach mbeidh deimhniú faoi fhomhír (6) tugtha ar aird dó ag an duine a bheidh ag diúscairt na sócmhainne, an ceanglas a chomhlíonadh i dtaobh an fógra sin a thabhairt, agus | |||
[EN] | (ii) go bhfaibhreoidh gnóchan inmhuirearaithe as diúscairt na sócmhainne, agus | |||
[EN] | (iii) nach ndéanfar méid cánach gnóchan caipitiúil arna measúnú i leith na diúscartha sin a íoc laistigh de dhá mhí dhéag ón dáta a dtiocfaidh an cháin chun bheith iníoctha, agus | |||
[EN] | (iv) nach sócmhainn lena mbaineann mír 18 an tsócmhainn, | |||
[EN] | féadfar, trí mheasúnacht a dhéanfar tráth nach déanaí ná dhá bhliain ón dáta ar tháinig an cháin chun bheith iníoctha, cáin ghnóchan caipitiúil a mheasúnú agus a mhuirearú ar an duine a bheidh ag fáil na sócmhainne amhlaidh (in ainm an duine a bheidh ag diúscairt na sócmhainne chuige) i leith méid nach mó ná méid an ghnóchain inmhuirearaithe a fhaibhreoidh amhlaidh, agus nach mó ná cibé méid de ghnóchain inmhuirearaithe a d'fhágfadh, dá ndéanfaí iad a mhuirearú de réir an ráta dá bhforáiltear in alt 3 (3), dliteanas i leith méid cánach gnóchan caipitiúil ab ionann agus an méid cánach gnóchan caipitiúil nár íocadh. | |||
[EN] | (c) Duine a bheidh ag íoc aon mhéid cánach de bhun chlásal (b) beidh sé i dteideal a chóimhéid de shuim a ghnóthú ón duine a bheidh ag diúscairt na sócmhainne sin chuige mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla. | |||
[EN] | (d) I gcás dhá dhuine nó níos mó d'fháil sócmhainne beidh feidhm ag an bhfomhír seo fara aon mhodhnuithe is gá agus faoi réir an choinníll nach ndlífear gach duine acu sin a mheasúnú agus a mhuirearú ach amháin i leith na coda sin de mhéid na cánach gnóchan caipitiúil is iníoctha ag na daoine sin de bhua chlásal (b) a bhfuil idir í agus iomlán na cánach sin an chomhréir chéanna atá idir an chuid den tsócmhainn a fuair an duine sin agus iomlán na sócmhainne. | |||
[EN] | (8) Ní bheidh feidhm ag an mír seo i gcás nach mó ná caoga míle punt comaoin na diúscartha: | |||
[EN] | Ar choinníoll, i gcás sócmhainn a bhí tráth ar úinéireacht ag duine áirithe, is sócmhainn lena mbainfeadh an mhír seo mura mbeadh an fhomhír seo, agus go ndiúscróidh an duine sin í ina codanna— | |||
[EN] | (a) chuig an duine céanna, nó | |||
[EN] | (b) chuig daoine atá ag gníomhú de chomhbheart nó ar daoine iad a bhfuil baint acu le chéile i dtéarmaí alt 33, | |||
[EN] | cibé acu ar an ócáid chéanna nó ar ócáidí éagsúla, go n-áireofar, chun críocha na fomhíre seo ach ní chun aon chríche eile, gur aon diúscairt amháin na diúscairtí éagsúla. | |||
[EN] | (9) D'ainneoin fho-ailt (2) agus (3) d'alt 5, i gcás méid áirithe cánach gnóchan caipitiúil a mheasúnú agus a mhuirearú de bhun na míre seo, beidh an méid sin dlite agus iníoctha an lá tar éis an lae a dhéanfar an mheasúnacht. | |||
[EN] | (10) Sa mhír seo tá le ‘cearta taiscealaíochta agus saothraithe', ‘limistéar ainmnithe’ agus ‘scaireanna’ na bríonna céanna atá leo in alt 4 (8). | |||
[EN] | (11) Ní bheidh feidhm ag an mír seo ach amháin i ndáil le diúscairtí agus fálacha dar dáta an 5ú lá de Lúnasa, 1975, nó aon lá dá éis.”. | |||
