18 1982


Uimhir 18 de 1982


AN tACHT UM BREOSLAÍ (SOLÁTHAIRTÍ A RIALÚ), 1982

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN ACHTA UM BREOSLAÍ (SOLÁTHAIRTÍ A RIALÚ), 1971 . [21 Iúil, 1982]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Míniú.

1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Breoslaí (Soláthairtí a Rialú), 1971 .

Leasú ar alt 1 den Phríomh-Acht.

2. —Leasaítear leis seo alt 1 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (v) den mhíniú ar “olaí pheitriliaim”:

“(v) in umair stórála táirgí scaglann nó ghnóthas allmhairithe, stocála, mórdhíola nó miondíola, nó”,

agus tá an míniú sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

folaíonn “olaí pheitriliaim” iad seo a leanas—

(a) amh-ola,

(b) gás peitriliaim leachtaithe,

(c) gásailín eitleoireachta,

(d) scard-bhreosla de chineál gásailíneach,

(e) scard-bhreosla de chineál ceirisíneach,

(f) biotáille mhótair,

(g) ceirisíní,

(h) nafta éadrom íon,

(i) díosal-ola gáis,

(j) ola bhreosla éadrom,

(k) ola bhreosla mheánach,

(l) ola bhreosla throm,

agus folaíonn sé aon cheann acu sin thuas atá—

(i) ar bord ola-thancaer i bport sa Stát ag feitheamh le díluchtú tar éis foirmiúlachtaí poirt a bheith comhlíonta,

(ii) stóráilte i bport díluchtaithe sa Stát,

(iii) in umair ag an mbealach isteach i bpíp-línte,

(iv) in umair stórála amh-ola scaglainne (seachas i bpíp-línte scaglainne agus i bhfearais phróiseála),

(v) in umair stórála táirgí scaglann nó ghnóthas allmhairithe, stocála, mórdhíola nó miondíola, nó

(vi) i mbáirsí agus i soithigh cósta, cibé acu i bport sa Stát nó i gcúrsa iompair ó áit amháin sa Stát go háit eile ann.

Leasú ar alt 3 den Phríomh-Acht.

3. —(1) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) d'alt 3 den Phríomh-Acht:

“(1) I gcás ina mbeidh ordú i bhfeidhm de thuras na huaire faoi alt 2 den Acht seo, féadfaidh an tAire, le hordú, gach ceann nó aon cheann de na nithe seo a leanas a dhéanamh—

(a) socrú le haghaidh fáil, soláthar, imdháil nó margú an chineáil nó na gcineálacha breosla lena mbaineann an t-ordú faoi alt 2 den Acht seo a rialáil nó a rialú agus, i gcás inar cuí leis an Aire sin, le haghaidh soláthairtí den chineál nó de na cineálacha sin (de réir mar a bheidh) breosla a chothabháil agus a chur ar fáil;

(b) socrú le haghaidh allmhairiú nó onnmhairiú an chineáil nó na gcineálacha breosla lena mbaineann an t-ordú faoi alt 2 den Acht seo a rialú, a rialáil, a shrianadh nó a thoirmeasc.”.

(2) Leasaítear leis seo alt 3 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(4A) (a) Féadfaidh an tAire a cheangal ar dhuine cibé faisnéis is dóigh leis an Aire is gá chun a chur ar a chumas ordú faoin alt seo a chur i bhfeidhm, agus a bheidh sonraithe sa cheanglas faoin bhfo-alt seo, a thabhairt don Aire.

(b) Duine a mhainneoidh déanamh de réir cheanglas faoin bhfo-alt seo measfar, chun críocha alt 4 den Acht seo, gur duine é a sháróidh go feasach foráil in ordú arna dhéanamh ag an Aire faoin Acht seo.”.

Leasú ar alt 4 den Phríomh-Acht.

