17 1982


Uimhir 17 de 1982


AN tACHT GÁIS (LEASÚ), 1982

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA GÁIS, 1976 AGUS 1980. [21 Iúil, 1982]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar alt 23 den Acht Gáis, 1976 .

1. —Leasaítear leis seo alt 23 (a bhaineann le cumhachtaí áirithe an Bhoird iasachtaí a fháil) den Acht Gáis, 1976 , trí “£80,000,000” a chur in ionad “£30,000,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Gáis (Leasú), 1980 ) i bhfo-alt (2) agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(2) Ní rachaidh comhiomlán na n-iasachtaí faoin alt seo, nó comhiomlán na n-iasachtaí sin agus aon airleacain faoi alt 22 den Acht seo, agus a bheidh gan aisíoc, thar £80,000,000 aon tráth áirithe.

Leasú ar alt 25 den Acht Gáis, 1976 .

2. —Leasaítear leis seo alt 25 (a bhaineann le ráthaíochtaí i ndáil leis an mBord d'fháil iasachtaí) den Acht Gáis, 1976 , trí “£80,000,000” a chur in ionad “£30,000,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Gáis (Leasú), 1980 ) i bhfo-alt (2) agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(2) Ní dhéanfaidh an tAire Airgeadais na cumhachtaí a thugtar dó leis an alt seo a fheidhmiú ár shlí gur mó ná £80,000,000 an méid, nó an méid comhiomlán, príomhshuime a dhlífidh sé aon tráth áirithe a aisíoc ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoin alt seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, mar aon leis an méid príomhshuime (más ann) a bheidh íoctha cheana féin ag an Aire sin ar scór aon ráthaíochta faoin alt seo agus nach mbeidh aisíoctha ag an mBord.

Gearrtheideal forléiriú agus comhlua.

3. —(1) Féadfar an tAcht Gáis (Leasú), 1982 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar na hAchtanna Gáis, 1976 agus 1980, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna Gáis, 1976 go 1982, a ghairm díobh le chéile.

Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Gáis, 1976

1976, Uimh. 30

An tAcht Gáis (Leasú), 1980

1980, Uimh. 35