[EN] | (2) Beidh feidhm, fara na modhnuithe a shonraítear i bhfo-alt (3), ag an mír sin 11 (seachas fomhír (7)), mar a cuireadh isteach le fo-alt (1), maidir le haon chomaoin a íocfar an 26ú lá de Mhárta, 1982, nó aon lá dá éis, ach roimh dháta an Achta seo a rith, is comaoin i leith diúscairt lena mbaineann forálacha an Rúin Airgeadais i ndáil le cáin ghnóchan caipitiúil a rith Dáil Éireann an 25ú lá de Mhárta, 1982. | |||
[EN] | (3) Is iad seo a leanas na modhnuithe a luaitear i bhfo-alt (2): | |||
[EN] | (a) Más rud é, de bhua aon oibleagáid a forchuireadh leis an Rún Airgeadais a luaitear san fho-alt sin, go raibh suim a bhí ag freagairt do mhéid cánach gnóchan caipitiúil le hasbhaint faoi fhomhír (2) den mhír sin 11 ag an duine a d'íoc nó trínar íocadh comaoin, féadfaidh an cigire, d'ainneoin aon fhoráil eile de na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, an duine sin a mheasúnú agus a mhuirearú, don bhliain mheasúnachta inar íocadh méid na comaoine, i leith cánach gnóchan caipitiúil arb é is méid di— | |||
[EN] | (i) méid is ionann agus an méid a asbhaineadh, i gcás inar asbhaineadh suim a bhí ag freagairt do mhéid cánach gnóchan caipitiúil, agus | |||
[EN] | (ii) in aon chás eile, méid is ionann agus 15 faoin gcéad den chomaoin. | |||
[EN] | (b) I gcás faoiseamh a bheith le tabhairt faoi fhomhír (5) den mhír sin 11 i leith méid cánach gnóchan caipitiúil a measúnaíodh agus a muirearaíodh faoi fhomhír (3) nó (4) den mhír sin, nó faoi na forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo, agus a bheidh íoctha, tabharfar an faoiseamh sin— | |||
[EN] | (i) trí aisíoc, i gcás nach mbeidh aon mhéid cánach gnóchan caipitiúil iníoctha i leith an ghnóchain as an diúscairt, nó | |||
[EN] | (ii) i gcás ina mbeidh méid cánach gnóchan caipitiúil iníoctha i leith an ghnóchain as an diúscairt— | |||
[EN] | (I) trí aisíoc a dhéanamh ar aon mhéid ar mó an méid a measúnaíodh, a muirearaíodh agus a íocadh amhlaidh ná méid na cánach gnóchan caipitiúil is iníoctha i leith an ghnóchain sin, nó | |||
[EN] | (II) in aon chás eile, trí fhritháireamh a dhéanamh in aghaidh méid na cánach gnóchan caipitiúil is iníoctha i leith an ghnóchain sin. | |||
[EN] | (c) Más rud é, de bhua oibleagáid den chineál a luaitear i mír (a) den fho-alt seo, gur íocadh méid cánach gnóchan caipitiúil mar choinníoll chun deimhniú faoi fhomhír (6) den mhír sin 11 a eisiúint, beidh éifeacht le mír (b) den fho-alt seo, fara aon mhodhnuithe is gá, chun faoiseamh a thabhairt i leith na híocaíochta sin amhail mar atá éifeacht léi chun faoiseamh a thabhairt i leith méid na cánach gnóchan caipitiúil a chéadluaitear inti. | |||
[EN] |
Leasú ar alt 90 (dáiltí as brabúis chaipitiúla cuideachtaí) den Acht Cánach Corparáide, 1976 . |
35. —Leasaítear leis seo alt 90 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur le fo-alt (4) (arna leasú le hAcht 1978): | ||
[EN] | “Ar choinníoll, má tharla do na gnóchain inmhuirearaithe sin faibhriú— | |||