4. —(1) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5) d'alt 4 den Phríomh-Acht:

“(5) Gach duine a dhéanfaidh, nó a meastar a rinne, cion faoin alt seo, dlífear—

(a) ar é chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £800 nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £100,000 nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná deich mbliana, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.”.

(2) Leasaítear leis seo alt 4 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (8):

“(9) In ionchúiseamh i leith ciona faoin alt seo is ar an gcosantóir a bheidh an dualgas a chruthú nach go feasach a rinneadh sárú.

(10) San alt seo folaíonn ‘sárú’ mainneachtain, diúltú agus faillí déanamh de réir forála, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin.”.

Alt 5 den Phríomh-Acht a aisghairm.

5. —Aisghairtear leis seo alt 5 den Phríomh-Acht.

Dearbhú ag an Rialtas i dtaobh fáil, soláthar, imdháil nó margú breoslaí a rialú.

6. —(1) Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 2 den Phríomh-Acht:

“2.—(1) Aon uair agus a mhinice is dóigh leis an Rialtas gur gá, ar mhaithe le leas an phobail, go rialálfadh nó go rialódh an tAire, thar ceann an Stáit, fáil, soláthar, imdháil nó margú breoslaí, féadfaidh an Rialtas le hordú a dhearbhú amhlaidh.

(2) Féadfaidh ordú faoi fho-alt (1) den alt seo baint a bheith aige le cineál amháin nó le breis agus cineál amháin breosla.

(3) Fanfaidh ordú faoi fho-alt (1) den alt seo i bhfeidhm go ceann cibé tréimhse (nach faide ná dhá mhí dhéag ó dháta an ordaithe a dhéanamh) is cuí leis an Rialtas agus a shonróidh sé san ordú, agus rachaidh sé in éag ansin mura gcoimeádfar i bhfeidhm é le hordú faoi fho-alt (4) den alt seo.

(4) I gcás—

(a) ina mbeidh ordú (dá ngairtear an príomh-ordú san fho-alt seo) i bhfeidhm de thuras na huaire faoi fho-alt (1) den alt seo á dhearbhú gur dóigh leis an Rialtas gur gá, ar mhaithe le leas an phobail, go rialálfadh nó go rialódh an tAire, thar ceann an Stáit, fáil, soláthar, imdháil nó margú breoslaí, agus

(b) gur dóigh leis an Rialtas gur gá, ar mhaithe le leas an phobail, go rialálfadh nó go rialódh an tAire fós féin, thar ceann an Stáit, fáil, soláthar, imdháil nó margú an chineáil bhreosla nó na gcineálacha breosla lena mbaineann an príomh-ordú—

beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas—

(i) féadfaidh an Rialtas le hordú (dá ngairtear ordú buanaithe san fho-alt seo), a dhéanfar roimh éag don phríomh-ordú, an príomh-ordú a choimeád i bhfeidhm go ceann cibé tréimhse (nach faide ná dhá mhí dhéag ón dáta a rachadh an príomhordú in éag mura mbeadh an t-ordú buanaithe) is cuí leis an Rialtas agus a shonróidh sé san ordú buanaithe, agus féadfaidh sé ina dhiaidh sin ó am go ham le hordú (dá ngairtear ordú buanaithe freisin san fho-alt seo) a dhéanfar roimh éag don phríomh-ordú faoin ordú buanaithe deiridh roimhe sin, an príomh-ordú a choimeád i bhfeidhm go ceann cibé tréimhse (nach faide ná dhá mhí dhéag ón dáta a rachadh an príomhordú in éag faoin ordú buanaithe deiridh roimhe sin) is cuí leis an Rialtas agus a shonróidh sé san ordú buanaithe,

(ii) mura ndéanfar ach aon ordú buanaithe amháin, leanfaidh an príomh-ordú i bhfeidhm go dtí deireadh na tréimhse ar ina haghaidh a choimeádfar i bhfeidhm é leis an ordú buanaithe sin agus rachaidh sé in éag ansin,

(iii) má dhéantar dhá ordú buanaithe nó níos mó, leanfaidh an príomh-ordú i bhfeidhm go dtí deireadh na tréimhse ar ina haghaidh a choimeádfar i bhfeidhm é leis an gceann deiridh de na horduithe buanaithe sin agus rachaidh sé in éag ansin.