[EN] | (a) an 28ú lá d'Eanáir, 1982, nó aon lá dá éis, i gcás gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhríonn as diúscairt iomchuí de réir bhrí alt 36 den Acht Airgeadais, 1982 , nó | |||
[EN] | (b) an 26ú lá de Mhárta, 1982, nó aon lá dá éis, in aon chás eile, | |||
[EN] | go ndéanfar an cháin a muirearaíodh faoi fho-alt (2), in ionad í a laghdú mar a dúradh roimhe seo, a laghdú méid is ionann agus an creidmheas cánach ag a mbeadh feidhm i leith an dáilte sin.”. | |||
[EN] |
Gnóchain inmhuirearaithe ar dhiúscairtí talún forbraíochta. |
36. —(1) San alt seo agus in ailt 37 go 40— | ||
[EN] | ciallaíonn “diúscairt éigeantach” diúscairt chuig údarás ag a bhfuil cumhachtaí ceannaigh éigeantaigh agus a dhéanfar de bhun fheidhmiú na gcumhachtaí sin nó de bhun fógra foirmiúil a thabhairt go bhfuil ar intinn na cumhachtaí sin a fheidhmiú, seachas diúscairt lena mbaineann forálacha alt 29 den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 ; | |||
[EN] | ciallaíonn “luach úsáide reatha”— | |||
[EN] | (a) i ndáil le talamh aon tráth áirithe, an méid arbh éard é margadhluach na talún an tráth sin dá ndéanfaí an margadhluach a ríomh ar an toimhde go raibh sé an tráth sin, agus go mbeadh sé, neamhdhleathach aon fhorbairt (de réir bhrí alt 3 d'Acht 1963) a dhéanamh i ndáil leis an talamh, seachas forbairt nach bhfuil inti ach mionfhorbairt, agus | |||
[EN] | (b) i ndáil le scaireanna i gcuideachta (is scaireanna a ndíorthaíonn, go díreach nó go neamhdhíreach, a luach nó an chuid is mó dá luach ó thalamh, seachas scaireanna a luaitear ar stocmhargadh) aon tráth áirithe, an méid arbh éard é margadhluach na scaireanna an tráth sin dá ndéanfaí an margadhluach a ríomh ar an toimhde chéanna, i ndáil leis an talamh óna ndíorthaíonn na scaireanna a luach mar a dúradh, amhail mar atá luaite i mír (a), | |||
[EN] | agus, sa mhíniú seo— | |||
[EN] | (i) ciallaíonn “Acht 1963” an tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 , | |||
[EN] | (ii) ciallaíonn “mionfhorbairt” forbairt (nach forbairt ag údarás áitiúil nó ag gnóthaire reachtúil) is forbairt dhíolmhaithe, chun críocha na nAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 agus 1976, faoi réim nó de bhua alt 4 d'Acht 1963, agus | |||
[EN] | (iii) tá le “gnóthaire reachtúil” an bhrí a shanntar dó le halt 2 d'Acht 1963; | |||
[EN] | ciallaíonn “talamh forbraíochta” talamh sa Stát ar mó an chomaoin as í a dhiúscairt, nó ar mó a margadhluach tráth na diúscartha a dhéanamh, ná luach úsáide reatha na talún sin tráth na diúscartha a dhéanamh, agus folaíonn sé scaireanna a ndíorthaíonn, go díreach nó go neamhdhíreach, a luach nó an chuid is mó dá luach ón talamh sin, seachas scaireanna a luaitear ar Stocmhargadh; | |||
[EN] | ciallaíonn “diúscairt iomchuí” diúscairt ar thalamh forbraíochta a dhéanfar an 28ú lá d'Eanáir, 1982, nó aon lá dá éis. | |||
[EN] | (2) Maidir le gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhreoidh as diúscairtí iomchuí a rinneadh roimh an 26ú lá de Mhárta, 1982, beidh éifeacht le halt 3 (3) den Phríomh-Acht ionann is dá mba 45 faoin gcéad an ráta cánach gnóchan caipitiúil a shonraítear ann nó, i gcás diúscairt iomchuí den sórt sin ar diúscairt éigeantach í, ionann is dá mba 40 faoin gcéad an ráta sin. | |||
[EN] | (3) Maidir le gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhreoidh as diúscairtí iomchuí a dhéanfar an 26ú lá de Mhárta, 1982, nó aon lá dá éis, beidh éifeacht le halt 3 (3) den Phríomh-Acht (arna leasú leis an Acht seo) ionann is dá mbeadh feidhm ag na rátaí cánach gnóchan caipitiúil seo a leanas in ionad na rátaí cánach gnóchan caipitiúil a shonraítear i míreanna (a), (b) agus (c) den fho-alt sin: | |||
[EN] | (a) 60 faoin gcéad i gcás nach mó ná bliain tréimhse úinéireachta na sócmhainne ag an duine a bheidh ag déanamh na diúscartha, | |||
[EN] | (b) (i) 50 faoin gcéad i gcás ar mó ná bliain a thréimhse úinéireachta ar an tsócmhainn, nó | |||
[EN] | (ii) i gcás diúscairt iomchuí den sórt sin ar diúscairt éigeantach í ag duine ar mó ná trí bliana a thréimhse úinéireachta ar an tsócmhainn, 40 faoin gcéad. | |||
[EN] | (4) D'ainneoin aon fhoráil dá mhalairt sna hAchtanna Cánach Corparáide, ní bheidh cáin chorparáide inmhuirearaithe ar chuideachta i leith gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhreoidh chuici as diúscairtí iomchuí agus, dá réir sin— | |||
[EN] | (a) ní áireofar na gnóchain sin mar bhrabúis de chuid na cuideachta chun críocha cánach corparáide, agus | |||
[EN] | (b) i leith na ngnóchan sin, beidh cáin ghnóchan caipitiúil inmhuirearaithe ar an gcuideachta faoi fhorálacha na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil. | |||
[EN] | (5) Beidh feidhm ag ailt 134, 137, 138 agus 139 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , fara aon mhodhnuithe is gá, i ndáil le cáin ghnóchan caipitiúil is inmhuirearaithe ar chuideachta i leith gnóchan inmhuirearaithe a fhaibhreoidh chuici as diúscairt iomchuí amhail mar atá feidhm acu i ndáil le cáin chorparáide ar ghnóchain inmhuirearaithe agus déanfar tagairtí sna hailt sin do cháin chorparáide a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do cháin ghnóchan caipitiúil. | |||
[EN] | (6) I gcás ina ndéanfaidh cuideachta atá nó a bhí ina comhalta de ghrúpa cuideachtaí de réir bhrí alt 129 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , diúscairt iomchuí ar shócmhainn a bhí, de thoradh diúscartha nár dhiúscairt iomchuí, faighte aici ó chomhalta eile den ghrúpa sin tráth a raibh siad araon ina gcomhaltaí den ghrúpa, déanfar méid an ghnóchain inmhuirearaithe a fhaibhreoidh as an diúscairt iomchuí, agus an cháin ghnóchan caipitiúil ar an gcéanna, a ríomh ionann is dá mba é an duine céanna comhaltaí uile an ghrúpa de thuras na huaire, agus ionann is dá mba éard é fáil nó soláthar na sócmhainne ag an ngrúpa, ar iad a áireamh amhlaidh mar dhuine amháin, fáil nó soláthar na sócmhainne ag an gcomhalta a dhiúscair í: | |||