(5) Gach ordú a dhéanfar faoin alt seo foilseofar é san Iris Oifigiúil a luaithe is féidir tar éis a dhéanta.”.

(2) D'ainneoin aon ní san alt seo, ordú a rinneadh faoi alt 2 den Phríomh-Acht agus atá i bhfeidhm ar dháta an Achta seo a rith fanfaidh sé i bhfeidhm ionann is dá mba faoin alt sin 2 (arna leasú leis an Acht seo) a rinneadh é; ar choinníoll go rachaidh aon ordú den sórt sin in éag an dáta a rachadh sé in éag mura mbeadh an tAcht seo.

Cumhachtaí oifigigh údaraithe chun áitreabh a iniúchadh, faisnéis a fháil, etc.

7. —(1) San alt seo ciallaíonn “oifigeach údaraithe” duine arna cheapadh ag an Aire le barántas ceaptha chun bheith ina oifigeach údaraithe chun críocha an ailt seo.

(2) Féadfaidh oifigeach údaraithe, ar a bharántas ceaptha a thabhairt ar aird má iarrann aon duine lena mbaineann air é sin a dhéanamh—

(a) dul isteach gach tráth réasúnach in aon áitreabh nó áit agus é a iniúchadh,

(b) a cheangal ar an áititheoir nó ar aon duine a mbeidh cúis réasúnach ag an oifigeach údaraithe chun a chreidiúint gur duine é atá fostaithe san áitreabh nó ag an áitreabh nó san áit nó ag an áit cibé faisnéis a thabhairt a iarrfaidh an t-oifigeach údaraithe le réasún nó aon taifid nó doiciméid eile a shonróidh sé a thabhairt ar aird dó,

(c) aon taifid nó doiciméid den sórt sin a scrúdú nó a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó d'aon sonraí iontu.

(3) Aon duine—

(a) a bhacfaidh nó a choiscfidh oifigeach údaraithe agus é ag feidhmiú aon chumhachta a thugtar dó leis an alt seo,

(b) a dhiúltóidh aon taifead nó doiciméad a thabhairt ar aird a cheanglóidh oifigeach údaraithe go dleathach air a thabhairt ar aird,

(c) a thabharfaidh ar aird, nó a chuirfidh faoi deara go dtabharfar ar aird, nó a cheadóidh go feasach go dtabharfar ar aird, d'oifigeach údaraithe aon taifead nó doiciméad atá bréagach in aon phonc ábhartha nuair is eol dó é a bheith bréagach, nó

(d) a mhainneoidh nó a dhiúltóidh go toiliúil aon cheanglas dleathach ó oifigeach údaraithe faoi fho-alt (1) (b) den alt seo a chomhlíonadh,

beidh sé ciontach i gcion agus, ar é a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná £500 nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(4) In aon ionchúiseamh i leith ciona faoin alt seo toimhdeofar, go dtí go suífear a mhalairt, go raibh duine a thug barántas ceaptha mar oifigeach údaraithe ar aird ina oifigeach údaraithe gach tráth ábhartha.

(5) Doiciméad a airbheartóidh gur barántas ceaptha de chuid oifi gigh údaraithe é toimhdeofar, go dtí go suífear a mhalairt, gur barántas den sórt sin é.

Gearrtheideal agus comhlua.

8. —(1) Féadfar an tAcht um Breoslaí (Soláthairtí a Rialú), 1982 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Breoslaí (Soláthairtí a Rialú), 1971 agus 1982 a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Breoslaí (Soláthairtí a Rialú), 1971

1971, Uimh. 3

Na hAchtanna um Breoslaí (Soláthairtí a Rialú), 1971 agus 1982