[EN] | Ar choinníoll, más rud é, faoi alt 131 (2) nó 135 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , gur áiríodh an tsócmhainn a bheith faighte nó athfhaighte ag comhalta den ghrúpa (dá ngairtear “an chéad chomhalta a luaitear” anseo feasta sa choinníoll seo) tráth is déanaí ná tráth fála nó soláthair bunaidh na sócmhainne ag an gcéad chomhalta a luaitear nó ag comhalta eile den ghrúpa, de réir mar a bheidh, go mbeidh éifeacht leis an bhfo-alt seo ionann is dá mba é a bhí sa tagairt ann d'fháil nó do sholáthar na sócmhainne ag an ngrúpa tagairt dá fáil nó dá hathfháil arna háireamh amhlaidh mar fháil nó athfháil a rinne an chéad chomhalta a luaitear. | |||
[EN] | (7) Ní bheidh feidhm ag alt 132 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir le diúscairt iomchuí ag cuideachta atá ina comhalta de ghrúpa cuideachtaí i gcás ina bhfuair an chuideachta an tsócmhainn atá á diúscairt amhlaidh ó chomhalta eile den ghrúpa de thoradh diúscartha iomchuí. | |||
[EN] |
Diúscairtí áirithe a eisiamh. |
37. —Ní bheidh feidhm ag alt 36 (seachas fo-alt (1)) ná ag ailt 38 go 40 maidir le diúscairt iomchuí a dhéanfaidh pearsa aonair in aon bhliain mheasúnachta mura mó ná £15,000 an chomaoin iomlán i leith na ndiúscairtí iomchuí uile a rinne an phearsa aonair sin an bhliain sin. | ||
[EN] |
Srian le treoirfhaoiseamh i ndáil le diúscairtí iomchuí. |
38. —Chun an gnóchan inmhuirearaithe a ríomh a d'fhaibhrigh chuig duine as diúscairt iomchuí a dhéanamh, ní dhéanfar an coigeartú ar shuimeanna is inlamhála mar asbhaintí as an gcomaoin i leith na diúscartha, a dhéanfaí thairis sin faoi alt 3 (1) d'Acht 1978, ach amháin— | ||
[EN] | (a) ar cibé cuid de mhéid nó de luach na comaoine, in airgead nó i luach airgid, a thug sé féin nó a tugadh thar a cheann go hiomlán agus go heisiatach chun an tsócmhainn a fháil, mar aon leis na costais theagmhasacha a bhain dó ag fáil na sócmhainne, nó | |||
[EN] | (b) i gcás sócmhainn lena mbaineann alt 3 (2) d'Acht 1978, ar cibé cuid de mhargadhluach na sócmhainne an 6ú lá d'Aibreán, 1974, | |||
[EN] | atá, i gcás feidhm a bheith ag mír (a), ar cóimhéid le luach úsáide reatha na sócmhainne ar dháta na fála mar aon le cibe comhréir de na costais theagmhasacha a bhain dó ag fáil na sócmhainne ab inchurtha i leith an luacha sin nó atá, i gcás feidhm a bheith ag mír (b), ar cóimhéid le luach úsáide reatha na sócmhainne an 6ú lá d'Aibreán, 1974. | |||
[EN] |
Leasú ar na forálacha a bhaineann le sócmhainní a athshuíomh. |
39. —(1) Ní áireofar, chun críocha faoisimh faoi alt 28 den Phríomh-Acht, comaoin a fuarthas i ndáil le diúscairt iomchuí mar chomaoin a fuarthas as sean-sócmhainní, de réir bhrí an ailt sin, a dhiúscairt. | ||
[EN] | (2) Ní bheidh feidhm ag alt 5 d'Acht 1978 maidir le diúscairt iomchuí. | |||
[EN] | (3) Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (2) maidir le diúscairt iomchuí arna déanamh ag comhlacht daoine a bunaíodh d'aontoisc chun cluichí nó spórtanna lúthchleasa nó amaitéaracha a chur ar aghaidh, agus ar diúscairt í a dhéanfar i ndáil leis na gníomhaíochtaí sin de chuid an chomhlachta sin atá dírithe chun na críche sin. | |||
[EN] |
Srian le faoiseamh i leith caillteanas etc. i ndáil le diúscairtí iomchuí. |
40. —(1) D'ainneoin aon fhoráil dá mhalairt sna hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil ní dheanfar, le linn dliteanas duine i leith cánach gnóchan caipitiúil maidir le gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhreoidh as diúscairtí iomchuí a bheith á ríomh, aon chaillteanais a fhaibhreoidh as diúscairtí nach diúscairtí iomchuí a asbhaint ó mhéid na ngnóchan inmhuirearaithe sin. | ||
[EN] | (2) Nuair a bheidh an méid á ríomh ar a mbeidh cáin ghnóchan caipitiúil le muirearú faoi alt 5 den Phríomh-Acht ar ghnóchain inmhuirearaithe a fhaibhreoidh as diúscairtí iomchuí, féadfar aon chaillteanais inlamhála a fhaibhreoidh as diúscairtí iomchuí a asbhaint de réir an ailt sin 5 ach, sa mhéid go ndéanfar iad a asbhaint amhlaidh, ní dhéileálfar leo mar chaillteanais inlamhála iomchuí de réir bhrí fho-alt (1C) d'alt 13 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , chun críocha an ríomh a cheanglaítear a dhéanamh faoi fho-alt (1A) den alt sin agus, chun críocha an fho-ailt seo, féadfar aon choigeartuithe is gá, nó aon choigeartuithe breise is gá, a dhéanamh de réir mar is iomchuí. | |||
[EN] | (3) Leasaítear leis seo alt 25 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7): | |||
[EN] | “(8) (a) San fho-alt seo ciallaíonn ‘brabúis iomchuí’ gnóchain a fhaibhreoidh as diúscairtí iomchuí de réir bhrí alt 36 den Acht Airgeadais, 1982 . | |||
[EN] | (b) I gcás ina ndéanfaidh cuideachta a chónaíonn sa Stát dáileadh go páirteach as brabúis iomchuí agus go páirteach as brabúis eile, déileálfar leis an dáileadh chun críocha an fho-ailt seo amhail is dá mba dhá dháileadh é a rinneadh, faoi seach, as brabúis iomchuí agus as brabúis eile. | |||
[EN] | (c) I gcás ina bhfaighidh cuideachta (dá ngairtear ‘an chuideachta is faighteoir’ anseo feasta sa mhír seo) dáileadh ó chuideachta eile (dá ngairtear ‘an chuideachta is dáilteoir' anseo feasta sa mhír seo) an 28ú lá d'Eanáir, 1982, nó aon lá dá éis, agus— | |||
[EN] | (i) gur as brabúis iomchuí (nó as dáileadh a fuair an chuideachta is dáilteoir agus a meastar, faoin bhfo-alt seo, gur brabúis iomchuí de chuid na cuideachta sin é) a dhéanfaidh an chuideachta is dáilteoir an dáileadh, agus | |||
[EN] | (ii) gur comhaltaí iad an dá chuideachta de ghrúpa cuideachtaí de réir bhrí alt 107 (5), | |||
[EN] | ansin— | |||
[EN] | (I) measfar chun críocha an fho-ailt seo gur brabúis iomchuí de chuid na cuideachta is faighteoir an dáileadh, agus | |||
[EN] | (II) d'ainneoin fhorálacha alt 24, áireofar nach ioncam infheistíochta frainceáilte de chuid na cuideachta is faighteoir, chun críocha fho-alt (1), comhiomlán mhéid nó luach an dáilte agus an chreidmheasa cánach ina leith.”. | |||
[EN] |
Leathnú ar alt 19 (urrúis Rialtais agus urrúis eile) den Phríomh-Acht. |
41. —Beidh feidhm ag alt 19 den Phríomh-Acht— | ||
[EN] | (a) i ndáil le hurrúis arna n-eisiúint ag an nGníomhaireacht Airgeadais do Thithe faoi alt 10 den Acht um Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe, 1981 , agus | |||
[EN] | (b) i ndáil le hurrúis arna n-eisiúint ag Bord Gáis Éireann faoi alt 23 den Acht Gáis, 1976 , | |||
[EN] | amhail mar atá feidhm aige maidir leis na cineálacha urrúis a shonraítear i mír (d) den alt sin 19. |